Posts mit dem Label guthanna beannaithe werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label guthanna beannaithe werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2021-10-07

Nuair a ligeann sé duit a bheith ina láthair

 

Nuair a ligeann sé duit a bheith ina láthair
ná hiarr aon ní air ach é féin amháin.
Nuair a roghnóidh sé ina chara leis thú,
Beidh gach aon ní is gá a fheiscint feicthe agat. 
Ní bhainenn an déachas le domhan an ghrá:
Cad is brí le 'tusa' is 'mise'?
Conas a líonfá an corn atá líonta cheana?

Hakim Sanai
(1044? - 1150?)

2021-04-26

Is Mise É Sin

Níl scrupall agam maidir le hathrú ná eagla roimh bhás,
Níor saolaíodh riamh mé,
Ní raibh tuismitheoirí riamh agam.
Is mé an Bheithsine Iomlán, Eolas Iomlán, Ríméad Iomlán.
Is mise É Sin, is mise É Sin.
 
Ní mé is cúis le dearóile ar bith, is nílimse dearóil,
Níl namhaid ar bith agam is ní namhaid mé.
Is mé an Bheithsine Iomlán, Eolas Iomlán, Ríméad Iomlán.
Is mise É Sin, is mise É Sin.
 
Táimse gan fhoirm, gan teorainn,
Lastall de spás agus am,
Táimse i ngach rud, gach rud ionamsa
Is mé ríméad na cruinne,
Táim gach áit.
Is mé an Bheithsine Iomlán, Eolas Iomlán, Ríméad Iomlán.
Is mise É Sin, is mise É Sin.
Táim gan cholainn, gan athrú ar an gcolainn
Ní mé na céadfaí ná a n-ábhar san
Is mé an Bheithsine Iomlán, Eolas Iomlán, Ríméad Iomlán.
Is mise É Sin, is mise É Sin.
 
Ní peaca mé ná suáilce
Ná teampall ná adhradh
Ná oilithreacht ná leabhair
Is mé an Bheithsine Iomlán, Eolas Iomlán, Ríméad Iomlán.
Is mise É Sin, is mise É Sin.
Swami Rama Thirtha

2020-07-30

Paidir Shuíceach


ਤੂ ਠਾਕੁਰੁ ਤੁਮ ਪਹਿ ਅਰਦਾਸਿ ॥
तू ठाकुरु तुम पहि अरदासि ॥
Ŧū ṯẖākur ṯum pėh arḏās.
Tusa ár dTiarna is ár Máistir, duitse a ofrálaim an phaidir umhal seo.

ਜੀਉ ਪਿੰਡੁ ਸਭੁ ਤੇਰੀ ਰਾਸਿ ॥
जीउ पिंडु सभु तेरी रासि ॥
Jī▫o pind sabẖ ṯerī rās.
An cholainn seo, an t-anam seo, is leatsa iad.

ਤੁਮ ਮਾਤ ਪਿਤਾ ਹਮ ਬਾਰਿਕ ਤੇਰੇ ॥
तुम मात पिता हम बारिक तेरे ॥
Ŧum māṯ piṯā ham bārik ṯere.
Is tusa ár máthair is ár n-athair, sinne do chlann

ਤੁਮਰੀ ਕ੍ਰਿਪਾ ਮਹਿ ਸੂਖ ਘਨੇਰੇ ॥
तुमरी क्रिपा महि सूख घनेरे ॥
Ŧumrī kirpā mėh sūkẖ gẖanere.
Is iomaí cúis áthais a ghineann do Ghrásta!

ਕੋਇ ਨ ਜਾਨੈ ਤੁਮਰਾ ਅੰਤੁ ॥
कोइ न जानै तुमरा अंतु ॥
Ko▫e na jānai ṯumrā anṯ.
Ní thuigeann éinne do neamhtheorantacht.

