Posts mit dem Label haiku werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label haiku werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2026-04-06

haiku


an chéad uair dó
snáthaid mhór a bhlaiseadh - 
 gealbhan óg


its first taste 
of dragon-fly - 
young sparrow

雛すずめ 
初めて に 
トンボ

its furst pree 
o a deil's darnin needle - 
youthie speuggie


Irish & English: Gabriel Rosenstock
Japanese: Mariko Sumikura
Scots: John McDonald

2026-04-05

Bashō


faoi cheilt, anaithnid
ar nós na gealaí úire
a bheadsa feasta

dernt an unkent
lik the new muin
ah'll live ma life

(Béarla na hAlban: John McDonald)

κρυφός κι αφανής 
σαν τη νέα σελήνη 
έτσι θα ζήσω 

(Gréigis: Sarah Thilykou)
 

2026-04-04

haiku


how beautifully 
it takes a rest!
Doireann's bike

nach álainn 
mar a ligeann a scíth! 
rothar Doireann


2026-04-03

haiku

ní hionann aon 
dá fhuaim ó chlog an teampaill 
sa ghaoth

2026-04-02

haiku


cén deabhadh atá ort?
is í an ghealach chéanna a fheicfidh tú
pé áit a raghair

2026-04-01

haiku

crainn phlumaí faoi bhláth
canann filiméalaí
leo féin

2026-03-31

haiku


foghlaim conas litreacha grá a léamh 
a sheol gaoth is báisteach - 
sneachta is an ghealach

2026-03-30

haiku



is breá liom an geimhreadh 
 nuair ná deir an planda
 faic

2026-03-29

Haiku


image.png
tá an uile ní ina bhláth
faoi bhláth
i gcruinne bhláfar 

2025-05-04

Sri Nityananda


he walks
beneath the stars - his companions
Sri Nityananda

siúlann sé
faoi na réaltaí - na compánaigh aige
Sri Nityananda

 
   él camina
  bajo las estrellas - su compañía
  Sri Nityananda
                                  
(Spáinnis: Patricia Jiménez)

    he danders
    aneath the sterns - his billies
    Sri Nityananda
                                
(Béarla na hAlban: John McDonald

2025-04-08

Santoka

 

spéir gheimhridh
brionglóidí i gcéin
imithe ina smidiríní
 

cielo invernal
sueños distantes
rotos por el viento

Leagan Spáinnise: Patricia Jiménez

 

wunter lift  -
faur aff dwams
chattert an flewn awa

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald


2025-04-07

Seiju

 

níl aon ní ina stad
ar feadh meandair, fiú,
féach dath na gcrann


naethin bides fir a saicont  -
tak tent
o colour in the treen

(Béarla na hAlban: John McDonald)

ni por un momento
las cosas están quietas- testigo
el color en los árboles.

(Spáinnis: Patricia Jiménez)



2025-03-14

Basho

 

    gach uair a shéideann an ghaoth
    tuirlingíonn an féileacán arís
    ar an tsaileach


                          Irish version: Gabriel Rosenstock

   ilka tyme the wunds blaws
  the butterie hunkers agane
  on the sauch


                     Scots version: John McDonald

2025-03-12

Santoka

 

leis féin go ciúin
an péacán bambú
ag iompú ina bhambú

Irish version: Gabriel Rosenstock


Alane, quately  -
the bamboo spirl
turns tae a bamboo

Scots version: John McDonald



solitario, silencioso
el rebrote de la caña
se convierte en bambú

Spanish version: Patricia Jiménez


2025-03-11

Chiyo-ni

 

abhainn ag rith
agus os a cionn an tsnáthaid mhór
sa tóir ar a scáil

Irish version: Gabriel Rosenstock


ower the fleetin watter
jinkin efter'ts sheddae
the deil's darnin needle

Scots version: John McDonald



sobre la corriente de agua
persiguiendo su sombra
la libélula

Spanish version: Patricia Jiménez

2025-03-05

Gallchnó Á Rolladh ag an gCat

HAIKU BREÁTHA ÓN tSEAPÁIN

torigoe ka kuchibue ka kaze hikarikeri

giolc éin
nó duine ag feadaíl?
lonraíonn an ghaoth

Chikako Yoshida

tampopo no wata o tatashimeōno haka

síolta an chaisearbháin
ag eitilt uaidh
tuama an rí

Hiroko Kudo

amadare to iu akatoki no haru no oto

braonta báistí
fuaim na camhaoire
san earrach  

Shu Mayuzumi (1930-2020)

