Pages

2021-06-30

Tart/Thirst

Ron Rosenstock

Iceland . . .
the awful thirst of poets
and monsters

an Íoslainn . . .
tart uafásach na bhfilí
is na n-arrachtaí

2021-06-29

Leon Spilliaert

éist, éist, a thaisce
cúbaim isteach sa chiúnas
i mo ulchabhán
        go nochtfar ionamsa thú
        go nochtfar ionatsa mé

Beloved, listen
i retreat into silence
owl-like i await
        a vision of You in me
        a vision of me in You

2021-06-28

Nílimse chun Máthair a thabhairt ort níos mó

Nílimse chun Máthair a thabhairt ort níos mó.
An méid a d’fhulaingíos agus atá fós á fhulaingt agam
mar gheall ort.
Bhíos tráth ar mo sháimhín suilt sa bhaile.
Dheinis aiséiteach buile díom.
Cad eile a dhéanfaidh tú, a Neach na Gruaige Aimhréidhe?
B’fhearr liom imeacht ó dhoras go doras
ag lorg déirce
ná Máthair a ghlaoch ortsa arís,
ná léim i do bhaclainn,
ná suí arís ar do ghlúin.
‘A Mháthair, a Mháthair,’ arsa mise gan stad,
ach, a Mháthair, ní fhacaís faic,
níor chualaís faic.
An bhfuil tubaiste níos measa
ná a bheith i do dhílleachta
is do mháthair fós beo?

Ramprasad Sen

2021-06-27

Ag Fás Aníos

Ní cailín óg
níos mó í
Tá m’iníon
ag teacht in inmhe
Ní chumann sí abairtí
níos mó mar a dhéanfadh
a máthair
Is mian léi déanamh
mar is áil léi féin
Nuair a iarrann
an múinteoir gramadaí uirthi
abairt a chumadh
leis an bhfocal ’teastaíonn’
is é a scríobhann m’aingilín –
“Ní theastaíonn éinne ó éinne
sa saol seo.”
Féachaimse ar an abairt sin
is deirim liom féin
go bhfuil m’iníon níos sine
ná mar atá sí.

Nirupama Dutt


2021-06-26

Aillte Bhinn Éadair

Pictiúr: Jason Symes

 

2021-06-25

Isla Santiago

Ron Rosenstock
taibhsí toirtísí
ag dul thart istoíche gan bhac . . .
Galápagos
at night they roam
the ghosts of tortoises . . .
Galápagos

2021-06-24

Ştefan Câlţia

conas a tháinís
ar muir ar aer nó ar tír
níl taifead againn
        b'fhéidir go dtiocfaidh tú fós
        ar aonbheannach atá dall
how did You arrive
by land by air or by sea
there are no records
        perhaps You've yet to arrive
        riding a blind unicorn
și cum ai sosit
pe uscat mare zburînd
mărturii nu sunt
        poate că ai să sosești
        pe inorogul cel orb

Leagan Rómáinise: Olimpia Iacob

2021-06-23

Scéal Béaloidis

 Nuair a cailleadh an rí
cuireadh i gcónra mhór órga
é
 
Corp breá ambaiste
éinne a leag súil air
bhí fhios aige láithreach
go mba rí a bhí ann.
 
An príomh-aire is túisce a tháinig
is sheas ansin agus a cheann cromtha
os comhair an choirp
tháinig an sagart ansin
agus labhair
faoina anáil
ar feadh i bhfad
an eilifint a tháinig ansin
is d’ardaigh a thrunc
in ómós don mharbhán
tháinig na capaill dubh is bán ansin
ach chuir gruaim an radhairc as dóibh
agus ní fhéadfaidís a n-aigne a dhéanamh suas
an ceart seitreach a dhéanamh nó nach ceart.
 
Is mall – an-mhall ar fad – a tháinig
an siúinéir
an bearbóir
an potaire . . .
sheasadar timpeall na cónra breátha.

Bhí brón aisteach
mórthimpeall na háite.
 
Bhí gach éinne uaigneach
bhí an príomh-aire uaigneach
toisc uaigneas a bheith ar an eilifint
bhí an eilifint uaigneach
toisc uaigneas a bheith ar na capaill
bhí na capaill uaigneach
toisc uaigneas a bheith ar an bhféar
bhí an féar uaigneach
toisc uaigneas a bheith ar an siúinéir  . . .

