Posts mit dem Label dán werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label dán werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2023-05-31

Cruth na Cruinne / The Shape of the Universe

The Shape of the Universe

a poem in Irish and English by Gabriel Rosenstock

Johnny Perks
his mother scrubbed floors.
She allowed him travel on her back
as she described various phenomena
emerging from the soap bubbles
way way below
on the floor of the world –
universes coming into being
others already in decay.
Johnny Perks
a Londoner
born between two world wars
servant of Chögyam Trungpa
Spiritual Master

Cruth na Cruinne


Johnny Perks
sciúradh a mháthair urláir.
Ligeadh sí dó taisteal ar a droim
agus cur síos á dhéanamh aici ar fheiniméin éagsúla
a bhí ag eascairt as bolgáin ghallúnaí
i bhfad thíos
ar urlár an domhain –
cruinne i ndiaidh cruinne ag teacht chun cinn
nó cheana féin ag meath.
Johnny Perks
Londanach a saolaíodh
idir dhá chogadh dhomhanda
é ina shearbhónta ag Chögyam Trungpa
Máistir Spioradálta

2023-03-12

Julian Assange

 

Níor eisíodh íomhá nua de Julian Assange  ó Lá Bealtaine, 2019.


Julian Assange

Bhís gach áit, tráth
Nach mór id' dhia, uileláithreach, gach áit
Cá bhfuilir anois?
Níl fáil ar íomhánna úra díot
Ag iompú id' dhia ataoi
Dofheicthe, thar m'eolas

Julian Assange

You were everywhere once
Something of a god, omnipresent, ubiquitous
Where are you now?
There are no recent images
You are becoming a god
Invisible, unknowable

Gabriel Rosenstock



2022-08-10

Paolo Valesio

Paolo Valesio, CC BY-SA 4.0, via Wikimedia Commons

 Ní le hÉinne iad na Cuimhní

Do M. P.

Cara leis a d’inis dó mar gheall air:
nuair a tháinig cónra a deirféar isteach sa séipéal
agus “díreach ag an nóiméad sin”
scoilt ga gréine an mheánlann ina dhá leath
ga ón spéir (an raibh sé ina earrach?) a bhí scamallach go dtí sin.
 
Inné (blianta ina dhiaidh sin), áit eile, cathair eile,
léim an íomhá sin isteach ina aigne arís
nuair a dhorchaigh an séipéal lasta (coinnle, crainn solais, grian an tsamhraidh)
 um nóin “díreach ag an nóiméad sin” – néal ag gabháil na slí –
nuair a ardaíodh an diosca geal os cionn na cailíse
 i dtreo an chruinneacháin.
 
Cén deireadh a bheidh leis an gcuimhne seo ar ball?
I lár na comóntachta
áit éigin ar domhan,
ionad dumpála ag anamacha;
uair um á seach, ámh, go haithríoch,
filleann siad ar feadh meandair.  

I ricordi non appartengono a nessuno

Per M. P.

Un’amica gli aveva raccontato
quando era entrata in chiesa la bara della sorella
e “in quell’istante esatto” un raggio di sole
dal cielo (era primavera?) finallora annuvolato
aveva spaccato la navata in due.

Ieri (dopo un trascorso d’anni), in altro luogo e altra città
questo gli è ribalzato nella mente quando
la chiesa illuminata (candele, lampadari, sole estivo)
si è invece oscurata d’un tratto a mezzogiorno
─passaggio d’una nuvola─
“proprio nel momento” quando il dischetto biancastro
veniva elevato sopra il calice e verso la cupola.

E dove finirà tra pochi giorni, questo ricordo?
Nella regione intermedia e comune
da qualche parte nel mondo
dove le anime lasciano i loro scarti;
ma ogni tanto, pentite,
fanno per qualche attimo ritorno.


