Posts mit dem Label gormacha werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label gormacha werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2014-09-16

Ar an lá seo 16 Meán Fómhair

Ar an lá seo 16 Meán Fómhair, 1925, rugadh B B King

Gach aon lá mé tá gorm

Gach aon lá, gach aon lá mé tá gorm
Gach aon lá, gach aon lá mé tá gorm
Nuair ’chíonn tú buartha mé, a stór
Ó sea bíonn uaigneas orm.

Ó níl grá ag éinn’ dom, is cuma leo sa diabhal
Sea níl grá ag éinn’ dom, is cuma leo sa diabhal
Maidir le mí-ádh is trioblóid
Bhuel is liomsa bhí siad fial.

Táim chun mála a phacáil, bogadh liom, a ghrá
Sea táim chun mála a phacáil, bogadh liom, a ghrá
Áit nach mbeidh aon duine buartha
Agus gan éinne á chrá.

2014-09-12

Ar an lá seo 12 Meán Fómhair

Ar an lá seo 12 Meán Fómhair, 2003, cailleadh Johnny Cash.

An chéad uair

An chéad uair domsa do ghnúis ’fheiceáil,
id shúilese a scal an ghrian
Is do bhronn tú gealach agus bhronn tú réalt’
ar spéartha dú’ dorcha síoraí
A mhian

Is an chéad uair dúinne bheith beol le beol
Im lámha bhí an domhan gan suan
Mar chroí ag preabadh, croí éin i gcás
Agus é ar ordú uaim

Is an chéad uair domsa im luí led thaobh
Nach cóngarach dom a bhí do chroí
Is bheadh ár lúcháir ar fud an domhain
Anois agus go síoraí
A mhian
An chéad uair domsa do ghnúis ’fheiceáil.

Folsom Prison Blues

Tá an traein ag teannadh linne
Ón gcúinne chugainn go mear
Ní fhaca mé ga gréine
Le …ní tamall gearr
Táim sáite in Folsom Prison
Is stop an t-am, ochón,
Is tá an traein ag gluaiseacht léi
Síos go San Antone.

Nuair bhíos-sa i mo bháibín,
Ar Mama liom “A mhac
Bí i do bhuachaill múinte
Gan gunna i do ghlac.”
Ach do lámhachas fear in Reno
Chun breathnú ar a bhás
Nuair a chloisimse an fheadaíl
Tosnaím ag gol go fras.

Bí cinnte go bhfuil boic ag ithe
Ina gcarr galánta dóibh
Nó ag slogadh siar an chaife
Ag caitheamh na dtodóg
Ach nach raibh sé tuillte agam!
Ní bheidh mé saor go deo
Is na daoine ag síorghluaiseacht
Iad 'na ndealg sa bheo.

Bhuel, dá saorfaí mé ón bpríosún seo
Dá mba liom an t-iarnród
Bí cinnte go mbogfainn as an áit seo
Ó, gan aon agó
I bhfad ó Folsom Prison
Is ann a gheobhainnse scíth
Agus ligfinnse don fheadaíl
An brón a ghlanadh díom.

2014-07-17

Ar an lá seo 17 Iúil

Ar an lá seo 17 Iúil, 1959, cailleadh Billie Holiday

TOR AISTEACH

Ait an tor ar na crainn ó dheas,
Fuil ar dhuilleoga, an fhuil faoin teas,
Corpáin ghorma ag luascadh sa ghaoth
Aisteach an tor, ó nach aisteach é.
An saol ó dheas, ó nach é 'tá méith
Súile ag at agus caime an bhéil,
Cumhracht magnóilia, úr isló
Is boladh tobann duine á dhó.
Tor é seo don phréachán dubh
Cnuasaíodh an bháisteach é is an ghaoth inniu,
Á lobhadh faoin ngrian, síos leis sa mhoirt
Tor an-aisteach, tor an-ghoirt.

