Posts mit dem Label Dán Sanscraite werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Dán Sanscraite werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2020-04-28

Is Tú an Féin


 ātmā tvaṃ girijā matiḥ sahacarāḥ prāṇāḥ śarīraṃ gṛham 
pūjā te viṣayopabhogaracanā nidrā samādhisthitiḥ 
sañcāraḥ padayoḥ pradakṣiṇavidhiḥ stotrāṇi sarvā giro 
yadyatkarma karomi tattadakhilaṃ śambho tavārādhanam

               [as an  Shivamānasapūjā]

Glóir duit
is Tú an Féin
do shliabhraonsa is ea m'aigne
companách leat í m'anáil
do theampallsa mo cholainn
aon ní a mbainim sult as
nó a chruthaím
ofrálacha Duitse iad
samādhi é mo shuan
is mé ag siúl
gabham Tharat
m'urlabhra go léir ina moladh
gach rud a dheinim
ofráil Duitse é go léir.

2020-02-13

An Chamhaoir

Mar ainnir óg a lonraíonn an Chamhaoir,
Gach neach beo aici á corraí.
Chun leas an duine a adhnadh an Tine Dhiaga;
Chruthaigh an Chamhaoir an solas, ruaigeadh an smál.

A gaetha aici á gcraobhscaoileadh; d’éirigh is thug aghaidh ar chách,
Faoina róbaí gléigeala maisiúla maorga;
Órga niamhrach í, aoibhinn don tsúil,
Máthair an tsoláthair, máistreás ar an domhan bán.

Is beannaithe í, an ghrian á hiompar aici, súil na ndéithe,
Each fionn ar ghreim sriain léi, ollásach,
Nochtann an Chamhaoir í féin, gile na gile,
An domhan á chlaochlú aici go fairsing slán.

A spéirbhean, cloígh an domhan led’ ghile!
Ullmhaigh dúinn féaraigh a bheidh saor ón uamhan!
Díbir an fuath, bronn orainn do chiste!
A bhanfhlaith, beannaigh ár n-amhrán.

Soilsigh sinn led’ ghlóire shíoraí,
A Chamhaoir dhiaga! Bronn saol fada orainn is só,
A Bhandia atá lán de ghrásta! Tabhair suaimhneas dúinn
Is bólacht, capaill is carbaid gan cháim!

A iníon neimhe, a Chamhaoir uasal án,
Cumann filí laoithe is iomainn i d’onóir.
Tabhair saibhreas dúinn is luachmhaire i bhfad ná ór.
A dhéithe, beannaígí sinn go léir is beannaígí an lá!

2020-02-11

Misneach [Dán Sanscraite]

Faoi mar nach gcliseann ar an spéir ná ar an domhan fiú
is gan aon eagla orthu,
ná bíodh aon eagla ortsa, a anáil liom na beatha.

Faoi mar nach gcliseann ar an lá ná ar an oíche fiú
is gan aon eagla orthu,
ná bíodh aon eagla ortsa, a anáil liom na beatha.

Faoi mar nach gcliseann ar an ngrian ná ar an ngealach fiú
is gan aon eagla orthu,
ná bíodh aon eagla ortsa, a anáil liom na beatha.

Faoi mar nach gcliseann ar spiorad ná ar aicsean fiú
is gan aon eagla orthu,
ná bíodh aon eagla ortsa, a anáil liom na beatha.

Faoi mar nach gcliseann ar an bhfírinne ná ar an anord fiú
is gan aon eagla orthu,
ná bíodh aon eagla ortsa, a anáil liom na beatha.

Faoi mar nach gcliseann ar an am atá thart ná ar an am atá le teacht fiú
is gan aon eagla orthu,
ná bíodh aon eagla ortsa, a anáil liom na beatha.

2020-01-13

Le rá am proinne


brahmarpaṇaṃ brahmahavir brahmāgnau brahmaṇā hutaṃ brahmaiva tena gantavyaṃ brahmakarma samādhinā

Bráman atá sa liach; Bráman an rud a ofrálann an sagart i dtine Bhrámain, Bráman an próiseas ar fad. Bráman amháin an toradh don té a mhachnaíonn ar ghníomhaíocht mar Bhráman.
annapūrṇe sadāpūrṇe śaṅkara prāṇa vallabhe jñānavairāgya siddhyarthaṃ bhikṣāṃ dehi ca parvati

Ó, a Mháthair Annapúrna, Tusa atá ag cur thar maoil de shíor, Tusa is ionúin le Shankara, Ó, a Mháthair Párvaití, deonaigh déirc do ghrásta dom, chun eolas spioradálta a mhúscailt ionam is saoirse ó mhianta ábhartha.

mātā ca parvatī devi pitā devo maheśvara bāndhavāḥ śiva bhaktāśca svadeśo bhuvanatrayam

