Posts mit dem Label pete seeger werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label pete seeger werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2019-07-29

Bíonn Smaointe gan Chuing

Amhrán de chuid na ndaoine

Bíonn Smaointe gan Chuing

Bíonn smaointe gan chuing, níl léamh orthu ag daoine,
Ar eite a bhíonn, mar scáileanna oíche,
Éalaíonn siad uainn choíche, ó philéar an fhiagaí.
Is mar sin a bhíonn, bíonn smaointe gan chuing.

Liom féin é mo mheon is é chun mo shásaimh
Istigh ionam beo de réir mar a fhásann.
Beidh mianta mo chroíse go hiomlán neamhchloíte
Is mar sin a bhíonn, bíonn smaointe gan chuing.

I bpríosún dá mbeinn, i gcarcair ghruama,
Ní bheinnse i bpéin, ba am curtha amú é:
Do bhrisfeadh mo smaointe na barraí ina bpíosaí
Is mar sin a bhíonn, bíonn smaointe gan chuing!

Céad slán leis an mbuaireamh, céad slán leis go deo
Is slán leis an duairceas, is mian liom bheith beo
Sé teanga an chroí an gáire, an spraoi
Nach in é mar a bhíonn, bíonn smaointe gan chuing.
Bíonn smaointe gan chuing!

Die Gedanken sind frei

Die Gedanken sind frei, wer kann sie erraten,
sie fliehen vorbei wie nächtliche Schatten.
Kein Mensch kann sie wissen, kein Jäger erschießen
es bleibet dabei: Die Gedanken sind frei!

Ich denke was ich will und was mich beglücket,
doch alles in der Still', und wie es sich schicket.
Mein Wunsch, mein Begehren kann niemand verwehren,
es bleibet dabei: Die Gedanken sind frei!

Und sperrt man mich ein im finsteren Kerker,
das alles sind rein vergebliche Werke.
Denn meine Gedanken zerreißen die Schranken
und Mauern entzwei, die Gedanken sind frei!

Drum will ich auf immer den Sorgen entsagen
und will mich auch nimmer mit Grillen mehr plagen.
Man kann ja im Herzen stets lachen und scherzen
und denken dabei: Die Gedanken sind frei!
Die Gedanken sind frei!

2013-05-12

Ó cá bhfuil na blátha uainn? [Pete Seeger]

Tá sé cloiste agam i dteangacha eile, 'Sag' mir wo die Blumen sind' as Gearmáinis, mar shampla. Níl fhios agam ar aistríodh amhrán Pete Seeger go Gaeilge cheana ach seo m'iarrachtsa ar aon nós. Amhrán Cosacach "Tovchu, tovchu mak", a spreag an t-amhrán mór agóide seo.


Ó cá bhfuil na blátha uainn?

Ó cá bhfuil na blátha uainn?
Am ag imeacht
Ó cá bhfuil na blátha uainn?
Fad-fad- fadó
Ó cá bhfuil na blátha uainn
Phioc na béithe iad, monuar!

Cathain a thiocfaidh ciall?
Cathain a thiocfaidh ciall?

Ó cá bhfuil na béithe uainn?
Am ag imeacht
Ó cá bhfuil na béithe uainn
Fad-fad fadó
Ó cá bhfuil na béithe uainn
Tá siad pósta, ó monuar!

Cathain a thiocfaidh ciall?
Cathain a thiocfaidh ciall?

Ó cá bhfuil na daltaí uainn?
Am ag imeacht
Ó cá bhfuil na daltaí uainn
Fad-fad fadó
Ó cá bhfuil na daltaí uainn
Ina saighdiúirí, monuar!

Cathain a thiocfaidh ciall?
Cathain a thiocfaidh ciall?

Cá bhfuil na saighdiúirí uainn?
Am ag imeacht
Cá bhfuil na saighdiúirí uainn?
Fad-fad- fadó
Cá bhfuil na saighdiúirí uainn?
Insan uaigh, ó monuar!

Cathain a thiocfaidh ciall?
Cathain a thiocfaidh ciall?

Ó cá bhfuil na huaigheanna uainn?
Am ag imeacht
Ó cá bhfuil na huaigheanna uainn?
Fad-fad-fadó
Ó cá bhfuil na huaigheanna uainn?
Clúdaíonn blátha iad, monuar!

Cathain a thiocfaidh ciall
Cathain a thiocfaidh ciall

Ó cá bhfuil na blátha uainn?
Am ag imeacht
Ó cá bhfuil na blátha uainn?
Fad-fad- fadó
Ó cá bhfuil na blátha uainn
Phioc na béithe iad, monuar!

Cathain a thiocfaidh ciall?
Cathain a thiocfaidh ciall?


Bunleagan  ©1961 (Renewed) Fall River Music Inc All Rights Reserved.