Posts mit dem Label amhráin werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label amhráin werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2018-08-21

Ar Uairibh Mothaím i mo Dhílleachta

Ar Uairibh Mothaím i mo Dhílleachta

(Amhrán Spioradálta de Chuid na nDaoine Gorma)


Ar uairibh mothaím i mo dhílleachta
Ar uairibh mothaím i mo dhílleachta
Ar uairibh mothaím i mo dhílleachta
I bhfad ‘bhfad ar shiúl, i bhfad ‘bhfad ar shiúl

Ar uairibh mothaím go bhfuil deireadh liom
Ar uairibh mothaím go bhfuil deireadh liom
Ar uairibh mothaím go bhfuil deireadh liom
Is i bhfad ‘bhfad ar shiúl, i bhfad ‘bhfad ar shiúl
Fíor-chreidmheach
Fíor-chreidmheach
I bhfad ’bhfad ’bhfad ar shiúl, i ’bhfad ’bhfad ar shiúl.


Sometimes I Feel Like a Motherless Child

(Negro Spiritual)


Sometimes I feel like a motherless child
Sometimes I feel like a motherless child
Sometimes I feel like a motherless child
A long way from home, a long way from home

Sometimes I feel like I'm almost done
Sometimes I feel like I'm almost done
Sometimes I feel like I'm almost done
And a long, long way from home, a long way from home

True believer
True believer
A long, long way from home
A long, long way from home

2015-08-31

My Lagan Love/ Laoi an Lagáin



An Lagán binn i mbun suantraí
Is lile bhán faoi bhláth
An tráthnóinín ina súil go caoin
An oíche ina folt go lá
Is mé ar nós an leannáin sí
Mo chroíse i ngeimhle atá
Im’ dhaor a bheidh mé go síoraí
Im’ dhaor ag tiarna an ghrá.

Tá báirse ag seol’ 'dir Leam Beg ‘s an Droim
Is a daidí féin á stiúr’
Is sí atá i bhfeighil an tí
Á sciomradh is á sciúr’.
Nuair bhí sí féin ina gearrchailín
A máithrín dílis d’éag
Ach tá a cuimhne fós go binn
Ar bhruacha an Lagáin shéimh

Is nuair a ghlaonn an ciaróigín
Am suain á mheabhrú dúinn
Seo mé go dtí a teachín
Ó sí mó stór ’s mo rún.
Is bíonn an criogar ag crónán
Is an tine á fadú faoi rún
Is cloisim í i mbun amhráin
An t-aer 'tá lán de dhúil.
 
Céad fáilte romhat, a deir an ríon
Ó bí istigh, a ghrá!
Is tá a póg mar bhainne cí’ -
An mhaighdean shéimh gan cháim!

Is nuair is gá dom éalú
Ón ngile atá mar réalt
Bíonn leoithne lán dem’ thnúth
San oíche i bhfad is i gcéin.


Téacs Béarla anseo

2014-12-04

Hard Times AN DROCHSHAOL (Stephen Foster)

File/Cumadóir: Stephen Foster
Tóg do shos i measc pléisiúir is comhair na deora muar’
Inár gcroí bíodh lucht an anró,
Tá amhráinín a fhanfaidh go deo inár gcluas
Ó Drochshaol, ná bí linn níos mó.

Sé amhrán, ochlán na ndaoine é
Drochshaol, Drochshaol, ná bí linn níos mó,
Tá tú tamall id’ sheasamh amuigh ansin sa chlós
Ó Drochshaol, ná bí linn níos mó.

Insa tóir dúinn ár áilleacht, ar aeraíocht is ar cheol
Tá na bochtáin lag amuigh sa chlós
Cé nach labhraíonn siad puinn, ’sé tá ar a mbeol:
Ó Drochshaol, ná bí linn níos mó.

Ó nach mílítheach ise, ag sclábhaíocht mar atá
Tá a croí bocht ina crotal cnó,
Is ní chloistear a thuilleadh aon rann aici á rá
Ach Drochshaol, ná bí linn níos mó.

Osna í atá caite na tonnta suaite anonn
Ar an trá cloistear í mar olagón
Is cois uaighe ina cogar a chloisimid an fonn
Ó, Drochshaol, ná bí linn níos mó.

2014-11-07

Ar an lá seo 7 Samhain

Ar an lá seo 7 Samhain, 1943, rugadh Joni Mitchell

ABHAINN

le Joni Mitchell

Is gearr uainn an Nollaig
Tá na crainn ar lár
An réinfhia le feiceáil
Amhráin síochána is síth’ á rá
Ó dá mbeadh agamsa abhainn do raghainnse ag scátáil

Níl aon sneachta anseo
Is fanann sé glas
Táim chun carn mór a dhéanamh
Is ansin beidh mé ag tarraingt as
Ó dá mbeadh agamsa abhainn do raghainnse ag scátáil

Dá mbeadh abhainn agamsa, abhainn mhór ghroí
Mhúinfinn eitilt dom dhá chos
Dá mbeadh agamsa abhainn do raghainnse ag scátáil:
Do chuireas é ag gol

Theastaigh uaidh mé ’tharrtháil
Mé bheith gan bhuairt lán só
Is bhí a ghrá chomh dána
Go rabhas lag ar ndóigh
Ó dá mbeadh agamsa abhainn do raghainnse ag scátáil

Deacair mé a láimhseáil
Is santach mé faoi bhrón
Anois ó chailleas an grá ab fhearr riamh
’Bhí ag éinne beo
Dá mbeadh agamsa abhainn do raghainnse ag scátáil

Ó, dá mbeadh abhainn agamsa abhainn mhór ghroí
Mhúinfinn eitilt dom dhá chos
Dá mbeadh agamsa abhainn
Do raghainnse ag scátáil
Is níl mo ghrása thall ná ’bhus.

