Posts mit dem Label Haiku ag Freagairt d'Ealaín Chríostaí werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Haiku ag Freagairt d'Ealaín Chríostaí werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2021-06-13

Peter's denial,
Anton Robert Leinweber (1845-1921),
1919, Gouache on paper

scairt an choiligh . . .
an scairt a chuir Peadar
ag sileadh na ndeor

2021-04-25

2021-04-03

scaoiltear saor pobal Dé!

Críost i Liombó
Fra Angelico

 

bíodh an diabhal
ag Sátan  . . . 
scaoiltear saor pobal Dé!


2021-04-02

Piontais Píoláit

Cristo torna da Ponzio Pilato (mionghné)
Duccio di Buoninsegna





tusa is mise . . .
cén duine againn
nach é Piontais Píoláit é

Cloigeann Críost

Cloigeann Críost
Petrus Christus





fásann sé  fós . . .
an crann jújúbé
ónar sracadh na dealga

2021-04-01

Gethsamene II
Carl Bloch

iad siúd
nach bhfuil rompu ach céasadh . . .
go dtaga aingeal chucu

2021-03-31

«Совесть, Иуда»

«Совесть, Иуда»
Николай Николаевич Ге
[Coinsias, a Iúdáis
Nicolai Ge]


Iúdás...
an oíche ag cruinniú
ina thimpeall

2021-03-29

Mamón

The Worship of Mammon
Evelyn De Morgan


 

Mamón
dia bréige  . . .  
deacair an choróin a bhaint de


2021-03-28

Taibhreamh an Pápa Sergius

Taibhreamh an Pápa Sergius
Rogier van der Weyden

 

an mbíonn taibhrimh
ag pápaí?
bíonn ambaist – ár ndála féin



2021-03-26

San Francesco predica agli uccelli

 

San Francesco predica agli uccelli
Giotto

 

Proinsias  . . .
an té a labhraíonn
leis an éanlaith

2021-03-25

Áivé

 
L'Annunciazione, Cill 3,
Frà Beato Angelico, 1440-1442,
Mainistir San Marco, Firenze, Toscana


ag feitheamh leis na cianta
go ndéarfadh sé ‘Áivé’ . . .
an tArdaingeal


2021-03-21

An Tost

Christ in Silence
Odilon Redon
Date: c.1897







ón mBriathar
go dtí
an Tost . . .

2021-03-19

A Legend of St. Patrick,
by Briton Riviere, c. 1877.
Sudley House, Liverpool, United Kingdom.

 

a Phádraig . . .
beannaigh Éire
agus cosain í

2021-03-15

an mac drabhlásach

 

Henryk Siemiradzki

biseach ar an tráthnóna  . . .
an mac drabhlásach
tagtha abhaile

2021-03-14

bhur máthairse leis

Madonna di San Sisto (mionghné), Raphael

sea
a aingilíní  . . .
is í bhur máthairse leis í

2021-03-08

Alexej von Jawlensky:  Heilandsgesicht
Kopf Lichte Ruhe c1921.

cé hé

a deir na sluaite

mise?  *



 



Lúcás (9.18)

2021-03-07

Plúiríní Sneachta

 

Dante Gabriel Rossetti - Blanzifiore 

an duitse
a phreabann siad aníos, a Bhríd  . . .
plúiríní sneachta

2021-03-06

Síth Dé

 

Gabháil Chríost, Leabhar Cheanannais


Lochlannaigh ag treabhadh na dtonn . . .
níor chualadar trácht fós
ar shíth Dé



2021-02-28

Giotto

Giotto
Exorcism of the Demons at Arezzo
1299

is glóraí ná toirneach í
a n-arraing  . . .
teitheann na deamhain