|
Ar an lá seo 25 Deireadh Fómhair, 1806, rugadh Max Stirner | ||
Deirimse: saor tú féin chomh fada agus is féidir, agus beidh do chuidse déanta. . .”
“Foréigean an stáit tugann an stát an dlí air ach foréigean an duine aonair, tugann sé coir air sin.” “Sa sféar oideolaíochta agus i roinnt sféar eile, ní ligtear don tsaoirse brúchtadh, níl cead ag an bhfreasúra a gheab a chur isteach: géilliúlacht atá uathu… Toradh na scolaíochta an filistíneachas.” AR SON NA CÚISE! “Cén chúis nach í mo chúis-se í? I dtosach báire, an Chúis Mhaith, cúis Dé ansin, cúis an chine, na fírinne, na saoirse, na daonnachta, cúis an chirt; agus fós, cúis mo mhuintire, mo phrionsa, mo thíre; sa deireadh, fiú, cúis na hAigne, agus míle cúis eile nach iad. Ach ná bíodh mo chúis féin ina cúis. ‘Mo náire an mé féiní a smaoiníonn air féin amháin!’” |
Pages
▼