Ar an 14 Iúil, 1912, rugadh Woody Guthrie | |
Is leatsa an tír seoIs leatsa an tír seo is liomsa an tír seoÓ Rinn Ó gCuanach siar go Ciarraí Ó Oileáin Árann go Geataí Stormont Linne go léir is ea an tír. Ar bharr Chruach Phádraig i lár na hoíche Do chuala scéal mór i mbéal na gaoithe Is ní raibh ann ach seacht bhfocal díreach: Linne go léir is ea an tír! Is mé ag siúl liom go Baile Átha Cliath Ba chasta an bóthar ’bhí ann dar fia: Do thugas léim mhór thar shruth is altán Linne go léir is ea an tír. Do chuas an bealach ar fad go Teamhair Is beag nár chuas-sa as mo mheabhair: Tá léirscrios déanta ar shean-Éirinn Linne go léir is ea an tír. Os comhair na Dála do sheasas tamall Ghabh Teachta tharam is é ina ghamal: ‘Dia dhuit’, ar mé leis, ‘Hello!’ ar seisean Linne go léir is ea an tír. Do chuas ag rith as sin im’ ghósta Sa deireadh bhaineas amach an cósta Bhí slua romham ann is iad go deorach – Linne go léir is ea an tír. Is leatsa an tír seo is liomsa an tír seo Ó Rinn Ó gCuanach siar go Ciarraí Ó Oileáin Árann go Geataí Stormont Linne go léir is ea an tír! |
Pages
▼