2014-07-11

Ar an lá seo 11 Iúil

Ar an lá seo 11 Iúil, 1937, cailleadh George Gershwin

SAMHRADH LINN

Samhradh linn!
Is an saol mar ba mhian leat
Éisc ag léimreach
Fásann cadás go mín

Ó, tá pinginí ag Daid
Tá do mháthair an-dathúil
Bí ciúin, a bháibín,
Agus ná caoin

Maidin go luath
Tosóidh tusa ag canadh
Na heití ar leathadh
Fágfaidh tusa an bhinn

Ach ’dtí an lá sin
Ní gá dhuitse bheith buartha
Beidh daidí is mamaí leatsa, a mhaoin

Samhradh linn!
Is an saol mar ba mhian leat
Éisc ag léimreach
Fásann cadás go mín

Ó, tá pinginí ag Daid
Tá do mháthair an-dathúil
Bí ciúin, a bháibín,
Agus ná caoin

2014-07-06

Ar an lá seo 6 Iúil

Ar an lá seo 6 Iúil, 1971, cailleadh Louis Armstrong

Ó nach breá é an saol

Feicim glas na gcrann
Deirge na rós
Is iad faoi bhláth
Duitse is domhs’
Agus deirim liom féin
Ó nach breá é an saol.

Feicim gorm na spéir’
Is néalta bán’
Is gile an lae
An oíche faoi scáth
Agus deirim liom féin
Ó nach breá é an saol.

Dathanna ’n bhogha cheatha
Is gleoite iad sa spéir.
Is aghaidheanna na ndaoine
Na sluaite sin go léir
Is iad ag croitheadh láimh’
Á rá, Conas tá tú?’
Sé tá ’cu á rá:
’S tú mo rún!

An báibín ag gol,
Ag fás go teann
’Foghlaim níos mó
Ná mar ’tá im’ cheann
Agus deirim liom féin
Ó nach breá é an saol.
Sea, deirim liom féin
Ó nach breá é an saol.
Ó yé.

2014-04-29

How I Got Over / MAR A THÁNA TRÍD

 


Mar a thána tríd
Conas a tháinig me tríd
Féach siar, a anam, is déan iontas
Conas a tháinig mé tríd
Mar a tháinig mé tríd
Ag leanúint orm an t-am go léir
Féach siar, a anam, is déan iontas
Conas a tháinig mé tríd.

Conas a tharla sé, 'Thiarna,
Bhí sé thar a bheith deacair teacht tríd muise
Féach siar, a anam, is déan iontas
Conas a thánamar tríd
Conas a tharla sé, 'Thiarna,
Is fada ag titim is ag éirí mé
Ach, a anam, féach siar is déan iontas
Conas a tháinig mé tríd.



      Ach feicfead Íosa go luath
      A céasadh ar son cách
      Fuil a chroí ag sileadh
      Óna cholainn chaomh lách

     
Buíochas leis as mé a thabhairt as an bhfásach
As gach aon rud a mhúin sé dom mar dhalta
Buíochas as mé a choimeád slán
Is buíochas leis nár lig sé dom dul ar fán
Gabhaim buíochas leis as an sean-reiligiún
Is gabhaim buíochas leis as an bhfís a chur chugainn
Lá breá éigin beidh mé ag canadh sa Chór
Is canfaidh mé gan traochadh go deo.

Is canfaidh mé ansin gar d’altóir Dé
Agus imeoidh mo chuid trioblóidí ina n-éamh
Caithfidh mé buíochas a ghabháil le mo Thiarna
As a bheith chomh caoin, yé,
Is mar a tháinig mé tríd
B’éigean dom caoineadh i lár na hoíche is mé ag teacht tríd
Ach a anam, féach siar is déan iontas
Conas a tháinig mé tríd.
Abair liom conas a tháinig mé tríd, a Dhé,
Éirí, titim, an t-am go léir
Féach siar, a anam, is déan iontas
Conas a tháinig mé tríd.

