Pages

2015-03-31

I bPáras

In Paris

So here is my desert and here am I
In the midst of it alone,
Silent and free, as a hawk in the sky,
Unnoticed and unknown.

I speak to no one from sun to sun,
And do my single will,
Though round me loud voiced millions run
And life is never still.

There goes the bell of the Sorbonne
Just as in Villon's day--
He heard it here go sounding on,
And stopped his work to pray--

Just in this place, in time of snow,
Alone, at a table bent--
Four hundred and fifty years ago
He wrote that Testament.
Thomas MacDonagh

I bPáras

Sé seo m’fhásach-sa, is táim anseo liom féin
Ina lár is níl aithne ag éinne orm.
I mo thost mar a bheadh seabhac i gcéin
Sa spéir ghorm.

Ní labhraím le héinne ó mhaidin go hoíche
Mo ghnó féin á chur i gcrích,
An slua callánach thart orm ina mílte
Gan sos gan scíth.

Buaileann clog mór an tSorbonne
Mar a bhuail anseo fadó
Siar in aimsir Villon
A scoir láithreach dá ghnó.

San áit seo is sneachta ag titim ón spéir
Leis féin ina sheomra cúng –
Ceithre chéad caoga bliain ó shin
Le Grand Testament do chum.

Graifítí an Lae: Béar ina Sheasamh

Tá bóthar i gcroí an uile dhuine, bóthar faoi cheilt, agus is annamh a shiúltar air, bóthar a ghabhann chuig áit rúnda aineoil.
 
Béar ina Sheasamh (1868 -1939)

2015-03-30

Iníon an Phlandálaí

The Planter’s Daughter

When night stirred at sea,
An the fire brought a crowd in
They say that her beauty
Was music in mouth
And few in the candlelight
Thought her too proud,
For the house of the planter
Is known by the trees.

Men that had seen her
Drank deep and were silent,
The women were speaking
Wherever she went --
As a bell that is rung
Or a wonder told shyly
And O she was the Sunday
In every week.

Austin Clarke (1896 -1974)


Iníon an Phlandálaí

Nuair a chorraigh an oíche ar muir
Is thug an tine an slua isteach
Deirtear gur ceol i mbéal
Ab ea a háilleacht
Is níor shíl ach beagán faoi sholas na gcoinnle
Í bheith ró-uaibhreach,
Mar is ar na crainn a aithnítear
Tigh an phlandálaí.

Iad siúd a leag súil uirthi
D’óladar a sáith ina dtost.
Bhíodh na mná ag cabaireacht
Pé áit a mbíodh sí –
Mar chlog a bhuailtear
Nó mar iontas a insítear faoi rún
Is Ó, dob í an Domhnach
I ngach seachtain í.

Graifítí an Lae: Anthony de Mello

Staid nádúrtha an duine é an sonas. Staid nádúrtha an linbh é an sonas, ar leis an ríocht go dtí go dtruaillíonn is go salaíonn dúire na sochaí agus an chultúir é. Chun sonas a fháil, ní gá duit aon ní a dhéanamh, mar nach féidir sonas a fháil. An bhfuil a fhios ag éinne cén fáth? Mar tá sé cheana againn. Conas is féidir rud a fháil atá cheana againn? Agus cén fáth nach mothaíonn tú é? Mar is gá eirí as rud éigin. Caithfear éirí as seachmaill. Ní gá aon ní sa bhreis a bheith agat le bheith sona, is gá rud éigin a chailliúint. Tá an saol éasca, tá an saol suairc. Níl ann ach go bhfuil sé dian ar sheachmaill, ar uaillmhianta, ar shaint, ar mhianta. Cad as ar tháinig na nithe sin an bhfuil a fhios agat? As comhshamhlú a dhéanamh le scata lipéad.

An tAthair Anthony de Mello (1931-1987)

2015-03-29

Within the Temple/ Laistigh den Teampall

Within the Temple

The middle of the things I know
Is the unknown, and circling it
Life's truth and life's illusion show
Things in the terms of sense and wit.

Bounded by knowledge thus, unbound,
Within the temple thus, alone,
Clear of the circle set around,
I know not, being with the unknown;

But images my memories use
Of sense, and terms of wit employ,
Lest in the known the unknown lose
The secret tidings of my joy.
Thomas MacDonagh

Laistigh den Teampall

I lár an scéil is léir an ní
Nach léir, is ina thimpeall téann
Na fírinní is na ciméaraí
Á léiriú féin is á gcur i gcéill.

Cúngraithe mar sin ag an eolas, gan chuing,
Laistigh den teampall mar sin, liom féin,
Glan ar an gciorcal timpeall orm, cruinn,
Ní heol dom faic, i gcríoch nach eol d’éinn’.

Ach tagann cuimhní chugam is íomhá
Is bainim feidhm go leor as an réasún
Chun nach n-imeodh an ní nach bhfuil le rá –
Cúis mo ríméid uile atá ina rún.