kekkai no ishidan noboru haru no shika

ceantar beannaithe
fianna earraigh
ag dreapadh na gcéimeanna cloch

Miwako Fujimoto

tobeba kie tomareba hikari hachi no hane

imíonn siad as san aer
lonraíonn nuair a ghlacann scíth
sciatháin na mbeach

Keishu Ogawa

kage oite mizu shizukanaru sakura kana

leagann a scáil
ar dhromchla an uisce chiúin
crann silíní faoi bhláth

Shugetsu Ishihara

oki hikari fune hikari kaze hikarikeri

lonraíonn an fharraige mhór
lonraíonn longa
lonraíonn an ghaoth

Yuki Horimoto

yorokobi o tsutsumu katachi ni chūrippu

lúcháir
rapáilte acu
tiúilipí

Eiko Nagashima

troisc thriomaithe
ar comhfhad
ar crochadh faoin ngrian

Kgga Hosokawa (1924-1989)

kasha nagashi haru no mikazuki hikaridasu

traein lastais fhada
corrán gealaí an earraigh
ag lonrú

Hakyo Ishida (1913 – 1969)

fukakai na koto mata hitotsu haru no yoru

mistéir
arís . . .
oíche earraigh

Nahoko Sakagami

haru ga kite higure ga sukini narinikeri

tá an t-earrach tagtha
mé ag éirí ceanúil
ar an gcontráth

ShūMayuzumi (1930-2020)

musasabi ya ōkiku narishi yoru no yama

iora eitilte−
sliabh faoi bhrat na hoíche
ag éirí níos mó

Toshio Mitsuhashi (1920 – 2001)

haha to ko no toranpu kitsune naku yo nari

máthair agus leanbh
ag imirt cártaí istoíche
tafann sionnaigh

Takako Hashimoto (1899-1963)

kan-tamago teikoku hoteru shefu ga waru

ubh gheimhridh
á briseadh ag cócaire
san Óstán Impiriúil

Akitoshi Moriya

fuyu-chō ni sora no aosa no omotakari

féileacán geimhridh
luíonn gorm na spéire
go trom air

Eiko Nagashima

uruki yoki koro no iro shite fuyu-sumire

dath
na seanlaethanta orthu
sailchuacha geimhridh

Ryuta Iida (1920 -2007)

furimukeba hoshi fueteiru kareki-michi

féachaim siar
líon na réaltaí ag dul i méid
sráid na gcrann feoite

Yuka Shimada

niwatori no shita no mijikaki shigure kana

sicín
agus teanga ghearr aici
mionfhearthainn gheimhridh

Haruya Yamaguchi

mizu nonde kokoku no samusa hirogarinu

ag ól uisce
fuaire cheantar na lochanna
ag leathnú ionam

Sumio Mori (1919 -2010)

fuyu no bara gyūnyū yorimo shizuka naru

rósanna geimhridh
is ciúine ná bainne
iad

Yukiko Endo

fukurō no mori ga gekka ni fukuraminu

foraois na n-ulchabhán
ag at
faoin ngealach

Etsuko Ohishi

hi ga hanare kokoro hanaruru fuyu no chō

an ghrian á thréigean
a anam á thréigean
féileacán geimhridh

Eriko Tsugawa

sayuru yo no remon o hitotsu futokoro ni

oíche fhuar
líomóid
i mo phóca brollaigh

Yuji Kinoshita (1914 -1965)

tōrei no mado shiro-neko wa hakkōsu

lá breá sa gheimhreadh
lonraíonn cat bán
ar leac na fuinneoige

Minako Tsuji

samukute samukute hoshi no mukō ni iru gotoshi

fuar feannaideach
braithim go bhfuilim imithe
lastall de na réaltaí

Ayuta Watanabe

temoto made yami no kiteiru fuyu-akane

an dorchadas ag druidim liom
fuineadh gréine
sa gheimhreadh

Machiko Hirose

tomodachi no inai ningyō fuyu-sumire

bábóg
gan aon chairde aici
sailchuach gheimhridh

Yayoi Miyake

hakuchō no chakusui koko no kyori tamochi

tuirlingíonn ealaí ar an uisce
iad ag coinneáil siar
óna chéile

Mai Nishimiya

rittō ya isu hitotsu aru furuhonya

tús an gheimhridh–
siopa leabhar athláimhe
cathaoir amháin istigh ann

Yukari Saisho

ichijiku ni ame no nioi no nokoriori

pomagránait
boladh báistí
uaithi 

Yumiko Katayama

kōmori no tobikaeritaru tsuki no naka

sciathán leathair
eitlíonn agus taispeánann a bholg
don ghealach

Shuson Kato (1905-1993)

hoshi tonde daremoga sukoshi oiteyuku

réaltareatha
gach éinne ag éirí
beagáinín níos sine

Jin Shionoya

kabutomushi chikyū o sokonawazuni aruku

ciaróg ag siúl
gan dochar á dhéanamh aici
don talamh

Kiyoko Uda

hotaru niwa hotaru no jikan arinikeri


am lampróige ann
don lampróg

Tazuko Shibata

mi no naka no makkuragari no hotaru-gari

dorchadas iomlán
istigh ionam . . .
ag seilg lampróg

Biwao Kawahara

hiyakusho no funsui goji ni tomarikeri

scairdeán
halla an bhaile
stopann sé ar a cúig a chlog

Minu Kashiwabara

kaze o yomu soburi mo arite katatsumuri

cheapfá uaireanta
go raibh an ghaoth á léamh aige
seilide

Tomita Onda

shibaraku kikeri neko ga korobasu kurumi no ne

d’éisteas tamall
leis an bhfuaim–
gallchnó á rolladh ag an gcat   

Hakyo Ishida (1913 -1969)


