Posts mit dem Label Dánta na Súfaíoch werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Dánta na Súfaíoch werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2022-09-15

Ná lig siolla uait

 

Ná lig siolla uait a ghortódh éinne
cónaíonn ár dTiarna Dia i gcroí gach n-aon
croí neach eile ná bris go deo, a dhuine
óir i gcroí an uile dhuine againn, dar fia
lonraíonn péarla

Baba Sheikh Farid

2021-06-01

Tá gach duine ina Dhia

Tá gach duine ina Dhia


Tá gach duine ina Dhia dar liom!
        duáilce ná fabht
        ní léir do mo shúil níos mó.

Síor-ríméad anois é
        an saol a bhí lán d'fhulaingt;
        suaimhneach é mo chroí mar linn lán,
                ag cur thar maoil.

An aghaidh is a scáil
        ag faire ar a chéile;
        is éagsúil iad, ach is ionann.

Agus nuair a dhoirteann an sruthán san aigéan  . . .
        ní hann níos mó don sruthán!

Tukaram

All men to me are god-like Gods!


All men to me are god-like Gods!
        My eyes no longer see
        vice or fault.

Life on this suffering earth
        is now endless delight;
        the heart at rest and full,
                overflowing.

In the mirror, the face and its reflection
        watch each other;
        different, but one.

And, when the stream pours into the ocean...
        no more stream!

By Tukaram

(1608 - 1649)

English version by Ivan M. Granger

Real Thirst: Poetry of the Spiritual Journey by Ivan M. Granger


Also available through Wordery Free shipping anywhere in the world

 

2021-05-30

Céad Slán Leis an Oíche Aréir

Céad Slán Leis an Oíche Aréir

Cén áit ab ea é sin
an áit úd aréir,
bhí cách ag rince
ina ngealta grá san áit úd aréir.

Ba chufróga iad, sióga rósleicneacha,
áilleacht thar na bearta ar fad
san áit úd aréir

Thug sí cluas do m'iomaitheoirí
ba ghrástúil í, bhí eagla ormsa mo bhéal
a oscailt, ba dheacair
siolla a rá san áit úd aréir.

A Khusrow, bhí Dia féin i lár na cuilithe
agus Mahamad mar lóchrann grásta
ag an gcéilí mire úd
áit éigin aréir!

Amir Khusrow Dehlavi (1253 -1325)

Last Night

Where was that place?
Where were we last night?
The whole company dancing
out of their minds with love

Cypresses they were, forest nymphs,
cheeks of roses, exquisite,
last night (wherever it was)

She listened to all my rivals
a paragon of grace, I was afraid
to open my mouth
last night, struck dumb I was

Khusrow, God Himself graced that company
and Muhammad was a torch of Grace
at that mad joyous céilí
that happened somewhere last night

2021-05-28

Níl Teanga ar Bith Ann

Níl Teanga ar Bith Ann

Níl teanga ar bith in ann
buíochas a ghabháil Leatsa.
Níl teorainn ar bith
le haigéan do chuid tíolacthaí!
Treoraigh sinn, a Thiarna
ar an gconair is fearr amuigh!

Sheikh Abdullah Ansari de Herat (1006 - 88)

No Tongue

No tongue, Lord, has been fashioned
To express our thanks
No limits are there to the ocean
of  blessings you grant!
Guide us, we beseech You
on the best of paths!

2021-05-16

Glantóir Sráide

 Glantóir Sráide

"A ghlantóir sráide, tá rud éigin fútsa
a chuireann isteach orm. Ag siúl na sráideanna duit,
an ní nach bhfuil caillte agat á lorg agat.
Ní thiocfaidh tú ar a leithéid sin go deo!"

Freagraíonn an glantóir mé: "Nach ait an diabhal rud é,
mura dtagaim ar an ní nach bhfuil caillte agam
éirím an-suaite ar fad!"

Ní thagtar ar aon ní, ní chailltear aon ní,
ní sa chaint ná sa tost é. Ní hé
seo ná siúd é, ach iad araon.

Attar (c.1145 -1221)


Street Cleaner

"Street cleaner! There's something about you
that I can't figure out. There you go, walking the streets
in search of something you haven't lost.
How are you supposed to find something of that nature?"

The cleaner says: 'It's devilishly odd,
If I can't find what I haven't lost
I become unbelievably upset!"

Nothing is ever found, nothing is ever lost,
it's neither in speech nor in silence. Not one thing
or another. But both.

