Posts mit dem Label preasráiteas werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label preasráiteas werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2022-09-08

Beocht a chur le Gaeilge scríofa agus labhartha le haghaidh iar-bhunscoileanna (Preasráiteas)


I gcomhar le hIMRAM, tá dhá thionscnamh nua spreagúla seolta ag Éigse Éireann a bhfuil mar aidhm acu an Ghaeilge a spreagadh mar chuid dá gclár iar-bhunscoile. Is comórtas píolótach trí Ghaeilge é Guth na hÉigse. Mar chuid de Guth na hÉigseComórtas Labhartha Filíochta agus Comórtas Duais Bashō Haiku, comórtas haiku Béarla agus Gaeilge. 

Tá na comórtais oscailte anois agus tá Poetry Ireland agus IMRAM ag iarraidh ar gach múinteoir iar-bhunscoile a gcuid daltaí a bheith páirteach iontu. 
 
Is comórtas píolótach Comórtas Labhartha Filíochta d’Iarbhunscoileanna é Guth na hÉigse, atá bunaithe ar an gComórtas Labhairt Filíochta, Poetry Aloud, a bhfuil an-rath air. Chuir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus Éigse Éireann tús le Poetry Aloud in 2007. Tá sé mar aidhm ag Guth na hÉigse mic léinn a spreagadh ar fud oileán na hÉireann chun dánta Gaeilge a fhoghlaim de ghlanmheabhair agus ansin na dánta a rá os ard ag babhtaí ceannais, cluichí ceannais réigiúnacha agus ag craobh náisiúnta a bheidh ar siúl i mí na Samhna mar chuid d’Fhéile Litríochta Gaeilge IMRAM 2022. 
 
Dúirt Liam Carson, Stiúrthóir Fhéile Litríochta Gaeilge 2022 IMRAM, 
"Tá lúcháir orainn a bheith ag comhoibriú le hÉigse Éireann ar an dá chlár ríthábhachtacha Ghaeilge seo d’iar-bhunscoileanna. Tá súil againn go dtacóidh Guth na hÉigse agus Comórtas Filíochta Duais Bashō Haiku le forbairt teanga agus sult a bhaint as an nGaeilge a úsáid mar theanga labhartha agus scríofa sna blianta amach romhainn”. 
 
Fáiltíonn Comórtas Filíochta Duais Bashō Haiku roimh dhaltaí iar-bhunscoile haiku a chumadh, i mBéarla nó i nGaeilge nó go dátheangach, agus a gcuid haiku a chur isteach le haghaidh breithiúnais faoin 24 Deireadh Fómhair 2022. 
 
Is é an haiku an fhoirm fhileata is giorra ar domhan a tháinig chun cinn sa tSeapáin sa 17ú hAois, cruthaithe ar dtús ag an máistir haiku Bashō. Scríobhtar dánta Haiku i dtrí líne de ghnáth agus tá seacht siolla déag ar a mhéad iontu. Is é an file, drámadóir, scríbhneoir haiku agus ball d’Aosdána, Gabriel Rosenstock a bheidh i mbun moltóireachta. 
 
Dúirt Jane O’Hanlon, Oifigeach Oideachais le haghaidh Éigse Éireann, 
"Is deis ar leith é Guth na hÉigse agus Duais Basho do rannpháirtithe óga dul i ngleic leis an bhFilíocht agus leis an nGaeilge ar bhealach nuálach taitneamhach. Tá súil againn go gcuirfidh sé seo le tuiscint daoine óga ar an teanga agus lena muinín in úsáid na Gaeilge. Is cuid fíor-thábhachtach den taithí seo é páirt a ghlacadh i bhFéile IMRAM, rud a bhfuilimid ag tnúth go mór leis". 
 
Tá sé mar aidhm ag an dá thionscnamh phíolótacha tacú le forbairt na Gaeilge i scoileanna trí chlár spreagúil a chur ar fáil agus feachtas foghlama dearfach a bhunú a bheidh dírithe ar an nGaeilge mar theanga bheo inár féidir sult a bhaint as Gaeilge a labhairt agus a scríobh go héifeachtach agus le bród. 
 
