Posts mit dem Label Natsume Sōseki werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Natsume Sōseki werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2018-11-08

Geimhreadh: Haiku Zen

Natsume Sōseki (1869 -1916)
umhlaímid dá chéile...
as gruaig na mná
titeann cloch shneachta

muintir na cathrach
a chúram féin ar chách...
deireadh na bliana

chuiris tús
le d’óráid le broim –
a thiarcais!

imíonn préachán...
crann lom ar crith
faoi ghrian an tráthnóna

scuabaim díom é
scuabaim díom arís é
sneachta fós ar mo mhuinchille

shéid gaoth an gheimhridh
grian an tráthnóna
amach san fharraige

2018-11-07

Fómhair: Haiku Zen

Natsume Sōseki (1869 -1916)
tús an fhómhair...
leabhar nár léadh go hiomlán
fós

cuileog san fhómhar...
rugas uirthi
is scaoileas léi

gaotha fómhair...
ceathrúna na bó
ar a slí go dtí an seamlas

duilleoga na ndátphlumaí...
solas na gealaí
ar gach ceann díobh

fuacht na maidine
fuacht an tráthnóna...
ag taisteal liom féin

mo shaol athnuaite...
nach ársa é
an fómhar

tuirlingíonn ar mo ghualainn...
‘bhfuil cara uait?
snáthaid mhór dhearg

glanann an ceo...
an t-eas á nochtadh
beagán ar bheagán

go tobann
tosaíonn dreoilín teaspaigh ag canadh
stopann go tobann

gan sake
gan dán...
tost na gealaí!

braoinín sake
fós sa bhuidéal...
fuacht na hoíche

faoin ngealach dó ag siúl...
dearmad déanta ag Sōseki
ar a bhean chéile

is deas filleadh
ar an bhfód dúchais...
séasúr na gcriosantamam

corraíonn an Spiorad
díreach os mo chomhair...
barr mo phinn

gealach lán...
is cruinn í scáil
chloigeann an tsagairt

2018-11-06

Samhradh: Haiku Zen

Natsume Sōseki (1869 -1916)
titeann grian dhearg
san fharraige –
brothall samhraidh


imíonn an gadhar . . .
preabann lusanna an chromchinn aníos
athuair

ag breith ar mhuiscítí
is béal ar fad í –
buaf

cruinníonn siad
scaipeann siad  . . .
lampróga os cionn na habhann


breathnaigh ar bhreith is ar bhás –
bláth na loiteoige ar oscailt
cheana


osclaíonn leis féin
cumhra faoin ngrian –
leamhach beannaithe


a chuid adharc
á n-ardú aige  . . .
seilide cois tobair


isteach i ngort
na mbláthanna buí  . . .
grian an tráthnóna

an lampa múchta  . . .
fionnuaire na réaltaí
i bhfráma na fuinneoige


lampróg amháin . . .
ag scinneadh thart
sa seomra


bhuel, tá sé in am dul a luí
ach – gealach
an tsamhraidh

2018-11-05

EARRACH: Haiku Zen

Natsume Sōseki (1869 -1916)
na héisc go léir
ag streachailt in aghaidh srutha...
abhainn san earrach

faoin gcrann plumaí
buailid lena chéile...
gan focal eatarthu

bláthanna plumaí i ngar is i gcéin...
cleachtas laethúil
siúl fúthu

ba dheas liom
bheith athshaolaithe
is mé chomh beag le sailchuach

catachas air
is tanaí atá sé...
súile sin uile     nach mór

socraíonn sé síos
nuair a imíonn an féileacán...
piscín

báisteach earraigh...
cloíonn siad lena chéile
faoin aon scáth báistí amháin

bhláthaigh
an crann plumaí...
gan focal a rá