Kedarnath Singh

2021-06-22

Stuif na mBard

Is sciotsóidigh ó dhúchas iad filí
agus níl aon léamh orthu
ag an síocanailísí

Ón dtaobh amuigh táid
chomh normáilte le tósta is uibheacha
is chomh leamh le salann

Ach tá rud éigin ag dó
na geirbe acu, rud éigin sa bhfuil
nach léir

i dtástálacha cliniciúla nó os comhair
bhinse na mbreithiúna nó scata aingeal,
déithe nó deamhan péinteáilte.

Ní spéis leo de réir dealraimh
an trealamh go léir atá ag na maithe
is móruaisle.

Sméideann siad ort agus gáireann
go muinteartha, ach tá a n-aigne
go buan in áit eile.

A leath dá ndomhan
stríoctha gorm is bán atá, an leath eile
chomh créachtaithe leis an ngealaigh

Nó chun leas a bhaint as samhail
níos domhanda, táid ar nós na gcamall
nach dronn amháin

Ach dhá dhronn uisce atá orthu
chun iad a thabhairt
thar dhumhcha loiscneacha.

Is gnách má tá airgead acu
in aon chor
go n-imíonn mar phíobán uisce

A ligfí i ndearmad i ngairdín.
Ní bhíonn deireadh go deo leis an ngnó seo
dán a chur

A chaillfí, seans, mar bhuinneán
sula dtosnófaí ar cheann eile
cé nach bhfuil éinne ag éisteacht

Faoi mar nach n-éistear le druideanna
nó filiméalaí, ulchabháin scréachacha,
glór na míolta móra

Nó fuaim an phláinéid
ag treabhadh leis go mall
ar ais dhíoscánach.

Manohar Shetty




2021-06-21

Má Cháineann Lucht Léinn Mé go Poiblí

    Má cháineann lucht léinn mé go poiblí
    Bíodh acu. Ní dóibh siúd a scríobhas filíocht,
    Tiocfaidh duine fós chun mo chuid smaointe a roinnt:
    Tá an domhan fairsing is an t-am síoraí.

Bhavabhuti

(a bhláthaigh san ochtú haois)

2021-06-20

BØN

 Agnar Artúvertin was born in 1979 in Thorshavn, in the Faroe Islands. He is a writer, poet, publisher and translator, and member of three Scandinavian Writers' Associations. His poems, short stories, translations and reviews have been printed in many Faroese and Danish literary magazines and journals. He is a prolific and innovative writer and has written more than 100 short stories. His story 'The Dog', in particular, has become popular. In 2004, he published his first book, a miscellany of poems, articles, stories and translations, and a rhyming, political satire of 400 verses, entitled 'Føroyatraga, ein sera støkkin og óskipað rannsókn inn í mentávald og onnur úrvald smáverk', [The Faroese Tragedy, A Highly Unstructured Treatise on 'Cult-Imp' and Other Works]. ('Cult-Imp' means 'Cultural Imperialism'.) Since then, he has published five more books in five years. The collection of poems Jahve kemur aftur [Yahweh Comes Back] created a scandal in the Faroe Islands when it appeared in 2009, due to its revolutionising and ground-breaking content. In the same year, his first collection of short stories appeared, with a strong surrealistic element, entitled Revapassarin og aðrar søgur [The Fox Raiser and Other Stories]. His translations include: Sappho, tales from The Arabian Nights, Blake, Pushkin, Poe, Kafka, Lewis Carroll, Maupassant, Aleksandr Blok, Einar Már Guðmundsson, Johan Harstad, Einar Andreas Lund, Olga Markelova, Kim Simonsen and Eiríkur Örn Norðdahl.

