|
Ar an lá seo 30 Samhain, 1935, cailleadh an mórfhile Fernando Pessoa Agus is é Pessoa a chuireann deireadh leis an mír seo den bhlag. Tá bliain iomlán déanta againn. |
Não sei quantas almas tenho.Não sei quantas almas tenho.Cada momento mudei. Continuamente me estranho. Nunca me vi nem achei. De tanto ser, só tenho alma. Quem tem alma não tem calma. Quem vê é só o que vê. Quem sente não é quem é. Atento ao que sou e vejo, Torno-me eles e não eu. Cada meu sonho ou desejo, É do que nasce, e não meu. Sou minha própria paisagem, Assisto à minha passagem, Diverso, móbil e só. Não sei sentir-me onde estou. Por isso, alheio, vou lendo Como páginas, meu ser. O que segue não prevendo, O que passou a esquecer. Noto à margem do que li O que julguei que senti. Releio e digo, «Fui eu?» Deus sabe, porque o escreveu. Níl fhios agam líon na n-anamacha atá ionamNíl fhios agam líon na n-anamacha atá ionam.D’athraíos ó mheandar go meandar. Braithim i gcónaí im stróinséir. Ní fhaca mé mé féin ná níor thána riamh orm féin. Ón méid iomlán díom, níl agam ach anam. An té a bhfuil anam aige ní suaimhneach dó. An té a fheiceann níl ann ach a bhfeiceann sé. An té a mhothaíonn ní hé é féin atá ann. Is airdeallach a bhím faoin méid atá ionam is a bhfeicim. Bímse iadsan agus stopaim de bheith mé féin. Gach aon bhrionglóid, gach aon dúil Is leis an té a rabhadar san aige iad, ní liomsa iad. Mise mo thírdhreach féin Breathnaím orm féin is mé ar aistear – Éagsúil, soghluaiste, liom féin. San áit seo ina bhfuilim ní mhothaímse mé féin. Sin an fáth a léimse mé féin mar stróinséir Mar a bheadh leathanaigh ann. N’fheadar cad a thiocfaidh Dearúdaimse gach ar tharla, Breacaim nóta ar imeall mo chuid léitheoireachta, Machnamh agus mothúcháin. Deinim iontas agus mé á athléamh: ‘Arbh in mise?' Tá’s ag Dia, mar eisean a scríobh. |
|
Posts mit dem Label Ar an lá seo werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Ar an lá seo werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
2014-11-30
Ar an lá seo 30 Samhain
Ar an lá seo 29 Samhain
|
Ar an lá seo 29 Samhain, 2001, cailleadh George Harrison. |
Chomh maith lena ghairm cheoil leis na Beatles, léirigh sé an t-albam Sacred Chants of India.
|
|
2014-11-28
Ar an lá seo 28 Samhain
|
Ar an lá seo 28 Samhain, 1960, cailleadh Richard Wright. |
Haiku leis le léamh anseo:
|
|
2014-11-27
Ar an lá seo, 27 Samhain
|
Ar an lá seo, 27 Samhain, 1474, cailleadh Guillaume Dufay |
2014-11-26
Ar an lá seo 26 Samhain
|
Ar an lá seo 26 Samhain 1857, cailleadh Joseph von Eichendorff. | ||
Seo thíos an chéad véarsa as Sehnsucht/Tnúth, ceann de na dánta is ceolmhaire sa Ghearmáinis:
SehnsuchtIs órga mar lonraíonn na réaltaíIm sheasamh dom cois fuinneoig’ Is cloisim i bhfad i gcéin uaim An adharc poist i dtír gan ghleo. Is smaoiním go domhain is faoi rún Nuair lasann im cholainn mo chroí: Á, b’aoibhinn a bheith leo faoi chlúid Is ag taisteal ar feadh na hoích’. Es schienen so golden die Sterne, am Fenster ich einsam stand und hörte aus weiter Ferne ein Posthorn im stillen Land. Das Herz mir im Leib entbrennte, da hab ich mir heimlich gedacht: Ach, wer da mitreisen könnte in der prächtigen Sommernacht! |
|||
2014-11-25
Ar an lá seo 25 Samhain
|
Ar an lá seo 25 Samhain, 1949, cailleadh Bill "Bojangles" Robinson. |
2014-11-24
Ar an lá seo 24 Samhain
|
Ar an lá seo 24 Samhain, 1961, rugadh Arundhati Roy |
“Ba chóir straitéis a bheith againn ní hamháin aghaidh a thabhairt ar an impireacht ach í a chur faoi léigear. Ocsaigin a cheilt uirthi. Í a náiriú. Magadh a dhéanamh fúithi. Lenár n-ealaín, ár gceol, ár litríocht, ár gceanndánacht, ár ríméad, ár sárchumas, ár mbuaine – agus ár mbua chun scéalta a insint…”
|
|
2014-11-23
Ar an lá seo 23 Samhain
|
Ar an lá seo 23 Samhain 2013 cailleadh Delbert Tibbs |
|
|
2014-11-22
Ar an lá seo 22 Samhain
|
Ar an lá seo 22 Samhain, 1869, rugadh André Gide, Duaiseoir Nobel |
2014-11-21
Ar an lá seo 21 Samhain
|
Ar an lá seo 21 Samhain, 1870, rugadh Alexander Berkman |
Caitheadh go dona leis i bpríosún. Is fiú go mór a chuimhní cinn a léamh.