Is gearr uainn an Nollaig
Tá na crainn ar lár
An réinfhia le feiceáil
Amhráin síochána is síth’ á rá
Ó dá mbeadh agamsa abhainn do raghainnse ag scátáil

(1970; Joni Mitchell)

2014-10-29

Ar an lá seo 29 Deireadh Fómhair

Ar an lá seo 29 Deireadh Fómhair 1936 dhein Hank Snow an t-amhrán Lonesome Yodel Blue a thaifeadadh.

Lonesome Yodel Blue le Hank Snow

’Siúl dom ar na ráillí, n’fheadar cad tá orm
’Siúl dom ar na ráillí, n’fheadar cad tá orm
Táim ag smaoineamh ort, a Mhaimín, is mothaímse saghas gorm.

Fuair tú daidí eile, chuir tú orm diomú
Fuair tú daidí eile, chuir tú orm diomú
Táim ag insint duit, ’bháibín, beidh mé ag fágaint go luath.

Cheannaíos éadach, is cheannaíos gúnaí nua
Cheannaíos éadach, is cheannaíos gúnaí nua
Beidh tú brónach gan daidí, ó bhó go deo is trua.

Ní thuigeann tú, a stóirín, an grá ’bhí im chroí
Ní thuigeann tú, a stóirín, an grá ’bhí im chroí
Thug mé gach aon ní duit, is d’fhág tú mé gan bhrí.

Á cloisim traein, ar na ráillí ’s í ag teacht
Á cloisimse traein, ar na ráillí ’s í ag teacht
Tá sé thar am ’Mhama, thar am dom féin bheith ag imeacht.

2014-10-26

Das Wandern ist des Müllers Lust


Das Wandern ist des Müllers Lust

Das Wandern ist des Müllers Lust,
Das Wandern!
Das muß ein schlechter Müller sein,
Dem niemals fiel das Wandern ein,
Das Wandern.

Vom Wasser haben wir's gelernt,
Vom Wasser!
Das hat nicht Rast bei Tag und Nacht,
Ist stets auf Wanderschaft bedacht,
Das Wasser.

Das sehn wir auch den Rädern ab,
Den Rädern!
Die gar nicht gerne stille stehn,
Die sich mein Tag nicht müde drehn,
Die Räder.

Die Steine selbst, so schwer sie sind,
Die Steine!
Sie tanzen mit den muntern Reihn
Und wollen gar noch schneller sein,
Die Steine.

O Wandern, Wandern, meine Lust,
O Wandern!
Herr Meister und Frau Meisterin,
Laßt mich in Frieden weiterziehn
Und wandern.


Ag Fánaíocht

An muilleoir ‘breá leis imeacht ar an bhfán,
Ag fánaíocht!
Is drochmhuilleoir ceart gan aon agó
An té ná raghadh ar fán isló
Ag fánaíocht.

Sé an t-uisce ‘mhúin dúinn an ceacht
An t-uisce!
Níl scíth i ndán dó, níl go brách
Ach é ag sní, ag imeacht ar an bhfán
An t-uisce!

Na rothaí mar a chéile
Na rothaí!
Ní maith leosan a bheith díomhaoin
Ach ag casadh leo gan éagaoin
Na rothaí!

Na brónna féin más trom atáid
Na brónna.
Ba mhaith leo bheith ag damhsa leo
Go meidhreach is go deo na ndeor
Na brónna!

Ag fánaíocht dom ag imeacht ar an bhfán
Ag fánaíocht.
Ó, a bhean agus a fhir an tí
Níl uaim ach bheith i m’ fhánaí
Ag fánaíocht!