BØN  

jeg rækker dig håndfladen
kom og skift øren

få alting til at standse
alting som snurrer
få  det til at standse!

vi jagter glæden
lykken er glat

få  alting til at tie
alt det der hyler
få  det til at tie!  

hel min ensomhed
hel min drukkenskab
hel mit had
gør mig til din
ånd i mig
æd mig
hold om mig

disse hylende lysende cirkler
få  dem til at tie
sluk alt fyrværkeri
gør mig nærværende du  
skab mig tanker
i mørket
flyt stuetings stivnede
kraft
over på mig
og giv den liv
flyt mig den i rygsøjlen
og videre op i hjernen
sluk lampen
tænd lighteren
flyt sengen

vær stilhed
alt som snurrer

vær stille
alt som hyler

vær blindt
alt som kigger

vær nat
almægtige gud
vær nat
vær syner

det taktfaste
dunk må dulmes
det taktfaste dunk
af alting
af alting
gør mig til et træ
udtør mine kinder
giv mig lov til at læse
dette digt op
Giv mig en ung knøs
Lad mig kæle hans røv

dit hjerte
er mere end mit
min scrotum
er fuld af gule orme
djævlesæd

hel min ensomhed
hel min drukkenskab
hel mit had
gør mig til din
ånd i mig
æd mig
hold om mig

vær stilhed
alt som snurrer

vær stille
alt som hyler

vær blindt
alt som kigger

vær nat
almægtige gud
vær nat  

Agnar Artúvertin

Paidir


Seo dhuit mo dhearna
malartaímis cluasa

Cuir stop leis
le gach ní atá ina ghuairneán
cuir stop leis!

Ag seilg an áthais atáimid
is sleamhain é an sonas

Cuir ina thost é
aon ní atá ag liú
cuir ina thost é!

Leigheas m’uaigneas
leigheas mo mheisce
leigheas an fuath
dein cuid díot féin mé
análaigh ionam
ith mé
beir orm

Na ciorcail lonracha seo ag liú
cuir ina dtost iad
múch na tinte ealaíne go léir
tusa! Dein airdeallach mé
cruthaigh smaointe dom
sa dorchadas
bog fórsa marbhánta
earraí an tseomra suí
chugam anseo
is tabhair beocht dó
cuir i gcnámh mo dhroma é
is as sin suas chun m’inchinne
múch an lampa
las an lastóir
bog an leaba

Bí in bhur dtost
a ghuairneána


Fuist!
a liúnna


Bígí dall
a fhéachaintí

Bí i d’oíche
a dhia-uilechumhachtaigh
bí i d’oíche
i d’aislingí

Caithfear an cuisliú leamh
a mhúchadh
cuisliú leamh
an uile ní
an uile ní

Dein crann díom
triomaigh mo leicne
lig dom an dán seo
a léamh os ard
tabhair buachaill óg dom
lig dom a thóin a mhuirniú

Is mó é do chroíse
ná mo chroíse
tá mo chadairne
lán de phéisteanna buí
síol an diabhail

Leigheas m’uaigneas
leigheas mo mheisce
leigheas an fuath
dein cuid díot féin mé
análaigh ionam
ith mé
beir orm


Bígí in bhur dtost
a ghuairneána


Fuist
a liúnna


Bígí dall
a fhéachaintí

Bí i d’oíche
a dhia uile-chumhachtaigh
bí i d’oíche


(Gabriel Rosenstock a chuir i nGaeilge)


2021-06-19

Bíosún Greanta ar Chloch

 Tá seasamh á ghlacadh ag an tuath
mar nach meallfar í, ní bhrisfear
i seomra í. Taifeadann sí
trí dhuilleoga a shuaitheadh go cúramach
imeacht gach stoirme, an bháisteach,
an triomach. Géilleann an tuath
in áiteanna, d'aon ghnó
ó d'fhoghlaim an chogaíocht ó na hairm
a chothaigh sí. Is aonad í
an tuath is níl seanmhíorúiltí
dearúdta aici: bíosún greanta
ar chloch, cuir i gcás. Nochtann an tuath
ar nós cuairteora gan choinne
is tugann tearmann, ní féidir í a chur faoi ghlas
ná i leataobh. Níl an tuath in ann
a hainm a shíniú, ná bás a fháil
mar nach féidir í a adhlacadh.
Tuigeann sí an teanga,
labhrann i gcanúint.

