Posts mit dem Label Briathra an Bhúda werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Briathra an Bhúda werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2023-01-17

Briathra an Bhúda


 
 
 
Apādakehi me mettaṃ,
mettaṃ dvipādakehi me;
catuppadehi me mettaṃ,
mettaṃ bahuppadehi me.

Éist leis an mbun-Pháilis:
don déchosach, leis, tá grá agam;
tá grá agam don neach a bhfuil ceithre chos faoi,
don ilchosach tá grá agam.


2021-02-17

Briathra an Bhúda

Na tāvatā dhammadharo
yāvatā bahu bhāsati.
Yo ca appampi sutvāna,
dhammaṃ kāyena passati
sa ve dhammadharo hoti,
yo dhammaṃ nappamajjati.

Éist leis an mbun-Pháilis:

Níl cur amach ar an Darma
ag an té a bhfuil an iomarca cainte aige.
An té a chloiseann beagán den Darma
agus a thuigeann láithreach é
agus a thugann aird air
tá an-chur amach ag an duine sin ar an Darma.

2019-12-10

Briathra an Bhúda

Le dea-mhéin i leith an chosmais go léir,
cothaigh croí gan teorainn:
Os do chionn, thíos fút agus thart timpeall ort,
gan bhac, gan naimhdeas ná fuath.


Mettañca sabbalokasmi,
mānasaṃ bhāvaye aparimāṇaṃ:
Uddhaṃ adho ca tiriyañca,
asambādhaṃ averamasapattaṃ.

Éist leis an mbun-Pháilis: http://host.pariyatti.org/dwob/sutta_nipata_1_150.mp3

2019-09-05

Briathra an Bhúda

Sukhā matteyyatā loke,
atho petteyyatā sukhā,
sukhā sāmaññatā loke,
atho brahmaññatā sukhā.
          
Éist leis an mbun-Pháilis:
http://download.pariyatti.org/dwob/dhammapada_23_332.mp3

 

Is inmholta duit sa saol seo fónamh do do mháthair,
is inmholta duit fónamh do d'athair,
is inmholta duit fónamh do na manaigh is do na mná rialta,
agus is inmholta duit fónamh do na naoimh.

2019-08-30

Briathra an Bhúda

Atītaṃ nānusocanti,
nappajappanti nāgataṃ,
paccuppannena yāpenti,
tena vaṇṇo pasīdati.

Éist leis an mbun-Pháilis:

http://download.pariyatti.org/dwob/samyutta_nikaya_1_10.mp3
 
Ní chaoineann siad na seanlaethanta,
ní bhíonn siad ag tnúth leis na laethanta a thiocfaidh,
maireann siad san am i láthair,
dá réir sin is suaimhneach dá snua

2019-08-15

Briathra an Bhúda

Sabbapāpassa akaraṇaṃ,
kusalassa upasampadā,
sacittapariyodapanaṃ --
etaṃ buddhāna sāsanaṃ.

Éist leis an mBun-Pháilis anseo:
http://download.pariyatti.org/dwob/dhammapada_14_183.mp3

An t-olc a sheachaint,
an mhaith a chothú,
agus an aigne a ghlanadh -
teagasc na mBúdaí

2019-07-17

Briathra an Bhúda

Yesaṃ dhammā asammuṭṭhā
paravādesu na nīyare;
te sambuddhā sammadaññā,
caranti visame samaṃ.

Éist leis an mbun-Pháilis:
http://download.pariyatti.org/dwob/samyutta_nikaya_1_8.mp3

Iad siúd ar léir dóibh an Darma
ní mheallann teagaisc eile iad;
lánfhoirfe atáid agus eolas foirfe acu,
siúlann siad go réidh thar an aimhréidh.

2019-06-12

Briathra an Bhúda


Gataddhino visokassa
vippamuttassa sabbadhi,
sabbaganthappahīnassa,
pariḷāho na vijjati.

  Éist leis an mbun-Pháilis:
http://host.pariyatti.org/dwob/dhammapada_7_90.mp3
Níl fiabhras paisin ann níos mó
don té a bhfuil deireadh an aistir sroiste aige
atá gan bhuairt agus saor go hiomlán
an uile cheangal briste aige.


   

2019-06-05

Briathra an Bhúda

Ayasāva malaṃ samuṭṭhitaṃ
tatuṭṭhāya tameva khādati,
evaṃ atidhonacārinaṃ
sāni kammāni nayanti duggatiṃ.
                  
Éist leis an mbun-Pháilis:
http://host.pariyatti.org/dwob/dhammapada_18_240.mp3
 

Meirg ar iarann
creimeann sí an bonn as a n-éiríonn sí
sa tslí chéanna filleann an feall
ar an bhfeallaire

2019-05-31

Briathra an Bhúda



Pare ca na vijānanti
mayamettha yamāmase.
Ye ca tattha vijānanti
tato sammanti medhagā.
                    

Éist leis an mbun-Pháilis:
http://host.pariyatti.org/dwob/dhammapada_1_6.mp3

Tá daoine ann nach dtuigeann
go gcaillfear sinn go léir lá éigin.
Iad siúd a thuigeann an méid sin, áfach,
caitheann siad an chloch as an muinchille.



   
   
   

2019-05-26

Briathra an Bhúda

Na tāvatā dhammadharo
yāvatā bahu bhāsati.
Yo ca appampi sutvāna,
dhammaṃ kāyena passati
sa ve dhammadharo hoti,
yo dhammaṃ nappamajjati.
               