2014-10-17

Ar an lá seo 17 Deireadh Fómhair

Ar an lá seo 17 Deireadh Fómhair, 1933, rugadh Jeanine Deckers

DOIMINÍCÍN

Dominique, nique, nique,
S’en allait tous simplement
Routier pauvre et chantant.
En tous chemins, en tous lieux,
Il ne parle que du bon Dieu,
Il ne parle que du bon Dieu,
Doiminícín, ícín, ícín,
an simpleoir ’s an bochtán
ag canadh ’s é ar fán.
Ar feadh na slí, sea dar fia,
gan aon ábhar caint’ ach Dia
gan aon ábhar caint’ ach Dia
A l’époque où Jean Sans Terre
D’Angleterre était le roi,
Dominique, notre Père,
Combattit les Albigeois
Nuair ’bhí Seán Gan Chríoch i réim
I Sean-Sasana mar rí,
Doiminícín, thug sé léim
Faoi na hAilbigeinsiní!
Dominique, nique, nique,
S’en allait tous simplement
Routier pauvre et chantant.
En tous chemins, en tous lieux,
Il ne parle que du bon Dieu,
Il ne parle que du bon Dieu,
Doiminícín, ícín, ícín,
an simpleoir ’s an bochtán
ag canadh ’s é ar fán.
Ar feadh na slí, sea dar fia,
gan aon ábhar caint’ ach Dia
gan aon ábhar caint’ ach Dia.
Certain jour, un hérétique
Par des ronces le conduit,
Mais notre Père, Dominique,
Par sa joie le convertit-
Chuir an t-eiriceach seo lá
ár mbochtáinín dil ar strae:
Doiminícín lena ghrá
’S aige siúd a bhí an svae
Dominique, nique, nique,
S’en allait tous simplement
Routier pauvre et chantant.
En tous chemins, en tous lieux,
Il ne parle que du bon Dieu,
Il ne parle que du bon Dieu,
Doiminícín, ícín, ícín,
an simpleoir ’s an bochtán
ag canadh ’s é ar fán.
Ar feadh na slí, sea dar fia,
gan aon ábhar caint’ ach Dia
gan aon ábhar caint’ ach Dia.
Ni chameau, ni diligence,
Il parcourt l’Europe à pied,
Scandinavie ou Provence,
Dans la sainte pauvreté.
Gan aon chamall gan aon charr
Bhí sé thall is bhí sé abhus
Críoch Lochlann - bun go barr
Ní raibh tacsaí ann ná bus!
Dominique, nique, nique,
S’en allait tous simplement
Routier pauvre et chantant.
En tous chemins, en tous lieux,
Il ne parle que du bon Dieu,
Il ne parle que du bon Dieu,
Doiminícín, ícín, ícín,
an simpleoir ’s an bochtán
ag canadh ’s é ar fán.
Ar feadh na slí, sea dar fia,
gan aon ábhar caint’ ach Dia
gan aon ábhar caint’ ach Dia.
Enflammá des toutes écoles
Filles et garçons pleins d’ardeur,
Et pour semer la parole,
Inventá les Frères Prêcheurs.
Ní raibh cailín ná garsún
Nach raibh líonta lena dhúil,
D’fhág a shíol bán ar an ród -
Bhí na Bráithre ar an bhfód.
Dominique, nique, nique,
S’en allait tous simplement
Routier pauvre et chantant.
En tous chemins, en tous lieux,
Il ne parle que du bon Dieu,
Il ne parle que du bon Dieu,
Doiminícín, ícín, ícín,
an simpleoir ’s an bochtán
ag canadh ’s é ar fán.
Ar feadh na slí, sea dar fia,
gan aon ábhar caint’ ach Dia
gan aon ábhar caint’ ach Dia.
Chez Dominique et ses frères,
Le pain s’en va à manquer,
Et deux anges se preséntèrent,
Portant deux grands pains dorés.
Is do rith siad as arán
An saghas donn is an saghas bán:
Tháinig báicéirí ó Neamh
Thug builíní dóibh nár leamh!
Dominique, nique, nique,
S’en allait tous simplement
Routier pauvre et chantant.
En tous chemins, en tous lieux,
Il ne parle que du bon Dieu,
Il ne parle que du bon Dieu,
Doiminícín, ícín, ícín,
an simpleoir ’s an bochtán
ag canadh ’s é ar fán.
Ar feadh na slí, sea dar fia,
gan aon ábhar caint’ ach Dia
gan aon ábhar caint’ ach Dia.
Dominique vit en rêve
Les prêcheurs du monde entire
Sous le manteau de la Vierge
En grand nombre rassemblés.
Is níl fhios agam cén fáth
Ach tá leid ann sa churfá
Nach mbeidh deireadh le mo rann
Hé ná himigh, tusa – fan!
Dominique, nique, nique,
S’en allait tous simplement
Routier pauvre et chantant.
En tous chemins, en tous lieux,
Il ne parle que du bon Dieu,
Il ne parle que du bon Dieu,
Doiminícín, ícín, ícín,
an simpleoir ’s an bochtán
ag canadh ’s é ar fán.
Ar feadh na slí, sea dar fia,
gan aon ábhar caint’ ach Dia
gan aon ábhar caint’ ach Dia.
Dominique, mon bon Père,
Garde-nous simples et gais
Pour announcer à nos frères
La Vie et la Verité.
Is níl fhios agam cén chúis
‘Bhfuil an domhan seo lán de dhrúis,
Ní bheidh deireadh le mo rann
Seo leat, can liom, seo leat, can!
Dominique, nique, nique,
S’en allait tous simplement
Routier pauvre et chantant.
En tous chemins, en tous lieux,
Il ne parle que du bon Dieu,
Il ne parle que du bon Dieu,
Doiminícín, ícín, ícín,
an simpleoir ’s an bochtán
ag canadh ’s é ar fán.
Ar feadh na slí, sea dar fia,
gan aon ábhar caint’ ach Dia
gan aon ábhar caint’ ach Dia.
Dominique, nique, nique,
S’en allait tous simplement
Routier pauvre et chantant.
En tous chemins, en tous lieux,
Il ne parle que du bon Dieu,
Il ne parle que du bon Dieu,
Doiminícín, ícín, ícín,
an simpleoir ’s an bochtán
ag canadh ’s é ar fán.
Ar feadh na slí, sea dar fia,
gan aon ábhar caint’ ach Dia
gan aon ábhar caint’ ach Dia.