2021-04-18

Cinnte faoi do Thrócaire Atáim

Bíodh is nach bhfuil ionam ach peacach neamhghlan,
Cinnte faoi do thrócaire atáim.
Bítear ag fonóid fúm ar an tsráid
Clúdaithe le deannach an pheaca atáim.
Briste atá an croí i mo chliabh,
Dealg i súil na ndaoine mé
Ar strae ar chonair an ghrá atáim
is neach monuar, gan éifeacht mé.
Féach orm, is leigheasfar mé,
Táim ag tnúth go mór le grásta Uait
Is is cinnte faoi do thrócaire atáim.

Ahmad Jam (1048 -1141)

Confident of Your Mercy

I may be nothing but an unclean sinner
yet I am confident of Your mercy.
They make fun of me on the street
besmirched as I am by the dust of sin.
My heart is ruined within
I'm a thorn in humanity's eye.
Lost am I on the path of Love
A feckless creature, if the truth be told.
Look upon me now and I shall be made whole
How I long for Your grace
And confident I am of Your mercy.

2021-04-09

An Gabhar Bacach

 Chonaicís tréad gabhar
is iad ag triall ar an abhainn
chun braon a ól.

An gabhar bacach brionglóideach
chun deiridh.

Bhíothas buartha faoin ngabhar áirithe sin
ach tá aoibh an gháire anois ar chách

Mar féach, tá na gabhair ag filleadh
is an gabhairín sin chun tosaigh orthu!

Tá saghsanna éagsúla eolais ann.
Eolas an ghabhair bhacaigh sin
gabhann sé siar go dtí fréamhacha na láithreachta.

Foghlaim ón ngabhar bacach sin
agus treoraigh an tréad abhaile!

Rumi (1207 -1273)


The Lame Goat


You saw a herd of goats
on their way to the river
for a drink.

Bringing up the rear
a lame goat in a world of his own.

Everyone was concerned about him
but look at their smiling faces now

See, the goats return
and the little one leading them!

Knowledge has different branches
and that little goat's knowledge
has its roots in the art of presence.

Learn from that lame goat
and lead the herd home!


2021-03-18

Ní thiocfaidh mé

 Ní thiocfaidh mé
ní imeoidh mé
ní mhairfidh mé
ní bhfaighidh mé bás
 
Déanfad an tAinm a aithris
de shíor
agus mé féin a bhá
ann

Is babhla mé
agus trinsiúr
fear is ea mé
agus bean

Is seadóg mé
agus líoma milis
Hiondúch mé
agus Moslamach

Is iasc mé
agus líon
iascaire mé
agus am

Ní faic mé
arsa Kabir
Ní i bhfochair na mbeo atáim
Ná i measc na marbh

Kabir  (1440–1518)


I'm not coming

I'm neither coming
nor going
I'm not going to live
and I'm not going to perish

I'll recite the holy name
endlessly
drowning myself
in it

A bowl am I
and a platter
a man
and a woman

I'm a grapefruit
a sweet lime
A Hindu
a follower of the Prophet

I'm a fish
and a net
a fisherman
and time

I'm nothing at all
says Kabir
Neither among the living
nor the dead

2021-03-03

Fuaireas Radharc ar an gCruthaitheoir

 Fuaireas radharc ar an gCruthaitheoir le súile an chroí.
Ar mé, 'Cé Thusa? ' 'Tusa!' a d'fhreagair Sé.

Id' chás-sa, ní féidir fiafraí, 'Cén áit?'
Mar cad is brí le háit Duitse?

Ní ghabhann Tú tríd an tsamhlaíocht
Nó bheadh fhios againn cá bhfuil Tú.

Is Tusa an Té atá i ngach aon bhall
Gan teacht Ort thall ná abhus. Cá bhfuil Tú?

Milleadh mé agus ba é mo mhilleadh millte é
Agus is sa mhilleadh sin a d'aimsíos Thú.

Mansur Hallaj (922-309)


A Vision of the Creator


Through the heart's eyes, I saw the Creator
'Who are you?' I exclaimed. 'You!' the answer came.

When it comes to You, one cannot ask, 'Where'
For there is no where for You.

You are not filtered by the imagination
or we might guess Your abode.

You abide in every nook and cranny
and yet You are nowhere. Where are You?

I was brought to ruination, my ruin's ruin
and in that utter ruin I found You.