Táim chun diamaint a chaitheamh, tá,
Sa Nua-Iarúsailéim
Is siúl ar na sráideanna óir
Is ann ’tá an sean-fhód.
Is feicfead lucht an tsíoda ghlé
Táid ag taisteal ó inné
Táid ag teacht anois le chéile
Gach aon chine a shíolraigh ó Éabha
Anoir, aduaidh, aneas, aniar
Is iad ar fad ag lorg scíthe
Is beidh siad ar fad ag canadh sa Chór
Agus beimid ag canadh is ag canadh go deo

Is canfaimid ansin gar d’altóir Dé
Agus imeoidh ár gcuid trioblóidí ina n-éamh
Caithfear buíochas a ghabháil
As gach aon ní a chur ar fáil

Táim anseo tráthnóna le rún buíochais
Yé táim anseo le rún buíochais
An oíche ar fad choinnigh Dia a chuid aingeal
Os mo chionn,
Go moch ar maidin, go moch ar maidin
Arsa Dia lena aingeal: bí léi i m’áitse
Ar sé: bí léi i m’áitse.
D’éiríos ar maidin, d’éiríos ar maidin, d’éiríos ar maidin
Tá fonn orm liú, tá fonn orm liú, tá fonn orm liú
Tá fonn orm liú, tá fonn orm liú, tá fonn orm liú,
Tá fonn orm liú, tá fonn orm liú, tá fonn orm liú
Tá fonn orm liú a ligean chugat, a Dhé, a ligean chugat, A Dhé,
A ligean chugat a Dhé, is buíochas a ghabháil
As gach aon ní a fháil, cuireadh gach ar fáil.

2014-04-09

Ar an lá seo 9 Aibreán

Ar an lá seo 9 Aibreán, 1898, rugadh Paul Robeson

SAMHRADH LINN

Samhradh linn!
Is an saol mar ba mhian leat
Éisc ag léimreach
Fásann cadás go mín

Ó, tá stór ag Daid
Tá do mháthair an-dathúil
Bí ciúin, a bháibín,
Ná caoin

Go luath ar maidin
Tosóidh tusa ag canadh
Na heití ar leathadh
Fágfaidh tusa an bhinn

Ach ’dtí an lá sin
Ní gá dhuitse bheith buartha
Beidh Daidí is Mamaí leatsa, a mhaoin

Samhradh linn!
Is an saol mar ba mhian leat
Éisc ag léimreach
Fásann cadás go mín

Ó, tá stór ag Daid
Tá do mháthair an-dathúil
Bí ciúin, a bháibín,
Ná caoin

2014-03-07

Tionscadal na nGormacha / The IMRAM Blues Project

Dhúisíos ar Maidin / Woke up this Morning:


Féachann Imram anocht ar an gormacha sa cheol agus san fhilíocht. Amhráin chlasaiceacha agus dánta sa seánra seo á chur i láthair ag Liam Ó Muirthile, Gabriel Rosenstock, an Mary Ryan Blues Group agus le físeanna gormacha ó Margaret Lonergan.

Exploring blues poetry and song, including classic songs by Bessie Smith, Billie Holiday and poems by Langston Hughes, Amiri Baraka and others, this magical event curated by Liam Carson, features performances by Irish poets, the Mary Ryan Blues Band and projections by Margaret Lonergan.

Date: Sat, 15 Mar
Where: RHA Gallery, Dublin 2
Time: 8:30 PM

Breis eolais ⁊ áirithintí /More Information & Booking:

2013-12-02

2 Nollaig: Ar an lá seo, cailleadh Odetta Holmes

Ar an lá seo, 2 Nollaig, 2008, cailleadh Odetta Holmes i Nua-Eabhrac. Éist leis an leagan aici de Mr Tambourine Man de chuid Bhob Dylan. Tá a dhraíocht féin ag baint leis: 


Anois, can an leagan Gaeilge de! Athraigh siolla thall is abhus más maith leat. Ná bac cóipcheart! Is linne an teanga. Is linne an domhan!

'Fhir an Bhodhráin, hé!

CURFÁ:
 ’Fhir an bhodhráin, hé, can amhrán deas dúinn,
Mar níl néal orm is níl fonn orm bóthar a bhualadh.
’Fhir an bhodhráin, hé, can amhrán deas dúinn
Agus leanfad tríd an maidin thú go huaigneach.