Haiku le Issa ón mbliain 1811

a nguth níos glé
ar an lá deireanach acu ...
ciocáidí samhraidh


.けふ切の声を上けり夏の蝉
kyô-giri no koe wo age keri natsu no semi

2015-03-28

Haiku

rósanna geimhridh ...
bónas suarach á bhailiú
ag an bhfile oifige

2015-03-27

Ní sheasfadh sliabh ina choinne

Tá sráidbhaile beag in Bihar na hIndia. Gehlor a thugtar ar an áit. Is ann a mhair Dashrath Manjhi (1934 -2007), feirmeoir beag gan talamh. Is laoch inniu é. Ach bhí an tráth ann nuair ba cheap magaidh ag cách é, a mhuintir féin san áireamh. Cén fáth a rabhadar ag fonóid faoi? Mar gur theastaigh uaidh bóthar a ghearradh trí shliabh is gan aige ach a dhá lámh féin. Seachtó ciliméadar ó Gehlor a bhí an baile ba ghaire dóibh. Seacht gciliméadar uathu atá sé inniu.
Nuair a sciorr a bhean chéile ar an mbóthar garbh sléibhe, thit an pota uisce agus briseadh é. Gheall Dashrath Manjhi go mbrisfeadh sé an sliabh. Agus bhris! Dhíol sé a chuid gabhar chun rópa agus uirlisí a cheannach. Ón lá sin ar aghaidh, ar feadh dhá bhliain is fiche, níor stad a chasúr is siséal, bóthar á ghearradh tríd an sliabh aige, beagán ar bheagán.
Mheas daoine áirithe gur as a mheabhair a bhí sé. ‘Nuair a thugadar gealt orm,’ ar seisean, ‘is amhlaidh a athneartaíodh mé chun an sliabh a chloí!’ Nuair a cailleadh a bhean, thuig sé go mbeadh seans beag éigin aici murach iad a bheith scoite amach ón saol mór. Lean sé air, de ló is d’oíche, é níos diongbháilte ná riamh, sa chath in aghaidh an tsléibhe.
I ndeireadh na dála, bhí an bóthar réidh. Ach scíth níor ghlac Dashrath Manjhi. Bhí tarra uaidh anois, tarra le cur ar an mbóthar. Theastaigh uaidh go gceanglófaí an bóthar sléibhe leis an bpríomhbhóthar. Bhí córas uisce uaidh. Ospidéal. Scoil. Cad nach raibh uaidh! Shiúil sé an bealach ar fad go Deilí, ag bailiú sínithe.
Muintir an tsráidbhaile Gehlor, níl a fhios acu cé a thóg an Taj Mahal ach tá a fhios acu go maith cé a dhein an bóthar sléibhe lena dhá lámh féin. Dashrath Manjhi, duine acu féin. Nach bhfuil scannán déanta ina thaobh!
Thóg sé 30 bliain ar na húdaráis tarra a chur ar an mbóthar! Is ceantar bocht i gcónaí é Gehlor, gan bonneagar ceart ná seirbhísí bunúsacha acu ann. Ach beidh cuimhne ag an bpobal ann ar feadh i bhfad ar an bhfís a bhí ag duine amháin ina measc, an fear nár sheas an sliabh ina choinne.

2015-03-26

Is Taibhreamh é an Saol! / Das Leben ist ein Traum!

File: Johann Wilhelm Ludwig Gleim (1719 – 1803)
Cumadóir: Joseph Haydn
Das Leben ist ein Traum!
Wir schlüpfen in die Welt und schweben
Mit jungem Zahn und frischem Gaum
Mit trunknem Sinn, erwachet kaum,
Bis wir nicht mehr an Erde kleben.
Und dann, was ist's? Was ist das Leben?
Das Leben ist ein Traum.

Das Leben ist ein Traum!
Wir lieben, unsre Herzen schlagen,
Und Herz an Herz vereinet kaum,
Wird Lieb und Scherz ein leerer Schaum,
Ist hingeschwunden, weggetragen.
Was ist das Leben? hör ich fragen.
Das Leben ist ein Traum.

Is Taibhreamh é an Saol!

Is taibhreamh é an saol!
Sleamhnaímid ann mar phéist ar snámh dúinn
le fiacla bána, drandal úr,
ar meisce sea, ár gciall amú
go dtí an chríoch is sinn san uaigh.
Ansin, cad é? Cad é mar shaol é?
Is taibhreamh é an saol.

Is taibhreamh é an saol!
I ngrá dúinn, croíthe ’bualadh le chéile
le chéile táid ’feadh cúpla uair,
imíonn an grá is spraoi mar chúr
is téann as amharc, bí ag éagaoin.
Cad é mar shaol é? N’fheadair éinne.
Is taibhreamh é an saol.

2015-03-25

Como agua / Mar uisce

Como Agua

Pablo
tus poemas
como agua

me llenan
el cuerpo
el alma

de brisa
marina
y rocío

gotitas
de vaho
que empañan

los cristales
de ventanas
y memorias

rodando
de hojas
de árboles

corriendo
del río
al mar–

tus poemas
los hallo
debajo

del ala
de aves
y helechos

como
agua vertida
dondequiera

Like Water

Pablo
your poems
like water

fill up
my body
my soul

with
sea breeze
and dew

beads
of moisture
clouding

crystals
of windows
and memories

rolling
down
tree leaves

running
from river
to sea–

I find
your poems
under

the wings
of birds
and ferns

and like
spilled water
everywhere

Mar Uisce

Pablo
do dhánta
mar uisce

do mo líonadh
idir chorp
is anam

le
gaoth farraige
is drúcht

braonta
taisligh
is ceo orthu

criostail
d’fhuinneoga
is de chuimhní

ag rith
síos
duilleoga

ag deifriú
ón abhainn
chun na mara –

aimsím
do dhánta
faoi

sciatháin
na n-éan
is na raithní

ar nós
uisce dhoirte
gach aon áit
© Francisco X. Alarcón
Leagan Gaeilge: Gabriel Rosenstock

2015-03-24

Sangre en Flor

Sangre en Flor

a Víctor Jara


la sangre
derramada
en el horror

del terror
marcial nunca
se puede lavar

se mete quieta
por entre grietas
de las canteras

penetra como
ácido muros
de hormigón

la sangre
de soñadores
masacrados

nadie ni nada
la puede jamás
borrar u olvidar–

en las plazas
de los pueblos
y los balcones

la podemos ver
brotar llena
de luz de sol

redimida
para siempre
como flor

Fuil Faoi Bhláth

             do Víctor Jara

an fhuil
a doirteadh
i lár an uafáis

an sceimhle mhíleata
nach nglanfar
choíche
   

go ciúin is go fáilí
sna scoilteanna
idir chlocha

tollann
trí fhallaí coincréite
mar aigéad

fuil
na n-aislingeoirí
san ár


nach ndéanfaidh éinne,
aon ní, a ghlanadh
ná a dhearúd

ar chearnóga
i mbailte is
ar bhalcóiní

feictear í
ag eascairt
i dteannta na gréine

saortha
go deo
mar bhláth

Bluid in Bleem

fir Victor Jara

the bluid
skailt mids
the grue

o mairtial murther
can nivver
be synd awa

it quately sypes
throuch crecks
atween stanes

it progs lik
acid throuch
concrete wa's

bluid
o dung doon
dramers

naebodie
nor naethin'll ivver
dicht oot or foryet  -

on the plazas
o toons an
 on pletties

we glisk it
raxin oot
wi sinlicht

redeemit
fir aye
as flooers!



