Dia dhuit, a sheanbhean
Aithnímse do ghnúis.
Aithním do ghnúis.
Ar sí:
“ Ú, na-na-na-na-na-na-na-na!
Bead im shuí i do scáthánsa.
Anois an áit is seo iad na róid.
’bhFéachfaidh tú amach sa todhchaí?
“Ná habair riamh slán go deo
Le mo chuidse ded shaol.
Go deo deo deo deo
Ó, ó, ó.
“Tá mé beo!”
Ar sí.
“ Seo leat, lig dom bheith beo, sea!”
Ar sí,
“ Seo leat, lig dom bheith beo, sea!”
(“ Seo leat, lig dom bheith beo, sea!”)
“An chuid seo den Am,”
(Ar sí)
Ní leatsa an chuid seo den Am
(Ar sí)
Mar is liomsa í.
“Agus le do gharsún agus le do chailín
Bualadh na leathbhoise:
Cá bhfuil mo línese ar do lámh,
Agus tusa le léamh
Agamsa mar chuimhne?
Ú, na-na-na-na-na-na-na-na-na-na-na-na-na-na-na-na-
“Ná habair riamh slán go deo
Le mo chuidse ded shaol.
Go deo deo deo deo deo
Choíche choíche choíche
Ná fág choíche mé liom féin!”
Ar sí.
“ Seo leat, lig dom bheith beo, sea!”
“ Seo leat, lig dom bheith beo!”
Ar sí,
“ Seo leat, lig dom bheith beo, sea!”
(“ Seo leat, lig dom bheith beo!”)
Cuirimse Anois ……………………ann.
Cuirimse Anois …………………….ann.
Cuirimse Anois -
“Féach anseo!
Féach anseo!
Nach léir duit fós na cuimhní is iad geal?
Ag slaparnach san uisce, bé ag gáire.
Sceith ina súil’ an tAm a chuaigh thart.
Báite san aigéan is an bhean ’tá sa ghaoth,
An grá sin go léir ag feitheamh leat ann.
Beir anois orainn, mé do thodhchaí.
Póg ar an ngaoth is an talamh romhainn.
G’leith san áit a moillíonn Cathain
Ag feitheamh insan domhan lom,
Leis an Ansin a d’fhuaródh an cúr.
Mar i lúb na toinne seo chugainn an Anois,
Is damhsóidh tú liom in sna linnte gréine.
Is den uisce ag imeacht sinn is go deo.
Is den uisce sinn i gcríoch bheannaithe an uisce
Is ritheann a bhfuil ag teacht
Le gach sá ar an trá.”
Pages
▼
2014-03-31
Port An tSaoil (The Jig of Life)
Ar an lá seo, 31 Márta
Ar an lá seo, 31 Márta, céad bliain ó shin, rugadh Octavio Paz, file, fear haiku, Duaiseoir Nobel: | |
(Bashō An) el mundo cabe en diecisiete silabas: tu en esta choza |
BOTHÁN BASHŌ an domhan seo go léir istigh i seacht siolla dhéag – tusa sa bhothán |
2014-03-30
Haiku le Issa ón mbliain 1800
Búdaí ab ea Issa ach braithim go bhfuil an seanchreideamh dúchasach, Sinteo, taobh thiar den haiku gleoite seo. Tá rud éigin spioradálta ann. Faightear an cháilíocht luachmhar sin sa Ghaeilge, leis, i ndánta ar nós Moladh Bhinn Éadair, cuir i gcás. Tá mar a bheadh deasghnáth beannaithe ag tarlú anseo os ár gcomhair agus is iontach ar fad an phribhléid dúinne a bheith ina fhinné air:
an ghrian ag éirí
is sléibhte an tsamhraidh
á sciomradh aici
.夏山に洗ふたやうな日の出哉
natsu yama ni arauta yôna hi no de kana
2014-03-29
Scáil
|
|||
brionglóid na scáile brionglóid fúithi féin – faic |
the dream of a shadow a dream of itself – nothing |
Ar an lá seo, 29 Márta
Ar an lá seo, 29 Márta 1913, rugadh an mórfhile R. S. Thomas
R. S. Thomas - Evans by poetictouch
R. S. Thomas - Evans by poetictouch
EVANS
Evans? Sea, is iomaí uair
a tháinig mé anuas an staighre
lom sin aige isteach sa chistin dhuairc
is an tine adhmaid romham, an píobaire gríosaí
ag déanamh tionlacain le dordán ón gciteal
dubh, is amach ansin sa dorchadas
fuar is mé tachta ag taoide dhlúth
na hoíche a bhí ag gabháil thart ar na fallaí
ar an bhfeirm uaigneach sin ar dhroim an tsléibhe.
Níorbh é an dorchadas a líon mo shúile
is mo bhéal a chuir alltacht orm; ná fiú an bháisteach
ag sileadh mar fhuil ó aon chrann amháin
síon-chéasta. Ba é an dorchadas é
a líon féitheacha an bhreoiteacháin sin
a d’fhágas tréigthe ar thrá fhairsing
sceirdiúil na leapa gruama sin aige.
2014-03-28
Haiku le Issa ón mbliain 1815
Soicind!
Soicind amháin sa tsíoraíocht.
Breith ar an soicind sin.
Is scaoileadh leis.
Sin is haiku ann:
.猫の子がちょいと押へるおち葉哉
Soicind amháin sa tsíoraíocht.
Breith ar an soicind sin.
Is scaoileadh leis.
Sin is haiku ann:
beireann an piscín
ar cheann acu ...
duilleoga ag titim
.猫の子がちょいと押へるおち葉哉
neko no ko ga choi to osaeru ochiba kana
2014-03-27
Graifítí an Lae: An Tao
Más mian leat a bheith i do cheannaire mór
Caithfidh tú foghlaim conas an Tao a leanúint:
Éirigh as a bheith ag iarraidh rialú.
Scaoil le pleananna agus le coincheapa dochta
Agus rialóidh an domhan é féin
Ar an lá seo, 27 Márta
Ar an lá seo, 27 Márta, 1910, rugadh Ai Qing. Dán leis ón mbliain 1940 is ea Crainn: |
Crann, crann eile, iad araon ina seasamh, díreach, leo féin. An ghaoth agus an t-aer a insíonn a bhfad óna chéile. Ach faoi bhun chlúdach na cré síneann a gcuid fréamhacha amach agus i ndoimhneacht nach bhfeictear fíonn na fréamhacha ina chéile. |
2014-03-26
Lilí
|
|||
lilí – caidreamh gan lot ó thitim an chine dhaonna |
lilies – intimacy untouched by the Fall |
Ar an lá seo Márta 26
Ar an lá seo Márta 26, 1892, cailleadh Walt Whitman.