    

2021-02-24

Fiú má chailleann tú gach aon ní

Even if you lose all you have

Foghlaim brí an rúin sin
Learn that secret which God revealed
A nocht Dia sa Chórán:
In the Holy Koran
Má dhéanann Sé sona nó míshona thú,
Whether it makes you happy or miserable
Má chuireann Sé uaigneas ort nó má thugann dóchas duit,
Whether it brings sadness or hope
Nó má chuireann arraing anama ort
Or anguish of the spirit
Bí foighneach: tá grásta óna Lámh
Be patient: grace flows from His Hand
Ag teacht chugat ina shlaoda
In great abundance.
An té a chuireann suas go foighneach leis an bpian
He who patiently endures the pain
A thagann ó Dhia
That comes from God
Is deimhneach go bhfuil neart - is fírinne -  an chreidimh
The strength - and the truth -  of faith
Ar an mbealach chuige.
Will shower upon him.
Is iontach an dea-scéala a fhaigheann an té atá foighneach,
Wonderful news awaits
Ríméad atá i ndán dó
The one who is patient.
Is den riachtanas é an grásta a aithint
How vital it is to recognise grace
Fiú nuair a lascann fíoch neimhe thú,
Even when lashed by heaven's fury.
Smaoinigh go suaimhneach Air i gcónaí,
Always think of Him serenely
Agus i gcónaí i gcónaí, is cuma cad a thiteann amach,
And whatever happens
Cloígh Leis le do chroí agus le d'anam.
Cleave to Him with all your heart and soul.

Sultan Valad 1240 – 1312

2021-02-20

Má Adhraim Thú

Má adhraim Thú
toisc eagla bheith orm roimh Ifreann
dóigh in Ifreann mé.
Má adhraim Thú
mar go santaím Parthas
coinnigh amach ón nGairdín mé.
Ach má adhraim Thú
ar do  shonsa amháin
ná ceil orm
d'áilleacht shíoraí


Rabia Basri (713 - 801)

2021-02-16

One Light / Aon Solas Amháin

 Cad is 'Mise' ann? Cad is 'Tusa' ann?

What is 'I'? What is 'You'?

Níl iontu ach laitísí

Mere lattices

I gcuasa lampa

In the niches of a lamp

Trína lonraíonn Aon Solas Amháin.

Through which the One Light shines.

Caille is ea 'Mise' is 'Tusa'

'I' and 'You' are a veil

Idir neamh agus talamh;

Between heaven and earth.

Ardaigh an chaille sin

Lift that veil

Agus feictear gur mar a chéile iad

And it is as plain as daylight

Gach seict is reiligiún.

That all sects and religions are one.

Ardaigh an chaille agus fiafraigh díot féin

Lift the veil and ask yourself

Nuair nach ann don Mé ná don Tusa sin

If I and You do not exist

Cad is Mosc ann?

What is a Mosque?

Cad is Sionagóg ann?

What is a Synagogue?

Cad is Teampall Tine ann?

What is a Fire Temple?


Mahmud Shabistari (1288-1340)




2021-02-09

Táim tagtha chun go n-imeoinn /I've come in order to go

Ní chun socrú síos a tháinig mé anseo
I haven't come here to settle down
Táim tagtha chun go n-imeoinn
I've come in order to go
Ceannaí mé agus a lán earraí agam
I'm a merchant with many wares
Dhíolfainn le héinne a cheannódh uaim.
I'll sell to anyone wishing to buy.

Ní chun fadhbanna a chruthú a tháinig mé
I haven't come to cause trouble
An Grá a thug anseo mé
Love has brought me here
Baile maith don Chara é an Croí
There is no better home for the Friend than the Heart
Chun croíthe a thógáil a tháinig mé
I have come to build hearts
Chuir an Cairdeas seo ar meisce mé
This Friendship has made me tipsy
D'aithneodh Leannán ar bith an riocht ina bhfuilim
What Lover would not know my symptoms
Táim tagtha chun an déachas a chaitheamh uaim
I have come to exchange twoness
Agus dul as san Aon
And disappear in the One
Eisean m'Oide, mise an searbhónta
He is my Teacher, I His servant
Filiméala mé ina ghairdín.
I'm a nightingale in His garden
Tháinig mé chuig gairdín an Oide
I have come to the Teacher's garden
Le bheith sona agus bás a fháil is mé ag canadh
To be happy and to die singing
Deirtear, 'Anamacha a chuireann aithne ar a chéile abhus
It is said, 'Souls who know one another here
Aithneoidh siad a chéile thall.'
Will know one another there.'
Tháinig mé chun aithne a chur ar Oide
I have come to get to know  a Teacher
Agus chun mé féin a léiriú faoi mar atáim.
And to say exactly who I am.

Yunus Emre (1238 -1328)

2021-02-02

In Éagmais mo Ghrása

Ní bhlaisim den chorn fíona gan mo ghrása a bheith thart
Ní beo dom gan mo ghrása a bheith faram
Foighne, a deir siad, agus mo ghrása as láthair
Is fuirist a bheith ag caint, a chara, rud eile is ea gníomh
Ó, a Qutub Shah! Conas gealt a chur ar bhóthar a leasa
Ní ghlacann gealta le comhairle!