Paolo Valesio, Italia (1939)

2022-05-12

Liodán Lesbos / Lesbos Litany

 

Teifeach (1935) le William H. Johnson

Dán Dátheangach
I ndilchuimhne ar Éabha a raibh grá aici don tSiria

Do they not have names, then?
An é nach bhfuil ainmneacha orthu?

Syrian refugees on the island of Lesbos.
Teifigh ón tSiria ar oileán Lesbos.

Let us name them, the mothers and daughters:
Ainmnímis iad, máithreacha is iníonacha


Abelarda, is she not the servant of Allah?
               nach searbhónta Allah atá ionat?

Abia, great is she! 
is tú atá mór!

Abida, a worshipper
  adhraitheoir

Adelmira, is she not exalted
       nach céimiúil ataoi!

Aisha, is she not a woman!
  nach bean thú!

Akilah, is she not intelligent
   nach éirimiúil atá tú

Aliye, noble
 uasal

Alma, learned
 léannta

Almeda, ambitious
     uaillmhianach

Amal, hopeful
 dóchasach

Anisah, is she not friendly!
   nach tú atá cuideachtúil!

Ashia, is she not life itself!
  an bheatha féin atá ionat!

Asiya, tending to the weak
  ag friotháil ar an té atá lag

Asma, is she not excellent!
          togha na mban!

Atiya, is she not a gift!
  féirín is ea thú!

Badia, elegant
  cuanna

Barbada, such a blessing!
      a leithéid de bhua!

Bibi, a lady
       bean uasal

Bushra, a good omen
    dea-thuar

Cala, is she not a fortress!
daingean is ea thú!

Celmira, brilliant!
     soilseach!

Centola, the light of knowledge
     lóchrann eolais

Derifa, graceful is she
   grástúil atá tú

Fadila, generous
   flaithiúil

Faiza, victorious
  buach

Fatima, behold – the daughter of the Prophet
    féach – iníon an Fháidh

Gamila, beautiful beyond words!
    ní scéimhe go dtí thú!

Guadalupe, for she is a river of black stones
abhainn na gcloch dubh

Ghada, young and tender
    óg tláith

Habiba, she is beloved
    ionúin

Hafsa, a young lioness is she
  leoinín atá ionat

Halimah, patient
      foighneach

Hayfa, shapely
   dea-chruthach

Hiba, such a gift
tabhartas den scoth

Iman, a believer
  creidmheach

Jaafar, a winding brook is she
   sruthán lúbach

Jamila, beautiful, beautiful
     rí-álainn

Janan, the heart, the soul
   an croí is an t-anam

Janna, a rich harvest is she
     fómhar torthúil

Jarita, an earthen water jug
  crúsca uisce de chré

Jesenia, a flower
     flós

Kadijah, trustworthy
     fírinneach

Kaela, sweetheart, darling!
  a chuisle is a stór!

Khalida, immortal she is, everlasting!
     mairfidh tú go brách!

Lakia, found treasure
  ciste aimsithe

Lelia, born at night
 rugadh istoíche thú

Lina, tender . . .
lách . . .

Manar, a guiding light!
   solas dár  dtreorú

Maritza, forever blessed!
    beannaithe go deo!

May, discerning
tuisceanach

Maysa, proudly she strides out
   amach leat go huaibhreach

Maysun, beautiful, so beautiful
     gleoite amach is amach

Mumtatz, distinguished
      oirirc

Nadira, precious
    a thaisce!

Nafisah, a gem
     seoid

Najita, she of the brilliant eyes!
   is niamhrach iad do dhá shúil!

Nakia, pure
  íonghlan

Oraida, eloquent
    solabhartha

Nasrin! wild rose!
   rós fiáin! 

Qitarah, fragrant 
    cumhra

Querima, generous one
      nach tú atá fial

Randa, a tree 
   crann

Rasha, young gazelle
   gasail óg 

Rihana, sweet basil
    basal cumhra

Rima, white antelope 
  antalóp bán

Saba, is she not the morning?
 an mhaidin atá ionat!

