Díreach roimh an ngeimhreadh léiríonn na crainn a bhfíor-dhathanna dhúinn: buí buile na gcrann cnó capaill dhá mhailp mar shiúracha gaoil an bheith oráiste níos cróga ná béaldath
Ag tarraingt ar dhá scór dúinn mionnaímid, nuair a thiocfaidh an t-am, nach bhfeofaimid inár ndaoine uaisle liatha ach dála Colette henna a chur inár gcuid gruaige, beimidne leis órga rua is imeoimid sa deireadh inár lasair fhiáin
Smaoinigh sé roimh an gcogadh Ar choimhlintí, laochas, naimhde Ba ghá a chloí; Cúiseanna ba chóir troid ar a son.
Roimh an gcogadh níor chás leis Spéartha geala, páirceanna, an ghrian Theolaí, a bhean –díreach Cúiseanna ba chóir troid ar a son.
Feicim anois tar éis an chogaidh é Le mo linn féin. Tugaim faoi ndeara an grá Atá aige don ghrian, spéartha geala, páirceanna, a bhean: Cúiseanna is cóir troid ar a son.
Seo ag rothaíocht mé lastall ded’ thighse, suím ar gheata a fhéachann amach ar choinleach. Do spád ag lonrú faoi ghrian an chósta is tú ag gearradh trí do scáth is trí fhód, isteach sa dúrabhán dubh méith; ársa, scanrúil. Ciorcal néata gearrtha, tú ag tochailt leat, deannach réaltaí á spré agat as mála. An crann óg á choinneáil díreach agat, aislíonadh, á dhaingniú led’ sháil. Doirteann bogha ceatha as an gcanna spréite. Allas á chuimilt agat de d’aghaidh, féachann tú suas. Mé ag sméideadh, ach ní fheiceann tusa ach talamh a thabharfaidh úlla fós a fháiscfear ina cheirtlis, a ólfar faoi scáth duilliúir. Fear a bhfuil crainn á gcur aige níl sé chun a bhean a fhágaint, is cuma cad deirir. Níl tú ag imeacht.
Seacht speal ina luí in aghaidh an bhalla. Féasóg ar fhéasóg órga An t-ualach deireanacha eorna Á luascadh tríd an gclós. An corc á bhaint as buidéil leanna ag béithe. Fidil is cosa ag bogadh le chéile. Ansin idir coinleach is fraoch Marcach ar séirse.
Ba chuma má mheas mo mháthair go rabhas mar rud éigin a chuirfí ag fás i seomra dorcha nó gan mo chuid spéaclaí go rabhas ar nós scallamáin is spotaí ar sceabha in áit na súl a bhí tar éis titim as nead. Bhí an méid sin go léir ann ach ba chuma sa sioc mar bhíos tar éis teacht ar líonpheil is ansin ní raibh ann ach báine bhuile dhoiléir ceithre phéire dhéag de stocaí bána, deich bpónaí, an tsiosarnach leictreach is imirt foirne ann agus a ghealann seomra dorcha gan díon, gan síleáil gan falla ar bith agus fonsaí ar foluain ar nós dhá om ar crith.
Tharla nach raibh ann sa deireadh ach báidín buachalla ar loch na páirce áitiúla, is mé ag siúl id’ theannta.
Ach chuas ar mo ghlúine chun breathnú ar a theacht isteach, an seol bán cúthail is solas ómra tríd, grian dhéanach a dhein cré-umha buailte den tonn a d’ardaigh í,
an glór & na tostanna an teach solais & an gallán an bóthar & an móinteán na deora dé & an coll an gairdín & an trá na crécholúir & na gabhair fhiáine an portach & an guairneán an t-óstán & an fothrach an bád farantóireachta & an grean an glór & na tostanna
Tar éis trí scór bliain níl mo chuid gumaí rómhaith. Glanaim le flas fiacla iad sa leithreas fear agus ban. Ar ais liom, mé ag dreapadh thar mo bhean is m’iníon Is féachaim síos cúig mhíle ar an Hindu Kush. Is léir an India á sá féin isteach san Eoráise: Plátaí leibhéalta agus rufaí sléibhte á n-ardú féin is ag titim as a chéile Fad mo radhairc uaim tríd an aigéan solasmhar seo Trína bhfuil ár n-eitleán ag gluaiseacht, gan chorraí nach mór, Gan chrith ach ar éigean, na ciliméadair theibí Á n-ithe aici. Ina shuí sa suíochán romham, Aindeolaí ríomhaireachta agus spéaclaí air nár ardaigh An dallóg ó d’fhágamar Kuala Lumpur. Ar an scáileán Tá an tsaighead a dhíríonn ar Mheice tar éis casadh Feadh an sciatháin, nach mór. Dhá thír uainn Trasna an domhain seo ar dhath an leoin tá cogadh á bhagairt. Samhlaím buamaí Á ligean anuas ag an mboilgeog aeroiriúnaithe seo Ar an mion-chearnóg de shráidbhaile i bhfad thíos uainn, Níos lú ná lorg coise camaill. Tagann meadhrán orm, Ag stánadh síos go díreach. Ní ligtear buamaí anuas. Agus ní ligfí dá mbeinnse im’ chaptaen anseo Ar an bpláinéad leochaileach comhtháite seo, A chasann gan script. Iompraíonn ár mboilgeog sinn, go domhain i solitaire ríomhaireachta nó inár gcodladh dúinn, Slán, ní féidir sin a rá go dearfa, ach go fóillín Teolaí san aer tanaí agus an fuacht marfach
Nuair a chailltear in áit an mhargaidh an Fhís, Is an Solas faon, Do shúile agat á n-ardú is gan teacht ar a aghaidh arís, Do chroí i bhfad uaidh i gcéin,
Tuig gurb é seo do chogadhsa; san uair uaigneach seo duit ar fán Na Bóithre ab eol dó síos; Cé nach dtagann sé níos mó istoíche, beidh sé ar a ghlúine led’ thaobh Chun sólás a thabhairt duit, is roinnfidh leat an Fhís.
A Quintus Horatius Flaccus, a Chara, an dtabharfá dán dúinn? Tá iris bheag againn. Fógraíocht mhaith a bheadh ann do do chuid leabhar. Tá líon na léitheoirí ag dul i méid agus d’fhéadfainn do dhánsa a chur in áit shuntasach rud atá dlite do do shaothar.
Bhíos i láthair ag an Léamh Stáit a thugais an tseachtain seo caite sa chathair seo. Theastaigh uaim ceist a chur ort le linn sheisiún na gceisteanna ach bhíothas sa mhullach ort. Sa phub ina dhiaidh sin, mise an té a thit thar do mhála cáipéisí. Thaitin do shaothar riamh liom. Óid b’fhéidir nó litir ghearr a bheadh ina luí thart agat?
I measc ár gcuid léitheoirí tá fir, mná is daoir. Táimid neamhpholaitiúil. Meabhraigh le do thoil gur spéis linn margadh na scoileanna mar sin seachnaímid dánta a théann rófhada isteach i bhfochlaí, nó rud ar bith a bheadh ag magadh faoi do phátrún, Ágastas. Ar eagla go stopfadh sé ár ndeontas.
Cúpla iasc ar leamhain le linn tuilte, nó comhairle maidir le haiku a scríobh – rud éigin mar sin. B’fhéidir gur mhaith leat a fhios a bheith agat gur gheall Publius Vergilius Maro go gcuirfeadh sé rud éigin chugainn, ach tá sé gafa le dán fada mar sin beidh sé tamall eile, seans. Gura míle. Le meas, An Rúnaí, New Hexameter, Hendecasyllables roimhe seo.
2. A Quintus Horatius Flaccus, a Chara, gabhaim buíochas leat as Óid III, XIII a chur chugainn. Bhíos riamh ceanúil ar an Fons Bandusiae. Le cúnamh Dé, beidh sé i gcló i ndiaidh an chéad eagrán eile. Foirm shíntiúis istigh leis seo. Gura maith agat arís. Le meas, An tEagarthóir, New Hexameter, Hendecasyllables roimhe seo
I bPáras a bhí sé ar feadh an deireadh seachtaine: leis féin – gealtachas a bheadh ann a mhalairt a shamhlú.
Thug sí na páistí léi ar eachtra i dteannta cairde léi chun airní a phiocadh – plumaí beaga géara ó chraobhóga deilgneacha an draighin; is fearr iad a phiocadh tar éis don chéad sioc na clocha a scaoileadh.
Chuirfeadh a cairde ar maos i jin iad i gcomhair na Nollag.
Ní raibh sí in ann smaoineamh an fhaid sin chun cinn ná smaoineamh fiú amháin fad leis an gcéad deireadh seachtaine eile; ná ar an stail, chomh dubh le hairne, ar cosa in airde tamall uaithi síos fána an ghoirt.
ar chúinní folmha in áiteanna poiblí na spásanna sin nach dtaithíonn éinne na bearnaí idir foirgnimh an stráice uaigneach ina dtagann dhá bhóthar le chéile is nach bhfanann éinne ann.
Beannaigh sinn sna háiteanna folmha sin áit a gcaitheadh bean óg grabhróga chun na gcearc – tá a garmhac ag dul in aois anois agus cónaí air in Albain Nua áit a dtarraingíodh fear óg feamainn go dtí gort na bprátaí.
Beannaigh sinn san áit sin nach gcloistear a n-amhrán san ná amhrán a gcuid comharsan cé go mbogann an ghaoth fós tríd an gceannbhán is an luachair, thar aghaidh bheag na néalfartaí.
Beannaigh leis sinn sna háiteanna iargúlta sin agus dearmad déanta ar chonairí iontu uirlisí iontu nach n-aithnítear ar a n-úsáid ainmneacha imithe gan filleadh go deo
Ba chuma má mheas mo mháthair go rabhas mar rud éigin a chuirfí ag fás i seomra dorcha nó gan mo chuid spéaclaí go rabhas ar nós scallamáin (is spotaí ar sceabha in áit na súl) a bhí tar éis titim as nead. Bhí an méid sin go léir ann ach ba chuma sa sioc mar bhíos tar éis teacht ar líonpheil is ansin ní raibh ann ach báine dhoiléir ceithre phéire dhéag de stocaí bána, deich bpónaí, an tsiosarnach leictreach is imirt foirne ann agus a ghealann seomra dorcha gan díon, gan síleáil gan falla ar bith agus fonsaí ar foluain ar nós dhá om ar crith.
Tá teachtaireacht á seoladh arís agam. B’fhéidir nach gcloiseann tú í trí fhothram na soilse agus an tslí a ngluaiseann rudaí sa chathair eile sin ina bhfuilir is dóigh liom, má tá na dátaí i gceart agam, ar ndóigh d’fhéadfadh go bhfuil breall orm.
Dá mbeifeá ag súil leis an teachtaireacht is mar seo a sheasfá, do shúile ar oscailt agus iad dírithe ar an scáileán, do chluasa dúnta.
Tá an rialaitheoir fuaime caillte ag an gcathair ina bhfuilimse. Gach éinne anseo i dtaithí ar uasfhuaim.
An léir duit an téacs? Díreach ag iarraidh a fháil amach an slán duit agus folláin?
Scréachann fón, pléascann clog, sa seomra béal dorais, cuirtear teilifís ar siúl. Glór bonnán gach áit, druileanna. Gluaisteáin ag béicíl, blosc na n-adharc.