Dán ómóis dó scríofa ag Cathal Ó Searcaigh, mórfhile ag caint le mórfhile. Is féidir an bundán éachtach a léamh sa leabhar An tAm Marfach ina Mairimid (Arlen House 2010):
Dán ómóis dó scríofa ag Cathal Ó Searcaigh, mórfhile ag caint le mórfhile. Is féidir an bundán éachtach a léamh sa leabhar An tAm Marfach ina Mairimid (Arlen House 2010):
To Walt Whitman
for Adil Aouji
As usual, Walt, here I am reading your litany of joy as the grass makes an appearance in Mín a’ Leá.
A shower of rain spurting growth, your words bring the hues and urgency of spring flowing through my imagination.
I can hear your gentle laughter behind the words as I utter your love poems. You need but beckon: what I wouldn’t give to be in your arms. I’m not saying we are blood relations, but we are linked by craft and by leanings.
Brother, give me your hand, tramp of the road, and we will take words on a walk, with an agile leap of the mind, let’s take the air, you take the high road and I’ll take the low road and the poem between us.
Brother give me your hand. We’ll roam over the vast range of your contemplation and cross the mighty flood of your thought. Out there in the sunny booley of your hope, we’ll stretch our limbs awhile in comfort. Let’s take the luscious juices from the sun.
Out there in the purple evening of the hills, dear one, we’ll discover the America of our desires.
II
Poet of vision, poet of prophecy, green omniscient poet, your campfire illumines eternity.
Poetry for you had no boundaries. You were drawn to immensity.
You beheld the spirit’s playful spume in oceans, the spill of a boy’s seed on starstruck autumn nights.
Beloved god that needed no theology.
Poet of homage. Poet of streaming expansiveness. You honoured the great-hearted order of the cosmos. You could feel the living pulse that nurtured the blade of grass, that conducted the cycle of the spheres. Nothing was too big or too small for your canticle of creation.
You were at home in each limb of the dancing universe.
Your imagination took a seven-league leap from one world to the next. Your poem made safe the path to the abyss.
Your book is as humble as ditch grass, as ambitious as the swell of the sea.
It is my scripture of delight, gospel of joy, full-throated choir, book of wisdom.
III
Your company lifts my heart, Walt, as I run the gauntlet, as blows are struck. The mills of life grind rough and smooth.
Nor was your own life a bed of roses. You had your detractors in their hundreds. And like myself, the love of young men brought you down.
They bad-mouthed you, the evil-hearted ones, proclaiming your poems – your poems exuding grace – were nothing but line after line of vice and temptation.
But you never betrayed your own word. You, the kind-hearted one who couldn’t harm a midge, you gave it to them well and good in words of poetry. The wild scream that challenged them in hymns of love. The love that could not speak its name uttered itself in fountains of grace.
Poet all-powerful, caress me now in the sacred bosom of your words.
Protect me from evil detractors, the pigeon-hearted and the righteous, the scary whited sepulchures.
Protect me, Walt, from the gang that tried to take your name away from you. They and their kin are still creating mischief.
Free me from the daughters of treachery and the sons of trickery whose perverted ways have coated my tongue with their scum so that it is hard for me now to raise my voice in the bardic company where I belong.
Give me your gift, Walt, to give every word its true weight, and may every verb strike home so that the barkings of malefactors are rammed back down their throats.
IV
I am reading your litany of delight as grass peeps out in Mín ’a Leá and you, brother, buried in Camden.
But your poem is hale and hearty, voice of spring rising in the green leaves of your humanity.
The world is full of exasperation and malice, and warring factions fill the earth and skies. Factions of faith, tribes of terror!
You saw more than enough of battle gore, Walt, as you nursed soldiers in their final throes, in the bloody years of civil war.
You were reminded, more than ever, as you carried out the corporal works of mercy, that our lot was useless unless we showed what it is to be good neighbours with everyone from Brooklyn to Ballybuddy.
A world of exasperation and malice, Walt, but inspired by your poem I look to the peeping grass; tender grass of brotherhood; rough grass of prophecy; ditch grass of integrity; fragrant grass of truth.
I read your litany of delight, a bad moon on the rise, the bones of the old world have become stale, a new age of misery about to be born. And yet, Walt, lovable brother, you forged a fire that brightens my life tonight. Even now, its glow is palpable.
Your book is the green sod on which I stand alone.
2014-03-25
Leabhar le hÍoslódáil: Cuach Ó Aois Eile ag Glaoch
Is féidir le léitheoirí an bhlag seo an cnuasach nua filíochta le Gabriel a léamh anseo, Cuach Ó Aois Eile ag Glaoch (Coiscéim):
Ar an lá seo, 25 Márta
Ar an lá seo, 25 Márta, 1738, cailleadh Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin. Cuntas ina thaobh anseo. | |
2014-03-24
Graifítí an Lae: Gilles Deleuze
Níl aon bhaint ag an scríbhneoireacht le ciall. Baineann sí le suirbhéireacht talún agus le cartagrafaíocht, tíortha atá fós le teacht a mhapáil san áireamh.
Gilles Deleuze (1925 -1995)
Ar an lá seo 24 Márta
Ar an lá seo, 24 Márta, 1909, cailleadh John Millington Synge.
Cuntas ar an am a chaith sé ar an mBlascaod san fhoilseachán seo:
Cuntas ar an am a chaith sé ar an mBlascaod san fhoilseachán seo:
2014-03-23
Love Is Here/ Tá An Grá Anseo
Love is here; it is the blood in my veins, my skin.
I am destroyed; He has filled me with Passion.
His fire has flooded the nerves of my body.
Who am I? Just my name; the rest is Him.
le Mevlana Jelaluddin Rumi
(1207 - 1273)
Leagan Béarla le Andrew Harvey
Tá an Grá anseo; is é fuil mo chuid féitheacha é, is é mo chraiceann é.
Táim scriosta; líon Sé le Paisean mé.
Chuaigh a chuid lasracha trí néaróga mo cholainne.
Cé mé? Ainm sin an méid; Eisean an chuid eile.
