Posts mit dem Label Amhrán de chuid na ndaoine werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Amhrán de chuid na ndaoine werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2019-07-29

Bíonn Smaointe gan Chuing

Amhrán de chuid na ndaoine

Bíonn Smaointe gan Chuing

Bíonn smaointe gan chuing, níl léamh orthu ag daoine,
Ar eite a bhíonn, mar scáileanna oíche,
Éalaíonn siad uainn choíche, ó philéar an fhiagaí.
Is mar sin a bhíonn, bíonn smaointe gan chuing.

Liom féin é mo mheon is é chun mo shásaimh
Istigh ionam beo de réir mar a fhásann.
Beidh mianta mo chroíse go hiomlán neamhchloíte
Is mar sin a bhíonn, bíonn smaointe gan chuing.

I bpríosún dá mbeinn, i gcarcair ghruama,
Ní bheinnse i bpéin, ba am curtha amú é:
Do bhrisfeadh mo smaointe na barraí ina bpíosaí
Is mar sin a bhíonn, bíonn smaointe gan chuing!

Céad slán leis an mbuaireamh, céad slán leis go deo
Is slán leis an duairceas, is mian liom bheith beo
Sé teanga an chroí an gáire, an spraoi
Nach in é mar a bhíonn, bíonn smaointe gan chuing.
Bíonn smaointe gan chuing!

Die Gedanken sind frei

Die Gedanken sind frei, wer kann sie erraten,
sie fliehen vorbei wie nächtliche Schatten.
Kein Mensch kann sie wissen, kein Jäger erschießen
es bleibet dabei: Die Gedanken sind frei!

Ich denke was ich will und was mich beglücket,
doch alles in der Still', und wie es sich schicket.
Mein Wunsch, mein Begehren kann niemand verwehren,
es bleibet dabei: Die Gedanken sind frei!

Und sperrt man mich ein im finsteren Kerker,
das alles sind rein vergebliche Werke.
Denn meine Gedanken zerreißen die Schranken
und Mauern entzwei, die Gedanken sind frei!

Drum will ich auf immer den Sorgen entsagen
und will mich auch nimmer mit Grillen mehr plagen.
Man kann ja im Herzen stets lachen und scherzen
und denken dabei: Die Gedanken sind frei!
Die Gedanken sind frei!

2019-07-28

Da unten im Tale/ I bhFad Thíos sa Ghleanntán

Teanga:Boarisch/ Bavárais
Amhrán de chuid na ndaoine,
cóirithe ag Brahms
I bhfad thíos sa ghleanntán
An t-uisce faoi smúit,
Is ní féidir a ansacht
Mo ghrá ’chur in iúl.

Ag síorchaint ar fhíorghrá
Ar dhílseacht gan stad
Agus iarracht den éitheach
Sa chaint sin ar fad.

T’réis deich n-uaire a rá leat
Mo lámh duit, táim i ngrá
Is fanann tú go dúr -
Ní mór dom bheith sa tsiúl.

As an ngrá ’ thug tú dom ód’ chroí
Táim buíoch díot, a rún
Agus guím go mbeidh grá arís
Id’ chroíse go luath.
Da unten im Tale
Läuft's Wasser so trüb,
Und i kann dir's net sagen,
I hab' di so lieb.

Sprichst allweil von Liebe,
Sprichst allweil von Treu',
Und a bissele Falschheit
Is auch wohl dabei.

Und wenn i dir's zehnmal sag,
Daß i di lieb und mag,
Und du willst nit verstehn,
Muß i halt weitergehn.

Für die Zeit, wo du gliebt mi hast,
Da dank i dir schön,
Und i wünsch, daß dir's anderswo
Besser mag gehn.

2019-07-27

D'eitil tráth cúig eala áille

File: Amhrán na nDaoine
Cumadóir: Hannes Wader

D'eitil tráth cúig eala áille

D’eitil tráth cúig eala áille
Ealaí breátha geal mar lá
D’eitil tráth cúig eala áille
Ealaí breátha geal mar lá
Can, can, cén scéal é?
N’fhacthas iad ó shin i leith
Can, can, cén scéal é?
Ní fhacthas iad ó shin.

D’fhás cúig bheith gheal tráth sa gharrán
Glas is úr cois bhruach na habhann
D’fhás cúig bheith gheal tráth sa gharrán
Glas is úr cois bhruach na habhann
Can, can, cén scéal é?
Níor bhláthaigh oiread is crann ann
Can, can cén scéal é?
Níor bhláthaigh oiread is crann.

D’imigh tráth cúigear ógfhear
Bród orthu a bheith sa chath
D’imigh tráth cúigear ógfhear
Bród orthu a bheith sa chath
Can, can, cén scéal é?
Slán níor tháinig siad ón ár
Can, can, cén scéal é?
Níor tháinig siad ón ár.

Cúigear maighdean bhí tráth ann
A gcom seang singil ó mo léir
Cúigear maighdean bhí tráth ann
A gcom seang singil ó mo léir
Can, can, cén scéal é?
Fáinne níor cuireadh ar a méar
Can, can, cén scéal é?
Gan fáinne ar a méar.

Zogen einst fünf wilde Schwäne

Zogen einst fünf wilde Schwäne,
Schwäne, leuchtend weiß und schön.
Zogen einst fünf wilde Schwäne,
Schwäne, leuchtend weiß und schön.
Sing, sing, was geschah?
Keiner ward mehr gesehn, ja.
Sing, sing, was geschah?
Keiner ward mehr gesehn.

Wuchsen einst fünf junge Birken
Grün und frisch am Bachesrand.
Wuchsen einst fünf junge Birken
Grün und frisch am Bachesrand.
Sing, sing, was geschah?
Keine in Blüten stand, ja.
Sing, sing, was geschah?
Keine in Blüten stand.

Zogen einst fünf junge Burschen
Stolz und kühn zum Kampf hinaus.
Zogen einst fünf junge Burschen
Stolz und kühn zum Kampf hinaus.
Sing, sing, was geschah?
Keiner kehrt mehr nach Hause, ja.
Sing, sing, was geschah?
Keiner kehrt nach Haus.

Wuchsen einst fünf junge Mädchen
Schlank und schön am Memelstrand.
Wuchsen einst fünf junge Mädchen
Schlank und schön am Memelstrand.
Sing, sing was geschah?
Keine den Brautkranz wand, ja.
Sing, sing, was geschah?
Keine den Brautkranz wand.

2017-09-14

Cime Chugainn

Cime Chugainn

Tá an cime ag teacht chugainne
Is tá cimí eile léi.
Is ina measc siúd
Seo chugainn an cailín gléigeal
Níl ina lá geal, níl
Níl ina mhaidin bhán.
Canann an cailín gléigeal
Faoin mbuairt atá ina lár

Ó na goirt is glas iad
Ó na hológa gréine
Agus mo mháithrín Gracia
Amuigh ag ní ár gcuid éadaigh.
Ó, nach álainn an ghiúis sin
Mé féin agus m’fhear céile:
Luíomar ann gan dúiseacht
Inár gcodladh le pléisiúr.
Ó na tuamaí bána
Ó, tuamaí sin ár sinsir!
Eitlímse ar fán dom
I m’éan dom ar fud na síoraíochta . . .

Ya viene el cativo

Amhrán de chuid na ndaoine.

Spáinnis / Laidínis

Ya viene el cativo
con todas las cativas.
Dientro de ellas
esta la blanca niña.
Ni amanecía
ni era de día
cuando la blanca niña
cantava su manzia.

'O qué campos verdes
O campos de olivas
onde mi madre Gracia
lavava y espandía.
O, qué pino hermozo
onde con mi espozo
baxo su solombra
dormíamos con gozo.
O, qué tombas blancas,
o tombas de avuelos
Paso sobre ellas
como paxaro en su vuelo.