ਊਚੇ ਤੇ ਊਚਾ ਭਗਵੰਤ ॥
ऊचे ते ऊचा भगवंत ॥
Ūcẖe ṯe ūcẖā bẖagvanṯ.
An té is airde ar fad, nach tú atá fial, a Dhé!

ਸਗਲ ਸਮਗ੍ਰੀ ਤੁਮਰੈ ਸੂਤ੍ਰਿ ਧਾਰੀ ॥
सगल समग्री तुमरै सूत्रि धारी ॥
Sagal samagrī ṯumrai suṯir ḏẖārī
An chruinne go léir ar téad agat

ਤੁਮ ਤੇ ਹੋਇ ਸੁ ਆਗਿਆਕਾਰੀ ॥
तुम ते होइ सु आगिआकारी ॥
Ŧum ṯe ho▫e so āgi▫ākārī.
Faoi do cheannas-sa atá an uile ní a tháinig uait

ਤੁਮਰੀ ਗਤਿ ਮਿਤਿ ਤੁਮ ਹੀ ਜਾਨੀ ॥
तुमरी गति मिति तुम ही जानी ॥
Ŧumrī gaṯ miṯ ṯum hī jānī.
Tusa amháin a thuigeann do nádúr is do mhéid

ਨਾਨਕ ਦਾਸ ਸਦਾ ਕੁਰਬਾਨੀ ॥੮॥੪॥
नानक दास सदा कुरबानी ॥८॥४॥
Nānak ḏās saḏā kurbānī. ||8||4||
Nanak, do sclábhaí, ina íobairt shíoraí.

2020-02-07

Amhrán Beannaithe Bulleh Shah chun fáil réidh leis an ego



Makkay gayaan, gal mukdee naheenyon
Pawain sow sow jummay parrh aaeey

Ní réiteach ar ár gcuid fadhbanna é dul go Meice
agus ní aimseofar an fhírinne fiú má ofrálfar paidreacha ann ina gcéadta

Ganga gayaan, gal mukdee naheen
Pawain sow sow gotay khaeeay

Ní haon réiteach ach oiread é triall ar Abhainn na Gainséise
fiú má thumtar inti céad uair

Gaya gayaan gal mukdee naheen
Pawain sow sow pand parrhaeeay

Ná ní haon mhaith é triall ar Gaya má tá an fhírinne bhunaidh uainn
fiú má dhéantar adhradh ann céad uair

Bulleh Shah gal taeeyon mukdee
Jadon Main nu dillon gawaeeay

Bulleh Shah, ní bheidh deireadh leis an gcuardach seo
go nglanfar an mise den chroí is sinn féin a bhá sa chruinne

2020-01-19

An Flós / The Flower -- Frank Kendon

An Flós

Sa bhflós seo tá an uile ní . . .
Aimsirí, séasúir, cailliúintí, torthaí uile an léin,
Leochaileacht na scéimhe, bua lom an bháis,
Stoite ar an slí ar ball.

Sa bhflós seo tá an uile ní, cogadh na beatha is an bháis,
Nádúr agus cuspóir Dé breactha síos,
Fórsa an ghrá, cumhacht an chreidimh á cruthú,
É go léir anseo gan fhios dúinn.

The Flower

All's in this flower ....
Times, seasons, losses, all the fruits of woe,
Beauty's fragility, and death's bare gain,
Pluck'd in passing by, five minutes ago.

All's in this flower, the war of life and death,
God's character and purpose written down,
The force of love, the proof and power of faith
All's here, and all unknown.
 

