Posts mit dem Label dánta do pháistí werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label dánta do pháistí werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2025-04-30

Cnámha Éisc

 (après Matthew Sweeney)


Cnámha éisc i mbosca bruscair bréan.

Cloigeann, cnámh droma, rubaillín - fuar.
Tiocfaidh na cait go luath.

Níor thaitin sé leis a bheith mar a bhí,
lán d'imní.
Dhún sé na súile (nach raibh aige)
is é ag feitheamh le brionglóidí.
 
Siar leis go dtí an t-am
a raibh sé ramhar
agus te ar phláta.
Sú líomóide, anlann,
cúpla práta.
Fear agus scian aige -
scian a sháite.

Níor thaitin sé leis a bheith mar a bhí,
Lán d'imní.
Dhún sé na súile (nach raibh aige)
is é ag feitheamh le brionglóidí.

Siar leis go dtí an reoiteoir
Gríscíní feola
bia reoite.

Níor thaitin sé leis a bheith mar a bhí,
lán d'imní.
Dhún sé na súile (nach raibh aige)
is é ag feitheamh le brionglóidí.

Siar leis agus é gafa i líon
na n-iascairí; bhíodar séidte -
é féin agus éisc eile ina gcéadta.


Níor thaitin sé leis a bheith mar a bhí,
lán d'imní.
Dhún sé na súile (nach raibh aige)
is é ag feitheamh le brionglóidí.

Siar leis agus é ag scinneadh tríd an sáile
leis na bradáin is na smugairlí róin,
tonnta ag gáire
grian agus báisteach.

Thaitin se leis anois a bheith mar a bhí
gan aon imní.
Dhún sé na súile (nach raibh aige)
i saol na mbrionglóidí.

2025-04-28

Amhrán na gCrann

 le file den treibh Chippewa


níl eagla orm
roimh aon ní
seachas an ghaoth


2025-04-27

Toisc Mé a Bheith Bocht

 le file den treibh Kiowa


Toisc mé a bheith bocht
bím ag guí ar son gach neach beo


2025-04-21

GLUAISEACHT

après Petar Tchouhov


Cá dtéann
an tsráid seo

chuig an bhfarraige
chuig an spéir
chuig an sliabh
chuige féin
chugamsa

céim
ar chéim
déanaim dearmad
ar na ceisteanna

is freagra anois mé
gan cheist

2025-04-20

Amhrán an tSnaga Bhric

 dán de chuid na Navajo


An snag breac! An snag breac! Anseo
faoi bháine a chuid sciathán
tá coiscéimeanna na maidine.
   Breacadh an lae!  Breacadh an lae!


2025-04-19

Tá mo bhriathra ceangailte

 file den treibh Yokut


Tá mo bhriathra ceangailte
leis na sléibhte móra
leis na carraigeacha móra
leis na crainn mhóra
ceangailte le mo cholainn féin
agus le mo chroí

Cabhraígí liom
le cumhacht osnádúrtha,
agus tusa - an lá
agus tusa - an oíche
feiceann sibh go léir mé
ceangailte leis an domhan seo atáim.

2025-04-18

Amhrán na Toirní

le file den treibh Chippewa


Bímse
ag bogadh thart
uaireanta
agus trua agam
dom féin
agus an ghaoth do m'iompar
trasna na spéire


2025-04-12

Tá uaigneas ar fud mo chroí

 le file den treibh Chippewa


Tá uaigneas ar fud mo chroí
lán de bhuairt atáim
tá mo ghrá geal imithe uaim, imithe

Is dorcha í spéir an tráthnóna
Is duairc í cantain na n-éan maidine
tá mo ghrá geal imithe uaim, imithe

Ba é gile na gréine é
áilleacht agus lúcháir,
fill orm, fill, a lúcháir, a ghile!


2025-04-11

Ar Nós Béir Atáim

 le file den treibh Pawnee


Ar nós béir atáim
      Ardaím mo dhá lámh
          Ag feitheamh le héirí na gréine

2025-04-10

Breith ar bhreac is deacair

 

(cnuasaithe ag Knud Rasmussen ó na hIonúitigh)


An t-amhrán seo atáim ag iarraidh a rá,
a chaithfidh mé a chur le chéile,
cén fáth nach bhfuil sé ag teacht chugam, n'fheadar?
Bhí poll iascaireachta san oighear i Sioraq
agus bhraitheas breac beag ar an dorú -
ach d'imigh sé ansin uaim.
Sheasas ansin, an dorú á chroitheadh agam.
Cén fáth a bhfuil sé chomh deacair sin?
Nuair a tháinig an samhradh agus nuair a leath na huiscí máguaird
d'éirigh an iascaireacht an-deacair.
Ní oireann an obair seo dom in aon chor.