Sadira, a star 
   réalta

Salama, peaceful is she
     séimh atá tú

Syreeta, companion to all
     compánach linn go léir

Ulima, wise
   eagnaí

Zeimira, brilliant one!
     thar barr atá tú!

2021-12-01

Ceol Duilleoige /Leaf Music

Seinnimse an duilleog.
Éist go géar. 
Cloisfidh tú duilleog ag titim.
Ní hí an duilleog seo 
atá á seinm anois agam
ach gach aon duilleog a thit riamh
go talamh.
Is é seo ceol na nduilleog
ag titim.
Ceol brónach, ab ea, a deir tú?
Ceol áthasach?
Níl ann ach ceol na nduilleog.
Tá sé mar atá sé.

Leaf Music

I am Yokoyama Sodō
I play the leaf.
Listen carefully.
You will hear a leaf falling.
Not this leaf 
that I'm playing now
but all the leaves
that ever fell to the ground.
This is the music
of the falling leaf. 
Is it sad, you ask?
Is it joyous?
It is simply leaf music.
It is what it is.

2021-11-10

Zuckerberg

 

Zuckerberg

Zuckerberg!
Mountain of sugar.
Has your name determined
that you must forever sweeten the pill?

Those teenage girls were sweet enough
before you came along
before your company, Instagram,
made them feel insecure about their bodies.
Mark, don't you know that beauty comes from within?

What's inside Facebook? Has it got a soul?
Does it know how to look into itself?
Show me the soul of Instagram, Mark.
What does it consist of? Algorithms?
I'm thinking of those teenage girls, Mark,
and some lines come to me from Hanshan:

Children, I beseech you
get out of the burning house now.


Zuckerberg

Zuckerberg!
Sliabh siúcra.
An ordaíonn do shloinne dhuit
an tseirbhe a fholú orainn?

Ní searbh a bhí na déagóirí sin
sular tháinís-se, tú féin
is do chomlachtsa, Instagram,
a d'fhág suaite faoina gcolainn féin iad.
Mark, nach eol duit gur istigh ionainn atá an áilleacht lonnaithe?

Facebook, cad atá istigh ann? 'Bhfuil anam ann?
An eol dó conas breathnú ann féin?
Taispeáin anam Instagram dom, Mark.
Cad go díreach atá ann? Algartaim?
Táim ag smaoineamh ar na déagóirí sin, Mark
agus ritheann línte de chuid Hanshan liom:
    
   A pháistí, impím oraibh,
   amach libh anois, tá an teach trí thine.

2021-07-19

Cosa na Lobhar á bPógadh ag Meher Baba


Cosa na Lobhar á bPógadh ag Meher Baba 

Dusta na mbóithre ar a gcosa míchumtha
agus Meher Baba á bpógadh arís is arís eile
barróg á tabhairt aige dá n-anamacha áille
cumhracht Dé á leathadh ar fud na bhfud
níos milse ná seasmain

An tAon Réaltacht: crann É -
sú, fréamhacha, géaga
dírithe gach áit
grian, gaoth ag damhsa i measc na nduilleog
lobhar lonrach ag glacadh scíthe faoina scáth.

  

Meher Baba Kisses the Feet of Lepers 

Dust of the roads on their misshapen feet
kissed over and over again by Meher Baba
embracing their beautiful souls
God’s fragrance spreading far and near
sweeter than jasmine

The One Reality that is the tree, He
the sap, roots, branches
pointing everywhere
sun and wind dancing among the leaves
shimmering leper resting in its shade.
  