Arvind Krishna Mehrotra



2021-06-18

Haiku

Haiku as an leabhar I Wish, in eagar ag Stephen Henry Gill, foilsithe ag Hailstone Haiku Circle, Kyoto, An tSeapáin.
ISBN 978-4-9911809-0-3
Gach eolas faoi na clocha sneachta anseo:
https://hailhaiku.wordpress.com/

ba mhaith liom é a stóráil
im' bhosca seodra -
solas seo an fhómhair

Akiko Takazawa


dán le Wang Wei
á rá ag duine éigin -
camhaoir cheobhránach

Yaeno Azuchi


trá sa gheimhreadh -
cíochbheart
ag teacht chun cladaigh

Hisashi Miyazaki



2021-06-17

Bláthanna Mustaird

Má fheiceann tú seanóir ina shuí leis féin
ag stad an bhus agus má tá tú á rá leat féin cé hé
neosfaidh mé duit é.
Is é m'athair é.
Ní ag feitheamh le bus ná le cara atá sé
Ní ag glacadh mionscíthe atá sé
sula leanfaidh sé ar aghaidh ag siúl.
Níl ar intinn aige siopadóireacht a dhéanamh
ach oiread sna siopaí atá láimh leis
tá sé ina shuí ar an mbinse, sin uile.

Bíonn meangadh gáire nó píosa comhrá uaidh uaireanta.
Ní éisteann neach ar bith leis.
Níl spéis ag éinne ann.
Agus is cuma leis, is cosúil, an éistear
nó nach n-éistear.

Carranna, busanna agus daoine
ina gcaise ar an mbóthar.
Gabhann abhainn íomhánna, meafar,
is samhlacha trína intinn.
Nuair  a stopann gach aon ní
ag na soilse tráchta tá sé ina mheán oíche
ina shráidbhaile siúd. Cuirtear tús leis an lá
nuair a iompaíonn na soilse glas.
Má shéidtear adharc
tosaíonn gadhar na comharsan ag tafann.

Nuair a ghabhann gluaisteán buí thar bráid
pléascann míle bláth mustaird
ina cheann.

Foilsithe ar dtús ar Words Without Borders.

Buntéacs agus leagan Béarla © 2018 Ajmer Rode.


2021-06-16

Mädchen in Landschaft (1898)

Mädchen in Landschaft (1898)
Koloman Moser
toradh aisteach thú
a phiocaim as an todhchaí
níl tú ann go fóill
        ní mór dom aibiú anois
        le bheith ar aon aois leatsa
like some unknown fruit
i pluck You from the future
before You are born
        now i must wait to mature
        until we're of equal age

2021-06-15

Molaimis ár dTeanga féin / In Praise of Indigenous Languages

Claudia Andújar
i muir an chosmais
ar snámh ar feadh milliún bliain
tráth molta anois é
        molaim an saol seo athuair
        im' theanga féin, mo shlí féin
in a cosmic sea
floating for a million years
emerging to praise
        the gift of life, now, once more
        in my own tongue, my own way
 

 

Tanka (5-7-5-7-7 siolla) ag freagairt do shaothar éachtach an ghrianghrafadóra Claudia Andújar:

2021-06-14

Ní leanaí leat iad do chuid leanaí.

 Ní leanaí leat iad do chuid leanaí.
Clann mhac is clann iníonacha na Beatha iad is í ag tnúth léi féin.
Tríbhse ach ní uaibh a thángadar,
Agus cé gur faraibh atá siad ní libh iad.
 
Féadann sibh bhur ngrá a thabhairt dóibh ach ní bhur gcuid smaointe,
Mar tá a gcuid smaointe féin acu.
Féadann sibh díon dá gcolainn a chur ar fáil dóibh ach ní dá n-anam,
Mar is i dtigh an lae amárach atá cónaí ar a n-anam, nach féidir cuairt a thabhairt air, fiú i dtaibhreamh.
D’fhéadfá tabhairt faoi bheith cosúil leo, ach ná tabhair faoi iadsan a bheith cosúil leatsa.
Mar ní ghabhann an saol siar agus ní chrochann thart leis an lá inné.
Is sibhse na boghanna óna dteilgtear bhur leanaí mar shaigheada beo.
Feiceann an boghdóir an marc ar chonair na síoraíochta, agus lúbann Sé lena neart thú chun go raghadh A shaigheada i bhfad agus go mear.
Lúbtar faoi lámh an Bhoghdóra thú ar mhaithe le lúcháir;
Má tá grá Aige don tsaighead a eitlíonn, tá grá Aige chomh maith don bhogha atá socair.