Is tá impireacht na nóna ina gaineamh cheana féin
I bhfad i bhfad i gcéin
I mo staic anseo ach fós ní thagann néal,
Táim traochta agus alltacht orm, mo chos go daingean fúm
Ní thagann éinne chugam
Is tá an tsráid ró-lom ró-ársa lena samhlú

CURFÁ


Is tóg ar imram mé ar do long atá ar strae
Táim bodhar is táim dall, níl mothú i mo lámh,
Mo mhéara táid leathmharbh, is tá ana-fhonn imeachta
Ar mo bhróga.
Soir is siar is cuma liom, táim ullamh le dul as
Im pharáidse féin go pras, seol áthas chugam go fras
Is geallaim bheith i bpáirt leis


CURFÁ

Cé go gcloisfeá sceitimíní agus gaetha geala ón ngrian
Ná ceap go bhfuilim dian, ag éalú atáim ón bpian
Seachas spéir níl fál ar bith ar Éirinn.
Is má chloiseann tú burdúinín nó dáinín nó haiku
Fear grinn ’tá ann arú, is níl uaidh gan dabht ach scriú
(Dá bhodhrán an dtuigeann tú), b’fhéidir nach bhfuil ann ach
Saoi – nó ‘b’fhéidir éigsín

CURFÁ

Beir leat mé ag rámhaillí trí aigne an cheo
Go dtí na laethanta fadó, na duilleoga is iad ag reo,
Na crainn is iad ag feo, amach go Dún an Óir,
An brón ag dul thar fóir, ag dul le báiní.
Uch! Rincimis faoin spéir gheal ghorm, leathlámh ag sméideadh léi
Na tonnta móra glé, is an gaineamh lán de ghreann
Is gach cuimhne is gach dán ’mithe síos go tóin poill
Fág slán le gach aon lá go dtí amárach.

CURFÁ

2013-10-07

Tnáite mé ag feitheamh

Nuair a bhíos san Ind fuaireas leabhar agus in áit 'Translated by' bhí 'Transcreated by' agus thaitin sé liom mar nath. Táim chun 'Traschruthaithe ag' a úsáid feasta, measaim!


TNÁITE MÉ AG FEITHEAMH


Tnáite mé ag feitheamh
Sea, feitheamh fada fuar
An deoir ghorm á sileadh -
Tar, a dhaidí dhil, go luath.

Tá sneachta ar an bhfuinneog
Ní reofaidh sé mo chroí
Mar fuair sé bás nuair d'fhág tú mé,
Is scriosadh aislingí.

Tnáite mé ag feitheamh
Sea, feitheamh fada fuar
An deoir ghorm á sileadh
Tar, a dhaidí dhil, go luath
Ó, a dhaidí dhil, monuar.

Trí dheora feicim leannáin
 Is iad ag siúl thar bráid
 Is gach aon scéal nár tharla riamh -
 Maith dhom, a Dhia, mo chrá.

Tnáite mé ag feitheamh
Sea, feitheamh fada fuar
An deoir ghorm á sileadh
Tar, a dhaidí dhil, go luath
Ó, a dhaidí dhil, monuar.

                         (Traschruthaithe ag Gabriel Rosenstock)

WEARY BLUES:


Weary blues from waitin’
Lord, I’ve been waitin’ so long
These blues have got me cryin’
Oh, sweet daddy please come home

The snow falls ’round my window
But it can’t chill my heart
God knows it died the day you left
My dream world fell apart.

Weary blues from waitin’
Lord, I’ve been waitin’ so long
These blues have got me cryin’
Oh, sweet daddy please come home

Oh, sweet daddy please come home

Through tears I watch young lovers
As they go strollin’ by
And all the things that might have been
God forgive me if I cry

Weary blues from waitin’
Lord, I’ve been waitin’ so long
These blues have got me cryin’
Oh, sweet daddy please come home

Oh, sweet daddy please come home

2013-10-05

Duan don Chailín Crón

Ó dheas ó dheas in Dixie
    (Briseann sé mo chroí)
Crochadh mo leannán dorcha
    Ag Crosaire an Chrainn.

Ó dheas ó dheas in Dixie
    (Corp basctha sa ghaoth)
D’fhiafraíos-sa de gheal-Íosa
    ‘An fiú an phaidir bhaoth?’

Ó dheas ó dheas in Dixie
    (Briseann sé mo chroí)
An grá ina scáil tarnocht
    Ar lomaghéag an chama-chrainn.
Langston Hughes

Song for a Dark Girl


Way Down South in Dixie
    (Break the heart of me)
They hung my black young lover
    To a cross roads tree.