2014-10-16

Roy Orbison: Beainín Ghleoite

Beainín Ghleoite

Beainín ghleoite, is í ag dul thar bráid
Beainin ghleoite, is í ag siúl na sráid’
Beainín ghleoite
Ní chreidim fianaise mo dhá shúl
Ní fhéadfadh éinne a bheith mar thú:
Déan trua!

Beainín ghleoite, gabh mo mhíl’ leithscéal
Beainín ghleoite, feicim thú trí néal
Beainín ghleoite
Tá tú aoibhinn gan aon bhréag
Is bhfuil uaigneas ort, mo léan,
Bhabha

Beainín ghleoite, éist liom seal
Beainín ghleoite, labhair liom seal
Beainín ghleoite, tabhair dom gáir’ ód bhéal
Beainín ghleoite, yé yé yé
Beainín ghleoite, féach go séimh
Beainín ghleoite, fanfaidh tú lem thaobh
Tá tú uaim, go daingean docht,
Tar liom a stóirín, bí liom anocht

Beainín ghleoite, cá’il tú ag dul,
Beainín ghleoite, ná lig dom gol
Beainín ghleoite, ná himigh uaim, hé: óicé
Más mar sin atá bhuel, bíodh: óicé,
Is ceart dom imeacht, tá sé mall
Is beidh mo sheans arís ar ball
Ach féach í féin
Í ag siúl arís faoim dhéin
Yé, í ag siúl arís faoim dhéin,
Ó, ó, beainín ghleoite

2014-10-07

Ar an lá seo 7 Deireadh Fómhair

Ar an lá seo 7 Deireadh Fómhair, 1879, rugadh Joe Hill.

JÓ HILL

Do chonaic mise Jó aréir
Sé bhí lán de bhrí!
Ar mé, 'Ach Jó, nach marbh duit!!'
"Níor cailleadh mise riamh!"
"Níor cailleadh mise riamh!"

'In Salt Lake, Jó,' a deirim leis,
Is taobh lem leaba bhí,
'Do cuireadh dúnmharú id leith,'
Ar Jó, "Táim lán de bhrí!"
Ar Jó, "Táim lán de bhrí!"

'Do chniog lucht copair thú, a Jó,
Mharaíodar thú, mo léir!'
"Theastódh níos mó ná gunna muis!'
Ar Jó, "Níor cailleadh mé!"
Ar Jó, "Níor cailleadh mé!"

Is sheas ansin chomh beo bhí riamh
An gáire ina shúil:
"An rud ná rabhadar in ann a chloí
Do chuaigh ag eagrú
Do chuaigh ag eagrú."

"Níl Joe Hill marbh," ar seisean liom
"Tá Joe Hill beathach beo.
Má bhíonn lucht oibre amuigh ar stailc
Beidh Jó in aice leo.
Beidh Jó in aice leo.

Ó San Diego suas go Maine
Le hallas is le fuil
Má sheasann daoine lena gceart
Is ann a bheidh Jó Hill
Is ann a bheidh Jó Hill

Do chonaic mise Jó aréir
Sé bhí lán de bhrí!
Ar mé, 'Ach Jó, nach marbh duit!'
"Níor cailleadh mise riamh!"
"Níor cailleadh mise riamh!"

2014-10-03

Ar an lá seo 3 Deireadh Fómhair

Ar an la seo 3 Deireadh Fómhair, 1967, cailleadh Woodie Guthrie

Is Leatsa an Tír Seo

Is leatsa an tír seo is liomsa an tír seo
Ó Rinn Ó gCuanach siar go Ciarraí
Ó Oileáin Árann go Geataí Stormont
Linne go léir is ea an tír.

Ar bharr Chruach Phádraig i lár na hoíche
Do chuala scéal mór i mbéal na gaoithe
Is ní raibh ann ach seacht bhfocal díreach:
Linne go léir is ea an tír!

Is mé ag siúl liom go Baile Átha Cliath
Ba chasta an bóthar ’bhí ann dar fia:
Do thugas léim mhór thar shruth is altán
Linne go léir is ea an tír.

Do chuas an bealach ar fad go Teamhair
Is beag nár chuas-sa as mo mheabhair:
Tá léirscrios déanta ar shean-Éirinn
Linne go léir is ea an tír.

Os comhair na Dála do sheasas tamall
Ghabh Teachta tharam is é ina ghamal:
‘Dia dhuit’, ar mé leis, ‘Hello!’ ar seisean
Linne go léir is ea an tír.

Do chuas ag rith as sin im’ ghósta
Sa deireadh bhaineas amach an cósta
Bhí slua romham ann is iad go deorach –
Linne go léir is ea an tír.