Kahlil Gibran

2021-06-13

Peter's denial,
Anton Robert Leinweber (1845-1921),
1919, Gouache on paper

scairt an choiligh . . .
an scairt a chuir Peadar
ag sileadh na ndeor

2021-06-12

Ní Gealach í a Gnúis, Ná Ní Loiteoga


Ní gealach í a gnúis, ná ní loiteoga
iad a dhá súil, ní d'ór a géaga:
Feoil is cnámha í. D'inis na filí bréaga!
Á, is geal linn í, creidimid an t-éitheach, leoga.

Bhratrhari
(a bhláthaigh sa chúigiú haois)

 

2021-06-11

Ní Déarfad ach an Méid Seo

Bhláthaíomar
san Earrach

Duilleoga Dé
is ea ár gcolainn.

Tig leis an tsúil séasúir shamhalta an bháis is na beatha
a fhulaingt

Ach an t--anam, a thaisce, déarfad lom amach é,
is é Dia féin é

Ní chaillfear sinne
mura gcaillfear
Eisean

Naomh Treasa d'Avila

2021-06-10

Breocharn an Fhile

 I ndomhan a chaitheann púicín

Seo mé chun an druma síora í a bhualadh
– Bhikku Nanamoli

Ní hé seo an chéad dán
Atá tógtha amach as an sean-chomhad deannachúil agam.
Tá roinnt dánta ann atá fós úr
Agus boladh nua na bpotaí cré uathu.

Agnaye swaha!

Sé ofráil tosaigh dod bhreocharnsa é
An t-aistear i dtreo na beithe
Is na neamh-bheithe

Bhí tú anseo go dtí inné
Agus sa dath buí i gcúinne
Na nduilleog seasann tú anois mar pheann im ghlac
Sa scríobadh a dheineann sé ar pháipéar
Is tú an ghaoth ag seoladh léi trím ghaothrán
Bolaímse thú mar a bholóinn spíosraí géara


Agnaye swaha!

Sé seo an dara hofráil agam
do do bhreocharnsa.

Tá an bád san fharraige
Tá na héisc sa líon
Tá na héisc á marú ag an iascaire
Scáil á tréigean is ea gorm
Rud is ea bád a théann go tóin poill
Iasc mise duitse

Agnaye swaha!

Tá tusa in iarsmaí an dáin seo
Le chéile a scríobhamar é, nach cuimhin leat?

Na focail
An t-aer
Crónán ár n-anála.
Tá tusa anseo istigh
I snáithíní mo chuid smaointe
I síoraíocht mo ghrása
Duit

Agnaye swaha!

Agus go deo deo is choíche
Is sa dán seo a bheidh tú
Sa bhosca folamh
Sna duilleoga a thit den chrann
Is i mboladh na spíosraí nach bhfanann san aer.

2021-06-09

Súdaireacht ná Fuáil Níor Thuigeas Riamh

Súdaireacht ná fuail níor thuigeas riamh,
 cé go dtagann daoine chugam ag lorg bróg.
Níl snáthaid agam chun na poill a dhéanamh
ná uirlis agam a ghearrfadh an snáth.
  Bíonn daoine eile ag fuáil, snaidhmthe i lúb na lúb
     is mise, gan snaidhm, saor.
Leanaimse orm á rá Ram agus Ram, arsa Ravidas
 agus tugann an Bás aire dá ghnó féin.

Ravidas

 

2021-06-08

Ar sise le cara mná

 Ar seisean liom: Fan dílis.
Is d’fhanas dílis dó go docht
dílseacht a mhéadaigh le gach bac.
Ata, teann, ullamh
mhothaíos go dlúth ionam é
líon a láithreacht as láthair
go hiomlán mé.
 
Go tobann –
an doirteadh beag seo,
rud gan tábhacht dar leis.
A tharraingt amach asam go grod
an craiceann féin á bhaint díom.
 