 

Stour o the causeys on thayr misshauchelt feet
preed ower'n ower agane bi Meher Baba
oxterin thayr bonnie sowls
The Almichtie's fume spreidin aw airts
doucer nor jasmine

The yin reality thit's the tree, He
the sap, ruits, brainches
pyntin awgates
sin an wund dauncin amang the leaves
skimmerin leper ristin in'ts shed

Leagan Béarla na hAlban le John McDonald:

2021-07-12

An Coirnéal Sanders

August von Pettenkofen - Stillleben mit totem Huhn und Krug

An Coirnéal Sanders

Thug a mháthair, Dúitseach-Éireannach, rabhadh dó
gan feadaíl a dhéanamh ar an Domhnach
(ní mian leat dul go hIfreann, an mian?)
Ní dúirt sí faic mar gheall ar chearcdhíothú.
Maraíonn KFC thart ar 1.54 milliún sicín in aghaidh na bliana.
Fásann siad go tapa
réidh le marú laistigh de 30 lá.
Seachain loit chraicinn:
is é is cúis leis ná amóinia
i gcac na n-éan eile i ngéibheann

Colonel Sanders

His Dutch-Irish mother warned him
never to whistle on Sundays
(you don't want to go to Hell, do you?)
She never warned him about henocide.
KFC kills c. 1.54 million chickens a year.
They are a fast-growing breed
ready to slaughter after 30 days!
Watch out for skin lesions
caused by ammonia
in the waste of caged companions.

2021-04-06

Airdeall an Linbh

 

Ealaín: Delacroix

Sular nocht ego
sular nocht aigne
is cuimhne
bhíothas dírithe
ar an uile ní
b'in airdeall
an linbh
ní raibh ionsaitheacht
ar bith
i dtafann na ngadhar
ná fearg
ná bagairt
ná uaigneas
ghabh grian
an tráthnóna
faoi
is ba den chéad uair
i gcónaí é

2020-11-05

Gluaisrothar nó Eachtraí Paramhans Swami Pooranand ji Saraswati

 Gluaisrothar 5HP BSA atá inti
gan maolaire turrainge 
gan sprionga
ach a ghluaiseann go deas réidh mar sin féin
agus go leor dusta ina diaidh.
Cén gá atá le hEach-Chumhacht má tá Cumhacht Dé agat?
Tá na póilíní Briotanacha ag faire amach
ní hamháin san India -  nach ag spiaireacht ar leath an domhain atáid? 
Agus é ag druidim le chowk
scaoileann siad urchair leis.
Téann piléar trína ghualainn dheas
ach ní chuireann sé sin stop le Paramhans.
5HP agus Cumhacht shíoraí Dé anuas air sin?
Níl na Briotanaigh in ann déileáil lena leithéid.

Motorcycle or The Adventures of Paramhans Swami Poornand ji Saraswati

His motorcycle is a 5HP BSA
that has no shock absorbers
no springs
it trundles along nicely however
raising dust wherever it goes
Who needs HorsePower when you have GodPower?
British police are on the lookout
not just in India - are they not spying on half the world? - 
and as he nears a chowk
they open fire.
A bullet goes through his right shoulder
but Paramahans keeps on driving.
5 HP combined with infinite GodPower?
Too much for the British.

2014-12-21

Graonlannaigh

Graonlannaigh

Dhiúltaíodar do Chríost
Nuair a thug misinéirí le fios dóibh
Nach raibh rónta ar bith ar neamh!

Misinéirí saonta!
Tá neamh lán de rónta
Is iad ina luí ar an Trá Órga

Nach bhfuil siad feicthe agam le mo shúile cinn –
Is iontais eile nach iad
Nár shamhlaigh aon mhisinéir riamh!

Greenlanders

They denied Christ
When informed by missionaries
There were no seals in heaven!

Foolish missionaries!
Heaven abounds with seals
All stretched out on the Golden shore

Haven’t I seen them with my own two eyes –
And countless other wonders
No missionary ever imagined.