Is leatsa an tír seo is liomsa an tír seo
Ó Rinn Ó gCuanach siar go Ciarraí
Ó Oileáin Árann go Geataí Stormont
Linne go léir is ea an tír!

2014-09-16

Ar an lá seo 16 Meán Fómhair

Ar an lá seo 16 Meán Fómhair, 1925, rugadh B B King

Gach aon lá mé tá gorm

Gach aon lá, gach aon lá mé tá gorm
Gach aon lá, gach aon lá mé tá gorm
Nuair ’chíonn tú buartha mé, a stór
Ó sea bíonn uaigneas orm.

Ó níl grá ag éinn’ dom, is cuma leo sa diabhal
Sea níl grá ag éinn’ dom, is cuma leo sa diabhal
Maidir le mí-ádh is trioblóid
Bhuel is liomsa bhí siad fial.

Táim chun mála a phacáil, bogadh liom, a ghrá
Sea táim chun mála a phacáil, bogadh liom, a ghrá
Áit nach mbeidh aon duine buartha
Agus gan éinne á chrá.

2014-09-12

Kate Bush: Gafa i nGaffa

Amuigh sa ghairdín
Tá leath de na flaithis,
Ag cluanaíocht atáimid.
Ní lucht briste trí fhallaí sinn.


Tá sé ráite
Déan é a chruthú
Go bhfuil sé ar siúl
Nó caill an t-iomlán.

Seifteoidh sé slí
Slí éigin chun éalú as.
Leithscéal í siúd
Finné a labharfaidh nuair ‘ghlaofar air.


Tá sé ráite
Déan é a chruthú
Go bhfuil sé ar siúl
Nó caill an t-iomlán.
Nó caill an t-iomlán.

“Fuaireas spléachadh ar dhia, ag lonrú go glé.”

Go tobann de chré iad mo dhá chos
Gach aon ní sló-mó
Cad is brí leis na deora
An bhfuil mé gafa i nGaffa?

Nuair a bheidh mé ullamh duit beidh
Nuair a bheidh mé ullamh duit beidh
Agam an t-iomlán.

Ag teacht ina ghaor dom
Is léir is is baolach
Rud éigin mar bhac orm sa tslí
Clár adhmaid im shúil é

Agus camall
Ag iarraidh imeacht tríd
Mé á dhéanamh?
An t-iomlán le do thoil.

Bainim an clár, mé á rá:
“Buíochas as mé 'tharraing siar
’Dtí an fhíric sin
Go n-imíonn gach aon rud fiar.”

Is deacair gan dabht
A rá bhfuil sé déanta i gceart.
An liom an t-iomlán?
An t-iomlán le do thoil?
Ní linn an t-iomlán.

“Tá brionglóid ag cách … b’fhéidir.”

Go tobann de chré iad mo dhá chos
Gach aon ní sló-mó
Cad is brí leis na deora
An bhfuil mé gafa i nGaffa? Nuair a bheidh mé ullamh duit beidh
Nuair a bheidh mé ullamh duit beidh
Agam an t-iomlán.


Ní osclóidh mé boscaí
Má tá siad orm coiscthe
Ní mise Pandóra
Ach mé ar nós

Í siúd ‘’tá sa scáthán.
Is eadrainn féin
Níl seans in Éirinn aici dul chun cinn ar bith ’dhéanamh.
Seans ar bith in Éirinn.
Seans – in Éirinn.
Ní léi an t-iomlán.

“’Mháithrín, cá bhfuil na haingil? Is scanrúil gach athrú.”

Go tobann de chré iad mo dhá chos
Gach aon ní sló-mó
Cad is brí leis na deora
An bhfuil mé gafa i nGaffa?
Nuair a bheidh mé ullamh duit beidh
Nuair a bheidh mé ullamh duit beidh
Agam an t-iomlán.

Ar an lá seo 12 Meán Fómhair

Ar an lá seo 12 Meán Fómhair, 2003, cailleadh Johnny Cash.

An chéad uair

An chéad uair domsa do ghnúis ’fheiceáil,
id shúilese a scal an ghrian
Is do bhronn tú gealach agus bhronn tú réalt’
ar spéartha dú’ dorcha síoraí
A mhian

Is an chéad uair dúinne bheith beol le beol
Im lámha bhí an domhan gan suan
Mar chroí ag preabadh, croí éin i gcás
Agus é ar ordú uaim

Is an chéad uair domsa im luí led thaobh
Nach cóngarach dom a bhí do chroí
Is bheadh ár lúcháir ar fud an domhain
Anois agus go síoraí
A mhian
An chéad uair domsa do ghnúis ’fheiceáil.

Folsom Prison Blues

Tá an traein ag teannadh linne
Ón gcúinne chugainn go mear
Ní fhaca mé ga gréine
Le …ní tamall gearr
Táim sáite in Folsom Prison
Is stop an t-am, ochón,
Is tá an traein ag gluaiseacht léi
Síos go San Antone.

Nuair bhíos-sa i mo bháibín,
Ar Mama liom “A mhac
Bí i do bhuachaill múinte
Gan gunna i do ghlac.”
Ach do lámhachas fear in Reno
Chun breathnú ar a bhás
Nuair a chloisimse an fheadaíl
Tosnaím ag gol go fras.

