Posts mit dem Label zen werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label zen werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2023-05-30

Photo haiku

 


Ó eacstais go heacstais
lá eile
i saol ón mhistigh
 
from ecstasy to ecstasy
another day
in the life of a mystic
 
Haiku: Zen monk Tanuki
 

2021-12-01

Ceol Duilleoige /Leaf Music

Seinnimse an duilleog.
Éist go géar. 
Cloisfidh tú duilleog ag titim.
Ní hí an duilleog seo 
atá á seinm anois agam
ach gach aon duilleog a thit riamh
go talamh.
Is é seo ceol na nduilleog
ag titim.
Ceol brónach, ab ea, a deir tú?
Ceol áthasach?
Níl ann ach ceol na nduilleog.
Tá sé mar atá sé.

Leaf Music

I am Yokoyama Sodō
I play the leaf.
Listen carefully.
You will hear a leaf falling.
Not this leaf 
that I'm playing now
but all the leaves
that ever fell to the ground.
This is the music
of the falling leaf. 
Is it sad, you ask?
Is it joyous?
It is simply leaf music.
It is what it is.

2019-11-25

Ryokan

An saol seo againne -
ní thabharfainn samhail ar bith dhó
ach macalla
ina bhlosc trí na sléibhte
is amach trí fholús na spéartha


Notre vie en ce monde -
À quoi la comparer ?
Elle est comme un écho
Qui résonne à travers les montagnes
Et s'en va dans le ciel vide

Leagan Fraincise: D.Py

2019-10-04

Suaimhneas Aigne

Li Cheng: Teampall Sléibhe
Nuair a bhíonn suaimhneas ag an aigne
bíonn suaimhneas ag an saol.
Níl aon rud ann, níl aon rud in easnamh.
Gan breith ar an réaltacht,
gan a bheith sáite san fholús,
ní beannaithe ná gaoismhear atá tú
gnáthdhuine, díreach, agus a shaothar curtha i gcrích aige.

P'ang Yün (龐蘊 Hõ Un)

2019-10-03

Ikkyû - An Saol Seo Againne

Konoshima Okoku
Ithimid, cacaimid, codlaímid, agus éirímid;
Sin é an saol seo againne.
Níl le déanamh ina dhiaidh sin –
Ach bás a fháil

Zenmháistir Ikkyû Sojun

2018-11-08

Geimhreadh: Haiku Zen

Natsume Sōseki (1869 -1916)
umhlaímid dá chéile...
as gruaig na mná
titeann cloch shneachta

muintir na cathrach
a chúram féin ar chách...
deireadh na bliana

chuiris tús
le d’óráid le broim –
a thiarcais!

imíonn préachán...
crann lom ar crith
faoi ghrian an tráthnóna

scuabaim díom é
scuabaim díom arís é
sneachta fós ar mo mhuinchille

shéid gaoth an gheimhridh
grian an tráthnóna
amach san fharraige

2018-11-07

Fómhair: Haiku Zen

Natsume Sōseki (1869 -1916)
tús an fhómhair...
leabhar nár léadh go hiomlán
fós

cuileog san fhómhar...
rugas uirthi
is scaoileas léi

gaotha fómhair...
ceathrúna na bó
ar a slí go dtí an seamlas

duilleoga na ndátphlumaí...
solas na gealaí
ar gach ceann díobh

fuacht na maidine
fuacht an tráthnóna...
ag taisteal liom féin

mo shaol athnuaite...
nach ársa é
an fómhar

tuirlingíonn ar mo ghualainn...
‘bhfuil cara uait?
snáthaid mhór dhearg

glanann an ceo...
an t-eas á nochtadh
beagán ar bheagán

go tobann
tosaíonn dreoilín teaspaigh ag canadh
stopann go tobann

gan sake
gan dán...
tost na gealaí!

braoinín sake
fós sa bhuidéal...
fuacht na hoíche

faoin ngealach dó ag siúl...
dearmad déanta ag Sōseki
ar a bhean chéile

is deas filleadh
ar an bhfód dúchais...
séasúr na gcriosantamam

corraíonn an Spiorad
díreach os mo chomhair...
barr mo phinn

gealach lán...
is cruinn í scáil
chloigeann an tsagairt

2018-11-06

Samhradh: Haiku Zen

Natsume Sōseki (1869 -1916)
titeann grian dhearg
san fharraige –
brothall samhraidh


imíonn an gadhar . . .
preabann lusanna an chromchinn aníos
athuair

ag breith ar mhuiscítí
is béal ar fad í –
buaf

cruinníonn siad
scaipeann siad  . . .
lampróga os cionn na habhann


breathnaigh ar bhreith is ar bhás –
bláth na loiteoige ar oscailt
cheana


osclaíonn leis féin
cumhra faoin ngrian –
leamhach beannaithe


a chuid adharc
á n-ardú aige  . . .
seilide cois tobair


isteach i ngort
na mbláthanna buí  . . .
grian an tráthnóna

an lampa múchta  . . .
fionnuaire na réaltaí
i bhfráma na fuinneoige


lampróg amháin . . .
ag scinneadh thart
sa seomra


bhuel, tá sé in am dul a luí
ach – gealach
an tsamhraidh

2018-11-05

EARRACH: Haiku Zen

Natsume Sōseki (1869 -1916)
na héisc go léir
ag streachailt in aghaidh srutha...
abhainn san earrach

