2021-03-23
2020-10-23
An Striapach, an tAinrialaí agus an Príomh-Raibí
Saothar haibun é seo, An Striapach, an tAinrialaí agus an Príomh-Raibí, an chéad saothar haibun sa Ghaeilge. Is é is haibun ann ná prós agus haiku ina orlaí tríd. Murab ionann agus go leor haibun eile, is haibun sruth smaointeachais é seo atá tógtha, cuid mhaith, ar shaothar de chuid ealaíontóirí agus grianghrafadóirí éagsúla.
Seachas sampla nó dhó atá le feiceáil, ní mór cliceáil ar an nasc chun breathnú ar an obair ealaíne. (Ní gá go mbeadh gach píosa ealaíne mar chuid den leabhar a thiocfaidh as seo, is é sin, má tá sé le foilsiú in aon chor!).
D’fhéadfadh haiku teacht i dtús, i lár nó i ndeireadh an phíosa próis. Níl aon riail dhocht ag baint leis sin.
Gné lárnach den ábhar leabhair seo is ea an teagmháil a dhéanann daoine atá ar shlí na fírinne leis an reacaire, an triúr seo ach go háirithe: striapach a rugadh in Llanelli na Breataine Bige; ainrialaí Rúiseach a thuill cáil di féin i Meiriceá agus san Eoraip an dara duine; an tríú pearsa ná duine a bhí tráth mar Phríomh-Raibí againn in Éirinn.
2020-10-17
Angelus Novus
Dánta agus Pictiúir de chuid Paul Klee
Aiste Ómóis le Gabriel Rosenstock
Réamhrá
2015-05-29
2015-05-06
2014-10-30
Towissakos
2014-10-13
Íoslódálacha
- Haiku le Petar Tchouhov. An chéad leabhar Gaeilge-Bulgáiris.
- Dánta le Rati Saxena. An chéad leabhar Gaeilge-Hiondúis.
- Sasquatch, leabhar filíochta dátheangach.
- Through the Elms and the Sycamores, gearrscéal i mBéarla le Ray Rosenstock (deartháir le Gabriel)
- Clúdach The Naked Octopus
- An Cat agus an Ghealach, aistriúchan ar dhráma le W. B. Yeats
- Tairseach an Rí, aistriúchán ar dhráma le W. B. Yeats
- Dánta le Hilde Domin
- Gabriel Rosenstock & Greg Rosenstock ag ól sláinte Edward Snowden
- Damhsaí Deireanacha, dánta le Grass
- Dánta le Michael Krüger
- Dánta le Günter Kunert
- Dánta le Munir Niazi
- Bliain an Bhandé, cnuasach dátheangach
2014-09-29
Cervantes
2014-09-02
Nóibhille le Pádraig Ó Cíobháin
2014-06-19
Ar an lá seo 19 Meitheamh
|
Ar an lá seo 19 Meitheamh, 2005, cailleadh Michael Davitt. |
Bhí sé fós ina bheatha nuair a scríobhas an aiste seo mar gheall air, Naomhóg ag Déanamh ar an nGréin.
An Faoileán, amhrán a chum sé: 'Thíos ar an tráNí rithfeadh sé le héinne an briathar sin a úsáid mar sin, 'an mhaidin ag pléascadh sa chuan'. B'in an fuinneamh agus an tsaoirse a tháinig le INNTI. An pléascadh a bhí riachtanach! An briseadh amach (is isteach). Davitt faoi ndeara é. |
|
2014-06-13
Ar an lá seo 13 Meitheamh
|
Ar an lá seo 13 Meitheamh, 1865, rugadh W B Yeats. |
Is féidir dráma leis, Tairseach an Rí, a léamh anseo.
Tá bailiúchán dánta leis aistrithe go Gaeilge faoin teideal Byzantium. Cló Iar-Chonnacht a d'fhoilsigh: |
|
2014-06-06
Ar an Lá seo 6 Meitheamh
|
Ar an 6 Meitheamh, 1961, cailleadh Carl Jung. |
Tá páirt aige san úrscéilín gairid liom Ríocht na Cailce. Is féidir é a íoslódáil saor in aisce anseo – ní Jung, atá i dTír na nÓg, ach an t-úrscéilín (mura bhfuil aon rud níos fearr le déanamh agat).
|
|
2014-06-03
Clann na nÉan
Bliain iomlán a chaith mé faoi thalamh. Sa séarach.
Níl teastas, dioplóma ná céim agam dá bharr. Tá rud
níos luachmhaire agam. Eochair na beatha.