Way Down South in Dixie
    (Bruised body high in air)
I asked the white Lord Jesus
    What was the use of prayer.

Way Down South in Dixie
    (Break the heart of me)
Love is a naked shadow
    On a gnarled and naked tree.

2013-10-04

Sonia Sanchez: Haiku Gorma


lig dom bheith im dhí-
seart duit im ghaoth duit
dod shéideadh an lá ar fad

mise tusa i ngrá
lem scáil féin ag breathnú
ar fhéileacán iarnóna

cosa fásctha timpeall ort
ceamara. aicsean. seat teann.
ní athchraoladh é  seo

bhfuil fógra ar cíos
ar mo thóin? Níl cearta críche
ar bith agat anseo

nuair a déarfaimid slán
bíodh do theangasa im bhéal
ag damhsa heileo

ró-shleamhain
dom. ní thig liom tú a choinneáil
fada teann. níl dóthain oícheanta ann

Ar an suíomh idirlín Terebess Asia Online a fuarthas na haiku a leanas de chuid Sonia Sanchez:

trí thine ag do bhéal
anois ba mhaith leat go slogfainn
an t-aigéan

measctha leis an lá leis an ngrian
cromtha sa chré iompraím
i m’abhainn dhorcha thú

mise mé féin
faic ceilte síoda dubh amháin
os cionn dhá ghlúin

m’aghaidh cholmnach
do theacht is d’imeacht
breá réidh

racht gáire uait is mian liom
a chlos is mé ag marcaíocht ort
go maidin

ghreanas d’aghaidh
ar mo theanga is labhraim
leat i nguth maol

an mise ionat an tusa
ionam ag imbhualadh faoina chéile
i mbraon síl

as Morning Haiku (Beacon Press, Bostún)
(do Max Roach)


níl deireadh le haon ní
cuimhne ar do ghlór
ag gach seamaide féir

pléascann do ghlórtha
sa chruinne is filleann
ar an domhan mar phaidir

is tú ag drumáil
do dhá lámh sínte chun Dé
an t-am ar fad

aithris aoibhinn
ar do gháire
spéir na maidine

do bhuille mear
ag marcaíocht ar aer
ag socrú síos inár gcnámha

do lámha
ag lonrú
ar chosa na báistí.

as Haiku in English: The First Hundred Years

ná habair focal
tá an t-am ag sceitheadh
sna coillte

2013-10-03

Gormacha an Bhuachalla Uaignigh

Ó neamhdhuine is fada an t-achar é
Póca mór í áit ar bith
Chun rudaí beaga deasa
A chur ann

Nár tharla riamh déanta na fírinne

D’éinne ach amháin
An dream sin a raibh an t-ádh leo
Nár saolaíodh iad
Ó droch-áit is ea uaigneach

Le bheith sáite ann i measc na bplód

Is gan éinne ann
Ach tú féin amháin ag marcaíocht anonn is anall
Ar
Each caoch bán
Ar bhóthar folamh
Is buaileann tú led chairde go léir
Is sibh i láthair a chéile

Is fada an t-achar é neamhdhuine

Kenneth Patchen

2013-10-02

Gormacha Pósta

Níor theastaigh sé uaimse, is uaitse a bhí.
Tá sé agat anois is ní thaitníonn sé leat.
Níl aon éalú anois.
Muiceoil is pónairí, faicíní le ní,
Róbhocht le haghaidh scannáin, róthraochta le haghaidh babhta leathair.
Níl faic is féidir a dhéanamh.

Luathscríbhneoirí gnéasacha ar an traein faoi thalamh.
Tá ceann breá mór ag an mbuachaill grósaera.
Níl faic is féidir a dhéanamh ina thaobh.

Ní thagann an óige ach uair amháin,
Caithfear imeacht nuair a bheidh an t-am istigh.
Is mar sin a bhíonn. Níl éinne in ann é a athrú.

Leaideanna i ngluaisteáin mhóra ag feadaíl.
Ong na dtraenacha lastais istoíche.
Níl aon éalú uaidh.

Is mar sin atá an saol.
Gach éinne sa riocht céanna.
Ní athróidh sé go deo deo deo.

