Posts mit dem Label Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2015-02-27

Ollchruinniú ag Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge 7 Márta, 11:00-15:30

Beidh Ollchruinniú ag Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge 

Dé Sathairn 7 Márta, 11:00-15:30 

san 

Amharclann,  
Institiúid na hÉireann, 
Teach an Phiarsaigh, 
Sráid an Phiarsaigh, 
Baile Átha Cliath 2.

Tá dréachtaí ón Choiste Stiúrtha le dul os comhair an chruinnithe le leasú nó le glacadh leo trí vótáil agus tá oifigigh agus Coiste Stiúrtha 2015 le toghadh (Coiste Stiúrtha sealadach a toghadh an an ollchruinniú i mí Eanáir). Iarrtar oraibh na cáipéisí leis seo a scrúdú roimh ré agus má tá leasuithe le moladh iad a bheith réidh agaibh chun cabhrú le héifeacht an chruinnithe. Má tá tú sásta glacadh le hainmniúchán nó seasamh don choiste ach gan a bheith in ann freastal ar an chruinniú, cuir sin in iúil dúinn i scríbhinn, le do thoil.

De bharr gur gá do dhuine bheith ag príomh-dhoras Theach an Phiarsaigh chun daoine a scaoileadh isteach chuig an Amharclann ar chúl an tí, iarrtar ar dhaoine a bheith i láthair in am. Is féidir casadh le chéile sa Trinity Inn Hotel béal dorais má thagann tú mórán roimh am. Mar a cheile tar éis an tsosa don lón.

Tá súil agam go mbeidh ar do chumas a bheith ann chun páirt a ghlacadh sa phlé agus a bheith ar ais linn, i ndiaidh béile a chaitheamh, san Amharclann don ócáid liteartha agus cheoil atá á reáchtáil ag Imram, 18:00-20:00 agus do fháiltiú fíona.

2014-11-17

Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge: Ó Chathal Póirtéir

A chairde na scríbhneoireachta,

Tá mé ag feidhmiú mar rúnaí sealadach ar Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge go dtí go mbíonn deis ag na baill coiste stiúrtha a thoghadh ag ollchruinniú. Ba mhaith liom moltaí a bhailiú uaibh faoi na spriocanna a ba chóir a bheith ag an Aontas agus faoi na háiseanna agus na seirbhísí a ba mhaith libh a fháil ón Aontas. Bunaithe ar bhur bhfreagraí, cuirfidh mé cáipéis le chéile roimh an ollchruinniú agus thig linn í a phlé.

Cár choir dúinn toscaireachtaí agus aighneachtaí a chur? Luaigh daoine liom Áis, Foras na Gaeilge, RTÉ, TG4, An Chomhairle Ealaíon, Idirmhalartán Litríochta Éireann, foilsitheoirí, Cultúr Éireann...an bhfuil tuilleadh le cur leis an liosta sin?

Cad a ba cheart dúinn a lorg? Cad iad na gnéithe a ba chóir dúinn díriú orthu? Cad iad na scéimeanna a n-éiríonn leo? An gá scéimeanna nua a thosú, seanscéimeanna a neartú? Cad a cheapann muid faoin dóigh is fearr le feabhas a chur ar dhreasachtaí, duaiseanna, aistriúcháin, cearta, conarthaí, scéimeanna cónaithe, comórtais, cothú na léitheoireachta, cothú na scríbhneoireachta, oiliúint do scríbhneoirí, eagarthóireacht, cúrsaí oiliúna, cúrsaí léirmheasanna, poiblíochta agus margaíochta.

Cad iad na cáilíochta do scríbhneoir a bheith ina b(h)all san Aontas? An ionann an duine atá i ndiaidh 100 leabhar a scríobh agus an duine a d’fhoilsigh 100 líne? Ar chóir níos mó ná cineál amháin ballraíochta a bheith ann do dhaoine nach bhfuil mórán scríofa acu ach a ba mhaith leo a bheith ag tabhairt tacaíochta dúinn nó ag forbairt a gcuid scríbhneoireachta féin? Cúrsaí aoise (íosteorainn!)