© Francisco X. Alarcón
Leagan Gaeilge: Gabriel Rosenstock
Scots: John McDonald

2015-03-22

Per la gloria d'adorarvi (as an gceoldráma Griselda)

File: Duine gan Ainm
Cumadóir: Giovanni Battista Bononcini (1670 - 1747)
Per la gloria d'adorarvi
voglio amarvi,
o luci care.
Amando penero,
ma sempre v'amerò,
sì, sì, nel mio penare,
penerò,
v'amerò,
luci care.

Senza speme di diletto
vano affetto
è sospirare,
ma i vostri dolci rai
chi vagheggiar può mai
e non, e non v'amare?
penerò,
v'amerò,
luci care!

Ar son d’adhartha-sa go glórmhar

Ar son d’adhartha-sa go glórmhar
phógfainn go deo sibh
a shúile grámhar’.
Le grá duit fulaingeod
i gcónaí is go deo,
sea sea, is mé i bpéin níos mó:
fulaingeod
seo dhaoibh póg,
súile grámhar’!

Nuair nach féidir linne tnúth
le sult cad is fiú
osna chráite,
nuair a chímse do shracfhéachaint
ní mhairfead ina héagmais,
ní beo dom gan do ghrása!
fulaingeod
seo dhaoibh póg,
súile grámhar!

Haiku le Issa ón mbliain 1818

Ceann de na focail a chuireann séasúr an gheimhridh in iúl i ndomhan an haiku is ea 'cac an mhic tíre'.
cac an mhic tíre!
nach fuar é
an féar . . .
.狼の糞を見てより草寒し
ôkami no kuso wo mite yori kusa samushi

2015-03-21

Nacht und Träume/ Oíche is Brionglóidí

File: Matthäus Kasimir von Collin
Cumadóir: Franz Schubert

Nacht und Träume

Heil'ge Nacht, du sinkest nieder;
Nieder wallen auch die Träume
Wie dein Mondlicht durch die Räume,
Lieblich durch der Menschen Brust.
Die belauschen sie mit Lust;
Rufen, wenn der Tag erwacht:
Kehre wieder, heil'ge Nacht!
Holde Träume, kehret wieder!

Oíche is Brionglóidí

Oíche naof', is tú ag tuirlingt,
Is ar fálróid ‘tá brionglóidí
Gile gealaí ann i gcónaí,
Neadaíonn sí istigh sa chroí.
Is éistear léi gan imní,
Glaoitear,nuair a ghealann lá:
Tar ar ais chugainn, ’oíche án!
A bhrionglóidí, tagaíg’ chugainn!

2015-03-20

She never told her love/ Níor nocht sí riamh a grá

File: William Shakespeare
Cumadóir: Joseph Haydn
She never told her love,
But let concealment, like a worm in the bud,
Feed on her damask cheek...;
She sat, like Patience on a monument,
Smiling at grief.

Níor nocht sí riamh a grá

Níor nocht sí riamh a grá,
Ach lig don rúndacht, ina péist sa bhachlóg,
Bheith ar a grua mhín …
Do shuigh, b’í Foighn’ í ar leac phoiblí
Is gháir faoin bpian.

On many an idle day have I grieved over lost time (as Gitanjali)

le Rabindranath Tagore
(1861 - 1941)

An file féin a chuir Béarla air

On many an idle day have I grieved over lost time. But it is never lost, my lord. Thou hast taken every moment of my life in thine own hands.
Hidden in the heart of things thou art nourishing seeds into sprouts, buds into blossoms, and ripening flowers into fruitfulness.
I was tired and sleeping on my idle bed and imagined all work had ceased. In the morning I woke up and found my garden full with wonders of flowers.


Is iomaí lá díomhaoin nuair a chaoineas an t-am a cailleadh. Ach ní chailltear riamh é, a Thiarna. Tá gach nóiméad dem shaolsa tógtha agatsa i do dhá lámh.
I bhfolach i gcroí nithe, tá síolta á gcothú agat ina bpéaca, bachlóga ina mblátha, agus aibíonn bláthanna ina dtorthaí.
Bhí tuirse orm is mé i mo luí ar leaba dhíomhaoin agus samhlaíodh dom go raibh an saothar go léir thart. Dhúisíos ar maidin agus fuaireas romham garraí lán de bhláthanna na n-iontas.

2015-03-19

Télévision

Télévision

(à propos de ma fille Saffron)
Cinq heures du matin
Et elle voulait la télévision.
Peut-on argumenter avec une petite dame
De deux ans et demi?
En bas tous deux
Sans même m’habiller
Et la pièce était d’un froid mortel.
Le ciel encore noir
Nous scrutions avec étonnement l’écran blanc.
Voilà! Contente?
Mais elle a vu de la neige
Et una giraffe à travers la neige
Et un hibou arctique
Planant
Au-dessous.

 
(Heune Poésie d’Irlande. Editions Illador, 2015)Editions ILLADOR - Jeune poésie d'Irlande

2015-03-18

Wiegenlied/ Suantraí

File: Friedrich Wilhelm Gotter
Cumadóir: W.A.Mozart

Schlafe, mein Prinzchen, schlaf ein (Wiegenlied)

Schlafe, mein Prinzchen, schlaf ein
es ruhn Schäfchen und Vögelein,
Garten und Wiese verstummt,
auch nicht ein Bienchen mehr summt,
Luna mit silbernem Schein
gucket zum Fenster herein,
schlafe bei silbernem Schein,
schlafe, mein Prinzchen, schlaf ein!

