Sleachta as saothar Ghabriel Rosenstock
Extracts from the works of Gabriel Rosenstock
Pages
▼
2020-07-04
An Rud Nach Raibh Riamh Ann
An rud nach raibh riamh ann ní fhágann ina dhiaidh id’ ghlac ach puth Is an rud atá ann níl faic ann ach smál, teip Sa chás sin, ní thig linn ach an rud nach raibh riamh ann a shamhlú Agus an rud atá ann, mar dhea, cuimhnigh nach ann dó