Posts mit dem Label luimneach werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label luimneach werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2024-05-14

Cabhraigh le Ciste Bhalla Mheicsiceo / Support the Mexican Wall Fund



A bilingual limerick by Gabriel Rosenstock in response to a moving photograph by the outstanding street photographer Stefano Carotenuto.

Let's work on the Mexican wall
I know ye can do it, y'all!
          Reject all those those spics
          They are nobodies! Pricks!
We're American, we gotta stand tall! 



Cabhraigh le Ciste an Bhalla
Nó beidh gach éinne ag triall ar Valhalla
             Ní mór dúinn bheith geal
             Mar a bhímse féin (seal)
Agus fanaimis mar sin, dar Allah!

2024-02-20

Fear Easa



Wilhelm Süs

Bhí fear ina chónaí faoi eas
Ar seisean, "Sea, tá sé go deas!
          Bíonn an t-uisce - monuar!
          Ábhairín beag fuar -
Ach creidim go ndéanfaidh sé mo leas!"

2023-06-25

Luimneach /Limerick

Gabriel Rosenstock's bilingual limerick in praise of Louise Richardson, Dame Commander of the British Empire, 
appointed by the Irish Government (sic!) as Chairperson of its Consultative Forum on International Security Policy.

will Ireland stay neutral - like the Swiss
or join NATO, then go on the piss?
         it's being discussed at a Forum
         with Hibernian decorum
and the Chair -  she's a proper little Miss! *

* Dame Commander of the British Empire, Louise Richardson

an bhfanfaimid ar nós na hEilvéise
nó bheith in NATO inár staicín áiféise
                 nárbh fhearr a bheith neodrach
                 a Louise, is a bheith spleodrach
 mar a bhís-se fadó ins na Déise?
                      

2023-06-24

An Deirfiúr / The Sister


The Sister is a bilingual limerick by Limerick poet Gabriel Rosenstock in praise of Kim Jong Un's likely successor, his sister.


now look who's coming along!
it's the sister - Kim Yo-jong
        she's made of stern stuff
        and she knows how to bluff
sure she'd blow us all up for a song


féach cé tá chugainn go luath
sí Kim Yo-jong í, an deirfiúr
       tá sí dona go leor
       bean nár shil riamh aon deoir
is tá gangaid inti, is fuath

2022-08-09

The Future of Man / Dán an duine


 

What is the future of Man?
There's a flare-up now in Taiwan
               You think that Ukraine
                In the ass is a pain
Just wait till the shit hits the fan!

               
Don duine cad tá i ndán?
Tá suaitheadh arís sa Téaváin
                Ní galar amháin é
                Sampla na hÚcráine
Beidh an súiche a fud an bhracháin!

2022-05-25

Cúpla luimneach

 


A Wee Limerick

Hi, Donaldson! - DUP
I pee in the Lagan, you see
        The Liffey's a bit sniffy
        The Corrib's a bit iffy
And I'm damned if I'll pee in the Lee

Oui!

Mise Donaldson, DUP,
Cad é mar atá tú, a chroí
       Bhíodh Paisley ag rá 'No!'
        Is an ceart aige, ar ndóigh
Ó, ní maith liom an focal sin, 'Oui'

2020-12-03

Luimneach

Arsa bean a bhí saghas ina hóinmhid
Tá rud éigin orm - an Chóivid?
          Dhéanfadh  filíocht mo leas
          Sea, bheadh dán beag go deas
 Cad faoi Metamorphoses le hÓivid

2020-05-12

LÁ 'NÁISIÚNTA' NA LUIMNEACH

Tugtar  'NATIONAL' (?) LIMERICK DAY, LÁ 'NÁISIÚNTA' (?) NA LUIMNEACH, ar an 12 Bealtaine ach, faraor, ní chun comóradh a dhéanamh ar dhuine éigin d'Fhilí na Máighe é ach in ómós d'fhile Sasanach, Edward Lear, arb é a lá breithe inniu é.

Chun an ceangal le Co. Luimnigh a cheiliúradh, chumas an luimneach seo a leanas atá lonnaithe i mo dhúiche féin in oirthear Luimnigh.

Is dóigh liom  go mbeadh sé oiriúnach do pháistí ach ní gach aon mhúinteoir a d'aontódh liom is dócha - mar nach ceart spraoi a bhaint as an véarsaíocht, tá's agat!

Bhí leaidín as Cill Mocheallóg
agus dhein sé a chac ina bhróg,
         Arsa a mháthair, 'A thaisce!
         A leithéid de ghaisce!'
Is rug ar an leaidín barróg.

Breis luimnigh:

2015-07-01

Luimneach

Fiafraítear díom ó am go chéile mar dhuine a tógadh i gCo Luimnigh, ar chumas luimneach riamh.  In ainm Chroim, nár fhoilsíos cnuasach díobh. B’in thiar sa bhliain 1984, cnuasach dar teideal An tSine Bheo (sic … an-sic). An t-aos óg atá suas anois, ní fhaca siad cóip den leabhar sin riamh (ná na mílte leabhar eile atá as cló le fada).
Dóibh siúd mar sin nár léigh luimneach riamh i dteanga bhinn ársa na nGael, seo blaiseadh beag den tsine bheo:

                  ~
Bhí poc ina chónaí i dTeamhair
A bhí cráite gan comhluadar gabhair:
   Ní fhanfadh níos mó
   Ar seisean: ‘Let’s go!’
Agus d’imigh sé – glan as a mheabhair!

                  ~

Bhí bean rialta i gCathair Chinn Lis
(Is i luimneach atá sí anois!)
    Chuaigh a cat i bpoll móna
    Is ar feadh an tráthnóna
Ar sise go brónach: Pis! Pis!


                          ~

Bhí striapach bheag dheas ann, dar Duach!
Nár dhuine í chuige ach muruach.
    Deireadh custaiméirí, ‘Conas?’
    Ach ba chuma sa donas
Ach an craiceann a fháil is a luach!


                           ~
                             
Bhí ollamh i gCathair Saidhbhín –
Ollamh le Ceol, le bheith cruinn:
   Is leor orlach mar nod
   Rug sé greim ar a bhod
Agus sheinn a dhá váls ar veidhlín!

====================================
Ní shamhlóinn go reáchtálfadh An tOireachtas comórtas luimneach ach ba cheart do dhream éigin an fhoirm seo a spreagadh (IMRAM abair?). Is cuma an iad filí na Máighe a chuir tús leis an gcineál seo véarsaíochta an chéad lá riamh nó nach ea; b’fhéidir go bhfuil an chreidiúint ag dul do shaighdiúirí Sasanacha i Luimneach a raibh braon beag d’uisce glé na Máighe ólta acu.