faoin gcrann plumaí
buailid lena chéile...
gan focal eatarthu

bláthanna plumaí i ngar is i gcéin...
cleachtas laethúil
siúl fúthu

ba dheas liom
bheith athshaolaithe
is mé chomh beag le sailchuach

catachas air
is tanaí atá sé...
súile sin uile     nach mór

socraíonn sé síos
nuair a imíonn an féileacán...
piscín

báisteach earraigh...
cloíonn siad lena chéile
faoin aon scáth báistí amháin

bhláthaigh
an crann plumaí...
gan focal a rá

2018-06-15

Cúpla haiku Zen

an chéad chith fuar...
an moncaí fiú
theastódh cóta beag tuí uaidh

Bashō

scríobh, scrios, athscríobh,
scrios arís, is ansin
bláthaíonn poipín

Hokushi

sneachta an lae inné
a thit mar bhlátha silíní -
uisce arís

Gozan

Áit cónaithe Issa
fiú in Kyoto
nuair a chloisim scairt na cuaiche...
santaím Kyoto

Issa

an préachán bailithe leis
luascann crann lom ...
fuineadh gréine

Natsume Soseki

2018-05-27

Moncaí


an chéad chith fuar  . . .
an moncaí fiú
theastódh cóta beag tuí uaidh
                            

Bashō


2016-02-09

Zen agus an Aigne Dhaingean

Konoshima Okoku
Ba mhaith leat Zen Yung-ming a thuiscint?
Féach ar an loch os comhair an gheata.
Nuair a shoilsíonn an ghrian, tagann gile uaidh
Nuair a thagann an ghaoth, bíonn cuilithíní is tonnta ann.
 

Yung-ming Yen-shou (永明延壽  904-975)

2014-12-08

Bhíos tugtha don léann




le Yoka Genkaku (Yongjia Xuanjue) (665 - 713)

Bhíos tugtha don léann ó bhíos im gharsún,
Ní raibh véarsa de na scrioptúir nár scrúdaíos go géar,
Téarmaí agus foirmeacha agam á rangú beag beann ar thraochadh.
Isteach liom san fharraige chun gráinní gainimhe a chomhaireamh -
Saothar in aisce. Ansin thug an Tathagata, an Búda, thug sé amach dom 

Go séimh nuair a léas: "Cad is fiú ciste na gcomharsan a chomhaireamh?"
Saothar scaipthe gan mhaith ab ea gach rud go dtí sin!
Dusta á shéideadh ag an ngaoth a bhí ionam leis na blianta.

2014-08-05

Ar an lá seo 5 Lúnasa

Ar an lá seo 5 Lúnasa cailleadh Robert Aitken, Máistir Zen

Féach ar an bhfíseán seo, A Zen Wave, slí dheas chun léirmheas a dhéanamh

Is féidir leabhar leis a léamh anseo, Taking the Path of Zen.

2013-04-05

Hsu Yun: Linn an Scátháin ar Shliabh Taibó in Shanxi


Mirror Pond on Mount Taibo in Shanxi

The water and my mind have both settled down
Into perfect stillness.
Sun and moon shine bright in it.
At night I see in the surface
The enormous face of my old familiar moon.
I don't think you've ever met the source of this reflection.
All shrillness fades into the sound of silence.
But now and then a puff of mist floats across the mirror.
It confuses me a little
But not enough to make me forget to forget my cares.

English version by Zen Buddhist Order of Hsu Yun

Linn an Scátháin ar Shliabh Taibó in Shanxi

Shíothlaigh an t-uisce is m'aigne araon
i dtost foirfe.
Lonraíonn grian is gealach go glé inti.
Feicim ar a dromchla istoíche
aghaidh ollmhór na gealaí úd is eol dom.
Ní dóigh liom gur theagmhaigh tú riamh le foinse na scáile sin.
Imíonn gach glór caol i bhfuaim an chiúnais
ach anois is arís gabhann puth cheo thar an scáthán.
Bím ábhairín suaite aici
Ach ní chomh suaite sin is go ndearúdfainn mo bhuairt a dhearúd.

2013-04-04

SOEN: Dánta Zen ón gCoiré

Agus aird an domhain arís ar an gCóiré, féachaimis ar roinnt dánta le Máistrí Soen (Zen) a scríobadh in aimsir síochána agus in aimsir chogaidh.