Ar an lá seo, 23ú Márta
|
Ar an lá seo, 23 Márta, 1910, rugadh Akira Kurosawa. |
"Pé áit dá dtéimse, cé nach bhfuil teanga iasachta ar bith agam, ní bhraithim as áit. Táim sa bhaile aon áit ar domhan. Dá mbeadh gach éinne den tuairim sin, thuigfeadh daoine cé chomh hamaideach is ea easaontas idirnáisiúnta agus chuirfí deireadh leis."
2014-03-22
Tíolacadh
A Blessing
Just off the Highway to Rochester, Minnesota
Twilight bounds softly forth on the grass.
And the eyes of those two Indian ponies
Darken with kindness.
They have come gladly out of the willows
To welcome my friend and me.
We step over the barbed wire into the pasture
Where they have been grazing all day, alone.
They ripple tensely, they can hardly contain their happiness
That we have come.
They bow shyly as wet swans. They love each other.
There is no loneliness like theirs.
At home once more,
They begin munching the young tufts of spring in the darkness.
I would like to hold the slenderer one in my arms,
For she has walked over to me
And nuzzled my left hand.
She is black and white,
Her mane falls wild on her forehead,
And the light breeze moves me to caress her long ear
That is delicate as the skin over a girl's wrist.
Suddenly I realize
That if I stepped out of my body I would break
Into blossom.
~ James Wright ~
(Above the River)
Tíolacadh
Tamall ón Mórbhealach go Rochester, Minnesota
léimeann an clapsholas amach go séimh ar na féartha
agus dorchaíonn súile an dá chapall Indiacha
le cineáltacht.
Thánadar go háthasach amach as na crainn sailí
chun fáilte a chur romhainn, mé féin is mo chompánach.
Thar an sreang dheilgneach linn isteach sa bhféarach
áit a rabhadar ag ithe ar feadh an lae, leo féin.
Mionluasc teann na matán, ní cheileann siad an ríméad
atá orthu.
Umhlaíonn siad go scáfar mar ealaí sa linn. Grá acu dá chéile.
Níor sáraíodh riamh a n-uaigneas.
Istigh iontu féin arís
tosaíonn siad ar chúpla tom óg earraigh a mhungailt sa dorchadas.
Ba dheas liom barróg a bhreith ar an gcapall is caoile orthu,
mar tá sise tar éis siúl chugam anall
is í ag sróinínteacht ar mo lámh chlé.
Capall dubh is bán í
an mhoing in aimhréidh ar a clár éadain
agus griogann leoithne mé chun cluas fhada léi a mhuirniú
cluas atá chomh mín le craiceann ar rosta cailín.
i bhfaiteadh na súl, tuigtear dom
dá siúlfainn amach as mo cholainn go
bpéacfainn faoi bhláth
Ar an lá seo 22 Márta
Ar an lá seo, 22 Márta, 2007, cailleadh an sceimhlitheoir spioradálta U. G. Krishnamurti.
“Ná lean mise, táimse ar strae.”
Tá leabhair le U. G. Krishnamurti le híoslódáil saor in aisce anseo: http://www.ugkrishnamurti.net/
“Ní mian linn a bheith saor ón eagla. Ní mian linn ach cluichí a imirt léi agus a bheith ag caint mar gheall ar a bheith saor ón eagla.”
2014-03-20
Níos fearr . . .
Níos fearr ná bualadh Leis
is luí Leis an t-am ar fad
an pléisiúr sin nuair a luímse Leis
tar éis Dó a bheith i gcéin.
Nuair a bhíonn Sé i bhfad uaim
nílimse in ann fanacht
go bhfaighe mé spléachadh Air.
A chairde, cathain a bheidh an gruth
is an meadhg agam
bheith Leis
bheith gan É
mo thiarna atá chomh geal le seasmain!
is luí Leis an t-am ar fad
an pléisiúr sin nuair a luímse Leis
tar éis Dó a bheith i gcéin.
Nuair a bhíonn Sé i bhfad uaim
nílimse in ann fanacht
go bhfaighe mé spléachadh Air.
A chairde, cathain a bheidh an gruth
is an meadhg agam
bheith Leis
bheith gan É
mo thiarna atá chomh geal le seasmain!
Mahadeviyakka a chan
Dán sa traidisiún bhakti
Dán sa traidisiún bhakti
Ar an lá seo 21 Márta
Ar an lá seo, 21 Márta, 2013, cailleadh Chinua Achebe. | |
Máthair is Leanbh, TeifighNí fhéadfadh Madonna is Naíon ar bith a bheith inchurtha le grá na máthar seo dá mac a chaithfidh sí a dhearmad ar ball Bhí bolaithe éagsúla san aer buinneach is páistí neamhnite gona n-easnacha tréigthe is a dtónacha triomaithe agus a gcoiscéimeanna troma i ndiaidh na mbolg folamh séidte An chuid is mó de na máithreacha ann ba chuma leo faoin dtráth seo; ní ise, áfach, an góst-gháire fós idir na fiacla aici agus góst-mhórtas máthar sna súile aici agus a raibh de ghruaig mheirgeach fágtha ar an mblaosc á cíoradh aici – is ansin cantain sna súile aici – scoilt á cur inti go cúramach … Dá mbeadh saol eile aici ní bheadh ann ach gníomh beag laethúil gan tábhacht roimh bricfeasta a ithe dó is dul ar scoil; dhein sí anois é mar a leagfá bláthanna ar uaigh bheag bhídeach. |
Ar an lá seo, 20 Márta
Ar an lá seo, 20 Márta 2010, cailleadh an file Ai. Florence Anthony ab ainm di ach d’athraigh sí a hainm go Ai Ogawa (sa tSeapáinis: 愛小川 ) a chiallaíonn ‘Sruth an Ghrá’.
Ba de chúlra is de bhunadh casta í – Seapánach, Choctaw-Chickasaw, Afra-Mheiriceánach, Éireannach, Cheyenne is Comanche agus í ar maos sa Bhúdachas.
Ba de chúlra is de bhunadh casta í – Seapánach, Choctaw-Chickasaw, Afra-Mheiriceánach, Éireannach, Cheyenne is Comanche agus í ar maos sa Bhúdachas.
Cúba, 1962
Nuair a léimeann an coileach ar leac na fuinneoige
agus a sciatháin á leathadh aige, dearg is órga,
dúisím mar go gceapaim gurb í an ghrian atá sa bhfuinneog
is glaoimse ar Juanita, is cloisim í ag freagairt, ach is i m’aigne
féin amháin é.