Is í Devi Párvaití mo Mháthair agus is é Deva Maheswara m’Athair, móidíní an Tiarna Síve iad mo chairde, agus is iad na Trí Dhomhain iad mo thír dhúchais.

aham vaiśvānaro bhūtvā prāṇināṃ dehamāśritaḥ  prāṇāpānāsamāyuktaḥ pacāmyannaṃ caturvidhaṃ

Mise a ghabhann umam foirm na tine i mbolg gach neach beo, agus a nascann leis an anáil isteach is an anáil amach, chun na ceithre saghsanna bia a dhíleá agus a chomhtháthú.

jīvane yāvadādānaṃ syāt pradānantatodhikaṃ ityeśā prarthanāsmākaṃ bhagavan paripūryatām

Dá mhéad a thógtar sa saol seo, is ceart níos mó a thabhairt ar ais. Guímid go gcomhlíonfaí an phaidir seo duitse, a Thiarna.

2019-12-07

Smaointe

Imíonn ár gcuid smaointe i ngach aon treo
Is is iomaí slí a bhíonn ag daoine:
An saor cairte ag súil le timpistí
Is an lia le mairtíreach,
An sagart le pátrún a bhfuil a phócaí lán.
       Ar mhaithe le d’Anam, a Aigne
       Scaoil le do chuid smaointe fáin!

Tá fear tirim agus fean cleití
Is an uile uirlis cloiche ag an ngabha,
Lá i ndiaidh lae bíonn custaiméirí uaidh
Daoine a bhfuil airgead acu sa sparán.
       Ar mhaithe le d’Anam, a Aigne
       Scaoil le do chuid smaointe fáin!

Amhránaí mise, m’athair ina dhochtúir,
Meileann mo mháthair plúr le cloch bhró,
Smaoiníonn gach duine ar domhan ar bhrabús
Treabhaimid ar aghaidh ar nós bó sa láib.
       Ar mhaithe le d’Anam, a Aigne
       Scaoil le do chuid smaointe fáin!

Tarraingíonn capall carráiste mear,
Cad atá ón siamsóir ach gáire,
Sliotán clúmhach atá ón mbod
Agus ón bhfrog an lochán lán.
       Ar mhaithe le d’Anam, a Aigne
       Scaoil le do chuid smaointe fáin!

2019-10-28

Aranyāni: Spiorad na Foraoise

A Ainnir na Foraoise! A Ainnir na Foraoise!
       Téann tú as radharc san imigéin uainn,
Cén fáth nach dtabharfá cuairt ar an sráidbhaile?
       Ní hé go scanraíonn daoine thú!

Nuair a fhreagraíonn an dreoilín teaspaigh
       Do ghéimneach na mbó i gcéin,
Mar a bheadh do chling bhinn na gclog,
       Bíonn Ainnir na Foraoise i mbun scléipe.

Uaireanta, faightear spléachadh uirthi, ba ar iníor
       Mheasfá, nó tigh ar fhíor na spéire,
Agus cloistear Ainnir na Foraoise um thráthnóna
       Mar a bheadh vaigíní ag imeacht tamall fada uait.

Guth an duine ag glaoch ar a chuid beithíoch a guth,
       Nó torann crainn á leagan.
Fan san fhoraois tráthnóna éigin
       Agus cloisfidh tú í mar éamh ón gcnoc.

Ní baol dúinn í Ainnir na Foraoise
       Ní baol d’éinne í ach dá namhaid.
Itheann sí torthaí milse na coille
       Is glacann scíth nuair is áil léi é.

Tá Ainnir na Foraoise molta anois agam,
       Tá boladh an bhalsaim uaithi, is í atá cumhra,
Cothaithe go maith atá sí cé nach ndéanann an talamh a shaothrú,
       Sí máthair an uile ní atá fiáin í.
 

2019-10-27

Tusa É Sin

D’iarr Uddālaka ar a mhac toradh bainiain a fháil dó.
          ‘Seo dhuit é, a Thiarna!’ arsa Śvetaketu.
          ‘Bris é,’ arsa Uddālaka.
          ‘Tá sé briste agam, a Thiarna!’
          ‘Cad is léir duit ann?’
          ‘Síolta beaga, a Thiarna!’
          ‘Bris ceann acu, a mhic!’
          ‘Tá sé briste, a Thiarna!’
          ‘Cad is léir duit ann?’
          ‘Faic, a Thiarna!’ arsa Śvetaketu.
Arsa Uddālaka: ‘A mhic! D’fhás an bainian mór seo
As síol chomh beag sin
Nach léir duit é.
Creid uaimse an méid seo, a mhic!
          Síol atá sa bheith; gach aon ní eile
          Eisean á chur féin in iúl.
          Eisean an fhírinne. Eisean an Féin.
          A Śvetaketu! Tusa é sin!’