Wer ist beglückter als du?
Nichts als Vergnügen und Ruh!
Spielwerk und Zucker vollauf,
und noch Karossen im Lauf,
alles besorgt und bereit,
daß nur mein Prinzchen nicht schreit.
Was wird da künftig erst sein?
Schlafe, mein Prinzchen, schlaf ein.
Codail, a stóirín, go lá,
Na héinín’ ’na gcodladh atá,
Gort agus gairdín fá shuan
Súile á ndúnadh ’ag an uan,
Solas ón ngealach ár mbá
Tríd an bhfuinneoigín go lách,
Codail, a ghile, go sámh,
Codail, a stóirín, go lá.

Cé tá níos sona ná thú?
Scíth agus súgradh, a rún!
Mil agus bréagáin go leor
Cóiste galánta don ród!
Gach ní i gceart is i gcóir
Gach ní faoi réir duit, a stór.
Cad tá i ndán duit, a ghrá?
Codail, a stóirín, go lá.

Haiku le Issa ón mbliain 1818

Níl aon ní sa saol seo nach dtugann deis don mháistir haiku ní hamháin haiku a chumadh ach a anam a athnuachan chomh maith. Sa tslí sin, is mó i bhfad ná seánra liteartha é an haiku. Bealach spioradálta is ea é chomh maith.

seo linn isteach
sa ghort ceobhránach
d'fhonn ár n-anam a athnuachan

.かすむ野にいざや命のせんたくに
kasumu no ni iza ya inochi no sentaku ni



Bhí spéis ag an Athair Hand (nó Hando mar a thug na Seapánaigh air) sa ghné spioradálta den haiku, ní nach ionadh agus 30 bliain, nach mór, caite sa tSeapáin aige.



Card

2015-03-17

Fire, fire/ Dó, dó

File: Ní fios cé a chum
Cumadóir: Thomas Morley
Fire, fire! My heart! O, I burn me! Alas! Fa la la la la.
O help, alas! Ay me, I sit and cry me
And call for help, but none comes nigh me. Fa la la la la.
I burn, alas! Ay me, will none come quench me?
O cast water on and drench me! Fa la la la la.
Dó, dó! Mo chroí! Ó, táim dóite! Ó bhó! Fa la la la la.
Ó fóir, ó bhó! Ochón, im’ shuí ag éagaoin
Is glaoimse ‘fóir’, níl éinn’ i m’éineacht. Fa la la la la.
An dó, ó bhó! Ochón, táim ana chráite!
Ó is mian liom a bheith báite! Fa la la la la.

Jukulsarlon

<
Íomhá Ron Rosenstock
ジュクルサロン
カモメの叫び
凍りたり
Jukulsarlon –
guth an mheirligh
ina oighear
Jukulsarlon
Kamome no sakebi
Kogori tari
Jukulsarlon –
the cry of the skua
has turned to ice
Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)

2015-03-16

Über'n Garten durch die Lüfte/ Garraí ’n Airde

File: Joseph von Eichendorff
Cumadóir: Robert Schumann
Über'n Garten durch die Lüfte
Hört' ich Wandervögel ziehn,
Das bedeutet Frühlingsdüfte,
Unten fängt's schon an zu blühn.

Jauchzen möcht' ich, möchte weinen,
Ist mir's doch, als könnt's nicht sein!
Alte Wunder wieder scheinen
Mit dem Mondesglanz herein.

Und der Mond, die Sterne sagen's,
Und im Träumen rauscht's der Hain,
Und die Nachtigallen schlagen's:
Sie ist deine! Sie ist dein!
Garraí ’n airde, an spéir anall
Chuala mé na héin ar fán,
Boladh cumhra ins gach aon bhall,
Fúmsa tá gach ní ag fás.

D’fhéadfainn caoineadh, d’fhéadfainn gáire,
Braithim gur ciméara ’tá!
Seana iontais, seana áilleacht
Nochta ag an ngealach bhán.

Deir an ré, is deir na réaltaí
Réaltaí geala i bhfad i gcéin
Agus deir an filiméala:
Is leat féin í! Is leat féin!

2015-03-15

Dein Bildnis wunderselig/ An íomhá díot is séanmhar

File: Joseph von Eichendorff
Cumadóir: Robert Schumann
An íomhá díot is séanmhar
Tá ’gam i lár mo chroí,
Is ormsa tá ag féachaint
Go sásta riamh is choích’.

Mo chroí dó féin ag canadh
Amhráin ón am fadó,
Is gabhann san aer in airde
Is chughatsa a dtriall, a stór.
Dein Bildnis wunderselig
Hab ich im Herzensgrund,
Das sieht so frisch und fröhlich
Mich an zu jeder Stund'.

Mein Herz still in sich singet
Ein altes schönes Lied,
Das in die Luft sich schwinget
Und zu dir eilig zieht.

2015-03-14

Mirie it is/Meidhreach atá

Sasana, 13ú Aois

Mirie it is

Mirie it is while sumer y-last
With fugheles son
Oc nu neheth windes blast
And weder strong.
Ei, ei, what this nicht is long!
And ich with wel michel wrong
Soregh and murne and fast.

Meidhreach atá

Meidhreach atá, sé an samhradh é
Is ceol binn-éan;
Ach seo chugainn an ghaoth ghéar
Is gálaí tréan’.
Aidhe, aidhe, fad’ an oíche’, mo léan!
Seo mé is m’anamsa i bpéin
Buartha gan greim i mo bhéal.

