Posts mit dem Label Nuafhilíocht na Síne werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Nuafhilíocht na Síne werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2021-02-12

Tamaillín Suaimhnis

Tá cónaí ormsa in áiléar, síleáil ghiúise,
páipéar balla agus móitíf aisteach Pheirseach air,
patrún cabhartha ó na saoithe ar an mbord cois leapa,
tocht Simmons, agus gaothrán síleála ollmhór,
ag casadh de shíor - raghfá as do cholainn!
Tá scoilt mhór sa chófra,
n'fheadar, ceapaim uaireanta go bhfuil teifeach i bhfolach ann.
Cúpla printíseach sa bheár fíona iad na comharsana béal dorais,
a gcanúint féin acu, agus iad róbhéasach ar fad dá n-aois.
Níl ach balla lasmuigh den taobhfhuinneog, ach i gcaitheamh an lae
doirteann an t-uafás solais tríd an bhfuinneog dín.
Ní chodlaím sa dara leath den oíche, bíonn fonn orm
féachaint tríd an bhfuinneog dín, agus spotaí geala ceocha
a aimsiú sa spéir.

Tá sé faoi mar dá mbeinn ar ais i ndúthaigh allta Shandong.
Ghabh déagóir go fáilí suas go dtí an díon,
cuaille ina ghlac, a bhun greamaitheach chun breith ar chiocádaí
ach is ag iarraidh breith ar réaltaí a bhí sé sa spéir íseal
agus ar feadh tamaillín mheas sé nach raibh aon neach beo 
chomh gar sin do neamh.

Chen Liang
Duck Yard Lyricists a chuir Béarla air: Meifu Wang, Michael Soper, Peter Micic & Johan Ramaekers



我的住处是间阁楼,顶子是松木的
壁纸的花纹波斯般诡异
床头柜浮雕着古代的人物
床是席梦思,吊扇硕大
它的旋转会让灵魂渐渐出窍
衣柜裂了很大的缝
让我经常怀疑有人在此藏匿
隔壁住着酒号的学徒
有多种口音,一律少年老成的面孔
边窗外是遮蔽的,白天会有光
从天窗强烈地投下来
后半夜睡不沉,依稀中
我会透过天窗,努力去寻找
天上那些模糊的亮点
这时候,我似乎又回到了山东乡间
一个少年偷偷爬上屋顶
用一根粘知了的杆子
去粘那些矮的星星,那一刻
他感觉自己是离星星最近的人

2021-02-05

Traein Ardluais

Nílim cinnte, ach ní hé an sráidbhaile san áit iasachta seo
Mo shráidbhailese. Scáthán atá sa spéir, domhan geimhriúil
Á lasadh aige. Gabhann seanóir thar bráid de rúid cois uisce,
Súil á coinneáil aige ar a thréad, an aimsir, an gort cruithneachta
Agus na goirt ríse uisciúla.

Tá damh ag ól. Níl ainm agam
Ar gach ainmhí díobh, faoi mar nach bhfuil ainm agam
Ar na daoine seo go léir ar an traein.
Tá bean ghalánta ag caoineadh, ag síodráil
Faoin bpósadh ar chlis air. Níl a hainm ar eolas agam,
Ach tá sí an-chosúil liom, le mo bhaile dúchais, le mo mhuintir
In áit iasachta mar seo, buailimid le chéile is scaraimid go tapaidh. Féach,
Na huaigheanna sa ghort cruithneachta, na tuamaí nua, na seantuamaí, an-dealraitheach lena chéile.

Ban Ruo
Leagan Béarla le Duck Yard Lyricists,  Meifu Wang, Michael Soper, Peter Micic & Johan Ramaekers.


Rugadh  in Xia'yi na Síne sa bhliain 1973. Is file, úrscéalaí agus gearrscéalaí í.

2021-01-14

Scaradh Roimh Bhreacadh an Lae

Tagann an lá,
ansin an chamhaoir,
am scarúna ansin fá dheoidh.
A seacht a chlog, am áitiúil, dar le TV Bhéising.
Im' pháiste dom, thaitin sé liom luí sa leaba
ag feitheamh le breacadh an lae,
d'fhan mo bhróiste airgid ina chuar bog suain.
Dheineas mo mhéara a chomhaireamh,
deich gcinn go cruinn.

Breacadh an lae nach mór,
ach gan solas fós sa spéir.
Breacann an lá is tagann tú. Solas an lae imithe nuair a imíonn tú.
Laethanta le solas, laethanta gan solas, tagann laethanta is imíonn.
Tagann tú, imíonn tú, teacht is imeacht,tú ag siúl chugam agus uaim.
Táim fásta suas anois ach leanaim orm ag brionglóideach
ag súil le breacadh an lae ar nós bheith ag feitheamh
le seandálaí
mé a thochailt lena spád,
mé a nochtadh os comhair an tsaoil.
Ó, ó, díreach nuair a bhraithim an t-aoibhneas sin, feicim do lámh ag imeacht.