Tá a fhios agam go bhfuil sí amuigh cheana
agus an cána á bhriseadh aici ar leibhéal na talún
gan aici ach a lámha móra.
Faighimse an maiseite agus siúlaim sa chána
go dtí go bhfeicim í ina luí sa chré béal fúithi.
Juanita is í sínte mar seo ar maidin,
ardaímse an maiseite –
an méid a bhainimse as an gcré tugaim ar ais di –
agus teascaim na cosa di.
Ardaím an corp agus iompraím go dtí an vaigín é,
agus luchtaímse leis an gcána é le díol ar an sráidbhaile.
An té a bhlaiseann dem bheansa ina chuid milseán, ina chuid cácaí,
Blaisfidh rud éigin níos milse ná cána siúcra;
Sé an dólás é.
Má itheann tú an iomarca de, beidh a thuilleadh uait,
Ní féidir dóthain de a fháil.
2014-03-19
Smaoineamh an lae
Grianghraf: Yaşar Koç |
"Tá bóthar i gcroí an uile dhuine againn, ní fheictear é agus is annamh a shiúltar é, agus tugann sé chuig áit rúnda aineoil sinn. Thug an seandream grá a gcroí don ithir, agus bhídís ina suí nó ar a leasluí ar an talamh agus mhothaídís go rabhadar gar do chumhacht mháithriúil.
Is ar an talamh a tógadh an típí agus ba de chré iad na haltóirí acu. Bhí suaimhneas dóibh is neart is glanadh is leigheas sa chré. Sin an fáth a suíonn an sean-Indiach ar an talamh i gcónaí seachas é féin a chrochadh suas san aer, i bhfad ón talamh agus ó fhórsaí na beatha. Suí ar an talamh nó luí ar an talamh, cuireann sé sin ar a chumas machnamh níos doimhne agus mothú níos géire a dhéanamh. Is fearr a fheiceann sé mistéirí na beatha agus is cóngaraí do bheathachruthanna eile ina thimpeall é."
― Luther Standing Bear
2014-03-18
Thána ar an Saol Seo chun go bhFeicfinn
I HAVE COME INTO THIS WORLD TO SEE THIS
I have come into this world to see this:
the sword drop from men's hands even at the height
of their arc of anger
because we have finally realized there is just one flesh to wound
and it is His - the Christ's, our
Beloved's.
I have come into this world to see this: all creatures hold hands as
we pass through this miraculous existence we share on the way
to even a greater being of soul,
a being of just ecstatic light, forever entwined and at play
with Him.
I have come into this world to hear this:
every song the earth has sung since it was conceived in
the Divine's womb and began spinning from
His wish,
every song by wing and fin and hoof,
every song by hill and field and tree and woman and child,
every song of stream and rock,
every song of tool and lyre and flute,
every song of gold and emerald
and fire,
every song the heart should cry with magnificent dignity
to know itself as
God:
for all other knowledge will leave us again in want and aching -
only imbibing the glorious Sun
will complete us.
I have come into this world to experience this:
men so true to love
they would rather die before speaking
an unkind
word,
men so true their lives are His covenant -
the promise of
hope.
I have come into this world to see this:
the sword drop from men's hands
even at the height of
their arc of
rage
because we have finally realized
there is just one flesh
we can wound.
~ Hafiz ~
THÁNA AR AN SAOL SEO CHUN GO bhFEICFINN
Thána ar an saol seo chun go bhfeicfinn:
titim an chlaímh ó lámh an duine agus cuthach mire air
mar gur thuigeamar fá dheoidh nach bhfuil ach an t-aon fheoil amháin ann is féidir a leonadh,
an fheoil ar Leis í – an Críost, ár nAonsearc.
Thána ar an saol seo chun go bhfeicfinn: gach éinne is greim láimhe againn ar a chéile is sinn ag gabháil tríd an saol míorúilteach seo le chéile i dtreo an Mhór-Anama,
Anam síor shoilseach ríméadach, ceangailte de shíor Leis agus lena spraoi.
Thána ar an saol seo chun go gcloisfinn:
gach aon amhrán a chan an domhan ó gineadh é
sa bhroinn Dhiaga is ó thosaigh ag casadh ina dhúil,
gach aon amhrán ag sciathán, eite is crúb,
gach aon amhrán ón gcnoc, ón ngort, ón gcrann ag bean is páiste,
gach aon amhrán ag sruth is ag carraig,
ag uirlis, cláirseach is liúit,
laoi an óir, na smaragaide is na tine,
gach aon amhrán is ceart don chroí a scairteadh le lándínit chun eolas a chur air féin mar Dhia:
mar is éalangach easnamhach a bheimid arís le gach saghas eolais eile nach é –
ní slán sinn go n-ólfar an Ghrian ghlórmhar.
Thána ar an saol seo chun go dtuigfinn:
go mb’fhearr leis an té atá dílis don ghrá
bás a fháil sula n-éalódh siolla neamhcharthanach uaidh,
é chomh dílis sin gurb é A chúnant siúd é a shaol –
geallúint an dóchais.
Thána ar an saol seo chun go bhfeicfinn:
titim an chlaímh ó lámh an duine agus cuthach mire air
mar gur thuigeamar fá dheoidh nach bhfuil ach an t-aon fheoil amháin ann is féidir a leonadh
An Iaráic - AON BHLIAIN DÉAG i nDIAIDH AN CHOGAIDH
Agóid Chiúin ar Shráid na Siopaí, Gaillimh
Amárach, Dé Céadaoin, Sráid na Siopaí (an barr), Gaillimh, 12.45 p.m., cuimhneoidh Comhghuaillíocht na Gaillimhe in aghaidh Cogaidh ar an gCogadh mídhleathach san Iaráic ar cuireadh tús leis aon bhliain déag ó shin agus smaoineoimid ar Mhargaretta D'Arcy a bhfuil naoi seachtaine caite faoi ghlas aici i Luimneach. (Cuimhnigh ar Luimneach).
Leanfaidh an agóid chiúin ar feadh 45 nóiméad.
Bhi ról nach beag ag Éirinn (via Árfort na Sionainne agus aerspás na hÉireann) sa chogadh sin nach raibh aon ghá leis sa chéad áit. Go dtí an lá atá inniu ann, tá pobal na hIaráice ag fulaingt go géar de dheasca an chogaidh sin.