|
|
2014-11-20
Ar an lá seo 20 Samhain
|
Ar an lá seo 20 Samhain 1923, rugadh Nadine Gordimer, Duaiseoir Nobel. |
"Tá naoi dteanga ag an tír seo agus ní labhraimse aon cheann acu. Tá sé sin domhaite!"
"Eitlíonn an briathar tríd an spás, preabann sé ó shatailítí, níos cóngaraí anois ná riamh do Neamh as ar tháinig sé an chéad lá, creidtear." "Tá ráite agam nach mbeadh aon rud fíorasach a scríobhfainnse nó a déarfainnse chomh fírinneach le mo chuid ficsin." |
|
2014-11-19
Ar an lá seo 19 Samhain
|
Ar an lá seo 19 Samhain, 1828, cailleadh Franz Schubert. |
Aistriúchán Gaeilge anseo thíos ar cheann de na 'Lieder' is cáiliúla leis, Der Leiermann/ An tOrgánaí Sráide, á rá anseo ag Thomas Quasthoff, Daniel Barenboim á thionlacan.
Der LeiermannLiricí: Wilhelm MüllerCeol: Franz Schubert Drüben hinterm Dorfe Steht ein Leiermann Und mit starren Fingern Dreht er, was er kann. Barfuß auf dem Eise Schwankt er hin und her Und sein kleiner Teller Bleibt ihm immer leer. Keiner mag ihn hören, Keiner sieht ihn an, Und die Hunde brummen Um den alten Mann. Und er läßt es gehen Alles, wie es will, Dreht und seine Leier Steht ihm nimmer still. Wunderlicher Alter, Soll ich mit dir geh'n? Willst zu meinen Liedern Deine Leier dreh'n? Orgánaí SráideSiúd lastall den bhaileAn t-orgánaí sráid’ ‘Seinm ar a dhícheall A mhéara reoite táid. Cosnocht ar an oighear ‘Luascadh soir is siar Agus tá a bhabhla Folamh agus fuar Níl aon neach ag éisteacht Tá an domhan mór dall Ar na gadhair ag tafann Timpeall ar an mball. Ligeann sé dó tarlú, Pé rud a tharlóidh: Casadh ‘thabhairt don orgán Nach mbeidh ciúin go deo. Seanóir liom na n-iontas Raghaidh mé leat ar fán Ach an mbeidh mo dhánta Ag an orgán? |
|
2014-11-18
Ar an lá seo 18 Samhain
|
Ar an lá seo 18 Samhain, 1888, rugadh Sri Tirumalai Krishnamacharya |
2014-11-17
Ar an lá seo 17 Samhain
2014-11-16
Ar an lá seo 16 Samhain
|
Ar an lá seo 16 Samhain, 1946, rugadh Terence McKenna. |
Má tá cúig uair an chloig le spáráil agat, nochtfaidh sé a chroí duit anseo:
|
|
2014-11-15
Ar an lá seo 15 Samhain
|
Ar an lá seo 15 Samhain,1886, rugadh René Guénon |
Níl ach sé nóiméad nó mar sin san fhíseán The Crisis of the Modern World. Is fiú breathnú air.
|
|
2014-11-14
Ar an lá seo 14 Samhain
|
Ar an lá seo 14 Samhain, 1910, rugadh Norman MacCaig. |
Mise is mo Smaointe FútAn tsean-sceach, cuimhnigh uirthibláth aonair a chuir iontas ort |
|
2014-11-13
Ar an lá seo 13 Samhain
|
Ar an lá seo 13 Samhain, 1699, baisteadh Jan Zach |
2014-11-12
Ar an lá seo 12 Samhain
|
Ar an lá seo 12 Samhain, 1915, rugadh Roland Barthes. |
2014-11-11
Ar an lá seo 11 Samhain
|
Ar an lá seo 11 Samhain 1696 rugadh Andrea Zani |
Abonnieren
Posts (Atom)



.jpg)