An Qi
as 21st Century Chinese Poetry, No. 11

2021-01-09

Litir Chuig Cara

Lig dom insint duit faoi na caoirigh. Ar go leor slite
is geall le neacha aigéin iad a bhfuil an-chur amach agatsa orthu:
trí ghrásta an chruthaitheora, bíonn páistí acu,
cuma stócaigh orthu nó seanduine.
Ar na cnoic a bhíonn siad na laethanta seo,
tréad dlúth, tréad teolaí,
agus sioc tanaí orthu, mar a bheadh sliabh bán ann.
Réaltbhuíonta gan áireamh os a gcionn in airde:
an Béar ó thuaidh, an Camchéachta ó dheas, Aquarius Arabach,
Bealach na Bó Finne ar a chúrsa
ar nós na hAmasóine
... ársa ach úr.
Campálaimse in aice leo.
Is líonmhar iad mo chuid brionglóidí, leis,
agus a shólás féin ag gach ceann díobh.
An chamhaoir, ag sileadh drúchta,
ar snámh síos chun na bhféarthailte sna bunchnoic,
mar armáid ag seoladh chuig muir anaithnid.
Maidir liomsa, fillfeadsa ar an gcathair, laethanta ag feitheamh liom ann, is mo chinniúint.

Gannan A'xin
as 21st Century Chinese Poetry, No. 6

2020-12-07

Slán, a Shimné

 

Dúirt Daid uair amháin
má bhí simnéithe arda ann
agus gal ag teacht as na simnéithe sin
gurb ann a bhí tionscal ceart.

Sá lá atá inniu
tá a gcuid modhanna athraithe ag go leor monarchana;
gás nádúrtha ag cuid acu, coire leictreach ag an gcuid eile;
is féidir sceitheadh ón ngás nádúrtha a athchúrsáil mar acmhainn in-athnuaite,
agus níl múch ar bith ón gcoire leictreach.

Níl deatach ag teacht ón simné níos mó. 
Tá súil agam nach bhfuil fonn a leagtha ar éinne.
Seasadh sé go hard, mar chomhartha, mar chuimhne,
ach teastaíonn ó na hardoifigigh é a leagan.
Lá amháin, bhaineamar leas as inphléascadh treoch;
chuala mé toirneach, is thit an simné ina phleist.

Bhraitheas go hainnis mar gheall air go ceann i bhfad
agus chuimhníos láithreach ar m'athair a dtaitníodh píopa tobac go mór leis.
Choinníos na deora siar agus arsa mise liom féin im' chroí istigh:

Slán, a shimné,
Slán, a sheanleaid.

Long Xiaolong
[Duck Yard Lyricists a chuir Béarla air: Meifu Wang, Michael Soper, Peter Micic & Johan Ramaekers]


2020-12-05

Feartlaoi

 

Tá an trúbadóir dothraochta ina luí anseo.
Bhíodh a a chroí á iompar thart aige de shíor,
Ag canadh gach áit dá mbíodh sé.
Faoi shuan atá sé faoi láthair
agus deich gcnuasach filíochta faoina philiúr aige.

Sna scríbhinní aige, chuir sé an-dua air féin
chun clocha a mholadh - na clocha  stobarnáilte úd leis na ciuimheasanna garbha,
iad i ngleic le gaotha is gálaí.


Sna véarsaí aige, thaitníodh sé leis cur síos ar fhiailí,
fiailí a satlaíodh ainmhithe orthu,
agus na cinn a bheadh creimthe ag éan is brúid.
Bíonn a gceann sa spéir ag plandaí faoin mbáisteach.
Anuas air sin, dhein sé cur síos níos mó ná uair amháin
ar ghnáthbhláthanna fiáine
agus bláthanna fiáine gleoite de gach sórt.
Phioc sé an ceann ba dheise díobh, de láimh,
is thug abhaile leis í
mar bhrídeach.
Sa chuid eile dá scríbhinní, tháinig mallachtaí uaidh in ainm a choinsiasa.
Mhallaigh sé na hoícheanta dorcha,
daoine is nithe a bhí chomh dorcha leis na hoícheanta sin.

Mhaslaigh sé go leor daoine agus bhí droch-cháil air dá dheasca sin.