Bhí seacht mí ann sa bhliain 2013 nuair a cailleadh thart ar fiche míle duine mar gheall ar an suaitheadh cathardha agus seicteach a d'eascair as ionradh na Meiriceánach is na mBriotanach sa bhliain 2003.
Tríd is tríd, cailleadh 1.4 milliún (meastar) san Iaráic le haon bhliain déag anuas. Tá ceithre mhilliún teifeach ann. Tá ollbhochtaineacht agus galair ainsealacha ag cur as don phobal. Rud an-choitianta is ea an ailse agus an mhíchuma bheirthe san Iaráic agus úráiniam laghdaithe sna hairm a tháinig trí Árfort na Sionainne is cúis cuid mhaith leis sin.
Tuilleadh eolais: Niall Farrell 091-792297 or 087-9159787
Leanfaidh an agóid chiúin ar feadh 45 nóiméad.
Bhi ról nach beag ag Éirinn (via Árfort na Sionainne agus aerspás na hÉireann) sa chogadh sin nach raibh aon ghá leis sa chéad áit. Go dtí an lá atá inniu ann, tá pobal na hIaráice ag fulaingt go géar de dheasca an chogaidh sin.
Bhí seacht mí ann sa bhliain 2013 nuair a cailleadh thart ar fiche míle duine mar gheall ar an suaitheadh cathardha agus seicteach a d'eascair as ionradh na Meiriceánach is na mBriotanach sa bhliain 2003.
Tríd is tríd, cailleadh 1.4 milliún (meastar) san Iaráic le haon bhliain déag anuas. Tá ceithre mhilliún teifeach ann. Tá ollbhochtaineacht agus galair ainsealacha ag cur as don phobal. Rud an-choitianta is ea an ailse agus an mhíchuma bheirthe san Iaráic agus úráiniam laghdaithe sna hairm a tháinig trí Árfort na Sionainne is cúis cuid mhaith leis sin.
Tuilleadh eolais: Niall Farrell 091-792297 or 087-9159787
Ar an lá seo 18 Márta
Ar an lá seo 18 Márta, 1768, cailleadh Laurence Sterne.“Ach ní bhaineann sé seo le rud a bith. Cén fáth é a lua? Fiafraigh dem pheann é, rialaíonn seisean mise, ní mise eisean.” “Scríobhaimse an chéad abairt agus bím ag brath ar Dhia don dara ceann.” “Níl sa scríbhneoireacht má scríobhtar i gceart (mar a scríobhaimse, dar liom, bí cinnte de) ach ainm eile ar chomhrá.” |
|
Laoi na Maidine
MORNING SONG
The red dawn now is rearranging the earth
Thought by thought
Beauty by beauty
Each sunrise a link in the ladder
Thought by thought
Beauty by beauty
The ladder the backbone
Of shimmering deity
Thought by thought
Beauty by beauty
Child stirring in the web of your mother
Do not be afraid
Old man turning to walk through the door
Do not be afraid
Laoi na Maidine
Tá an domhan á athchóiriú anois ag an gcamhaoir dhearg
Smaoineamh ar smaoineamh
Áilleacht ar áilleacht
Nasc sa dréimire is ea é gach uair a éiríonn an ghrian
Smaoineamh ar smaoineamh
Áilleacht ar áilleacht
Cnámh droma na diagachta lonraí
Atá sa dréimire
Smaoineamh ar smaoineamh
Áilleacht ar áilleacht
A leanbh a chorraíonn in uige do mháthar
Ná bíodh aon fhaitíos ort
A sheanduine a chasann chun siúl thar an doras
Ná bíodh aon fhaitíos ort
2014-03-17
Ar an lá seo 17 Márta
Ar an lá seo, Lá le Pádraig, 1894 rugadh María Sabina:
“Ocht mbliana d’aois a bhíos nuair a bhuail tinneas deartháir mo mháthar. Bhí sé an-tinn ar fad agus na seamain sa sierra a thug luibheanna dó ag iarraidh é a leigheas, ní rabhadar in ann faic a dhéanamh dó.
Is ansin a chuimhníos ar an méid a dúirt na teo-nanacatl, na muisiriúin liom: gur chóir dom dul á lorg dá mbeadh a gcabhair uaim. Mar sin chuas chun na beacáin bheannaithe a bhailiú agus thugas liom go dtí bothán m’uncail iad. D’itheas os comhair m’uncail iad agus eisean ag saothrú an bháis. Láithreach bonn, thug na teo-nanacatl go dtí a ndomhan féin mé agus d’fhiafraíos díobh cad a bhí cearr le m’uncail agus cad a shábhálfadh é. Dúradar liom go raibh an drochrud tar éis a chuid fola a thruailliú agus go mbeadh orainn luibheanna a thabhairt dó, ní hiad na luibheanna sin a thug na seamain dó ach luibheanna eile. Cá bhfaighinn na luibheanna sin, arsa mise leis na muisiriúin agus thugadar go dtí an áit seo ar an sliabh mé, áit a raibh crainn arda ag fás agus sruthán ag rith ann agus thaispeánadar dom an luibh a chaithfinn a tharraingt as an talamh agus an bóthar a chaithfinn a thógaint chun teacht orthu . . .”
Is féidir í féin agus na muisiriúin bheannaithe a fheiceáil anseo:
“Ocht mbliana d’aois a bhíos nuair a bhuail tinneas deartháir mo mháthar. Bhí sé an-tinn ar fad agus na seamain sa sierra a thug luibheanna dó ag iarraidh é a leigheas, ní rabhadar in ann faic a dhéanamh dó.
Is ansin a chuimhníos ar an méid a dúirt na teo-nanacatl, na muisiriúin liom: gur chóir dom dul á lorg dá mbeadh a gcabhair uaim. Mar sin chuas chun na beacáin bheannaithe a bhailiú agus thugas liom go dtí bothán m’uncail iad. D’itheas os comhair m’uncail iad agus eisean ag saothrú an bháis. Láithreach bonn, thug na teo-nanacatl go dtí a ndomhan féin mé agus d’fhiafraíos díobh cad a bhí cearr le m’uncail agus cad a shábhálfadh é. Dúradar liom go raibh an drochrud tar éis a chuid fola a thruailliú agus go mbeadh orainn luibheanna a thabhairt dó, ní hiad na luibheanna sin a thug na seamain dó ach luibheanna eile. Cá bhfaighinn na luibheanna sin, arsa mise leis na muisiriúin agus thugadar go dtí an áit seo ar an sliabh mé, áit a raibh crainn arda ag fás agus sruthán ag rith ann agus thaispeánadar dom an luibh a chaithfinn a tharraingt as an talamh agus an bóthar a chaithfinn a thógaint chun teacht orthu . . .”
