Posts mit dem Label Kahlil Gibran werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Kahlil Gibran werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2021-10-30

An Grá atá Glanta ag Deora

Croíthe atá aontaite trí mheán na buartha
ní scarfaidh glóir an tsonais iad.
An grá atá glanta ag deora
fanfaidh íonghlan álainn de shíor.

Kahlil Gibran

2021-10-21

Deora is Braonta Drúchta

 

D'fhéadfá dearmad a dhéanamh
ar an té ar roinnn tú do gháire léi
ach ní dhearúdfar go deo
an té ar roinn tú deora léi.

Ní foláir nó tá rud éigin diamhair beannaithe sa salann.
Faightear inár ndeora é agus sa sáile.

Ólfaidh ár nDia agus tart trócaireach air
gach éinne againn,
an braon drúchta is an deoir.

Kahlil Gibran

2021-10-19

Tnúthán Lastall de Bhriathra

 
Ba neacha fáin ag eiteallaigh
lán de thnúthán sinn
míle míle bliain
sular thug an mhuir is an ghaoth is an fhoraois
briathra dúinn.

Anois, conas na laethanta ón anallód
ionainn a chur in iúl
is gan againn
ach fuaimeanna an lae inné?

Uair amháin a labhair an Sfioncs, sin uile,
agus arsa an Sfioncs,
'Gaineamhlach is ea gráinne gainimh,
agus gráinne gainimh is ea gaineamhlach,
agus anois bímis inár dtost arís.'

Kahlil Gibran


2021-10-16

An Áilleacht sa Chroí


Dhá ghné atá anseo,
an áilleacht agus an fhírinne, -
an áilleacht i gcroí na leannán
agus an fhírinne i lámha
na gcuradóirí.

Gabhann áilleacht mhór mé
ach saorann áilleacht níos mó fós mé
fiú uaithi féin.

Soilsíonn an áilleacht níos gile
i gcroí an té atá á santú
ná i súile an té a bhreathnaíonn uirthi.

Kahlil Gibran

2021-10-15

Suantraí

 


Is minic suantraí á chanadh againn dár leanaí
chun go gcodlóimis féin.
Kahlil Gibran


2021-10-09

Mianta ar Fán

Nuair ba mhian ar fán sa cheo a bhí ionat,
bhíos-sa leis ann im' mhian ar fán.

Lorgaíomar a chéile ansin
agus sa díograis sin
cruthaíodh aislingí.

Agus is é a bhí sna haislingí sin an t-am gan teorainn,
agus is é a bhí sna haislingí sin spás nach féidir a thomhas.

Agus nuair ba bhriathar tostmhar thú
ar bhéal creathánach na beatha,
bhíos-sa leis ann, briathar tostmhar eile.

Ansin, labhair an bheatha sinn
agus thángamar anuas trí na cianta,
cuimhní ionainn ag preabadh ón lá inné
agus dúil againn sa lá amárach.

Mar is é an bás cloíte a bhí sa lá inné
agus tóir ar an mbreith a bhí sa lá amárach.

Kahlil Gibran

2021-10-08

Solas an Ghrá

 

Briathar solasmhar é an grá
scríofa ag lámh sholasmhar
ar leathanach solasmhar.

Kahlil Gibran

2021-06-14

Ní leanaí leat iad do chuid leanaí.

 Ní leanaí leat iad do chuid leanaí.
Clann mhac is clann iníonacha na Beatha iad is í ag tnúth léi féin.
Tríbhse ach ní uaibh a thángadar,
Agus cé gur faraibh atá siad ní libh iad.
 
Féadann sibh bhur ngrá a thabhairt dóibh ach ní bhur gcuid smaointe,
Mar tá a gcuid smaointe féin acu.
Féadann sibh díon dá gcolainn a chur ar fáil dóibh ach ní dá n-anam,
Mar is i dtigh an lae amárach atá cónaí ar a n-anam, nach féidir cuairt a thabhairt air, fiú i dtaibhreamh.
D’fhéadfá tabhairt faoi bheith cosúil leo, ach ná tabhair faoi iadsan a bheith cosúil leatsa.
Mar ní ghabhann an saol siar agus ní chrochann thart leis an lá inné.
Is sibhse na boghanna óna dteilgtear bhur leanaí mar shaigheada beo.
Feiceann an boghdóir an marc ar chonair na síoraíochta, agus lúbann Sé lena neart thú chun go raghadh A shaigheada i bhfad agus go mear.
Lúbtar faoi lámh an Bhoghdóra thú ar mhaithe le lúcháir;
Má tá grá Aige don tsaighead a eitlíonn, tá grá Aige chomh maith don bhogha atá socair.

Kahlil Gibran

2021-06-02

An Fáidh

Leabhar 26 fabhalscéal scríofa mar dhánta próis é An Fáidh le Kahlil Gibran, file agus fealsamh Liobánach-Mheiriceánach. Ba sa bhliain 1923 a foilsíodh ar dtús é agus is é an saothar is iomráití de chuid Gibran é. Aistríodh go breis is 100 teanga é, ceann de na leabhair is mó a aistríodh riamh. Ní raibh sé riamh as cló. 

Cuirtear an Fáidh Almustafa in aithne dúinn i dtosach an leabhair. Dosaen bliain atá sé ag feitheamh leis an long a thabharfaidh abhaile é. Sula n-imíonn sé, iarrann cuid d'áitreabhaigh na cathrach Orfalaís air a thuiscint do choincheapa áirithe a roinnt leo den uair dheireanach ("Labhair linn faoi..."). Tugann an Fáidh 26 seanmóir uaidh a bhaineann le buncheisteanna na beatha, is e sin an grá, an pósadh, leanaí, déirc, ithe is ól, obair, áthas is brón, tithe, éadach, díol agus ceannach, coiriúlacht agus pionós, dlíthe, saoirse, réasún agus paisean, pian, féin-eolas, teagasc, cairdeas, caint, am, maith is olc, paidreoireacht, pléisiúr, áilleacht, reiligiún, agus i ndeireadh na dála, an bás. Sa chaibidil dheireanach, tá ceist cad is brí le brí fite fuaite ina bhriathra scoir.


The Prophet is a book of 26 fables written in English prose poetry by the Lebanese-American poet and philosopher Kahlil Gibran. It was first published in 1923 and is Gibran's best known work. The Prophet has been translated into over 100 languages, making it one of the most translated books in history. It has never been out of print. 

The narrative introduces us to the Prophet Almustafa, who has waited twelve years for his ship, which will finally take him back to his homeland. Before leaving, some inhabitants of the city of Orphalese ask him to convey to them his insights on various topics for the last time ("Speak to us of..."). The Prophet relates 26 sermons that deal with basic questions of human life, namely love, marriage, children, giving, eating and drinking, work, joy and sorrow, houses, clothes, buying and selling, crime and punish-ment, laws, freedom, reason and passion, pain, self-knowledge, teaching, friendship, talking, time, good and evil, prayer, pleasure, beauty, religion, and finally death. In the final chapter, Almustafa interweaves a discussion about the question of meaning into his parting words.

An Fáidh
Kahlil Gibran
Traschruthaithe ag Gabriel Rosenstock
Evertype 2021&
ISBN 978-1-78201-249-8