2015-03-13

I have a yong suster/ Tá deirfiúirín agamsa

Ca. 1430
I have a yong suster
Fer biyonde the see;
Peri meri dictum domine
Manye be the druries
That she sente me.
Partum quartum pare dicentem,
Peri meri dictum domine

She sente me the cherye
Withouten any stoon,
Peri meri dictum domine
And so she dide the dove
Withouten any boon.
Partum quartum pare dicentem,
Peri meri dictum domine

She sente me the brere
Withouten any rinde;
Peri meri dictum domine
She bad me love my lemman
Withoute longinge.
Partum quartum pare dicentem,
Peri meri dictum domine

How sholde any cherye
Ben withoute stoon?
Peri meri dictum domine
And how sholde any dove
Ben withoute boon?
Partum quartum pare dicentem,
Peri meri dictum domine

How sholde any brere
Ben withoute rinde?
Peri meri dictum domine
How sholde I love my lemman
Withoute longinge?
Partum quartum pare dicentem,
Peri meri dictum domine

Whan the cherye was a flowr,
Thanne hadde it non stoon;
Peri meri dictum domine
Whan the dove was an ey,
Thanne hadde it non boon.
Partum quartum pare dicentem,
Peri meri dictum domine

Whan the brere was unbred,
Thanne hadde it non rinde;
Peri meri dictum domine
Whan the maiden has that she loveth,
She's withoute longinge.
Partum quartum pare dicentem,
Peri meri dictum domine.

Tá deirfiúirín agamsa

Thar sáile i gcéin;
Peri meri dictum domine
Chuir sí cúpla féirín
Deas faoi mo dhéin
Partum quartum pare dicentem,
Peri meri dictum domine

Do chuir sí an silín
Is gan aon chloch ann;
Peri meri dictum domine
Is chuir sí an colúr
A bhí gan aon chnámh.
Partum quartum pare dicentem,
Peri meri dictum domine

Do chuir chugam an dris
A bhí gan aon rúsc
Peri meri dictum domine
Tabhair grá, ar sí, dod’ leannán
An grá gan dúil.
Partum quartum pare dicentem,
Peri meri dictum domine

Ach cá bhfuil an silín
Is gan aon chloch ann?
Peri meri dictum domine
Is cá bhfuil an colúr
Atá gan chnámh?
Partum quartum pare dicentem,
Peri meri dictum domine

Is cá bhfuil an dris
Atá gan rúsc?
Peri meri dictum domine
Is conas grá a thabhairt
Atá gan dúil?
Partum quartum pare dicentem,
Peri meri dictum domine

Nuair ba bhláth é an silín
Ní raibh cloch ar bith ann;
Peri meri dictum domine
Nuair b’ubh é an colúr
Is é a bhí gan chnámh.
Partum quartum pare dicentem,
Peri meri dictum domine

Sular fhás an dris
Do bhí sí gan rúsc;
Peri meri dictum domine
Lena grá bán lena taobh
Tá sí gan dúil.
Partum quartum pare dicentem,
Peri meri dictum domine.

as UTTERING HER NAME (Salmon Poetry) aistrithe ag John McDonald go Béarla na hAlban

Dar Oma
Ye're  no o ma time
we dinnae sowp thegither
dover thegither
rise thegither
a rise threy hunner year airlie
mak tost i the mids o the nicht
smuirit in hinnie

the muin'll gove in the winnock
wunnerin

oot on the causey
a toon tod
scroongin

his bunt refleckin
daw's furst licht

6
Dar Oma
we stravaig the rods thegither
i the wast o Ireland
Atlantic thouchts droon oot oor fuitfaw

an otter
gaups at us frae the watter
as though we wur human

Ye lou the fume o peat reek
incensin yowe powes

cluds borrae sets
frae dwynin Erse screeds

a gaither foryatten fuscia
threid it in yer herr

maisic waffs frae a howff
mistraucht tin fussles

a craw lichts ackwartly
on towsie thack

a knidge Yer unvisible haun

7
Dar Oma
a cam a nicht- watchie fir Ye
waukent oors on en
een glimmerin

aince a near dovert ower
sensin Ye a cam tae
gowlie i the keekin gless
Tibetan mask

gin a keep this up
they'll shairly mense me
wi a gowd neep

moutent doon
thrawn
hung roon Yer craig




2015-03-12

Waldgespräch/Comhrá i gCoill

File: Joseph von Eichendorff
Cumadóir: Robert Schumann
Es ist schon spät, es wird schon kalt,
Was reitst du einsam durch den Wald?
Der Wald ist lang, du bist allein,
Du schöne Braut! Ich führ dich heim!

"Groß ist der Männer Trug und List,
Vor Schmerz mein Herz gebrochen ist,
Wohl irrt das Waldhorn her und hin,
O flieh! Du weißt nicht, wer ich bin."

So reich geschmückt ist Roß und Weib,
So wunderschön der junge Leib,
Jetzt kenn ich dich - Gott steh mir bei!
Du bist die Hexe Lorelei. -

"Du kennst mich wohl - von hohem Stein
Schaut still mein Schloß tief in den Rhein.
Es ist schon spät, es wird schon kalt,
Kommst nimmermehr aus diesem Wald."

Comhrá i gCoill

Is déanach ’tá, is tá sé fuar
Is tú ag marcaíocht tríd an gcoill!
Tá tú leat féin, an choill tá muar,
A bhrídeach án! Cá bhfuil do thriall?

“Glic é an duine, glic is cam
Is tá mo chroí go mór i bpéin,
Adharc na coille as is ann:
Ó, teith! Ní heol duit cé mé féin!”

An t-each, an bhean nach uasal táid,
A colainn chaomh is álainn, aidhe!
Aithnímse thú! –sea, dar an gCách!
Is tú an Chailleach Lorelei.