Is féidir í féin agus na muisiriúin bheannaithe a fheiceáil anseo:
2014-03-16
Aimsir Gharbh
Aimsir Gharbh/ Stormy Weather
Ó mo léir, níl aon ghrian thuas sa spéir,
Aimsir gharbh, tá m’fhear is mé féin tar éis scaradh
É fliuch an lá go léir.
Lom an saol, spórt agus siamsa – beag an baol!
Aimsir gharbh, tá gach ní im choinne ag tarraingt
Táim traochta an t-am go léir
Nuair ’bhailigh sé leis, is gorm ’bhí an chruinne
Má fhanann sé uaim, beidh gach rud i mo choinne
Is iarraim ar an Tiarna: ná déan é níos loime
Teastaíonn uaim siúl faoin ngréin.
Táim im staic, cad tá ’gam sa saol ach faic
Aimsir gharbh, mar tá m’fhear is mé féin tar éis scaradh
É fliuch an lá go léir
Mé ag siúl thart, mo chroíse lán de bhrón
Tagann an oíche ní thagann aon só
Báisteach anuas, mo chroí ina chnotal cnó
Grá, grá, níl ann ach crá
Ó mo léan! Tá gach aon rud ar strae
Aimsir gharbh, tá m’fhear is mé féin tar éis scaradh
Ar an lá seo 16 Márta
Ar an lá seo, 16 Márta, 1892, rugadh César Vallejo. |
Do mo dheartháir, MiguelIn memoriamA dheartháirín, táim im shuí amuigh ar an mbinse os comhair an tí agus cruthaíonn do neamhláithreacht folús síoraí. Is cuimhin liom go dtéimis ag spraoi thart faoin am seo, agus mamaí ár muirniú: “Ach, a bhuachaillí . . .” Téim i bhfolach anois, mar a dheineas fadó, na paidreacha tráthnóna sin i gcónaí, agus súil agam nach dtiocfaidh tú orm sa pharlús, sa halla, sna dorchlaí. Téann tusa i bhfolach ansin agus nílimse in ann teacht ort. Is cuimhin liom go raibh deora linn, a dheartháir, le linn an chluiche sin! Miguel, chuais i bhfolach oíche amháin i mí Lúnasa, tamall roimh bhreacadh an lae; ach in áit a bheith ag gáire is tú i bhfolach, bhís uaigneach. Agus do leath-chroíse ó na tráthnónta caite sin tá sé traochta anois gan teacht ort. Agus titeann scáil anois ar m’anam. Éist, a dheartháirín, nocht tú féin anois gan mhoill. Ceart go leor? D’fhéadfadh imní a bheith ar mhamaí. |
2014-03-15
Machu Picchu
This is what you should do:
Love the earth and sun and animals,
despise riches, give alms to everyone that asks,
stand up for the stupid and crazy,
devote your income and labour to others, hate tyrants,
argue not concerning God,
have patience and indulgence toward the people...
re-examine all you have been told in school or church or in any book,
dismiss what insults your very soul,
and your flesh shall become a great poem.
~ Walt Whitman ~
( from Preface to 1855 edition, Leaves of Grass)
Is é seo is ceart duit a dhéanamh:
grá a thabhairt don domhan is don ghrian is do na hainmhithe,
drochmheas a bheith agat ar shaibhreas, déirc a thabhairt don té atá á lorg,
seasamh suas don té atá ainbhiosach is ar mire,
d’ioncam is do shaothar a thoirbhirt do dhaoine eile, fuath a bheith agat don tíoránach,
gan a bheith ag argóint mar gheall ar Dhia.
Bí foighneach le cách, lig dóibh …
athscrúdaigh gach a ndúradh leat ar scoil nó sa séipéal nó i leabhar ar bith,
caith uait an rud a mhaslaíonn thú i d’anam istigh,
agus déanfar ded fheoilse mórdhán.
Íomhá/ Image: Ron Rosenstock
Aistriúchan/Translation: Gabriel Rosenstock
2014-03-14
Dán sa traidisiún bhakti
Ar sí
Tá an tráthnóna ann
ach níl an neach Dorcha tagtha.
Cloigíní na dtarbh
ag clingeadh
i ndiaidh a gcúplála,
is giodamach iad na ba.
Is cruálach iad na poirt a sheinneann na fliúiteanna,
flústar na mbeach
sa tseasmain bhán
is sa lile ghorm.
Léimeann an mhuir sa spéir
is liúnn os ard.
Gan eisean im theannta
cad is féidir a rá
conas a thiocfaidh mé slán?
Tá an tráthnóna ann
ach níl an neach Dorcha tagtha.
Cloigíní na dtarbh
ag clingeadh
i ndiaidh a gcúplála,
is giodamach iad na ba.
Is cruálach iad na poirt a sheinneann na fliúiteanna,
flústar na mbeach
sa tseasmain bhán
is sa lile ghorm.
Léimeann an mhuir sa spéir
is liúnn os ard.
Gan eisean im theannta
cad is féidir a rá
conas a thiocfaidh mé slán?
Nammalvar a chan
Dán sa traidisiún bhakti
If Ever You Go: A Map of Dublin in Poetry & Song, St Patrick's Festival 2014
St Patrick's Festival, Dublin: One City, One Book 'One Book' Bookshop
To celebrate the recent publication of If Ever You Go: A Map of Dublin in Poetry & Song, St Patrick's Festival 2014 presents a weekend of songs and poetry readings from some of Ireland's best known living poets. The readings take place at the Discover Ireland Tourism Centre, Suffolk Street, Dublin 2, on the afternoons of Saturday 15th & Sun 16th March. All are welcome to what will be a unique opportunity for visitors and Dubliners alike to meet Irish poets and musicians and to mark the publication of a unique verse record of the city. Seating is limited so come early. Books on sale and authors available for signings.