Kenneth Rexroth

2013-10-01

Gormacha an tSluachampa Ghéibhinn

Nílimse ag magadh, a chairde, nílimse ag ligean orm
Ní chuirfinn an dubh ina gheal oraibh, nílimse ag ligean orm,
An tIndiach sa chomarclann, sa gheiteo an fear gorm. 

Ar nós a bheith sa bhaile is tú ag iarraidh éalú
An mhiúil is í sa stalla,  is í ag iarraidh éalú,
Tá tú istigh i ngeiteo agus fanfaidh tú ann arú.

Ní chuirfinn an dubh ina gheal oraibh, ná déan gáire fúm
Táthar ag faire orainn, ná déan gáire fúm
Ag faire ar ár ndroim, sea, ar a leagfaidh siad an úim.

Bíodh ciall agaibh, a chairde, amach linn as an gcampa
Nílimse ag magadh, amach linn as an gcampa
Mar tá fear ansin is é réidh lenár mbrandáil lena stampa.
 Henry Dumas

2013-09-19

Tor Aisteach/Strange Fruit (Billie Holiday)

Tor Aisteach

Ait an tor ar na crainn ó dheas,
Fuil ar dhuilleoga, an fhuil faoin teas,
Corpáin ghorma ag luascadh sa ghaoth
Aisteach an tor, ó nach aisteach é.

An saol ó dheas, ó nach é 'tá méith
Súile ag at agus caime an bhéil,
Cumhracht mhagnóilia, úr isló
Is boladh tobann duine á dhó

Tor é seo don phréachán dubh
Cnuasaíodh an bháisteach é is an ghaoth inniu,
Á lobhadh faoin ngrian, síos leis sa mhoirt
Tor an-aisteach, tor an-ghoirt.

Strange Fruit  (Billie Holiday)

Southern trees bear a strange fruit,
Blood on the leaves and blood at the root,
Black bodies swinging in the southern breeze,
Strange fruit hanging from the poplar trees.

Pastoral scene of the gallant south,
The bulging eyes and the twisted mouth,
Scent of magnolias, sweet and fresh,
Then the sudden smell of burning flesh.

Here is fruit for the crows to pluck,
For the rain to gather, for the wind to suck,
For the sun to rot, for the trees to drop,
Here is a strange and bitter crop.

2013-09-17

John Lee Hooker: Níl Bia ar an mBord


Níl Bia ar an mBord

Níl bia ar an mbord
Is tá mo chosa gan bhróg
Níl bia ar an mbord
Is tá mo chosa gan bhróg
Trócaire, a deir na leanaí
Mar nach bhfuil díon os a gcionn

Drochshaol, drochshaol
Drochshaol, drochshaol atá lán d'éad
Drochshaol, drochshaol
Drochshaol, drochshaol atá lán d'éad
Mura bhfaighimse lámh chúnta
Ní bheidh mé anseo i gceann trí mhí

Níl bia ar an mbord
Is tá mo chosa gan bhróg
Níl bia ar an mbord
Is tá mo chosa gan bhróg
Trócaire, a deir na leanaí
Mar nach bhfuil díon os a gcionn

Drochshaol, drochshaol
Drochshaol, drochshaol atá lán d'éad
Drochshaol, drochshaol
Drochshaol, drochshaol atá lán d'éad
Mura bhfaighimse lámh chúnta
Ní bheidh mé anseo i gceann trí mhí

Mo chosa gan bhróg
Is níl aon bhia ag dul ar an mbord
Mo chosa gan bhróg
Is níl aon bhia ag dul ar an mbord
Ó, nach brónach!
Scread aráin na leanaí.

NO FOOD ON MY TABLE/NO SHOES (John Lee Hooker)

No food on my table
And no shoes to put on my feet
No food on my table
And no shoes to put on my feet
My children cry for mercy
They got no place to call their own

Hard times, hard times
Hard times, seem like a jealous thing
Hard times, hard times
Hard times seem like a jealous thing
If someone don't help me
I just can't be around three months long

No food on my table
And no shoes to put on my feet
No food on my table
And no shoes to put on my feet
My children cry for mercy
They got no place to call their own

Hard times, hard times
Hard times, seem like a jealous thing
Hard times, hard times
Hard times seem like a jealous thing
If someone don't help me
I just can't be around three months long

No shoes on my feet
And no food to go on my table  
No shoes on my feet
And no food to go on my table
Oh, no, too sad
Children crying for bread

Black Mountain Blues le Bessie Smith

Sna Cruacha Dubha, gheofá bos ón tachrán
Sna Cruacha Dubha, gheofá bos ón tachrán
Bíonn fuisce ón mbáibín, is bíonn na héin gan amhrán.