~ Frank Kendon ~

 (The Time Piece)

2020-01-18

Shri Sadguru Siddharameshwar Maharaj

An chumhacht trínar tháinig ann don domhan seo, sin is Dia ann. Ionatsa anois atá an ní sin trína gcorraíonn an domhan go léir, agus tá leas á bhaint agat as. Tríd sin amháin atá taithí agat ort féin agus ar an domhan. Féach cad atá agat! Is "ann" don domhan mar gheall air. Tríd an gcumhacht sin a bheathaítear agus a chothaítear an domhan seo. Is tríd a chruthaítear an ghrian, an ghealach is na réaltaí, na dúile go léir (Talamh, Uisce, Tine, Gaoth is Spéir). Tá sé seo go léir ag tarlú agus níl mórán dua ag baint lena chruthú ná lena mhilleadh. Tá an chumhacht sin (Chaitanya) ionat. Tríd an gCumhacht sin a léirítear an domhan duit. Ach mura bhfuil tú deimhneach de, beidh d'aigne míshocair.

2020-01-15

Éan i nGéibheann

Mar éan i ngéibheann
Canann an t-anam
Ag smaoineamh ar an mbaile.

Is le haghaidh an amhráin sin
Is chuige sin amháin
A chuirtear éan i gcás.


Stewart Bitkoff

2020-01-14

Ek ong kaar / Cruthaitheoir amháin

Cruthaitheoir amháin .
An Fhírinne is ainm dó.
Eisean a dheineann gach ní.
Gan eagla, gan díoltas, síoraí.
Níor rugadh riamh é.
Féinsoilsithe .
Tíolacadh an Ghúrú:
Machnaigh!
Fíor ón dtús.
Fíor i gcaitheamh na gcianta.
Fíor inniu.
Ó, a Nanak,
Fíor go deo !

Ek ong kaar
Sat naam,
Karataa purakh nirbho, nirvair
Akaal moorat
Ajoonee
Saibhang, gur prasaad. Jap!
Aad such, jugaad such
Hai bhee such
Naanak hosee bhee such

2020-01-13

Le rá am proinne


brahmarpaṇaṃ brahmahavir brahmāgnau brahmaṇā hutaṃ brahmaiva tena gantavyaṃ brahmakarma samādhinā

Bráman atá sa liach; Bráman an rud a ofrálann an sagart i dtine Bhrámain, Bráman an próiseas ar fad. Bráman amháin an toradh don té a mhachnaíonn ar ghníomhaíocht mar Bhráman.
annapūrṇe sadāpūrṇe śaṅkara prāṇa vallabhe jñānavairāgya siddhyarthaṃ bhikṣāṃ dehi ca parvati

Ó, a Mháthair Annapúrna, Tusa atá ag cur thar maoil de shíor, Tusa is ionúin le Shankara, Ó, a Mháthair Párvaití, deonaigh déirc do ghrásta dom, chun eolas spioradálta a mhúscailt ionam is saoirse ó mhianta ábhartha.

mātā ca parvatī devi pitā devo maheśvara bāndhavāḥ śiva bhaktāśca svadeśo bhuvanatrayam

Is í Devi Párvaití mo Mháthair agus is é Deva Maheswara m’Athair, móidíní an Tiarna Síve iad mo chairde, agus is iad na Trí Dhomhain iad mo thír dhúchais.

aham vaiśvānaro bhūtvā prāṇināṃ dehamāśritaḥ  prāṇāpānāsamāyuktaḥ pacāmyannaṃ caturvidhaṃ

Mise a ghabhann umam foirm na tine i mbolg gach neach beo, agus a nascann leis an anáil isteach is an anáil amach, chun na ceithre saghsanna bia a dhíleá agus a chomhtháthú.

jīvane yāvadādānaṃ syāt pradānantatodhikaṃ ityeśā prarthanāsmākaṃ bhagavan paripūryatām

Dá mhéad a thógtar sa saol seo, is ceart níos mó a thabhairt ar ais. Guímid go gcomhlíonfaí an phaidir seo duitse, a Thiarna.

2020-01-09

Véarsa as an Shivamānasapūjā de chuid Adi Shankara



Ó, is tú atá Oirirc, is Tú an Féin,
do shliabhraonsa m'aigne
m'análacha Do chomrádaithe
mo cholainn Do theampall
ofrálacha Duitse aon ní is ábhar suilt dom
nó aon ní a chruthaímse,
samādhi é  mo shuan.
Nuair a shiúlaim, is timpeall Ortsa a shiúlaim
m'urlabhra ar fad do Do mholadhsa,
pé rud a dheinimse
ofráil Duitse is ea é go léir.