To celebrate the recent publication of If Ever You Go: A Map of Dublin in Poetry & Song, St Patrick's Festival 2014 presents a weekend of songs and poetry readings from some of Ireland's best known living poets. The readings take place at the Discover Ireland Tourism Centre, Suffolk Street, Dublin 2, on the afternoons of Saturday 15th & Sun 16th March. All are welcome to what will be a unique opportunity for visitors and Dubliners alike to meet Irish poets and musicians and to mark the publication of a unique verse record of the city. Seating is limited so come early. Books on sale and authors available for signings.
See more here at Dedalus Press:
PROGRAMME OF EVENTS
Saturday 15th March | Sunday 16th March |
1.00 pm: WB YEATS IN ICELANDIC AND ENGLISH Poet Andres Eiricksson reads his Icelandic translations of favourite Yeats poems, with writer Brian Leyden reading the originals | 11.30 am: DUBLIN SONGS Pat Good and Jimmy Kelly, brother of the legendary Luke Kelly, present a selection of favourite Dublin songs. |
2.00 pm: READING Poets Philip Casey, Gerard Smyth and Jean O’Brien read their own and favourite Dublin poems | 12.00 noon: READING Poet Dermot Bolger reads his own and favourite Dublin poems from If Ever You Go. |
3.00 pm: READING Poets Catherine Ann Cullen and Tony Curtis read their own and some favourite Dublin poems. With special musical guest! | 12.30 pm: READING Poets Gerard Fanning and Brian Lynch read their own and favourite Dublin poems. |
4.00 pm: READING Poets Mark Granier, Eileen Casey and Declan Collinge read from If Ever You Go: A Map of Dublin in Poetry & Song | 1.00 pm: READING Poets Pat Boran and Nessa O’Mahony read from If Ever You Go. |
5.00 pm: READING Poets Michael O’Loughlin and Jessica Traynor read their own and favourite Dublin poems. | 1.30 pm: READING Poets Enda Coyle-Greene and Noel Duffy read from If Ever You Go |
2.00 pm: READING Poets Enda Wyley and Peter Sirr read from If Ever You Go: A Map of Dublin in Poetry & Song | |
2.30 pm: READING Poets Gabriel Rosenstock and Catherine Phil MacCarthy read from If Ever You Go. |
2014-03-13
Graifítí an Lae: Douglas Adams
Is dóigh le daoine gur cliste iad ná deilfeanna toisc go dtógann siad gluaisteáin agus foirgnimh agus toisc go gcuireann siad tús le cogaí etc., agus ní dhéanann na deilfeanna ach snámh thart an t-am ar fad, iasc a ithe is bheith ag spraoi. Is dóigh le deilfeanna gurb iadsan is cliste ar na cúiseanna céanna go díreach.
Douglas Adams (1952-2001)
Céimeanna
Céimeanna! Tá gach éinne ag iarraidh céim ollscoile a fháil, jab a fháil agus ansin ardú céime a fháil! Céimeanna! Ghlac an file Meiriceánach Bill Wolak grianghraf díom ar na céimeanna seo in Hyderabad. Rud suntasach mar gheall orthu: is cosúil nach bhfuil cuspóir ar bith leo. Níl siad ag dul aon áit. Téigh go dtí an barr agus níl romhat ach balla bán.
Tá bríonna éagsúla leis an bhfocal 'céim' sa Ghaeilge, ar ndóigh. Ceann acu, de réir an Duinnínigh is ea 'end' nó 'limit'. Tuigeadh dom ansin go raibh orm Hyderabad a bhaint amach chun brí iomlán an fhocail 'céim' a thabhairt liom i gceart.
Tá bríonna éagsúla leis an bhfocal 'céim' sa Ghaeilge, ar ndóigh. Ceann acu, de réir an Duinnínigh is ea 'end' nó 'limit'. Tuigeadh dom ansin go raibh orm Hyderabad a bhaint amach chun brí iomlán an fhocail 'céim' a thabhairt liom i gceart.
Ar an lá seo, an 13 Márta
Ar an lá seo, an 13 Márta, 1950, cailleadh Hippolyte Havel:
"Gach aon mhórghluaiseacht ó thosaigh an stair, gluaiseacht ab ea í chun an t-íochtarán a ardú agus é a chur ar a bhonnaibh. Agus is antoiscigh a threoraigh gach gluaiseacht díobh sin. Ainmneacha móra na staire is ainmneacha na n-antoisctheach iad. Na ceannródaithe a réitigh bealach trí fhoraois aineoil, bhí orthu troid in aghaidh ildainséir an dúlra, in aghaidh ainmhithe allta agus daoine a bhí níos allta fós. Na laochra a d’ardaigh a nguth an chéad uair ar son saoirse creidimh bhí orthu blianta de ghéarleanúint chruálach a fhulaingt. Coinníodh tóir dhian orthu fad leis an gcroch …
Meileann muilte an ama go mall ach meileann siad go mín agus bithiúnach an lae inné is laoch-mhairtíreach an lae inniu é agus na fíréin ag siúl ina mílte go tnáite go dtí an scrín aige chun ómós a léiriú dá chuimhne. Iad siúd a mb’éigean dóibh agóid a dhéanamh in aghaidh na sclábhaíochta polaitiúla, bhí orthu aghaidh a thabhairt ar anfa béadchainte agus spídiúcháin. Inniu, tá séadchomharthaí ina n-onóir mar mhaisiú ar láthair an mhargaidh, láthair a bhí ina finné, tráth, ar a gcéim síos agus is gléiní a n-ainm anois mar gheall ar an aitheantas mall seo.
Ach an cath is mó, is binbí agus is fíochmhaire a troideadh riamh, tá sé á throid anois. Tá streachailt ar mhaithe le saoirse eacnamaíoch ar siúl i ngach tír, ag gach cine is náisiún. I gcomparáid leis an gcoimhlint seo, níl i gcoimhlintí an lae inné ach mar a bheadh aithris ar chogaíocht á déanamh ag páistí sona agus a gcuid laochra beaga stáin á mbogadh acu ar urlár an naíonra. . .
Nuair a bhris cogadh 1914 amach, bhí institiúid an Stáit ar a shlí amach i measc mhuintir Iarthar na hEorpa. Na smaointeoirí, ar a laghad ar bith, níor chreideadar go raibh gá leis níos mó. Na polaiteoirí amháin a chosain é; ach ní raibh oiread is fear poiblí amháin fágtha a raibh muinín ag an bpobal as. Ní ar na fir sin an locht. D’fhéadfadh go rabhadar chomh cliste is chomh maith le státaire ar bith a chuaigh rompu. Ach thugamar polaiteoirí orthu seachas státairí, mar níor chreideamar a thuilleadh sa Stát."
