Posts mit dem Label Filíocht agus Ainrialachas werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Filíocht agus Ainrialachas werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2023-06-09

Grá agus Suan

 


Oilithreach mílítheach meanmnach mé a múnlaíodh

as dusta is dorchadas.

Eabhar leáite an mhaidneachain i m’inchinn,

dúil bhuartha ionatsa im’ chroíse.

Cogar i dtaobh na n-uaireanta corcra a thiocfaidh,

       cogar faoin ngealshíoraíocht a d’imigh

Do mo mhealladhsa soir is siar is asam féinig.

Mo chreach! An ligfead mo scíth tamall

ar an talamh méith, nó taisteal siar

Chun na heabhar-shíoraíochta? Seasaim, moillím,

I m’oilithreach mílítheach meanmnach

       a múnlaíodh as dusta is dorchadas.

        

Benjamin De Casseres (1873 -1945)

2021-02-13

Dead Flag Blues

tá an carr trí thine is níl tiománaí ar bith ag an roth
agus tá na séaraigh modartha ag neacha féinmharaithe
agus séideann gaoth dhorcha
tá an rialtas lofa
agus táimid pulctha le drugaí
an raidió ar siúl is na cuirtíní tarraingthe
gafa i mbolg an mheaisín uafásaigh seo
agus tá an meaisín ag éag is ag cur fola go tréan
thit an ghrian ina pleist
agus tá na cláir fógraí ag amharc orainn go mioscaiseach
agus na bratacha go léir marbh ar bharr na gcuaillí
is mar seo a tharla sé:
sceith na foirgnimh
bhí máithreacha is greim acu ar a gcuid naíonán sa smionagar
ag tarraingt ar a gcuid gruaige
bhí an spéirlíne go haoibhinn, trí thine,
miotal lúbtha ag síneadh in airde
ceo tanaí oráiste os cionn an uile ní
arsa mise, ‘póg mé, tá tú go hálainn –‘
is é deireadh an domhain é gan aon agó.’
rug tú greim láimhe om agus thiteamar síos
mar a bheadh brionglóid lae nó fiabhras ann
dhúisíomar maidin amháin is chuamar síos níos faide –
mar is é gleann an bháis é cinnte dearfa
osclaím mo vallait
agus is ag púscadh fola atá sí

Efrim Menuck 

2021-01-30

Caoineadh

A ghaoth gharbh a chaoineann go géar
Dobrón róthrom dom’ laoithe
A ghaoth fhiáin, tá do dhú-néal
Le clos ar feadh na hoíche.
Stoirm dhuairc, cad is fiú do dheora
Coillte loma na ngéag briste
Pluaiseanna dorcha, liathuiscí
Caoinigí an éagóir choíche!

Percy Bysshe Shelley