ātmā tvaṃ girijā matiḥ sahacarāḥ prāṇāḥ śarīraṃ gṛham
pūjā te viṣayopabhogaracanā nidrā samādhisthitiḥ
sañcāraḥ padayoḥ pradakṣiṇavidhiḥ stotrāṇi sarvā giro
yadyatkarma karomi tattadakhilaṃ śambho tavārādhanam

2019-03-07

Tháinig an Grá

Tháinig an Grá


Tháinig an Grá agus folmhaíodh mé ,
gach féith díom is póir
ina coimeádán a líonfadh m'Ansacht.
Níl fágtha díomsa ach ainm,
tusa an chuid eile, a Chara, a Ansacht.

Abu-Said Abil-Kheir

(967 - 1049)

Love came and emptied me of self


Love came and emptied me of self,
every vein and every pore,
made into a container to be filled by the Beloved.
Of me, only a name is left,
the rest is You my Friend, my Beloved.

Leagan Béarla: Vraje Abramian


Η αγάπη ήρθε και μ' άδειασε από τον εαυτό μου


Η αγάπη ήρθε και μ' άδειασε από τον εαυτό μου,
έγινε κάθε φλέβα κάθε πόρος,
ένα δοχείο για να γεμίσει απ' τον Αγαπημένο.
Μόνο ένα όνομα από εμένα έχει απομείνει,
όλα τα άλλα είσαι Εσύ, Φίλε μου, Αγαπημένε.

Sarah Thilykou a dhein an leagan Gréigise

2019-01-25

An focal 'grá'

An focal 'grá'

Tá an focal 'grá' a mhúin an Sadgúrú dom
Tar éis mo chroí a ghlanadh.
Deir Sami, chuir sé gach amhras trí thine i bhfaiteadh na súl,
Tógadh suas mé go dtí go bhfaca mé

An uile ní!

The word 'love'

The word 'love' taught me by my Sadguru
Has cleansed my heart.
Sami says, in a moment He set on fire all doubts,
Hoisted me aloft and I could see

Everything!


Sami (1743- 1850)

[Trans. Mohan Gehani & Menka Shivdasani]


2019-01-14

Is Léir an Duine Ionraic i ngach cearn den Chruinne

Ní héinne ar leith é
an duine ionraic;

Ach ar nós dúghoirme
na speire síoraí

Sé gach duine é
gach ait ar domhan

True person manifest throughout the ten quarters of the world

The true person
Not anyone in particular;

But, like the deep blue color
Of the limitless sky,
It is everyone, everywhere in the world.

Eihei Dogen (1200 - 1253)

English version by Steven Heine

The Zen Poetry of Dogen: Verses from the Mountain of Eternal Peace by Steven Heine


2018-07-11

Duine Beannaithe i gCéin

Inniu, an lá seo
an lá seo ar a dtugtar inniu

Chonaic mé an ghrian iomlán ag éirí
is chonac í ag dul a luí

Faic eile le rá -
cith corrmhíoltóg ag breith uibheacha, ag fáil bháis

Táimse fos im' bheathaidh,
spriocdháta mo bháis caite le fada,

Ach éist - ní bhraithim inniu
gur mhaireas tríd an lá seo féin

Dá mairfeadh sé míle bliain
ní bheadh sa duine beannaithe

Ach cith corrmhíoltóg i gcéin

Musan Cho Oh-hyun


2018-06-06

Briathra an Bhúda

Pahūtavitto puriso
sahirañño sabhojano,
eko bhuñjati sādūni --
taṃ parābhavato mukhaṃ.