Bí cinnte go bhfuil boic ag ithe
Ina gcarr galánta dóibh
Nó ag slogadh siar an chaife
Ag caitheamh na dtodóg
Ach nach raibh sé tuillte agam!
Ní bheidh mé saor go deo
Is na daoine ag síorghluaiseacht
Iad 'na ndealg sa bheo.

Bhuel, dá saorfaí mé ón bpríosún seo
Dá mba liom an t-iarnród
Bí cinnte go mbogfainn as an áit seo
Ó, gan aon agó
I bhfad ó Folsom Prison
Is ann a gheobhainnse scíth
Agus ligfinnse don fheadaíl
An brón a ghlanadh díom.

2014-09-11

Kate Bush: An Fear is an Páiste ’na Shúil’

The Man With The Child In His Eyes"

An Fear is an Páiste ’na Shúil’

(“Ann dó! Ann dó!
Ann dó! Ann dó!”)

Cloisim é, sula dtéimse chun suain
Mé ’ díriú ar an lá a bhí.
Is eol dom é bheith ann
Ar mhúchadh an tsolais, ar iompú dhom.

Cé hé an fear ní heol do chách Dar leo ar fhíor na spéire ’tá sé.
Go tobann tugaim cluas do neach
Ag éisteacht le fear nár casadh riamh orm.

Labhair sé liom faoi fharraigí
Is a ghrá atá buan síoraí.
Ó, ’s ann dó arís An fear is an páiste ’na shúil’.
Ó, ’s ann dó arís An fear is an páiste ’na shúil’.

Is tuisceanach an neach é
Is is eol dó gach a mbaineann le mo chruachás.
Má fhanaim i mo shuí
Beidh sé ag feitheamh liom mar fhear na fionraí
Ó is mé ’tá buartha faoi mo ghrá
Ar siad, ‘Ní hea, ní mhairfidh sé go brách.”
Is seo arís mé, a chailín
Is cad sa diabhal atá ar siúl agam.
B’fhéidir nach bhfuil grá aige dom
Ar imram grá a bhíos-sa ar a shon.
Ó, ’s ann dó arís An fear is an páiste ’na shúil’.
Ó, ’s ann dó arís An fear is an páiste ’na shúil’.

2014-09-10

Kate Bush: Analú

ANÁLÚ

Taobh amuigh istigh
Ó, trína cneas
Bhíos-sa cheana ’muigh
Ach bheith istigh tá sé go deas

Thuas sa spéir aréir
Ó, solas breá glé
Cuireann mo radar baol chugam
Ach deir m’instinn liom, Lean leis an

Anáil
(Am-ach, is-teach, am-ach)
Tarraingím mo mháthair isteach
(Am-ach, ist-each, am-ach)
Tarraingím mo shearc isteach
(Am-ach, is-teach, am-ach)
Tarraingím nicitín isteach
(Am-ach, is-teach, am-ach)
An titim san anáil
(am-ach,is-teach, am-ach)
Am-ach, is-teach, am-ach is-teach, am-ach
(Am-ach,is-teach, am-ach

Chailleamar deis
Tús is deireadh an áil
Tar éis an áir, píosaí plútóiniam
Ag lonrú i ngach scamhóg
Mo ghreidhin go deo mo shearc, ó
Gach áit, fud na bhfud,
Ach deineadh cac den scéal
Bhí fhios againn é, níl sa saol ach

Anáil
(Am-ach, is-teach, am-ach)
Tarraingím mo mháthair isteach
(Am-ach, is-teach, am-ach)
Tarraingím mo shearc isteach
(Am-ach, is-teach, am-ach)
Tarraingím nicitín isteach
(Am-ach, is-teach, am-ach)
An titim san anáil
(am-ach, is-teach, am-ach)
Am-ach, is-teach, am-ach is-teach, am-ach
Am-ach, is-teach, am-ach, am-ach
Am-ach, am-ach

Go deimhin is féidir an difríocht atá idir
maidhm bheag núicléach mar shampla agus ceann an-mhór
a chruthú le modh an-simplí ar fad is é sin ná
go mbíonn scal ón mbuama núicléach atá i bhfad

níos gile ná solas ar bith eile ar domhan is
níos gile ná an ghrian agus is é faid na scaile sin
a ligeann dúinn méid an airm a thomhas agus is í an cheist anois ná
Cad a dhéanfaimid ’na éagmais?)