Tá iontrálacha oscailte anois don dá chomórtas. 
 
Is é an 4 Deireadh Fómhair 2022 an spriocdháta d’iontrálacha Guth na hÉigse agus leanann an spriocdháta do Chomórtas Filíochta Duais Bashō Haiku ina dhiaidh sin ar an 24 Deireadh Fómhair 2022. 
 
Tá foirmeacha iontrála agus sonraí don dá chomórtas ar fáil ar www.poetryireland.ie  - 
  • Duais Bashō Haiku Poetry Competition anseo
  • Guth na hÉigse anseo
 
Fiona Ní Ghloínn ag eigse@poetryireland.ie nó ar 086 3913343 
 

Poetry Ireland/ Éigse Éireann

Cothaíonn Éigse Éireann dáimh idir daoine agus an fhilíocht. An sprioc atá againn ná barr feabhais a bhaint amach maidir le filíocht a léamh, a scríobh agus a léiriú ar fud oileán na hÉireann. 
Faigheann Éigse Éireann tacaíocht ón gComhairle Ealaíon agus ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus tá an-chaidreamh againn le hionaid ealaíne, féilte, scoileanna, coláistí agus siopaí leabhar ag baile agus i gcéin.

IMRAM 

Saothraíonn IMRAM chun litríocht na Gaeilge a chur i gceartlár an tsaoil phoiblí in Éirinn, trí fhéile bhliantúil nuálach a eagrú, a ndéanfar ardán idirnáisiúnta di, a thacaíonn le scríbhneoirí, a spreagann díospóireacht agus a mheallann cainteoirí Gaeilge agus foghlaimeoirí na Gaeilge in Éirinn agus ar fud an diaspóra. 

2021-01-27

Dhá leabhar - saor in aisce! PREASRÁITEAS

 Tá dhá leabhar dhátheangacha nuafhoilsithe agam atá saor in aisce.
Is ríomhleabhair iad a d'fhoilsigh foilsitheoir filíochta i Nua-Eabhrac, Cross-Cultural Communications.
B'fhéidir go mbeadh spéis agaibh iontu:




Cén fáth a n-eiseofá leabhar saor in aisce?

Ceist mhaith! D'fhéadfá a rá go bhfuil an tomhaltachas imithe thar fóir ar fad le tamall maith de bhlianta anuas agus go bhfuil cuid againn ag iarraidh a fháil amach an bhfuil aon éalú uaidh! 

Ní staraí mé agus n'fheadar cathain a cuireadh tús leis an tomhaltachas. Déarfadh daoine áirithe go raibh sé riamh ann! Ach is ar scála tionsclaíoch atá sé anois. Tá praghas ar gach aon ní agus gach aon ní ar díol. Margaíocht is ea gach aon rud.

Aisteach go leor, nuair a thugas-sa faoi shraith leabhar a fhoilsiú ar mo chostas féin agus iad a thabhairt amach saor in aisce, bhí go leor deacrachtaí agam. Thacaigh Stanley Barkan liom i Nua-Eabhrac, sa mhéid go ndúirt sé go raibh lánchead agam iad a fhoilsiú faoi ainm a chomhlachta féin, Cross-Cultural Communications, foilsitheoirí leabhar filíochta dátheangach, ach cad a dhéanfainn ansin leis na leabhair? Iad a dhíol?


Níor theastaigh uaim iad a dhíol. Níor íocas as an inspioráid a bhí laistiar de na leabhair. Tháinig an inspioráid chugam saor in aisce. Cén fáth a lorgóinn brabús ar rud éigin a tháinig chugam mar ghrásta? Más grásta ó Dhia é an inspioráid, an bhfaighimid é ar an gcoinníoll go ndéanfaí brabús air? An bhfuil Dia gann ar airgead?

Níl an domhan in ann déileáil le tabhartas saor in aisce. Caithfear gach rud a phacáistiú agus a dhíol. Cad deirtear san amhrán Siobhán Ní Dhuibhir:

D'éirigh mé ar maidin a tharraint
Chun aonaigh mhóir
A dhíol is a cheannacht
Mar a dhéanadh mo dhaoine romham . . .

Sea, níl aon éalú uaidh is cosúil!