Éist leis an mbun-Pháilis ag an nasc seo:

Maoin go leor a bheith agat
do dhóthain bia agus óir:
sult a bhaint as pléisiúir an tsaoil leat féin -
is é sin a dhéanfaidh do chabhóg

2018-02-15

Amhrán an Avadhut: a Thús

Dattatreya


1
Go deimhin, is trí ghrásta Dé
A éiríonn ionainn eolas ar an Aontacht.
Saortar an duine ansin sa deireadh
Ón eagla mhór roimh bheatha is bás.

2
An uile ní i ndomhan seo na bhfoirmeacha
Níl iontu ach an Féin, is an Féin amháin;
Conas, mar sin, a d'adharfadh an Infinid é Féin?
Is é Síve an tIomlán is é neamhroinnte.

3
Na cúig dúile fíneálta ar de stuif an domhain iad
Is seachmall iad mar uisce i meabhalscáil ghaineamhlaigh;
Cé dó, mar sin, a n-umhlóinnse?
Mise mé féin an tAon gan smál.

4
Go dearfa, níl sa chruinne seo go léir ach mé Féin,
Ní roinnte ná neamhroinnte í.
Conas is féidir a rá fiú amháin gurb ann di?
Breathnaím uirthi, ionadh orm is alltacht.

5
Cad é, mar sin, atá i gcroí na fírinne is airde,
Croí an eolais, an ard-ghaois?
Sé seo é: "Mise an Féin, an tAon gan chruth;
Sé mo nádúr é a bheith ar fud na bhfud."

6
An t-aon Dia sin a lonraíonn san uile ní,
Atá gan chruth ar nós spéir gan néal,
Sé Féin an uile ní, íon, gan teimheal:
Sin is mise ann gan amhras ar bith.

7
Is mé an tAon síoraí do-athraithe;
Comhfhios glan mé, gan cruth ar bith.
Níl a fhios agam conas, nó cé dó
A nochtann áthas is buairt an tsaoil seo.

2017-10-16

Cad is ea ár saol ar fad ach anáil?

Cad is ea ár saol ar fad ach anáil
i bhfochair an Leannáin

Abu-Said Abil-Kheir
(967 - 1049)


The sum total of our life is a breath

The sum total of our life is a breath
spent in the company of the Beloved.


Leagan Béarla Vraje Abramian

- as Nobody, Son of Nobody: Poems of Shaikh Abu-Saeed Abil-Kheir, Translated by Vraje Abramian

2017-06-09

An Búda

Babhtaí Breitheanna Go Leor

Babhtaí breitheanna go leor is mé ar fán
gan chúiteamh,
gan scíth,
sa tóir ar an tógálaí tí.
Is pianmhar í an bhreith
arís is arís eile.

A thógálaí tí, tá tú feicthe agam!
Teach ní thógfaidh tú go deo arís!
Tá na fraitheacha uile briste,
an maide mullaigh scriosta,
imithe go dtí an Neamhfhoirmithe,
tá deireadh sainte sroiste ag an aigne.

2017-05-18

Aithne a chur Ort

Aithne a chur ort
Ar nós mé a tharraingt ó chéile
Ón dtaobh istigh
Snáithín daingean
I ndiaidh a chéile
Osclaíonn spás go mall
Seomra ansin
Ansin an spéir
Ealtaí colm
De shíor á ligean saor

"Ayaz" (Angus Landman).

2017-05-06

Bhagavad Gita: Sliocht as Caibidil 9: Rún na Beatha


Arsa an Tiarna Beannaithe:

Mar go bhfuil muinín agat asamsa, a Arjúna,
Inseoidh mé duit cad is gaois ann,
Rún na beatha: cuir eolas air
Agus bí saor ó bhuairt, go deo.

An ghaois is airde amuigh,
An t-eolas thar gach eolas,
Braitear go díreach i dtobainne é,
Síoraí atá sé, lúcháireach le cleachtadh.