“Is mé ’tá ann – ón dún sin thuas
A fhéachaim síos sa Réin gach lá.
Is déanach ’tá, is tá sé fuar:
Taoi gaf' anseo sa choill go brách.”

as UTTERING HER NAME (aistrithe go Béarla na hAlban ag John McDonald)

1
Dar Oma
  whit garred thaim claa awa?
     whit lenths did they traivel?
          the lift wis fou o faw'n sterns...
             licht's fair taen up wi Ye
                 suin the heivens'll be scabbit

2
Dar Oma
yestreen
a gaed reengin
fir Ye
an fund Ye
a'whaur
parteeclar
i the flicht o swallaes
coontless
i the derk err
as though they ettled
tae waff the deein sin
tae lowe


3

Dar Oma

leuk at this fou fruit
faw'n fir Ye ilka time
unawaurs

this tree
its brainches Yer ain
seepin sap
its ruits

its fume Yours

crottle claps tae bark
haud me

deep deep doun Ye're aye thair
bidein ma flourishin in Ye

Kirtana  o croonin leaves



4


Dar Oma
hauden yer eemage afore me
on a screen
eikin percentages
gin Ye murl
lik sum foryatten galaxy
cryin ye tae retour
a wunnin back
a lissance frae menseless naethinness

a ken sterns'r born
anely tae dee
we glisk the licht
o the heivenly boadies
langsyne gane

this a ken:
Yer licht sheens in me
the Universe hauds nae grue

2015-03-11

Westron Wind/A Ghaoth Aniar

Ón Meán Bhéarla

Westron Wind

Westron wind, when will thou blow?
The small rain down can rain.
Christ, if my love were in my arms,
And I in my bed again.

A Ghaoth Aniar

’Ghaoth aniar, an séidfidh tú?
Is titfidh báisteach mhion.
'Chríost, ach mo ghrása bheith le m’ais
Is í sa leaba liom.

2015-03-10

Ich kann wohl manchmal singen / Is minic mé ag crónán

File: Joseph von Eichendorff
Cumadóir: Robert Schumann
Ich kann wohl manchmal singen,
Als ob ich fröhlich sei,
Doch heimlich Tränen dringen,
Da wird das Herz mir frei.

Es lassen Nachtigallen,
Spielt draußen Frühlingsluft,
Der Sehnsucht Lied erschallen
Aus ihres Kerkers Gruft.

Da lauschen alle Herzen,
Und alles ist erfreut,
Doch keiner fühlt die Schmerzen,
Im Lied das tiefe Leid.

Is minic mé ag crónán

Is minic mé ag crónán
Faoi mar go rabhas suairc,
I ngan fhios tagann deora
A shaorann mé ón mbuairt.

Is bíonn an filiméala
Ag canadh óna chroí,
Ní féidir é a shéanadh
Go domhain sna leoithní.

Sea bíonn gach croí ag éisteacht,
Is bíonn ríméad ar chách,
An phian ní bhraitheann éinne –
An tocht san amhrán lách!

2015-03-09

Widmung/Tiomnú

File: Friedrich Rückert
Cumadóir: Robert Schumann
Du meine Seele, du mein Herz,
Du meine Wonn', o du mein Schmerz,
Du meine Welt, in der ich lebe,
Mein Himmel du, darein ich schwebe,
O du mein Grab, in das hinab
Ich ewig meinen Kummer gab!
Du bist die Ruh, du bist der Frieden,
Du bist vom Himmel, mir beschieden.
Daß du mich liebst, macht mich mir wert,
Dein Blick hat mich vor mir verklärt,
Du hebst mich liebend über mich,
Mein guter Geist, mein beßres Ich!

Tiomnú

M’anam is ea thú, ’s tú mo chroí,
Tú an ríméad, is fós an phian,
An domhan go léir, an fód glas fúm,
Na flaithis fiú is mé ar foluain,
Is tú an uaigh is inti tá
An uile ní do bhí dom chrá!
An faoiseamh thú, is tú an suaimhneas
Ó neamh anuas thú chun mé ’mhúscailt.
Do ghrása amháin a shábháil mé
Do shúil ghlé a tharrtháil mé.
Uaislíonn do ghrá mé asam féin
A anam liom, is m’úr-mhéin!

2015-03-08

Am leuchtenden Sommermorgen/ Ar maidin ’s an ghrian ag taitneamh

File: Heinrich Heine
Cumadóir: Robert Schumann
Am leuchtenden Sommermorgen
Geh' ich im Garten herum.
Es flüstern und sprechen die Blumen,
Ich aber wandle stumm

Es flüstern und sprechen die Blumen,
Und schaun mitleidig mich an:
Sei unsrer Schwester nicht böse,
Du trauriger blasser Mann.
Ar maidin ’s an ghrian ag taitneamh
Seo mé ag siúl sa ghairdín.
Tá sioscadh ag teacht ó na blátha.
Mo bhéal ina thost nach binn.

Tá sioscadh ag teacht ó na blátha,
Is féachann orm lán de thrua:
“Ná bíse anuas ar ár siúirín,
A mheatacháin lán de bhuairt!”

Géanna Sneachta/ Snow Geese

Snow Geese


Oh, to love what is lovely, and will not last!
What a task
to ask

of anything, or anyone,

yet it is ours,
and not by the century or the year, but by the hours.

One fall day I heard
above me, and above the sting of the wind, a sound
I did not know, and my look shot upward; it was

a flock of snow geese, winging it
faster than the ones we usually see,
and, being the color of snow, catching the sun

so they were, in part at least, golden.  I

held my breath
as we do
sometimes
to stop time
when something wonderful
has touched us

as with a match,
which is lit, and bright,
but does not hurt
in the common way,

but delightfully,
as if delight
were the most serious thing
you ever felt.

The geese
flew on,
I have never seen them again.

Maybe I will, someday, somewhere.
Maybe I won't.
It doesn't matter.
What matters
is that, when I saw them,
I saw them
as through the veil, secretly, joyfully, clearly.

~ Mary Oliver ~

(Why I Wake Early)

 

Géanna Sneachta


Aoibhinn taitneamh a thabhairt don ní álainn nach mairfidh!

A leithéid de chúram
 bheith

Ar aon ní, ar éinne,

Sé ár gcúram é ar a shon san
agus ní in aghaidh an chéid ná in aghaidh na bliana, ach in aghaidh na huaire é.

Tharla lá sa bhfómhar gur chuala
os mo chionn in airde agus os cionn ghoimh na gaoithe, fuaim
nár aithníos, agus d’fhéachas in airde láithreach; ealta

Géanna sneachta a bhí ann, níos tapúla
ná na géanna a fheicimid de ghnáth,
Agus toisc iad a bheith ar dhath an tsneachta, an ghrian gafa acu,

Bhíodar dá réir sin, órbhreactha. Choinníos

M’anáil istigh
mar a dheinimid
uaireanta
chun an t-am a stopadh
nuair a tharlaíonn
rud éigin iontach dúinn

Ar nós cipín solais,
a lastar, is atá geal
ach nach ngortaíonn sinn
sa ghnáthshlí,

Ach go haoibhinn,
faoi mar ba é an t-aoibhneas
an rud is dáiríre
a bhraithis riamh.

