Posts mit dem Label Sri Ramana Maharshi werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Sri Ramana Maharshi werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2020-09-18

Saoi Arunachala / The Sage of Arunachala

 

Victoria Martos: Sri Ramana Maharshi

Saoi Arunachala

níos báine ná eala bhán
ag eitilt trí shneachta
ar snámh trí shneachta
ag iompú ina shneachta
Aon chalóg i measc iliomad calóg
 ar fán anois
socair anois
socair anois
ar fán anois
Aon chalóg i measc iliomad calóg
ag iompó ina shneachta
ar snámh trí shneachta
ag eitilt trí shneachta
níos báine ná eala bhán


The Sage of Arunachala

whiter than a white swan 
flying through snow
floating through snow
becoming snow
the One flake in a multitude of flakes
now drifting
now still
now still
now drifting
the One flake in a multitude of flakes
becoming snow
floating through snow
flying through snow
whiter than a white swan


2019-09-20

Sri Ramana Maharshi

Níl sé i gceist
go mbeadh freagra ar an gceist
"Cé mise?"
Is é atá i gceist
leis an gceist
"Cé mise?"
ná an ceistitheoir
á leá.

2019-09-18

Sri Ramana Maharshi

Tum an aigne ghlanta
sa Chroí.
Beidh an obair go léir thart ansin.
Croílár
gach disciplín spioradálta
is ea é sin.

2018-09-16

Sri Ramana Maharshi


 Ní hé an saol lasmuigh dhíot is cúis le do chrá,
                                      ionatsa atá sé - mar ego.
Dá ndiúltófá don ego - gan aird ar bith a thabhairt air, is é a bharrdhó,
                                    bheifeá saor.
Má ghlacann tú leis, cuirfidh sé teorainneacha leat
agus beidh tú ag streachailt go deo
ag iarraidh na teorainneacha sin
                                    a shárú.