Tar éis na scaile feictear caor thine ’g éirí
is súitear suas an smionagar, dusta is nithe beo
thart ar limistéir na pléisce móire
ar a bealach suas, aithnítear í gan aon rómhoill
sea ambaist an néal muisiriúnach

Chun faid na scaile sin a thriail
Tugaimis faoi líon na soicindí
Sin a chomhaireamh nuair a scaoileann buama an-bheag scal uaidh
is ceann níos toirtiúla ansin, meánmhéide
is i ndeireadh na dála buama láidir thar na bearta

Cad a dhéanfaimid ’na éagmais?)
(Led thoil)
Cad a dhéanfaimid ’na éagmais?)
(Cá bhfuil m’anáil)

Cad a dhéanfaimid ’na éagmais?)
(Ó, tarraing an anáil)
Caillfear sinn go léir ’na éagmais
(Ó fág beagán aeir id dhiaidh)

Cad a dhéanfaimid ’na éagmais?)
(Ó fág beagán aeir id dhiaidh)
Caillfear sinn go léir ’na éagmais
A Dhia, fág beagán aeir id dhiaidh
Cad a dhéanfaimid ’na éagmais?
(Ó, an saol)

2014-09-09

Kate Bush: Laoi na Laoithe

Laoi na Laoithe


Sé Laoi na Laoithe ná
Laoi gach n-aon, laoi an ghrá,
Is laoi an té
Atá ar chonair léi féin
Éist le scol na mná

Caith uait an cac sin, yé
Níl uaim ach sú na collaíochta
Níl leithscéal uaimse, yé
Scríobh do chuid filíochta i ngníomh
Domsa amháin í, yé
Is abair í le póg

Mmm, éist le líne ar bith
“Cuir brí ’onam le húlla
Orm tá galar an ghrá
Is tá a lámh chlé faoi mo cheann
Is a lámh dheas
Tharam anall”
Mar is é seo Laoi na Laoithe
Bean í seo ag canadh


Caith uait an cac sin, yé
Níl uaim ach sú na collaíochta
Níl leithscéal uaimse, yé
Scríobh do chuid filíochta i ngníomh
Domsa amháin í, yé
Is sínigh í le póg
Is déanfad duitse é
Beidh mise i mo chróch ar mhá dhuit
Déanfad duitse é
Beidh mise i mo Lile an Ghleanna duit
Déanfad duitse é
Bead im Isolde nó Marion duit
Déanfad duitse é
Ó tiocfadsa i mo hairicín duit
Déanfad duitse é
Is aililiú

Caith uait an cac sin, yé
Níl uaim ach sú na collaíochta

"The Song Of Solomon"


The Song of Solomon
The song of everyone
Who walks the path
Of the solitary heart
The soul cries out
Hear a woman singing

Don't want your bullshit, yeah
Just want your sexuality
Don't want excuses, yeah
Write me your poetry in motion
Write it just for me, yeah
And sing it with a kiss

Mmm, just take any line
"Comfort me with apples
For I am sick of love
His left hand is under my head
And his right hand
Doth embrace me"
This is the Song of Solomon
Here's a woman singing

Don't want your bullshit, yeah
Just want your sexuality
Don't want your excuses, yeah
Write me your poetry in motion
Write it just for me, yeah
And sign it with a kiss

And I'll do it for you
I'll be the Rose of Sharon for you
I'll do it for you
I'll be the Lily of the Valley for you
I'll do it for you
I'll be Isolde or Marion for you
I'll do it for you
Ooh I'll come in a hurricane for you
I'll do it for you
A wop bam boom

Don't want your bullshit, yeah
Just want your sexuality

2014-09-07

Kate Bush: Néalionsaí

NÉALIONSAÍ

Kate Bush


’Taibhreamh fós ar Orgónón
Dúisím ag caoineadh
Cruthú báistí
Is tá tú taobh liom
Éalaíonn tú uaim is suan leat

Ar nós mo yó-yó
’Lonrú san oíche
An rud ar leith faoi
É ’na dhainséar
Is adhlacaim é
I ndearúd

Ach nuair a thiteann braon
Seo thú i mo cheann
Mar bheadh grian ’teacht amach
Ó, is is eol dom go bhfuil dea-rud ar tí tarlú
N’fheadarsa cathain
Ach dá ndéarfainn é go bhféadfadh sé tarlú

Ar mhullach an domhain
Ag breathnú thar an bhfaobhar
Chonaic tú ag teacht iad
D’fhéachais róbheag
Ina gcarr mór dubh
Le bheith id bhaol do na daoine i gcumhacht.

Chuireas mo yó-yó
’Muigh sa ghairdín
Ní féidir tú
A cheilt ón rialtas
Ó, ’Dhia, ’dhaidí,
Cuimhneoidh mé

Mar nuair a thiteann braon
Seo thú i mo cheann
Mar bheadh grian ’teacht amach
Ó, is is eol dom go bhfuil dea-rud ar tí tarlú
N’fheadarsa cathain
Ach dá ndéarfainn é go bhféadfadh sé tarlú
Tá an ghrian gheal chugainn
Tá do mhaicín chugainn

Ar an lá seo 7 Meán Fómhair

Ar an lá seo, 7 Meán Fómhair, 1936, rugadh Buddy Holly.

PEIGÍ SUE

Och arú, Peigí Sue
Tá mé uaigneach gan tú
Gan mo Pheigí, mo Pheigí Sue
A dhe, mo ghrá thú, ’stóirín, mo ghrá thú, Peigí Sue.

Peigí Sue, Peigí Sue
Ionatsa atá mo dhúil
Ó Peigí, mo Pheigí Sue
A dhe, mo ghrá thú, ’stóirín, mo ghrá thú, Peigí Sue.