D’eitil
 na géanna leo.
Ní fhaca ó shin iad.


B’fhéidir go bhfeicfinn, lá éigin, áit éigin iad.
B’fhéidir nach bhfeicfinn.
Is cuma.
Sé is tábhachtaí ná: nuair a chonac iad
ba trí chaille é, faoi rún, faoi aoibhneas, soiléir.
 

2015-03-07

Hör' ich das Liedchen klingen

File: Heinrich Heine
Cumadóir: Robert Schumann
Hör' ich das Liedchen klingen,
Das einst die Liebste sang,
So will mir die Brust zerspringen
Von wildem Schmerzendrang.

Es treibt mich ein dunkles Sehnen
Hinauf zur Waldeshöh',
Dort löst sich auf in Tränen
Mein übergroßes Weh'.

Chuala an t-amhrán aoibhinn

Chuala an t-amhrán aoibhinn
A chanadh, uair, mo ghrá,
Mheasas go bpléasfadh an croí ’nam
Le pian is le crá.

Tá fíbín fiáin dom ruaigeadh
Amach i dtreo an fheá,
Beidh údar mo chuid buartha
In airde ansin á leá.

2015-03-06

Alte Laute/ Sean-Ghlórtha

File: Justinus Kerner
Cumadóir: Robert Schumann
Hörst du den Vogel singen?
Siehst du den Blütenbaum?
Herz! kann dich das nicht bringen
Aus deinem bangen Traum?

Was hör' ich? Alte Laute
Wehmüt'ger Jünglingsbrust,
Der Zeit, als ich vertraute
Der Welt und ihrer Lust.

Die Tage sind vergangen,
Mich heilt kein Kraut der Flur;
Und aus dem Traum, dem bangen,
Weckt mich ein Engel nur.

Sean-Ghlórtha

Éist leis an éan ag canadh
Féach ar an gcrann faoi bhláth,
Nach bhfuil siad ’n ann tú ’tharraingt
As brionglóidí an chrá?

Cad ’chloisim? Sean-ghlórtha
I mbrollach óg an bhróin,
Monuar, laetha m’óige
Fadó fadó fadó.

Ní hann don tréimhse a thuilleadh.
Níl luibh mo leighis i bpáirc;
Is guímse ar aingeal Mhuire
Mé ‘dhúiseacht, mé ‘tharrtháil.

Túr Bhaile Uí Laoigh

Íomhá Ron Rosenstock
an domhan lasmuigh den fhuinneog
brionglóid, sin uile . . .
Túr Bhaile Uí Laoigh
the world outside
but a dream …
Thoor Ballylee

2015-03-05

Scarborough Fair

Scarborough Fair

Are you going to Scarborough Fair?
Parsley, sage, rosemary and thyme
Remember me to one who lives there
She once was a true love of mine.

Tell her to make me a cambric shirt
Parsley, sage, rosemary and thyme
Without no seams nor needle work
Then she'll be a true love of mine.

Tell her to find me an acre of land
Parsley, sage, rosemary and thyme
Between the salt water and the sea strands
Then she'll be a true love of mine.

Tell her to reap it with a sickle of leather
Parsley, sage, rosemary and thyme
And bind it all in a bunch of heather
Then she'll be a true love of mine.

Aonach Scarborough

Bhfuil tú ag triall ar Scarborough Fair?
Peirsil, sáiste, marós is tím
An luafá mé le hainnirín séimh?
Bhí sí tráth an-ghar do mo chroí.

Abair léi léine as cáimric a shníomh
Peirsil, sáiste, marós is tím
Gan uaim ar bith ná oiread na fríd’
Beidh sí fós an-ghar do mo chroí.

Abair léi acra talún a fháil
Peirsil, sáiste, marós is tím
Idir na dumhcha agus an sáil’
Beidh sí fós an-ghar do mo chroí.

Abair léi é ’bhaint le corrán de leathar
Peirsil, sáiste, marós is tím
Is dornán beag fraoigh chun é a cheangal
Beidh sí fós an-ghar do mo chroí.

Coill Shíofra

Íomhá Ron Rosenstock
Coill Shíofra –
ní fios
cé d’ainmnigh thú
Sheefry Wood –
no one knows
who named you

2015-03-04

Irrlicht/Tine Ghealáin

File: Wilhelm Müller
Cumadóir: Franz Schubert
In die tiefsten Felsengründe
Lockte mich ein Irrlicht hin:
Wie ich einen Ausgang finde,
Liegt nicht schwer mir in dem Sinn.

Bin gewohnt das Irregehen,
‘s führt ja jeder Weg zum Ziel:
Uns’re Freuden, uns’re Wehen,
Alles eines Irrlichts Spiel!

Durch des Bergstroms trock’ne Rinnen
Wind’ ich ruhig mich hinab,
Jeder Strom wird’s Meer gewinnen,
Jedes Leiden auch ein Grab.

Tine Ghealáin

’Stigh i mbéal an duibheagáin
Chuir an solas mé ar strae;
Má tá éalú dom i ndán
Nílim buartha ina thaobh.

Táimse cleachtach ar an bhfánaíocht,
Tá sprioc amháin ag gach cosán:
Cúrsaí bróin is cúrsaí áthais
Níl i gceist ach tin’ ghealáin!


Sruthán sléibhe i ndísc ‘tá faram,
Táimse ag siúl liom fan a bhruaigh,
Téann gach sruthán chun na mara
Gabhann gach buairt isteach san uaigh.

Smaoineamh an Lae

"Tá an t-aineolas á scaipeadh ar bhealach an-scanrúil; táimid ag druidim le deireadh sibhialtachta."