Péist talún mé ag lúbarnaíl
i mbogoighear dearg
oscailte
do na spéartha laomtha

Priya Sarukkai Chabria

2021-06-07

Haiku


 
Covid...
an domhan go léir
faoi cheilt

Coivid...
the whole world
in purdah

2021-06-06

2021-06-05

Chugam Aniar Thú

Do mhaide haca, do ríomhaire
gan gíocs i do sheomra
do leaba chomh mín le síoda, gan roc
do bhord in ord is in eagar, gach rud ina áit
agus sa chúinne, ar an urlár, péire cuarán
       balbh, ciúin
 
Ar mhaithe leat féin, chuireas chun bealaigh thú
in aghaidh mo thola
ach ón lá a d’imís
tá an croí uaigneach seo, na súile cráite seo
ag tnúth le do theacht
 
Ó, tar, sea tar
is cuir gach aon ní bun os cionn arís
sa seomra néata seo
cuir ceol ar siúl chomh hard agus is mian leat
tóg raic is cuma liom
ach lig dom tú a bhrath arís sa tigh seo
 
Chugam aniar thú
ní thabharfaidh mé amach duit arís go deo

Tarannum Riyaz

2021-06-04

Vasile Popescu

an trasalváin -
níl éinne ná aon ní
nach bhfeictear
transylvania -
nothing or nobody
goes unobserved
トランシルバニア
何も 誰も
見られずにゆく

Leagan Seapáinise Mariko Sumikura
transylvania -
naethin or naebodie
gaes unsein

Leagan Albainise John McDonald

2021-06-03

Ag Feitheamh le Rusty

 An tseanbhean a fheiceann tú
ag gliúcaíocht amach as fuinneog an íoslaigh
sí mo mháthair í.
Tá sí ag feitheamh le Rusty, gadhairín
a bhuaileann isteach chuici uaireanta
ón tsráid.
Is cuma má thagann Rusty nó mura dtagann.
An rud is tábhachtaí ná an feitheamh
a leanfadh uaireanta go dtí an clapsholas
a mheascann go mall leis na scáthanna ar an tsráid.
 
Dúisíonn mo mháthair go tobann um meán oíche
chun an ruaig a chur ar na cait atá ag troid faoin leaba.
Síothlaíonn an glór sula n-éiríonn sí.
De réir a chéile tuigeann sí
gur i seomra beag in íoslach atá sí
seachas sa sráidbhaile ina raibh comh-chearta
ag madraí fáin, cait, lucha
is baill an teaghlaigh go léir sa tigh.


Tá sí os cionn ochtó, go leor fadhbanna aici
mar a thuigfeá, an féinmheas ag laghdú.
Níl feidhm léi níos mó, streachailt leis an tuairim sin.

An lá cheana nuair a chuas isteach chuici
go ciúin
shuigh sí ansin agus na súile druidte aici
leabhar beag oscailte aici ar a glúine.
B’fhéidir gur ag machnamh a bhí sí
ar véarsaí an Naoú Gúrú a bhí díreach léite aici:
níl i gcaidreamh daonna ach seachmall
níl sa chruinne ach boilgeog a éiríonn is a phléascann
tá Rama imithe, Ravana imithe,
níl aon ní buan,
Aontacht leis Siúd an fhírinne,
an t-aon fhírinne  . . .
 
Bhí loinnir ina gnúis
cheapfá gur foilsíodh rud éigin di.
Scar a beola le gáire muiníneach.
 
Cuireann fothram mo chuid coiscéimeanna isteach uirthi.
Osclaíonn a súile agus féachann sí orm láithreach.
Géilleann a cuntanós d’aoibh mháthartha.
An chéad cheist a chuireann sí orm an raibh dóthain codlata agam aréir.
Tá sí fós buartha faoin nós atá agam an iomarca a léamh.
Liosta mór fada gearán ansin:
Tá gach éinne anseo ar nós cuma liom,
níl éinne ann a labhródh léi, níl am ag na páistí,
gan ach Béarla ar an teilifís . . .
Caithfidh sí dul ar ais go Punjab i mbliana
féachaint an bhfuil gach rud i gceart
sa bhaile, caithfidh sí.
Ach ní thagann gearán ar bith óna béal.
Éiríonn a clár éadain teann, na súile ag iarraidh
deora a cheilt.
 
De réir a chéile tosnaíonn sí ag caint arís
faoin mbean bhéal dorais
atá níos sine ná í, níos mó céille aici
agus atá ag feitheamh chomh maith le Rusty beag
is é ar fán lasmuigh ar an tsráid.