Sna Cruacha Dubha, tá an pobal ar strae
Sna Cruacha Dubha, tá an pobal ar strae
Gheofá púdar gunna leis an mbainne sa tae!

Sna Cruacha Dubha, deacair fear a choinneáil
Sna Cruacha Dubha, deacair fear a choinneáil
Deacair fear a fháil ciontach, deacair ceart a fháil

Bhí fear agam sna Cruacha, sé a bhí go breá
Bhí fear agam sna Cruacha, sé a bhí go breá
Fuair sé cailín Domhnaigh is tá mo chroí á leá.

Tá mo thriall ar na Cruacha le gunna is rásúr géar
Tá mo thriall ar na Cruacha le gunna is rásúr géar
Chun é stialladh ina bheatha is a mharú le piléar

Sna Cruacha Dubha, foghlaimeoidh tú ceacht
Sna Cruacha Dubha, foghlaimeoidh tú ceacht
Aimseoidh an piléar thú, ó go cruinn is go beacht

Táim lán de phoitín is an diabhal thiar orm
Táim lán de phoitín is an diabhal thiar orm
Táim i dtrioblóid cheart is tá na Cruacha gorm

                              ~      
Back in Black Mountain, a child will smack your face
Back in Black Mountain, a child will smack your face
Babies cryin' for liquor, and all the birds sing bass

Black Mountain people are bad as they can be
Black Mountain people are bad as they can be
They uses gunpowder just to sweeten their tea

Back in Black Mountain, can't keep a man in jail
Back in Black Mountain, can't keep a man in jail
If the jury finds him guilty, the judge'll go the bail

Had a man in Black Mountain, sweetest man in town
Had a man in Black Mountain, the sweetest man in town
He met a city gal, and he throwed me down

I'm bound for Black Mountain, me and my razor and my gun
Lord, I'm bound for Black Mountain, me and my razor and gun
I'm gonna shoot him as he stands still, and cut him as he runs

Down in Black Mountain, they all shoot quick and straight
Down in Black Mountain, they all shoot quick and straight
The bullet'll get you, if you start to dodgin' too late

Got the devil in my soul, and I'm full of bad booze
Got the devil in my soul, and I'm full of bad booze
I'm out here for trouble, I've got the Black Mountain blues

2013-09-16

Langston Hughes: Amhrán Báistí Mhí Aibreáin

Amhrán Báistí Mhí Aibreáin

Lig don bháisteach tú a phógadh
Lig di sileadh ar do chloigeann ina deora líofa airgid
Lig di suantraí a chanadh duit
Cruthaíonn an bháisteach locháin shéimhe ar an gcosán
Cruthaíonn an bháisteach linnte reatha sa gháitéar
Seinneann an bháisteach geantraí bhog suain ar an díon istoíche
Agus is geal liom í mar bháisteach



April Rain Song

Let the rain kiss you
Let the rain beat upon your head with silver liquid drops
Let the rain sing you a lullaby
The rain makes still pools on the sidewalk
The rain makes running pools in the gutter
The rain plays a little sleep song on our roof at night
And I love the rain.


Langston Hughes

2013-09-15

Langston Hughes: Cliaraí

Cliaraí


Leathan é mo chár
le gáire
domhain is ea mo bhráid
is binn
ceapann tú
nár iompraíos náire
agus pianta
le mo linn?

Toisc leathan é mo chár
le gáire
ní chloiseann tusa
scréach ná liú
cé aerach iad
mo chosa ag damhsa
gheobhadsa bás
nach dtuigeann tú

Minstrel Man


Because my mouth
Is wide with laughter
And my throat
Is deep with song,
You do not think
I suffer after
I have held my pain
So long?

Because my mouth
Is wide with laughter,
You do not hear
My inner cry?
Because my feet
Are gay with dancing,
You do not know
I die?
Langston Hughes