Xin You 辛酉
(1981—2011)
as 21st Century Chinese Poetry, No. 1

2020-07-21

Staidéar Ar Mhaisc

Chen Liming
Caithfear labhairt faoi mhaisc inniu
Fiú más ó long chúrsála féin é ar coraintín san Aigéan Ciúin.
Tá an fharraige ina léinseach, ní tharraingíonn grian an mheán lae aird uirthi féin.

Rud bídeach is ea masc taobh le long chúrsála;
Rud bídeach is ea long taobh leis an Aigéan Ciúin;
Rud bídeach í an mhuir taobh leis an spéir.

Sin slí amháin chun féachaint air. Tá an loighic neamhchasta.
Ní gá don spéir ná don Aigéan Ciúin masc a chaitheamh,
Ná an long chúrsála atá ar ancaire san aigéan.

Ach tá gá againne leis, ní mar chosaint ar gach uile olc,
Ach ar ár gcóras riospráide amháin. Cloiseann tú casacht uaimse,
Agus cloisimse an fhuaim chéanna ní rófhada uaim.
   
Ní hiad na faoileáin os ár gcionn a dhein an fhuaim sin.
Féach, tá na faoileáin ag eitilt
Mar is gnáth, ní maisc atá iontu is léir.

[Meifu Wang & Michael Soper a chuir Béarla air]

2020-07-13

Croí an Fhéir agam ar Iasacht

Guo Xiaoqi 郭晓琦
(r. 1973)
In Guanegou a bhíomar an lá sin.
Liath a bhí an spéir an lá sin, an t-aer fliuch agus milis, 
an t-uisce ag rith go ceolmhar.
In abar a bhíomar,
báite i sága fuatha agus grá, gan ar ár gcumas éalú.

Mé i gcéin faoi láthair,
agus is tusa an áit i mo shaolsa atá san imigéin. 
Nílim in ann ach a admháil duit, dar croí an fhéir atá thart ort. 
Nílim in ann ach croí na mbraonta drúchta a fháil ar iasacht is iad le fána an féar síos
chun admháil a dhéanamh. Lig dom, leis,
croí na bhfeithidí crónánacha sa mhothar a fháil ar iasacht, lig dom míniú a thabhairt duit. 

An brobh féir, nach simplí atá sé,
gile an drúchta,      
umhlaíocht na bhfeithidí, 
leis na trí croíthe sin is gaire don talamh, tabharfadsa mo shaol
iomlán is mé i ngrá leat.

Guo Xiaoqi 郭晓琦

[Is iad na Duck Yard Lyricists, a réitigh an leagan Béarla de: Meifu Wang, Michael Soper, Peter Micic & Johan Ramaekers]

2020-07-06

Súil Siar

Rong Rong (r1964)

Táim sean anois, mearbhall orm, miotais
is aguisíní go leor curtha agam le mo chuimhní.

Nithe is daoine ar mheascas leo nó ar sciorras tríothu,
cairdeas leamh nó gáifeach,
an t-uaigneas nó an tsáinn atá ar eolas agam féin amháin,

ní haon mhaith dul siar orthu ach níl leigheas air.
I gcás mo leithéidese, dul amú orm, is cumha,
cuimhní amháin a dhaingníonn an caisleán leochaileach istigh.

I láthair na huaire, abair, braithim uaim seanchara liom,
braithim uaim é ar nós uisce is talamh na ríochta seo agamsa –
creimeadh mall – mé ag breathnú uaim ar an rith chun srutha.

Rong Rong
[Meifu Wang & Michael Soper a chuir Béarla air].

2020-02-03

Siúlóid um Thráthnóna

Peng Jie
Tháinig an geimhreadh. Scuabamar na duilleoga tite isteach sa tinteán,
d'iompraíomar an grán buailte isteach sa siléar,
is chrochamar laindéir mhóra dhearga den pheargóla.
Trí bliana ó shin, nuair a cailleadh máthair Ma Deming;
bhíos-sa i lár úrscéal a scríobh ag an am.
Tar éis dinnéir, munar tháinig cuairteoirí go dtí an doras
nó munar glaodh Ma Deming chun na muilte iarainn le haghaidh ragoibre, théimis ag siúl lasmuigh den sráidbhaile.
Síos bóthar caol,
thar loch dorcha lonrach, faic idir sinn
is na crainn. Gan laindéar le feiscint, duine ná deoraí
gan ach an ghealach ár dtreorú
chuig talamh ard, is sinn ag seinm
ar an bhfliúit, na foinn ag léim
idir chraobhacha loma
sa chlapsholas go bánú an lae.