2025-03-03

Dorn Haiku ón tSeapáin

 sabishii zo nawatobi no chi o utsu oto wa

nach uaigneach!
fuaim rópa scipeála
nuair a bhuaileann an talamh                                             

Etsuko Ohishi


adayoeru tebukuro no aru unga kana

lámhainn ar snámh
san uisce . . .
an chanáil                   

Sujū Takano (1893-1976)


fuyu no hama ho o tome kazou nami no kazu

trá sa gheimhreadh
stopaimse
chun tonnta a chomhaireamh

Bōkōshi Ogawa   


hotto ii mirin o katte fuyuyasumi

cheannaíos saké
níos costasaí ná mar is gnách            
saoire gheimhridh           

Maiko Goto       

kareha no tame kotori no tame ni ishi no isu

do dhuilleoga feoite
d'éiníní
cathaoir chloch

Sanki Saito (1900 -1962)


shiranu ma ni fuyu no kingyo to narinikeri

n'fheadar conas a tharla sé
iompaímse
i m'iasc órga geimhridh     

    Noriyo Endo


kaze no ko no katae ni neko mo nemuri keri

slaghdán ar an leanbh -
in aice leis
cat ina chodladh chomh maith           

Katsura Kishida


gekkō o matsuge ni keito andeiru

solas na gealaí
ar a cuid fabhraí
is í ag cniotáil

Atsuko Sakanishi


shōō no medeshi kogai ya hama no aki

na mionsliogáin
a thaitin go mór le Bashō –
trá san fhómhar

Fukin Endo


tabitatan ironaki kaze no kuru hō e

imeoidh mé
sa treo as a dtagann
an ghaoth gan dath

Takehiko Tanioka


furusato no hatarakimono no kakashitachi

mo bhaile dúchais
na fir bhréige
ag obair go dian

Koh Yaguchi


meigetsu ya hanarebanare ni fune to kai

gealach lán−
scartha óna chéile
bád agus maidí rámha

Gogyo Akatsuka


matsu wakete kitaru hikari wa aki no umi

solas ag teacht
trí ghéaga giúise
muir san fhómhar

Atsuko Sakanishi


kaminari kuru to tokage no nodo furueori

toirneach
scornach na laghairte
ar crith

Yukiko Kai


atsuki hi o oeru ni yūkaze to bahha

clabhsúr ar lá brothallach
leoithne an tráthnóna
agus Bach

Kyoko Uchimura


setsumei no tsukanu sabishisa higasa sasu

uaigneas
nach féidir a mhíniú
osclaím scáth gréine

Yukiko Endo

 

mizuumi ni akari sabishiki hanabi kana

soilse uaigneacha
na dtinte ealaíne
ar an loch . . .

Yoko Yamamoto


hiki wa hiki hito wa hito kou yo narikeri

buaf ag tnúth le buaf
duine ag tnúth le duine
is oíche mar sin í

Minoru Ozawa


bara no sono hikikaesaneba deguchi nashi

gairdín rósanna
ní féidir dul amach as
gan casadh timpeall

Kiyoko Tsuda (1920-2015)


shirasagi no mirumiru kage o hanarekeri

corr réisc bhán
nach gasta mar a éalaíonn
óna scáil

Keishu Ogawa

2025-02-12

Hakuin

 

    Dá gcloisfeá
    fuaim an tsneachta
    ag titim déanach istoíche
    de chrainn
    an tseanteampaill


    


Από τα δέντρα

αν άκουγες μονάχα
του αρχαίου ναού
       το άκουσμα του χιονιού
       να πέφτει αργά τη νύχτα

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2025-02-11

Misty Venice

 

Íomha: Ron Rosenstock

amach as an gceo
isteach sa cheo
amhrán an ghondalóra

out of the mist
into the mist
gondolier's song



2024-12-02

haiku

  luz do sol
  atravessa uma borboleta
  adormecida
                           Portuguese: David Rodrigues

tríd an bhféileacán ina chodladh
solas na gréine
ag dul thar bráid

                           Irish: Gabriel Rosenstock
  la luz
 traspasa una mariposa
 dormida
                           Spanish: Patricia Jimenez

     
     περνά το ηλιόφως 
     μες απ' την πεταλούδα 
     την κοιμωμένη 
                        Greek: Sarah Thilykou

    luce del sole
    passa attraverso una farfalla
   addormentata 

                     Italian: Lidia Chiarelli 

 lumina soarelui 
 copleșește un flutur
 adormit 
                    Romanian: Olimpia Iacob