Posts mit dem Label Winterreise werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Winterreise werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2021-05-26

Sa Sráidbhaile [Im Dorfe]

 


Sa Sráidbhaile

Na madraí ag tafann, is gliogar na slabhraí
Is daoine ina gcodladh faoina gcuid braillín',
Brionglóidí breátha, faoi shaol gan imní,
Suáilcí uile is duáilcí tríothu
An lá dár gcionn beidh gach aon rud leáite.
Sea mhuis, bhí a bpáirt acusan sa dráma.
Súil acu, go mbeidh rud éigin nua dóibh
Féirín a bheadh fágtha faoi bhun an philiúir dóibh.

Ruaigigí mé, a mhadraí in bhur ndúiseacht
Ná tugaigí scith dom in am an tsuaimhnis!
Tá deireadh agamsa leis an mbrionglóideach
Ná bíodh baint agam le codlatóirí!

2021-05-18

Einsamkeit / Uaigneas [Winterreise]

Einsamkeit

Wie eine trübe Wolke
Durch heitre Lüfte geht,
Wenn in der Tanne Wipfel
Ein mattes Lüftchen weht:
So zieh’ ich meine Strasse
Dahin mit trägem Fuss,
Durch helles, frohes Leben,
Einsam und ohne Gruss.
Ach, dass die Luft so ruhig!
Ach, dass die Welt so licht!
Als noch die Stürme tobten,
War ich so elend nicht.

Uaigneas

Mar scamall dorcha gruama
Ar fán trí spéartha glé,
Is leoithne bhog ag séideadh
Sna giúiseanna ó inné:
Mar sin atá mo chúrsa
Nach trom atá mo shiúl,
Sa saol ’tá lán de ghliondar
Is uaigneach mé monuar.
Uch, tá an domhan ina chalm,
Uch, tá an saol chomh geal
Nuair shéid sé ina spéirling
Níor mhair an bhuairt ach seal.