Mohammed Quli Qutub Shah


The Beloved's Absence

I cannot sip from the wine-cup in the absence of my Beloved
I cannot draw a breath in the absence of my Beloved
Have patience, they say, when my Beloved isn't around
East to say, my friend, but not easy to practice
O Qutub Shah! How to advise a lunatic
A lunatic cannot take counsel!

2021-01-29

Ruknabad

Tugtar i leith a bhfuil fágtha den fhíon!
Nuair a bheimid ar shlí na fírinne
agus ar fán i bParthas
ní thiocfaimid go deo ar áit níos áille
ná an sruthán seo ar a dtugtar Ruknabad
cois ghairdíní na rós
i mbaile Shiraz.

Hafiz (1315 -1390)

Ruknabad

Bring what remains of the wine!
When we are among the departed,
swanning around in Paradise,
no sight more lovely will greet us
than this stream called Ruknabad
where rose gardens are in bloom
in the town of Shiraz.

2021-01-26

Leigheas

Leigheas

Ní thuigeann tú gur tú féin an leigheas
Tú féin is cúis leis an tinneas - níl a fhios agat é!
Neach suarach atá ionat (dar leat féin)
Le fírinne, is mó ná an chruinne féin thú.
Is tusa an Leabhar gan cháim
Ina mínítear an Mhistéir go hiomlán.
Is tú an Eisint, croí na hEisinte . . . an Lár
Is tú an ní nach féidir a bheith ann!

Hazrat Ali (601-661)

Remedy

You are unaware: in you is the remedy
You cause this illness - you don't get it!
What a puny creature you are (or so you think)
If the truth be told, you are more immense than the universe.
You are the Book that is free of error
All the letters in it spell out the Mystery.
You are Being, the very heart of Being  . . . the Essence
You are That which cannot be!

2021-01-21

Bí Ar d'Airdeall /BEWARE

 From the very beginning it was there.

Bhí sé ann ón bhfíor-thús.

It will always remain there.

Beidh sé ann go brách.

Meditate upon the ultimate.

Machnaigh ar an gceist bhunaidh.

All your doubts will fade away.

Ní bheidh amhras ar bith fágtha.

Inner self, beware.

A chroí istigh, bí ar d'airdeall.

Shaik-ul-Aalam


2021-01-13

Aon aithne amháin

 Aon aithne amháin
a chuir mo ghúrú orm a dhéanamh:
breathnú isteach ionam féin
Rud a dheineas is chuas ag rince
nocht i ngar agus i gcéin

Lala Ded (1320 - 1392)


The One Command

My guru gave me but one command
turn my gaze within
fix it there, as close as your hand
I, Lala, took this to heart
and danced naked throughout the land

2020-12-01

Cén fhaid a bheir sa tóraíocht?

 (as Comhdháil na nÉan)

Cén fhaid a bheir sa tóraíocht ar an áilleacht abhus?
Cuardaigh an ní dofheicthe is nochtfaidh an áilleacht.
Nuair a ardófar an chaille dheiridh ní fheicfear go brách arís
An duine ná a ghlóir,
Meathfaidh an chruinne, beidh an mórdhráma thart,
Is titfidh an brat.

Iad siúd a ghráigh cruth is cló
Beidh cloch sa mhuinchille acu dá chéile, beidh an gean ar lár.
Iad siúd a ghráigh an Cara nach bhfeictear (atá as baile),
Cónóidh siad Leis go brách na breithe.


Farid ud-Din Attar


2020-11-28

D’fhéadfadh focal amháin an aghaidh a ghealadh

D’fhéadfadh focal amháin an aghaidh a ghealadh –
Aghaidh an té a thuigeann luach na mbriathra.
Nuair a aibíonn sé sa chiúnas
Tagann flosc chun saothair ar an mbriathar aonair.

D’fhéadfadh focal amháin deireadh a chur leis an gcogaíocht
Nó cneácha a leigheas
Agus tá focal ann a dheineann im is mil
Den nimh.

Lig don bhriathar aibiú ionat.
Tarraing siar an smaoineamh neamhaibí.
Seo leat, tuig an briathar
A dheineann deannach d’airgead is de mhaoin an tsaoil.

Tuig nuair a bhíonn géarghá le siolla
Agus tuig nuair nach ceart aon ní in aon chor a rá.
D’fhéadfadh an briathar ocht bparthas Dé
A dhéanamh den chruinne ifreanda.

Lean an tSlí. Ná lig don eolas atá cheana agat
Dallamullóg a chur ort.
Bí ar t’airdeall. Féach an abhainn
Sula dtéir ina cuilithe.

Is minic a bhris béal duine a shrón.
A Yunus, abair rud amháin eile
I dtaobh chumhacht an fhocail:
Mise an t-aon fhocal a thagann idir mé is Dia.

Yunus Emre