Peigí Sue, Peigí Sue
Peigí, Peigí, Peigí, Peigí lán de shú!
Ó Peigí, mo Pheigí Sue
A dhe, mo ghrá thú, ’stóirín, mo ghrá thú, tá tú uaim.

Mo ghrá thú, Peigí Sue,
Táim i ngrá leat, ababú
A Pheigí, mo Pheigí Sue
A dhe, mo ghrá thú, ’stóirín, mo ghrá go daingean thú!

Peigí Sue, Peigí Sue
Peigí, Peigí, Peigí, Peigí lán de shú!
Ó Peigí, mo Pheigí Sue
A dhe, mo ghrá thú, ’stóirín, mo ghrá thú, tá tú uaim.

Mo ghrá thú, Peigí Sue,
Táim i ngrá leat, ababú
A Pheigí, mo Pheigí Sue
A dhe, mo ghrá thú, ’stóirín, mo ghrá go daingean thú
Ó dhe mo ghrá thú, stóirín, is mo ghrá go daingean thú!

2014-09-06

CONAIRT AN GHRÁ

CONAIRT AN GHRÁ

Hounds of Love

Kate Bush


“Sna crainn atá!
Seo chugainn é!”

I mo pháiste dom
Ag rith san oíche,
An saol bhí lán d’imní

Sa dubh i bhfolach
Ar shráid i bhfolach
Ó pé rud bhí ’teacht im dhiaidh

Tá conairt ghrá ag seilg
Is mé im mheatachán
Cad é mo leas? Táim gann ar bhrí
Féach, seo mé!

Is trí na crainn is é ’teacht faoim dhéin,
Fóir orm, fóir!
Tarrtháil mé!
Bain mo bhróga
Is caith iad insan loch
Is beidh mé
Dhá chéim ar an uisce.


Sionnach beag óg
Gafa 'g gadhair.
Lig sé dom é a chur im lámh’.

An croí beag fann
Is tapaidh ann
Is náire ormsa teitheadh ón áit

An áit ina bréag –
Nílim in ann chuige
Is eagla orm a bheith ann

An chonairt ghrá gach áit,
Braithim do ghéaga im thimpeall.
Bhíos riamh im mheatachán,
Cad é mo leas táim gann ar bhrí

Ó féach, seo mé!
Ó tarrtháil mé!
Ceangail mé!
Seo chugam faoim dhéin é trí na crainn.
Fóir, a stóirín,
Fóir, a chroí!

Bain mo bhróga
Is caith iad insan loch
Is beidh mé
Dhá chéim ar an uisce.


Cad é mo leas, gann ar bhrí
Cad é mo leas, gann ar bhrí,
Do ghrá ’tá uaim, grá, grá, grá, grá, yé,
Do ghrá!

Bain do bhróga
Is caith iad insan loch!


An bhfuil fhios agat cad tá uaim
An bhfuil fhios agat cad tá uaim?
Tá grá uaim, grá, grá, grá, grá, yé!

2014-09-03

Amhrán na mBananaí | The Banana Boat Song | Dayo |

 Harry Belafonte trans. Gabriel Rosenstock, casta ag Enda Reilly


Lá-ó, lá-á-á-ó
Tá 'na lá 'gus in am clabhsúir
Lá- táim á rá, táim á rá, táim á rá
Táim á rá, táim á rá-á-á-ó
Tá 'na lá 'gus in am clabhsúir

An oíche ar fad agus braon beag dí
Tá 'na lá agus in am clabhsúir
Oíche fhada na mbananaí buí
Tá 'na lá agus in am clabhsúir


Tar, 'fhir an tailí is comhair mo bhananaí
Tá 'na lá agus in am clabhsúir
Tar 'fhir an tailí is comhair mo bhananaí
Tá 'na lá agus in am clabhsúir


Ardaigh ardaigh ardaigh an carn
Tá 'na lá agus in am clabhsúir
Ardaigh ardaigh ardaigh an carn
Tá 'na lá agus in am clabhsúir

Lá, táim a rá-áá -ó
Tá 'na lá agus in am clabhsúir
Lá táim á rá, táim á rá, táim á rá . . .
Tá 'na lá agus in am clabhsúir.

Níl aon rud ar domhan ar nós banana
Tá 'na lá agus in am clabhsúir
Seachain tú féin ar an damhán alla
Tá 'na lá agus in am clabhsúir

Ardaigh ardaigh ardaigh an carn
Tá 'na lá agus in am clabhsúir
Ardaigh ardaigh ardaigh an carn
Tá 'na lá agus in am clabhsúir

Lá, táim á rá-áá-ó
Tá 'na lá agus in am clabhsúir
Lá, táim á rá, táim á rá, táim á rá . . .
Tá 'na lá agus in am clabhsúir.

Tar, 'fhir an tailí is comhair mo bhananaí
Tá 'na lá agus in am clabhsúir
Tar 'fhir an tailí is comhair mo bhananaí
Tá 'na lá agus in am clabhsúir

Lá-ó, lá-á-á-ó
Tá 'na lá agus in am clabhsúir
Lá- táim á rá, táim á rá, táim á rá
Táim á rá, táim á rá-á-á-ó
Tá 'na lá agus in am clabhsúir.