José Saramago

2015-03-03

Auf dem Flusse/ Ar an sruthán

File: Wilhelm Müller
Cumadóir: Franz Schubert
Der du so lustig rauschtest,
Du heller, wilder Fluß,
Wie still bist du geworden,
Gibst keinen Scheidegruß.

Mit harter, starrer Rinde
Hast du dich überdeckt,
Liegst kalt und unbeweglich
Im Sande hingestreckt.

In deine Decke grab' ich
Mit einem spitzen Stein
Den Namen meiner Liebsten
Und Stund' und Tag hinein:

Den Tag des ersten Grußes,
Den Tag, an dem ich ging;
Um Nam' und Zahlen windet
Sich ein zerbroch'ner Ring.

Mein Herz, in diesem Bache
Erkennst du nun dein Bild?
Ob's unter seiner Rinde
Wohl auch so reißend schwillt?

Ar an sruthán

Is tú bhí ’rith faoi lánluas
A shrutháin fhiáin ghlé
Nach ciúin anois atá tú
Gan beannacht ó do bhéal.

Tá crústa daingean dúr ort
In áit an tsíoda mhín,
Nach fuar atá an luí ort
Sa ghaineamh, is nach righin.

Is ar do chraiceann greanaim
Le cloch go cruinn ’s go mall
Sea breacaim síos a hainm
An dáta is an ball

An lá ar casadh orm í
An lá a chuas ar fán.
Is féach tá fainne briste
Mar fhráma ar ’n iomlán.

An léir, an léir a chroí liom
Ón sruth do chomh-íomhá?
An féidir gur faoin dromchla
An chaise chéanna tá?

Haiku le Issa ón mbliain 1824

'I say tomahto you say tomehto'. Seilide? Seilmide? Slimide?
ag imeacht ar a chuid cuairteamma
ar bhalla plástair -
seilide

.練塀や廻りくらするかたつむり

    neribei ya meguru kurasuru katatsumuri

Tá scata haiku againn uaidh faoin seilide. É seo, mar shampla, ón mbliain 1809:

a sheilide
cén teacht isteach atá agat?
báisteach an fhómhair

Cé acu is deise? Is maith liom iad araon. Spéis sna neacha is lú agus comhbhá leo, tréith de thréithe an mháistir haiku.

2015-03-02

Erstarrung / Eanglach

File: Wilhelm Müller
Cumadóir: Franz Schubert
Ich such' im Schnee vergebens
Nach ihrer Tritte Spur,
Hier, wo wir oft gewandelt
Selbander durch die Flur.

Ich will den Boden küssen,
Durchdringen Eis und Schnee
Mit meinen heißen Tränen,
Bis ich die Erde seh'.

Wo find' ich eine Blüte,
Wo find' ich grünes Gras?
Die Blumen sind erstorben
Der Rasen sieht so blaß.

Soll denn kein Angedenken
Ich nehmen mit von hier?
Wenn meine Schmerzen schweigen,
Wer sagt mir dann von ihr?

Mein Herz ist wie erfroren
Kalt starrt ihr Bild darin;
Schmilzt je das Herz mir wieder,
Fließt auch das Bild dahin!

Eanglach

Cuardaím gan rath sa tsneachta
Ar lorg rian a bróg
Áit a mbímís ag fánaíocht
Mé féin agus mo stór.

Is mian liom é a phógadh –
An talamh sioctha glé.
É ’phógadh le mo dheora
Go dtí gur léir an chré.

Cá bhfaighidh mé na blátha
Cá bhfaighinn an féar glas?
Ná blátha tá siad dreoite
Níl fágtha ach an gas.

Nach mbeidh aon chuimhne uirthi
Nach mbeidh sí ann níos mó?
Nuair bheidh mo phianta ’mithe
Cá bhfeicfidh mé a cló?

Is reoite ’tá mo chroíse
A híomhá san ’na lár;
Má thagann lá a leáite
An leáfaidh a híomhá?

2015-03-01

Lasso vita mia, mi fa morire

File: Ní fios
Cumadóir: John Dowland
Lasso vita mia, mi fa morire,
Crudel amor mio cor consume,
Da mille ferite, che mi fa morir.
Ahi me, deh, che non mi fa morire.
Crudel amor mi fa sofrir mille martire.

Lig dom, a bheatha liom

Lig dom, a bheatha liom, is tú mo bhás
An géarghrá im chroí dom’ chreimeadh
Le míle míle goin, táthar dom mhilleadh
Mo léan géar. ná tar in aice liom, a Ghrá,
An géarghrá, ag fulaingt táim an bás ina mhíle.

Haiku le John McDonald (Dún Éideann)


boxing day -
a disjaskit teddy-bear
quat on a perk bink
lá an dreoilín -
teidí tréigthe
ar bhinse páirce
abuin
the suicide's hoose
a skirlin maw
os cionn
theach an fhéinmharfóra
éamh an fhaoileáin
on the buss
threy geans
...fegs! yin's a reid rab
trí rós
sa sceach
...hoips! spideog ceann acu
en o term -
abuin the schuil
geese winnin awa
deireadh téarma -
os cionn na scoile
géanna ag imeacht
hame frae the kirk -
the muin's flittit
twa causeys awa
sa bhaile ón séipéal -
an ghealach bogtha
dhá shráid uaim
a singul straik -
hern raxin
frae yirth tae lift
aon bhuille amháin -
síneann an chorr réisc
ón talamh go dtí an spéir
addict -
cuddlin the gean
bleedin frae the breer
andúileach -
tugann barróg don rós
is é ag cur fola ón dealg
turnt tae the muin -
her bricht
smirkin neb
iompaithe chun na gealaí –
a gnúis gheal
gháiriteach
aw saints' day -
a witchie-s bunnet
rowes alang the causey
lá na naomh uile –
hata caillí
ag rabhláil síos an tsráid
tea wi the abbot -
straeberry jeely
on's chin
tae i dteannta an aba –
subh sútha talún
ar a smig
zen speug