Iad siúd nach ngéilleann
Do mo theagascsa, níl teacht acu orm;
Filleann siad ar an domhan seo i gcónaí,
Ar aistear ó bhás go a chéile.

Táimse ar fud na cruinne go léir
I bhfoirm gan chló.
Is beo do gach neach ionamsa
Ach táimse chomh fairsing sin

Lastall den bheithsine,
Cé go gcruthaítear is go gcothaítear iad
Trí mo chumhachtsa gan teorainn,
Ní teanntaithe iontu atáim.

Ar nós na gaoithe is í ag bogadh de shíor
Pé áit dá dtéann sí, is in oll-fhairsinge an spáis
Atá sí i gcónaí,
Fanann gach aon neach ionamsa.

Cnuasaítear ar ais im’ bhroinn iad
Ag deireadh gach ciogail chosmaigh –
Céad caoga míle billiún bliain
De bhur mblianta ar an domhan seo –

Agus le tús gach ciogail nua
Seolaim uaim arís iad,
Óm’ fhlúirse doirteann
Foirmeacha iomadúla na beatha.

Ní cuing ormsa na gníomhartha sin, a Arjúna,
Seasaimse i leataobh uathu ar fad,
Beag beann ar a dtoradh,
Gan cheangal, suaimhneach.

Faoi mo threoirse, cruthaíonn an Nádúr
Gach uile neach, gach aon ní
Beo is neamhbheo,
Is cuirtear bonn faoin gcruinne go léir.

Bíonn an ghráin ag daoine baotha orm
Nuair a ghlacaim cruth an duine chugam féin,
Dall atáid ar m’fhíor-nádúr
Mar Thiarna na beatha go léir is an bháis.

Lucht na fíor-ghaoise, ámh, a Arjúna,
A thumann go domhain iontu féin,
A dhíríonn gan eagla orm, aithníonn siad mé
Mar fhoinse gan trá.
  
Do mo mholadhsa de shíor,
Dúthrachtach, deabhóideach, dílis,
Dá mbeatha deinid iomann síoraí,
Iomann do mo ghrása gan teorainn.

Daoine eile ar chonair an eolais
Aithníonn siad mé mar an tAon san iliomad;
Laistiar d’aghaidh na milliún déithe
Feiceann siad mo ghnúis.

Is mé an deasghnáth agus an t-adhradh,
An leigheas agus an mantra,
An t-im a dhóitear sa tine,
Agus na lasracha á ídiú.

Mise athair na cruinne
Agus an mháthair, eisint agus
Sprioc gach eolais, an scagaire, OM
Beannaithe agus an Véide faoi thrí.


Mise alfa agus óimige,
Bunús agus deireadh,
Tearmann, baile, fíor-leannán,
Broinn agus síol buanseasmhach.

Is mé teas na gréine,
Coinním siar an bháisteach agus scaoilim léi;
Is mé an bás, agus an neamhbhásmhaireacht,
Gach a bhfuil agus nach bhfuil.

Na fíréin a leanann na scrioptúir
Go dílis, a ólann an sóma
Agus a nglantar óna bpeacaí iad –
A ghuíonn go dtabharfaí go dtí na flaithis iad

Baineann siad amach domhan na ndéithe
Agus baineann sult as ríméad
Do-inste; ach i ndiaidh na gcianta
De na pléisiúir mhóra ghlórmhara sin

Agus a dtuillteanas ídithe, titeann siad siar
Isteach i ndomhan seo an duine arís;
An dúil á spreagadh, ní ghnóthaíonn siad
Ach nithe a imeoidh.

Ach iad siúd a mhachnaíonn ormsa
Go hairdeallach, agus mé á adhradh acu
Gach áit, i gcónaí, tabharfaidh mé duais dóibh
Nach féidir a chailliúint.

A Arjúna, iad siúd go léir a adhrann
Déithe eile le creideamh láidir,
Is mise dáiríre atá á adhradh acu,
Gan fhios dóibh féin.