"Gach aon mhórghluaiseacht ó thosaigh an stair, gluaiseacht ab ea í chun an t-íochtarán a ardú agus é a chur ar a bhonnaibh. Agus is antoiscigh a threoraigh gach gluaiseacht díobh sin. Ainmneacha móra na staire is ainmneacha na n-antoisctheach iad. Na ceannródaithe a réitigh bealach trí fhoraois aineoil, bhí orthu troid in aghaidh ildainséir an dúlra, in aghaidh ainmhithe allta agus daoine a bhí níos allta fós. Na laochra a d’ardaigh a nguth an chéad uair ar son saoirse creidimh bhí orthu blianta de ghéarleanúint chruálach a fhulaingt. Coinníodh tóir dhian orthu fad leis an gcroch …
Meileann muilte an ama go mall ach meileann siad go mín agus bithiúnach an lae inné is laoch-mhairtíreach an lae inniu é agus na fíréin ag siúl ina mílte go tnáite go dtí an scrín aige chun ómós a léiriú dá chuimhne. Iad siúd a mb’éigean dóibh agóid a dhéanamh in aghaidh na sclábhaíochta polaitiúla, bhí orthu aghaidh a thabhairt ar anfa béadchainte agus spídiúcháin. Inniu, tá séadchomharthaí ina n-onóir mar mhaisiú ar láthair an mhargaidh, láthair a bhí ina finné, tráth, ar a gcéim síos agus is gléiní a n-ainm anois mar gheall ar an aitheantas mall seo.
Ach an cath is mó, is binbí agus is fíochmhaire a troideadh riamh, tá sé á throid anois. Tá streachailt ar mhaithe le saoirse eacnamaíoch ar siúl i ngach tír, ag gach cine is náisiún. I gcomparáid leis an gcoimhlint seo, níl i gcoimhlintí an lae inné ach mar a bheadh aithris ar chogaíocht á déanamh ag páistí sona agus a gcuid laochra beaga stáin á mbogadh acu ar urlár an naíonra. . .
Nuair a bhris cogadh 1914 amach, bhí institiúid an Stáit ar a shlí amach i measc mhuintir Iarthar na hEorpa. Na smaointeoirí, ar a laghad ar bith, níor chreideadar go raibh gá leis níos mó. Na polaiteoirí amháin a chosain é; ach ní raibh oiread is fear poiblí amháin fágtha a raibh muinín ag an bpobal as. Ní ar na fir sin an locht. D’fhéadfadh go rabhadar chomh cliste is chomh maith le státaire ar bith a chuaigh rompu. Ach thugamar polaiteoirí orthu seachas státairí, mar níor chreideamar a thuilleadh sa Stát."
2014-03-12
Jolene
Jolene, Jolene, Jolene, Jolene
Impím ort le do thoil ná tóg m’fhear uaim
Jolene, Jolene, Jolene, Jolene
Ná tóg é le do thoil, táim as mo stuaim
Is áille tusa ná an spéir
Do dhuail ghruaige óir go léir
Do chraiceann cailce, súile glasa mín’
Do gháire ina leoithne shéimh
Do ghuth mar chith ar altán sléibh’
Is nílimse inchurtha leat, Jolene.
Is fútsa a labhrann sé fá shuan
Is bímse ag gol 's ag gol go buan
Is d’ainm ar a bhéal aige, Jolene.
Is tuigimse gan aon agó
Go dtógfá é gan mórán stró
An té atá i mo chroí istigh, Jolene.
Jolene, Jolene, Jolene, Jolene
Impím ort le do thoil ná tóg m’fhear uaim
Jolene, Jolene, Jolene, Jolene
Ná tóg é le do thoil, táim as mo stuaim
Bíodh agat do rogha féin
Níl éinne eile dom faoin ngréin
Eisean an duine domsa, Jolene.
Bhí gá agam leis an mbriatharchath
Is ortsa atá mo shaol ag brath
Ar an gcinneadh sea a dhéanfaidh tú, Jolene
Jolene, Jolene, Jolene, Jolene
Impím ort le do thoil ná tóg m’fhear uaim
Jolene, Jolene, Jolene, Jolene
Ná tóg é le do thoil, táim as mo stuaim
Jolene, Jolene!
Ar an lá seo 12 Márta
|
Ar an lá seo, 12 Márta, 1948, rugadh James Taylor |
Fire & Rain le James Taylor
Tine is Ceobhrán
Is maidin inné sea dúradh liom nach raibh tú ann
Susanne, bhí plean acu agus b’in an chríoch
Amach liom ar maidin is chuireas peann le pár
Ní cuimhin liom cé a gheobhadh an t-amhrán, ní cuimhin.
Chonac tine is ceobhrán
Is laethanta gréine nach mbeadh aon deireadh leo
Is bhíos uaigneach is gan oiread is cara amháin
Bhíos cinnte ámh go bhfeicfinn thú lem bheo
Féach anuas orm, a Íosa
I dtreo is go seasfainn an fód
Ní mór duit fanacht liom ar feadh an lae
Táim anseo i bpéin tá m’am istigh gan gó
Is gan tusa beidh mé ag dul ar strae.
Chonac tine is ceobhrán
Is laethanta gréine nach mbeadh aon deireadh leo
Is bhíos uaigneach is gan oiread is cara amháin
Bhíos cinnte ámh go bhfeicfinn thú lem bheo
Bhíos ag spaisteoireacht i m’aigne le só
Mo chúl agam le grian
Tá’s ag Dia go séidfidh sé aniar aduaidh
Bhuel, tá am go leor ar na línte teileafóin
Chun labhairt le chéile, a mhian
Aislingí is meaisíní is iad ar fuaid na bhfuaid.
Ó, chonac tine is ceobhrán
Is laethanta gréine nach mbeadh aon deireadh leo
Is bhíos uaigneach is gan oiread is cara amháin
Bhíos cinnte ámh go bhfeicfinn thú uair amháin eile, a stór, lem bheo, yé.
Sea uair amháin eile le mo bheo
Tá rudaí ag casadh timpeall an uair seo, a stór,
Go bhfeicfinn thú, go bhfeicfinn thú, tine’s ceobhrán
Go bhfeicfinn thú uair amháin le mo bheo.