Ar chóir go mbeadh táille ballraíochta ann?

Beidh fáilte mhór roimh mholtaí agus tuairimí ach bíodh siad réasúnta gonta – táimid ag tarraingt ar 100 duine ar an liosta!

Is dóigh liom go mba chóir an cruinniú a eagrú Dé Sathairn éigin i mBaile Átha Cliath ag am a bheadh oiriúnach do thraenacha agus busanna ionas nach mbeadh costas lóistín ar aon duine. Is dóigh liom go bhfuil sé indéanta go fóill cruinniú a ghairm roimh Nollaig. Cad a cheapann sibh?

Gabhaim buíochas libh as bhur seoltaí ríomh-phoist a thabhairt dom le comhfhreagras a dhéanamh furasta agus gasta. Leanaigí ag scaipeadh an scéil faoin Aontas. Aithním go bhfuil go leor scríbhneoirí gníomhacha nach bhfuil i ndiaidh nóta a chur chugam go fóill . . .!

Is mise le meas,

Cathal Póirtéir

2014-11-06

Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge

A chairde,

Roghnaigh Oireachtas na Gaeilge an téama "Scríbhneoireacht na Gaeilge: Gairm Bheatha nó Caitheamh Aimsire" do Fhóram na Scríbhneoirí a bhí mar chuid de fhéile na Samhna i gCill Airne. Ar an phainéal maidin Dé hAoine bhí Pádraig Mac Fhearghusa, Máire Ní Annracháin, Gabriel Rosenstock agus Mícheál Ó Ruairc. Bhí Cathal Póirtéir ina chathaoirleach ar an phlé a mhair dhá uair a chloig.

Léirigh an cúpla scór duine a bhí i láthair go bhfuil míshásamh ann leis an dóigh ina bhfuil cúrsaí faoi láthair: easpa plean straitéise do fhorbairt na scríbhneoireachta, easpa cumarsáide agus easpa tacaíochta do na scríbhneoirí ó go leor de na hinstitiúidí agus eagraíochtaí a ba chóir forbairt na scríbhneoireachta Gaeilge a bheith faoina gcúram acu.

Socraíodh Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge á bhunú le guth a thabhairt do scríbhneoirí na Gaeilge agus chun ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann le freastal ceart orthu a éileamh ó iomlán earnáil na foilsitheoireachta. Beidh Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge ag féachaint chuige deiseanna níos fearr a bheith ag an scríbhneoir Gaeilge luach a shaothar a fháil agus an saothar sin a bheith curtha os comhair an phobail ar na dóigheanna is tarraingtí gur féidir.

Chun na cuspóirí sin a bhaint amach ba mhaith linn cuireadh a thabhairt do oiread scríbhneoirí Gaeilge agus is féidir teacht le chéile in Aontas na Scríbhneoirí lena gcomhairleacha a chur i gceann a chéile, chun plean oibre a leagan amach agus chun coiste stiúrtha a roghnú.

Go dtí go n-éiríonn linn cruinniú a reáchtáil, tá mise (Cathal Póirtéir) sásta feidhmiú mar rúnaí sealadach. Ba mhaith liom bunachar sonraí de scríbhneoirí na Gaeilge a chur le chéile ina mbeidh seoladh ríomh-phoist, uimhir fóin phóca agus mar sin ann ionas gur féidir liom eolas a scaipeadh gan stró agus ar bheagán costais trí r-phostanna grúpa a sheoladh amach agus grúpa a bhunú ar what’s ap nó ceann de na bealaí saora téascanna gutháin.

Bheadh súil agam go mbeidh freagra gasta go leor air seo agus go mbeidh ar ár gcumas cruinniú lae a bheith againn deireadh seachtaine éigin in ionad fóirsteanach.

Scaip an scéal seo ar oiread scríbhneoirí Gaeilge agus is féidir leat, le do thoil. Ní neart go cur le chéile.

Is féidir teacht orm ag cathalpoirteir@gmail.com

agus 086-3375927.

Is mise le meas,

Cathal Póirtéir