2025-04-05

Amhrán ag Teacht ar an Saol

le file Ionúiteach

oíche gheimhridh
sa séasúr dorcha
nuair a bhí cách
ina suan
Tháinig fuaim chugam
a bhuail mo chluas
a bhuail mo chluas!

2025-03-29

Ulchabhán

  le file den treibh Papago


Ag éirí dearg atá an tráthnóna
díreach os mo chionn tá an deirge
   ag leathadh i ngach aon treo baill
Amach liom ag eitilt is ligim scréach
ceithre huaire

2025-03-28

Is Mise an Ghealach


 file den treibh Sioux


Tá mé anseo
féach orm
ar sise agus í ag éirí
is mise an ghealach
féach orm




2025-03-27

Ba í an ghaoth í

 file den treibh Navajo


An ghaoth a thug beatha dóibh.
An ghaoth a thagann amach as ár mbéal
a thugann beatha dúinne anois.
Nuair nach séideann an ghaoth sin níos mó
cailltear sinn.
Sa chraiceann atá i mbarr na méar againn
feicimid rian na gaoithe:
taispeánann sé dúinn cá raibh an ghaoth ag séideadh
nuair a cruthaíodh ár sinsir


2025-03-26

Amhrán an Fhéileacáin

 file den treibh Acoma


Féileacán, féileacán, féileacán, féileacán!
Ó, féach air, ar foluain i measc na mbláthanna.
Cosúil le naíonán atá ag iarraidh siúl - níl tuairim aige -
Ó na néalta anuas tagann cith báistí.



2025-03-25

Thug mé torthaí dóibh

  file den treibh Arapaho

                                    1
A pháistí,
     nuair a thaitin na daoine geala liom,
A pháistí,
    nuair a thaitin na daoine geala liom
thug mé torthaí dóibh
thug mé torthaí dóibh.

                                 2
A Athair,
   bíodh trua agat dom
A Athair,
    bíodh trua agat dom
táim ag gol, tá tart orm
táim ag gol, tá tart orm
tá gach aon rud imithe - níl faic le hithe agam
tá gach aon rud imithe - níl faic le hithe agam

2025-03-24

Istoíche

 (après Aileen Fisher)

Tá an oíche dorcha
ach níl mo chatsa buartha
tá lampa lasta aici
ina súile.

2025-03-23

Measaim gur Buachaill Bó í an Múinteoir

 (après John Coldwell)

Ní hé amháin toisc go dtagann sí ar scoil ar muin capaill
Agus go mbíonn Colt 45 aici ina mála láimhe
Ní hé amháin go siúlann sí agus a dhá lámh aici thar a cromáin

Ní hé amháin an tslí a ngléasann sí í féin:
Hata stenson agus spoir ar na buataisí.

Ní hé amháin a cuid cainte é
An O.K. Corral a thabhairt ar an gclós súgartha
Oifig an tSirriam a thabhairt ar Sheomra an Phríomhoide

Ach nuair a bhuaileann an clog
a ligeann dúinn dul abhaile
Buaileann sí a ceathrú clé
agus ligeann liú -
        'Yííí hááá!'

2025-03-07

Fís Uncail Toby

Garda Pharthais
Franz von Stuck
  

 'Nuair a dhúnaimse mo shúile,' arsa Toby,
'Bíonn claíomh geal bladhmach i mo lámh
Agus samhlaímse ar feadh nóiméid
Gur mise an tArdaingeal Mícheál.

Is é mo ghnósa Gairdín Éidin
A chosaint ó lá go lá:
Ní jab é sin do gach éinne
Ach domsa féin amháin!' 


-----------
Péintéir Gearmánach ab ea Franz von Stuck (23 Feabhra 1863 - 30 Lúnasa 1928).
Déantóir priontaí, dealbhóir, greanadóir agus ailtire ab ea é chomh maith.