2013-11-17

Cara scoile a d’éag



Leáite ataoi sa cheol
a sheinnteá is tú id gharsún
an corn Francach
ag fógairt go mbeifeá ann go deo


Cad d’imigh ar an gcorn?
Bhfuil beola eile inniu leis

2013-01-09

Portráid Díom Féin (Amach Anseo)

Portráid Díom Féin (Amach Anseo)

Beidh clog éigin á bhualadh agam is dócha
chun fanacht im dhúiseacht
    an tost a bhlaiseadh
    idir na clingeanna
Self-Portrait (In the Future)

I'll be tinkling some sort of a bell I suppose
in order to stay awake
    taste the silence
    between the ringings.

2012-12-29

Bhí fhios agam nach raibh ann ach crann (do Ko Un)

Bhí fhios agam nach raibh ann ach crann
(do Ko Un)

Bhí fhios agam nach raibh ann ach crann
ach claochlaíodh le soilse é
le maisiúcháin
le sneachta bréige
agus i dtús an 21ú haois
thugamar ómós de shaghas éigin dó

Is gearr go mbeidh orainn é a chaitheamh amach
is é a thabhairt d'inneall athchúrsála
thuas ansin ar Chnoc Chill Iníon Léinín
is béicfidh sé
mar a bhéic anuraidh
is an bhliain roimhe sin -
an spíonlach -
cad is ea é?

Cad is ea sinne?
I knew it was only a tree
(for Ko Un)

I knew it was only a tree
but it had been transformed by lights
and decorations
artificial snow
and now, early in the 21st century
we pay it obeisance, of sorts

We'll have to throw it out soon
and give it to the recycling machine
up above on Killiney Hill
and it will scream
like it screamed last year
and the year before -
the needles -
what are they?

What are we?

2012-11-02

Port na bPúcaí

Is iomaí uair a chuala mé Port na bPúcaí á sheinm ag ceoltóirí éagsúla, ar an mbosca ceoil, ar an bpíb uilleann agus fiú ar an bpíb mhála. Nuair a chuala mé Caoimhín Ó Raghallaigh (veidhlín) agus Breandán Ó Beaglaoich (bosca ceoil) á sheinm tháinig dán chugam, nó b'fhéidir gur cheart píosa cantaireachta a thabhairt air. Dhein an ceol seamán díom. Is iad seo a leanas na focail:

Port na bPúcaí


Cúr
cúr
cúr

ag teacht
ag teacht de dhroim na dtonn
ag teacht de dhroim na dtonn chugainn

cuilithíní
cuilithíní
cuilithíní

ag teacht
ag teacht de dhroim na dtonn
ag teacht de dhroim na dtonn chugainn

glór
glór
glór

ag teacht
ag teacht de dhroim na dtonn
ag teacht de dhroim na dtonn chugainn

glór na míolta móra
ar tonnta iad
ag teacht
ag teacht de dhroim na dtonn
ag teacht de dhroim na dtonn chugainn

glór na míolta móra
ar púcaí iad
ag teacht
ag teacht de dhroim na dtonn
ag teacht de dhroim na dtonn chugainn

glór na bpúcaí
ar míolta móra iad
ag teacht
ag teacht de dhroim na dtonn
ag teacht de dhroim na dtonn chugainn

cúr
cúr
cúr



Foam, foam, foam, coming, coming on the waves, coming to us on the waves,

ripples, ripples, ripples, coming, coming on the waves, coming to us on the waves, voice, voice, voice, coming, coming on the waves, coming to us on the waves,

voice of whales that are waves, coming, coming on the waves, coming to us on the waves, voice of whales that are spirits, coming, coming on the waves, coming to us on the waves, voice of spirits that are whales, coming, coming on the waves, coming to us on the waves, foam, foam, foam.


Tamall ina dhiaidh sin, thaispeánas na focail don chumadóir Conallach Derek Ball. Iar-shíciatraí é Derek agus cónaí air i nGlaschú. Is maith a thuig sé an claochlú a chuir an ceol orm agus chuir seisean ceol dá chuid féin leis na focail! Tá an ceol sin ar fáil anseo: