Posts mit dem Label derek ball werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label derek ball werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2013-09-04

Gealbhan sa Gheimhreadh

Tá cónaí ar an gcumadóir Conallach Derek Ball i nGlaschú le fada an lá. Tá ceol curtha aige le saothar liom i nGaeilge agus i mBéarla agus tá caidreamh cneasta cruthaitheach againn lena chéile ó bhíomar inár slatairí. Bhuel, ní raibh Derek riamh ina shlataire. Agus ní bheidh.
 
Ar aon chuma, oíche dá rabhas san árasán aige nár tháinig fonn mór orm eipic a scríobh ach ní raibh aon pháipéar sa tigh agus ní raibh siopa sa chathair ar oscailt. Lig sé dom an páipéar balla a bhaint anuas agus scríobh ar an gcúl. Is dóigh liom go bhfuil cúpla líne den eipic sin fós aige!
 
Más buan mo chuimhne, bhí cara eile linn, Eugene Moloney as Carraig na Siúire nó áit éigin mar sin, inár dteannta an oíche sin agus go gairid tar éis dó m'eipicse a léamh, labhair Íosa leis agus athbhaisteadh é.
 
D'iarr Derek orm carúl Nollag a scríobh dó, i mBéarla, agus mar chúiteamh ar an bpáipéar balla aige a lot fadó (agus cara linn beirt a chomáint i dtreo Íosa), chumas na liricí dó ar an toirt. Is fiú na nótaí ag Derek a léamh - sea, na nótaí ceoil, cinnte, ach na nótaí réamh-mhínithe chomh maith, go háirithe an tagairt do Hannibal Lector a bhain stangadh asam, caithfidh mé a rá.

2013-06-27

2013-06-19

Drúcht na hOíche, Night Dew, 夜露

Drúcht na hOíche le Mariko Sumikura
Leagan Gaeilge le Gabriel Rosenstock
Ceol le Derek Ball



Drúcht na hOíche

Nach séimh é,
An drúcht a thugann an ceobhrán leis
Feictear sa ghealach chruinn é
Agus neadaíonn sé i measc na nduilleog,
Go dtí go sileann ar pheitil an róis.


2013-06-18

Sú, Sap, 樹液

Sú le Mariko Sumikura
Leagan Gaeilge le Gabriel Rosenstock
Ceol le Derek Ball




Maidin gheimhridh
Is mé ligthe le crann silíní
Cluas le coirt
Cloisim an sú
Ag éirí go bríomhar.





Mariko Sumikura

As Kyoto na Seapáine di. Ball den Japan Poets Club, an Kansai Poets' Association agus Stiúrthóir Japan Universal Poets Association.
Príomh-Eagarthóir Poetic Bridge: AMA-HASHI (天橋) . 
Foilseacháin:
Kokoro Kaoru Hito (Bean an Chroí Chumhra),
Yume Tsumugu Hito (Bean ag Sníomh Taibhreamh),
Hikari Oru Hito (Bean ag Fí Solais,)
Ai Matou Hito ( Bean a Chaitheann an Grá)
agus an leabhar as a dtagann na dánta cúig líne seo, Tsuchi Daku Masurao (Fear a Mhuirníonn an Domhan).



Focal neamhchoitianta is ea masurao. Focal atá caite amach ag daoine, nach mór. ‘Duine fearúil’ is brí leis. Mascalach. Is focal é a chuala óna béal féin go minic nuair a bhuaileas léi in Kyoto, cathair a raibh an-tionchar ag a muintir uirthi ón meánaois ar aghaidh. Ní haon mhascalach mná ise, áfach, ach duine fíneáilte idir chorp chleite is sciathán. Saothar léi aistrithe go Béarla, Rómáinis, Eabhrais, Spáinnis, Fraincis agus Gaeilge. Ghlac sí páirt i bhféilte filíochta ar nós Struga na Macadóine. Aistí foilsithe aici ar an bhfealsamh Maria Zambrano. Leabhar filíochta Béarla liom féin Uttering Her Name (Salmon Poetry, 2009) aistrithe go Seapáinis aici.

2012-12-23

Duilleoga Tite

Dán leis an Seapánach Mariko Sumikura ar chuireas Gaeilge leis agus ar chuir Derek Ball ceol leis.
Is cumadóir as an ngnáth é an Conallach Derek Ball, iar-shíciatraí atá ag cur faoi i nGlaschú. Uaireanta cloisim cuid dá chuid sean-chliant sa cheol aige, uaireanta eile cloisim faoileáin bhuile.
Íomhá Uryah
Duilleoga Tite

An bhféadfadh sé a bheith ceart
Go satlófaí
Ar dhuilleoga glioscarnacha
Mar iad
Is go ndéanfaí dusta díobh?


Mura n-oibríonn an seinnteoir duit, tá teacht ar an ceol anseo.

2012-11-02

Port na bPúcaí

Is iomaí uair a chuala mé Port na bPúcaí á sheinm ag ceoltóirí éagsúla, ar an mbosca ceoil, ar an bpíb uilleann agus fiú ar an bpíb mhála. Nuair a chuala mé Caoimhín Ó Raghallaigh (veidhlín) agus Breandán Ó Beaglaoich (bosca ceoil) á sheinm tháinig dán chugam, nó b'fhéidir gur cheart píosa cantaireachta a thabhairt air. Dhein an ceol seamán díom. Is iad seo a leanas na focail:

Port na bPúcaí


Cúr
cúr
cúr

ag teacht
ag teacht de dhroim na dtonn
ag teacht de dhroim na dtonn chugainn

cuilithíní
cuilithíní
cuilithíní

ag teacht
ag teacht de dhroim na dtonn
ag teacht de dhroim na dtonn chugainn

glór
glór
glór

ag teacht
ag teacht de dhroim na dtonn
ag teacht de dhroim na dtonn chugainn

glór na míolta móra
ar tonnta iad
ag teacht
ag teacht de dhroim na dtonn
ag teacht de dhroim na dtonn chugainn

glór na míolta móra
ar púcaí iad
ag teacht
ag teacht de dhroim na dtonn
ag teacht de dhroim na dtonn chugainn

glór na bpúcaí
ar míolta móra iad
ag teacht
ag teacht de dhroim na dtonn
ag teacht de dhroim na dtonn chugainn

cúr
cúr
cúr



Foam, foam, foam, coming, coming on the waves, coming to us on the waves,

ripples, ripples, ripples, coming, coming on the waves, coming to us on the waves, voice, voice, voice, coming, coming on the waves, coming to us on the waves,

voice of whales that are waves, coming, coming on the waves, coming to us on the waves, voice of whales that are spirits, coming, coming on the waves, coming to us on the waves, voice of spirits that are whales, coming, coming on the waves, coming to us on the waves, foam, foam, foam.


Tamall ina dhiaidh sin, thaispeánas na focail don chumadóir Conallach Derek Ball. Iar-shíciatraí é Derek agus cónaí air i nGlaschú. Is maith a thuig sé an claochlú a chuir an ceol orm agus chuir seisean ceol dá chuid féin leis na focail! Tá an ceol sin ar fáil anseo: