I measc na ríomhphost a fhaigheann Gabriel gach lá, tá seirbhísí a chuireann dán ar fáil in aghaidh an lae,
Panhala ceann acu agus an ceann eile
Poetry Chaikhana.
"Is
mar sin a chuirimse tús leis an lá - gach lá. Is gnách go gcuirim
Gaeilge ar na dánta sin. Is cleachtadh teanga, cleachtadh Gaeilge agus
cleachtadh spioradálta é! Duine de mhórfhilí
bhakti an domhain í
Mira, an banphrionsa Indiach a thug a croí do Krishna. Is é is brí le
bhakti ná deabhóid.
Ceann de na leabhair is mó a chuaigh i bhfeidhm orm ná
Speaking of Shiva (Penguin Classics). Bhíos óg go maith ag an am ach cuireadh an síol agus sa bhliain 2000 phléasc
bhakti ionam agus mé in Koeln na Gearmáine: chailleas mo chiall, buíochas mór le Dia, scríobhas 200 dán i mBéarla agus thugas
neo-bhakti ar an stíl sin. Blianta fada ina dhiaidh sin, d'fhoilsigh Salmon Poetry leagan ciorraithe den saothar sin faoin teideal
Uttering Her Name. Tá scata filí
bhakti sna díolamaí
Guthanna Beannaithe an Domhain (Coiscéim). Ó na seirbhísí Panhala agus Poetry Chaikhana a lán den ábhar sna leabhair sin nó leanaim na naisc a thugann siad.
Ó am go chéile cuirim YouTube le
Krishna Das ar siúl,
amhránaí bhakti. Is Meiriceánach é. Glanann sé amach an croí!