Éist leis an mbun-Pháilis:
http://host.pariyatti.org/dwob/dhammapada_19_259.mp3

Níl cur amach ar an Darma
ag an té a bhfuil an iomarca cainte aige.
An té a chloiseann beagán den Darma
agus a thuigeann láithreach é
agus a thugann aird air
tá an-chur amach ag an duine sin ar an Darma.

2019-05-17

Briathra an Bhúda

Manopubbaṅgamā dhammā,
manoseṭṭhā manomayā.
Manasā ce paduṭṭhena
bhāsati vā karoti vā,
tato naṃ dukkhamanveti
cakkaṃva vahato padaṃ.

Manopubbaṅgamā dhammā,
manoseṭṭhā manomayā.
Manasā ce pasannena
bhāsati vā karoti vā,
tato naṃ sukhamanveti
chāyāva anapāyinī.
                         

Éist leis an mbun-Pháilis
 http://host.pariyatti.org/dwob/dhammapada_1_1_1_2.mp3
 

Roimh gach feiniméan tagann an aigne,
sí an aigne is tábhachtaí, den aigne an uile ní.
Más le haigne neamhghlan
a labhrann tú nó a ghníomhaíonn tú,
fulaingt a leanfaidh
mar a leanann an roth cairte cos an ainmhí iompair

Roimh gach feiniméan tagann an aigne,
sí an aigne is tábhachtaí, den aigne an uile ní.
Más le haigne ghlan
a labhrann tú nó a ghníomhaíonn tú,
sonas a leanfaidh
mar scáil nach n-imeoidh go deo


2019-05-08

Briathra an Bhúda

Na tena ariyo hoti yena pāṇāni hiṃsati.
Ahiṃsā sabbapāṇānaṃ
"ariyo"ti pavuccati.

Éist leis an mbun-Pháilis:
http://host.pariyatti.org/dwob/dhammapada_19_270.mp3
 

Ní uasal é an té a ghortódh neacha beo.
Tugtar "uasal" ar dhuine
nach baol do neacha beo é.

2019-05-05

Briathra an Bhúda

Yo ca vassasataṃ jīve
apassaṃ udayabbayaṃ
ekāhaṃ jīvitaṃ seyyo
passato udayabbayaṃ.

Éist leis an mbun-Pháilis: http://host.pariyatti.org/dwob/dhammapada_10_113.mp3

B'fhearr aon lá amháin a chaitheamh ar an saol
borradh is meath nithe a fheiscint
ná maireachtaint ar feadh céad bliain
is gan borradh is meath nithe a fheiscint go deo

2019-04-24

Briathra an Bhúda

Attā hi attano nātho;
ko hi nātho paro siyā?
Attanā hi sudantena,
nāthaṃ labhati dullabhaṃ.

Éist leis an mbun-Pháilis:
http://host.pariyatti.org/dwob/dhammapada_12_160.mp3

Tú féin a dhéanann cosaint ort féin;
cé eile a bheadh ina chosantóir agat?
Nuair atá lánsmacht agat ort féin
sin is máistreacht ann - deacair a bhaint amach.

2019-03-30

Briathra an Bhúda

Tañca kammaṃ kataṃ sādhu,
yaṃ katvā nānutappati,
yassa patīto sumano,
vipākaṃ paṭisevati.

Éist leis an mbun-Pháilis: http://host.pariyatti.org/dwob/dhammapada_5_68.mp3

Gníomh maith é an gníomh sin
nach mbeidh a aithreachas ort ar ball
ach a thoradh á bhaint agat
go sona sásta suairc.

2019-03-22

Briathra an Bhúda

Síormhachnamhach agus buanseasmhach iad na saoithe
iadsan amháin a shroicheann Nirveána - is saortar iad ón daoirse.

Te jhāyino sātatikā, niccaṃ daḷhaparakkamā,
phusanti dhīrā nibbānaṃ, yogakkhemaṃ anuttaraṃ.

Éist leis an mbun-Pháilis:

 http://host.pariyatti.org/dwob/dhammapada_2_23.mp3

2019-03-17

Briathra an Bhúda


Méadaíonn de shíor ar ghlóir an té
atá fuinniúil, airdeallach agus saor ó locht,
géarchúiseach, fíréanta, cuidiúil agus smacht aige air féin.

Uṭṭhānavato satīmato
sucikammassa nisammakārino,
saññatassa dhammajīvino, appamattassa yasobhivaḍḍhati.

Éist leis an mbun-Pháilis: http://host.pariyatti.org/dwob/dhammapada_2_24.mp3

2019-03-04

Briathra an Bhúda

Muñca pure, muñca pacchato,
majjhe muñca, bhavassa pāragū.
Sabbattha vimuttamānaso,
na punaṃ jātijaraṃ upehisi.

Éist leis an mbun-Pháilis: http://host.pariyatti.org/dwob/dhammapada_24_348.mp3

Scaoil leis an am atá thart, scaoil leis an am atá le teacht,
scaoil leis an am i láthair agus ar aghaidh leat go dtí an trá thall.
Beidh d'aigne saor go hiomlán,
ní bheidh breith ná bás i ndán duit choíche arís.

2019-01-20

Briathra an Bhúda

Dosaggiṃ pana mettāya,
nibbāpenti naruttamā.
Mohaggiṃ pana paññāya
yāyaṃ nibbedhagāminī.
 

Éist leis an mbun-Phailis http://host.pariyatti.org/dwob/itivuttaka_3_93.mp3

Múchfaidh siad lasracha an fhuatha le grá
lasracha an tseachmaill le gaois
Múchann na saoithe an seachmall
leis an ngaois a bhriseann tríd chun na fírinne