Ajmer Rode

2021-06-02

An Fáidh

Leabhar 26 fabhalscéal scríofa mar dhánta próis é An Fáidh le Kahlil Gibran, file agus fealsamh Liobánach-Mheiriceánach. Ba sa bhliain 1923 a foilsíodh ar dtús é agus is é an saothar is iomráití de chuid Gibran é. Aistríodh go breis is 100 teanga é, ceann de na leabhair is mó a aistríodh riamh. Ní raibh sé riamh as cló. 

Cuirtear an Fáidh Almustafa in aithne dúinn i dtosach an leabhair. Dosaen bliain atá sé ag feitheamh leis an long a thabharfaidh abhaile é. Sula n-imíonn sé, iarrann cuid d'áitreabhaigh na cathrach Orfalaís air a thuiscint do choincheapa áirithe a roinnt leo den uair dheireanach ("Labhair linn faoi..."). Tugann an Fáidh 26 seanmóir uaidh a bhaineann le buncheisteanna na beatha, is e sin an grá, an pósadh, leanaí, déirc, ithe is ól, obair, áthas is brón, tithe, éadach, díol agus ceannach, coiriúlacht agus pionós, dlíthe, saoirse, réasún agus paisean, pian, féin-eolas, teagasc, cairdeas, caint, am, maith is olc, paidreoireacht, pléisiúr, áilleacht, reiligiún, agus i ndeireadh na dála, an bás. Sa chaibidil dheireanach, tá ceist cad is brí le brí fite fuaite ina bhriathra scoir.


The Prophet is a book of 26 fables written in English prose poetry by the Lebanese-American poet and philosopher Kahlil Gibran. It was first published in 1923 and is Gibran's best known work. The Prophet has been translated into over 100 languages, making it one of the most translated books in history. It has never been out of print. 

The narrative introduces us to the Prophet Almustafa, who has waited twelve years for his ship, which will finally take him back to his homeland. Before leaving, some inhabitants of the city of Orphalese ask him to convey to them his insights on various topics for the last time ("Speak to us of..."). The Prophet relates 26 sermons that deal with basic questions of human life, namely love, marriage, children, giving, eating and drinking, work, joy and sorrow, houses, clothes, buying and selling, crime and punish-ment, laws, freedom, reason and passion, pain, self-knowledge, teaching, friendship, talking, time, good and evil, prayer, pleasure, beauty, religion, and finally death. In the final chapter, Almustafa interweaves a discussion about the question of meaning into his parting words.

An Fáidh
Kahlil Gibran
Traschruthaithe ag Gabriel Rosenstock
Evertype 2021&
ISBN 978-1-78201-249-8 

Smaoineamh an Lae

Tá 'riail an dlí' ann chun leas an chaipitleachais a chosaint, in ainm an oird phoiblí, na slándála agus an daonlathais. Trí lipéid ar nós 'sceimhlitheoir' a úsáid agus 'antoisceach' is féidir a rá faoi shaghsanna áirithe gníomhaíochtaí go bhfuil siad as miosúr ar fad, imithe thar fóir ón easaontú dlisteanach go dtí gníomhaíocht choiriúil.

Tom Anderson





2021-06-01

Tá gach duine ina Dhia

Tá gach duine ina Dhia


Tá gach duine ina Dhia dar liom!
        duáilce ná fabht
        ní léir do mo shúil níos mó.

Síor-ríméad anois é
        an saol a bhí lán d'fhulaingt;
        suaimhneach é mo chroí mar linn lán,
                ag cur thar maoil.

An aghaidh is a scáil
        ag faire ar a chéile;
        is éagsúil iad, ach is ionann.

Agus nuair a dhoirteann an sruthán san aigéan  . . .
        ní hann níos mó don sruthán!

Tukaram

All men to me are god-like Gods!


All men to me are god-like Gods!
        My eyes no longer see
        vice or fault.

Life on this suffering earth
        is now endless delight;
        the heart at rest and full,
                overflowing.

In the mirror, the face and its reflection
        watch each other;
        different, but one.

And, when the stream pours into the ocean...
        no more stream!

By Tukaram

(1608 - 1649)

English version by Ivan M. Granger

Real Thirst: Poetry of the Spiritual Journey by Ivan M. Granger


Also available through Wordery Free shipping anywhere in the world