Peng Jie

Ó Bhéarla na Duck Yard Lyricists: Meifu Wang, Michael Soper, Peter Micic & Johan Ramaekers

夜晚的散步

冬天到了。我们把落叶扫进炉膛
粮食打好后运进地窖,把大红的灯笼
挂在高高的木架上。那是在三年前
马德明的母亲刚去世不久
我正在写一部长篇小说。
吃过晚饭后,如果没有人串门
马德明没有去镇上的铁厂加班
我们就去村外散步。沿着小路走下去
经过水光晦暗的湖泊,
一直到有树的地方。那里没有什么人
也没有什么灯,我们沿着月光
顺势攀往高处,成为那些
呜呜作响的手风琴,
在光秃秃的树枝上常常响到天亮。

彭杰






2020-01-10

Samhain

Samhain

    
    Tá a fhios aici
    go mbeidh doimhneacht
    níos mó im' shúilese
    i mí na Samhna.
    Is ansin a thagann sí chugam.

    Ar theacht mhí na Samhna,
    gach bliain, éiríonn sí beagán míshocair.

    Tá fhios aici go mbeidh cuma níos doimhne ar mo shúile
    i gcaitheamh na míosa sin.

Folamh, nach mór,
a bhíonn an spéir

    i mí na Samhna,
    gan ach corr-éan in airde.
    Tá's agam gur laethanta iad
    a thugann doimhneas
    do na súile,
    ní mo shúilese amháin
    ach súile cách.

    "Lig dom breathnú."
    Ardaíonn sí m'aghaidh.
    Á!...'
    Tá sé faoi mar a bheadh
    éan mór ann,
    a sciatháin á ngreadadh aige,
    is é ag tumadh
    isteach im' shúile.

'An éan é?'
Ní féidir a rá ach braithim
go ngabhann sé go domhain ionam.

    Féachann sí orm go séimh

    i gcónaí.

    Is dócha go bhfeiceann sí

    go bhfuilim níos seargtha

    ná mar a bhíos an tráth seo anuraidh . . .


Meng Ye


as 21st Century Chinese Poetry, Uimh. 2.

DUCK YARD LYRICISTS 鸭先知翻译团 a dhein an leagan Béarla


十一月


文 / 梦也


她知道,十一月,我的眼睛会变得
深邃起来。
她来看我。

每年的十一月,她就会变得不安。
她知道,我的双眼准会在这样的日子
变得深邃。

十一月,天空晴朗,飞禽稀少。
我知道,在这样的日子,不仅是我,
所有人的眼睛都会变得深邃起来……
“瞧瞧好么?”她捧住我的脸。
“呀——”
一只大鸟抖着翅膀,向我的眼球深处
沉下去……

“是鸟么?”
我也说不清。
我只感觉到:向深处去,向深处去……

她静静地看着我,能看得出,
我一年比一年更枯萎……




   
   
   

2019-12-29

Tráthnóna in Yunnan / 云南的黄昏

Tráthnóna in Yunnan,
Na Ye /娜夜‏

níor luadh an fhilíocht,
ní raibh aon tagairt d'fhulaingt daoine
sular chuamar a luí.
Beirt bhan,
is gan ceachtar againn ina máthair.
Faoin spéir réaltógach a labhramar,
fealsúnacht Kant,
an Mháthair Treasa, agus cairdeolaíocht.
Mhachnaíomar ar na haindiachaithe sin
a éiríonn cráifeach leis an aois,
agus gur gleoite iad scáileanna ná na nithe féin.
Bhí meon eile ann an uair sin:
coinníodh slán sinn gan mhuirín.

云南的黄昏

云南的黄昏
我们并没谈起诗歌
夜晚也没交换所谓的苦难
两个女人
都不是母亲
我们谈论星空和康德
特蕾莎修女和心脏内科
谈论无神论者迷信的晚年
一些事物的美在于它的阴影
另一个角度:没有孩子使我们得以完整

文 /娜夜‏



as 21st Century Chinese Poetry, Uimh. 8

2019-11-03

An Prionsa

Nocht an Prionsa san iarnóin, ag bun an chnoic.
Sméid sé orm, i bhfad uaim,
shiúil i mo threo, agus chroith lámh liom.

Bhí sé díreach tar éis peata colúir a scaoileadh saor,
mar sin ba bhoige ná riamh í a lámh
agus ba gheall le spéir an fhómhair í a ghné.

Níl aithne ag mórán ar an bPrionsa seo.
Na cailíní a thug an leasainm sin air.
Ghlaodar orm uair amháin, á rá
"Bei Ye, gabh i leith, tá an Prionsa tagtha!"

Agus go deimhin, ina shuí ar stóilín adhmaid a bhí an Prionsa
tamall uaim. Aoibh an gháire air.
Thart air bhí cúpla cat ina luí go suairc.


Bei Ye           

[Na Duck Yard Lyricists a chuir Béarla air: Meifu Wang, Michael Soper, Peter Micic & Johan Ramaekers]