Dúiseacht
le Wongam (1226-1292), Teagascóir Náisiúnta na Cóiré

 Is lom iad géaga an fhómhair
   agus is lag é taitneamh na gréine
Is ciúin iad na sléibhte
   agus iad cumhdaithe le sioc geal
Tá an doras dúnta, mé i mo shuí,
   i mo chodladh is mé ag taibhreamh
Is dúisím de phreib
   ar chloisint na bpréachán dom sa choill

Dílleachta
le Cheongheodang (1520- 1604)

Tá do mháthair imithe, a phréacháin bhig
Is coscrach í do ghrágaíl ghoil
Cad is féidir a rá le héan?
Smaoineamh is ea é sin a rith liom inniu


Crann sa Chlós
le Cheongheodang
 
Fuaim na báistí istoíche ar an sliabh
músclaítear an fánaí as a thaibhreamh
osclaíonn sé an fhuinneog is feiceann an crann sa chlós
míle duilleog is aon fhuaim amháin an fhómhair


Ceoltóir
le Cheongheodang

Tháinig tú an tráthnóna earraigh seo
chun an liúit a sheinm dom.
Éanlaith ag canadh san áit ina dtiteann na bláthanna.
Bun os cionn, scáil an tsléibhe san abhainn.

 
Cuairt ar an Seanfhód
le Cheongheodang

Cailleadh mo thuismitheoirí agus mé an-óg agus d’fhágas an baile agus mé deich mbliana d’aois. In aois a cúig bliana is tríocha dom, d’fhilleas ar an sráidbhaile is ní raibh comharsa ar bith le feiceáil, theas ná thuaidh. Bhí an talamh treafa, an crann maoildeirge agus an eorna is iad ag luascadh sa ghaoth anoir. Bhuail cumha mé agus scríobhas an véarsa seo ar bhalla fothraigh. D’fhanas oíche amháin ann agus d’fhilleas ansin ar an sliabh


Seo ar ais mé, sa bhaile, tar éis tríocha bliain.
Tá daoine imithe ar shlí na fírinne, tithe ina bhfothraigh, an sráidbhaile bánaithe.
Na sléibhte glasa an tráthnóna earraigh seo, balbh.
An gcloisim cuach aonair áit éigin ag glaoch?
Agus mé ag siúl thar bráid, tá buachaillí is cailíní
ag gliúcaíocht trí na fuinneoga páipéir,
seanóirí agus a gcuid gruaige ar nós an ghrúis ag fiafraí cé leis mé,
deora leo nuair a chloiseann siad an t-ainm a bhí orm san áit seo.
Agus amach san oíche bhí an ghealach ar crochadh sa spéir mhuir-dhorcha.


Lá Lomtha mo chuid Gruaige

le Cheongheodang

Scór bliain ó shin, buachaill a raibh lé aige leis an staidéar
chinn sé ar rud ait a dhéanamh
nuair a tuigeadh dó nach raibh sa chruinne go léir ach folús
agus nach raibh sa cholainn ach seachmall

Scór bliain ó shin is ar snámh a bhí sé i bhfarraige ghoirt an tsaoil
clú agus maoin á santú aige.
Oíche amháin thug sé cluas do bhriathra Zen
agus an mhaidin dár gcionn thug a fholt dubh don lann airgid.


Ag Teacht Ón Sliabh Anuas
leis an Máistir Cheongnae (1548 -1623)

Nuair a thugas an sliabh orm féin bhí na spruitíní ann,
Anois tá mo shúile lán de chrainn scarlóideacha.
An t-am i láthair agus an t-am d’imigh tharainn, roinntear an saol eatarthu.
Ná codail dhá oíche faoin gcrann céanna
An foláireamh a thug mo Bhúda-sa dom.
Bhíodh grús aonair i bhfeighil na mainistreach
Seo anois ar eite é is an gleann ar fad a fhágáil aige ina dhiaidh.


Sólás don Domhan
leis an Máistir Cheongnae

Seo chugainn isteach fear buile
Is deir sé go bhfuil an domhan i dtrioblóid.
Tá spiorad an áir ar fud an tsráidbhaile,
Na goirt ag cur thar maoil leo siúd a cailleadh den ocras.
Coimhlint armtha ag éirí níos measa in aghaidh an lae,
Gaolta fiú is gan atrua acu dá chéile.
Dualgais corvée níos troime in aghaidh na bliana
Scaipeadh na mionéan ar mhná is ar pháistí.


Im Chónaí ar an Sliabh
le Heobaekdang (1593-1661)

Sléibhte, aibhneacha, neamh is talamh, an ghealach,
Seo is siúd: is cuma leo go léir mar gheall ar a chéile.
Tá an scéal amuigh go bhfuil an t-earrach ann,
Caitíní sailí scaipthe ar fud na háite.


Ar an Iargúil
le Wolbong (1624 - ?)

Is fada mé beo i measc ceo is néalta
Luibheanna agam á n-ithe – beagán de bhlas an domhain.
Im leaba fhuar, is eol dom an ceobhrán tais,
Is eol dom an clós is é sleamhain faoin gcaonach.
An ré alpach ag taitneamh go glé ar mo bhothán.
Níl gradam ar bith ar an iargúil
Ach ní raibh uaim riamh ach m’ainm a cheilt.