Deascabháil
Tríd an spiara caol
an lá úd is mé im' gharsún
drabhlásach ar a bhealach féin
tagtha ar ais arís mar bhall den teaghlach
cloisim guth
sceitimíní air is é i mbun tráchtaireachta
ar an gcorn domhanda sa pheil
ró-óg de shíor
idir an dá linn tríd an bhfuinneog oscailte
ar an aer i bhfocal
go trom
suaill na bhfíréan
a cuid fola ag stealladh go flúirseach
ar na braillíní ar na piseanna cumhra ar a garsún
le méara brocacha dhún sé mogaill na súl
ar na súile glasa a d'at le halltacht
í ag fánaíocht go héadrom
os cionn mo thuamasa d'aer
Leipreachán
Cuir misneach amú le linn bhlianta
na foghlama le haghaidh bhlianta na fánaíochta
Trí dhomhan atá ag casadh go béasach mánla
Ó mhaistíneacht na foghlama.
Gnome
Spend the years of learning squandering
Courage for the years of wandering
Through a world politely turning
From the loutishness of learning.
Arènes de Lutèce
Ón áit a bhfuilimid suite os cionn na suíochán fargán
feicim sinn ag teacht isteach ar thaobh Rue des Arènes
idir dhá chomhairle, féachann in airde is timpeall, ansin
siúlann go spadánta inár dtreona thar an ngaineamh dorcha,
ag éirí níos gránna is níos gránna, chomh gránna leis an gcuid eile,
ach balbh. Tagann gadhairín glas isteach
is í ag rith ó thaobh Rue Monge,
stadann sí, leanann é lena súile,
trasna na hairéine leis, téann as radharc
laistiar de sheastán Gabriel de Mortillet an Léinn.
Casann sí ar ais, táimse bailithe liom, siúd i m'aonar mé
ag spágáil suas an staighre ghairbh, teagmhaíonn mo lámh chlé
leis an rampa tuaithe, atá i gcoincréit. Moillíonn sí,
glacann coiscéim i dtreo bhéal an Rue Monge, is leanann ansin mé.
Crith orm, mise atá ag dul i gcomhar liom féin,
is leis na súile eile sin anois a bhreathnaím
ar an ngaineamh, na locháin faoin minfhearthainn,
girseach agus fonsa á tharraingt ina diaidh aici,
lánúin, leannáin cá bhfios, greim láimhe acu ar a chéile,
na suíocháin fargáin folamh, na foirgnimh arda, an spéir
a lonraíonn ródhéanach sinn.
Casaim siar is iontas orm
teacht ansin ar a ghnúis bhrónach.
tá go maith tá go maith tá críoch ann

áit a bhfuil an dearmad áit a bhfuil an dearmad
ina luí go héadrom ar dhomhain gan ainm
san áit sin ciúnaítear an ceann fuist bíonn an ceann balbh
is níl tada faic ar eolas ann
éagann laoi na mbéal marbh
ar an trá úd ab aistear di
níl aon ní le caoineadh ann
m'uaigneas is eol dom é ó bhuel is eol dom go tútach é
tá dóthain aimsire agam a deirim liom féin aimsir mo dhóthain
ach cén aimsir cnámh scrúdta aimsir an ghadhair
spéir a bhánaíonn de shíor mo ghráinnese den spéir
ga ag dreapadh breac ar crith
le miocróin de bhlianta an dorchadais
ba mhaith leat go raghainn ó A go B nílim in ann
nílim in ann teacht amach táim i gcríoch gan rian
sea sea is breá an rud atá ansin agat an-bhreá go léir
cad é féin ná cuir a thuilleadh ceisteanna orm
dusta bíseach móimintí cad é seo an rud céanna
an suaimhneas an grá an fuath suaimhneas suaimhneas
bon bon il est un pays
où l’oubli où pèse l’oubli
doucement sur les mondes innommés
là la tête on la tait la tête est muette
et on sait non on ne sait rien
le chant des bouches mortes
meurt sur la grève il a fait le voyage
il n’y a rien à pleurer
ma solitude je la connais allez je la connais mal
j’ai le temps c’est ce que je me dis j’ai le temps
mais quel temps os affamé le temps du chien
du ciel pâlissant sans cesse mon grain de ciel
du rayon qui grimpe ocellé tremblant
des microns des années ténèbres
Vous voulez que j’aille d’A à B je ne peux pas
je ne peux pas sortir je suis dans un pays sans traces
oui oui c’est une belle chose que vous avez là une bien belle chose
qu’est-ce que c’est ne me posez plus de questions
spirale poussière d’instants qu’est-ce que c’est le même
le calme l’amour la haine le calme le calme
all right all right there’s a land
where forgetting where forgetting weighs
gently upon worlds unnamed
there the head we shush it the head is mute
and one knows no but one knows nothing
the song of dead mouths dies
on the shore it has made its voyage
there is nothing to mourn
my loneliness I know it oh well I know it badly
I have the time is what I tell myself I have time
but what time famished bone the time of the dog
of a sky incessantly paling my grain of sky
of the climbing ray ocellate trembling
of microns of years of darkness
you want me to go from A to B
I cannot I cannot come out I’m in a traceless land
yes yes it’s a fine thing you’ve got there a mighty fine thing
what is that ask me no more questions
spiral dust of instants
what is this the same
the calm the love the hate the calm the calm
La mouche
entre la scène et moi
la vitre
vide sauf elle
ventre à terre
sanglée dans ses boyaux noirs
antennes affolées ailes liées
pattes crochues bouche suçant à vide
sabrant l’azur s’écrasant contre l’invisible
sous mon pouce impuissant elle fait
chavirer la mer et le ciel serein
Samuel Beckett
An Chuileog
idir mé is an radharc
an ghloine
folamh murach í
ar a bolg
ceangailte go docht ina hionathar dubh
aintéiní lán d'eagla sciatháin nasctha
cosa cromógacha béal ag sú gan rath
scoilteann an gormghlas tuairteálann in aghaidh na dofheictheachta
faoi m'ordóg lag iompaíonn sí
an mhuir is an spéir shéimh
The Fly
between the stage and I
the glass
empty except for her
land of the belly
strapped in her black hose
antennas, maddened wings
hooked leg sucking mouth
slashing the sky pregnant with invisibility
helpless under my thumb she fumbles
sea and sky are clear
trns. by Rotan Kemelowski