Tá gá le dorchadas áirithe chun na réaltaí a fheiscint.
Posts mit dem Label I bhfocail Osho werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label I bhfocail Osho werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
2018-08-03
2018-08-02
I bhfocail Osho
Is ciúin é an t-uaigneas agus is leat é.
Tagann sé toisc tú a bheith leat féin.
Tugann sé seans duit dul níos doimhne i d’aonaránacht.
Seachas léim ó áthas éadomhain amháin
Go háthas éadomhain eile
Agus do shaol a chur amú,
Is fearr leas a bhaint as an uaigneas mar ghléas machnaimh.
Bí i d’fhinné air.
Is cara leat é!
Osclaíonn sé doras na haonarachta síoraí.
Tagann sé toisc tú a bheith leat féin.
Tugann sé seans duit dul níos doimhne i d’aonaránacht.
Seachas léim ó áthas éadomhain amháin
Go háthas éadomhain eile
Agus do shaol a chur amú,
Is fearr leas a bhaint as an uaigneas mar ghléas machnaimh.
Bí i d’fhinné air.
Is cara leat é!
Osclaíonn sé doras na haonarachta síoraí.
2018-08-01
I bhfocail Osho
Is é atá á rá agam ná go bhfuil bealach ann chun a bheith ar do chiall. Is é atá á rá agam ná gur féidir fáil réidh leis an ngealtacht a cruthaíodh ionat i gcaitheamh an ama. Ní gá ach a bheith i d’fhinné ar phróiseas na smaointeoireachta.
Níl le déanamh ach suí go ciúin, i d’fhinné ar do chuid smaointe atá ag tarlú os do chomhair. Bheith i d’fhinné orthu, gan cur isteach orthu ná breith a dhéanamh orthu, mar ní finné a thuilleadh ar do chuid smaointe thú má tá tú á meas. A luaithe is a deirtear “tá sé seo go maith, tá sé seo go dona” tá tú tar éis léim isteach i bpróiseas na smaointeoireachta.
Tógann sé tamaillín chun bearna a chruthú idir an finné agus an aigne. Nuair a chruthaítear an bhearna sin – iontas na n-iontas – faigheann tú amach nach tusa an aigne, is tusa an finné, an breathnóir.
Níl le déanamh ach suí go ciúin, i d’fhinné ar do chuid smaointe atá ag tarlú os do chomhair. Bheith i d’fhinné orthu, gan cur isteach orthu ná breith a dhéanamh orthu, mar ní finné a thuilleadh ar do chuid smaointe thú má tá tú á meas. A luaithe is a deirtear “tá sé seo go maith, tá sé seo go dona” tá tú tar éis léim isteach i bpróiseas na smaointeoireachta.
Tógann sé tamaillín chun bearna a chruthú idir an finné agus an aigne. Nuair a chruthaítear an bhearna sin – iontas na n-iontas – faigheann tú amach nach tusa an aigne, is tusa an finné, an breathnóir.
2018-07-31
2018-07-30
2018-07-29
2018-07-28
I bhfocail Osho
Ar smaoinigh tú riamh mar gheall air? Má fhiafraítear díot, ‘Cé thusa?’ cén freagra a thabharfá? Insíonn tú d’ainm ach ní leatsa an t-ainm, mar tháinig tú ar an saol seo gan ainm. Ní raibh ainm ort; ní leatsa d’ainm, tugadh duit é. Agus dhéanfadh ainm ar bith an chúis, A-B-C-D. Is cuma sa sioc. Níl sé riachtanach. Más Susan atá ort, go breá; más Harry atá ort, go breá, ní dhéanann sé difríocht dá laghad. D’fhéadfadh ainm ar bith an jab a dhéanamh. Níl ann ach lipéad. Tá gá le hainm chun go n-aithneofaí thú ach níl aon bhaint aige leis an bhfíor-thusa. Nó déarfá, ‘Is dochtúir mé’ nó déarfá, ‘Is innealtóir mé’, nó fear gnó, nó péintéir, nó seo is siúd – ach ní insíonn sé sin faic mar gheall ort. Nuair a deir tú ‘Is dochtúir mé, tá rud éigin á rá agat mar gheall ar do shlí bheatha, ní mar gheall ort féin. Tá tú ag cur síos ar do ghairm bheatha, conas a dhéanann tú do bheatha a shaothrú. D’fhéadfadh go mbeadh do bheatha á saothrú agat mar innealtóir, mar dhochtúir nó mar fhear gnó – ní bhaineann sé leis an gcás. Ní deir sé faic mar gheall ort féin. Nó tugann tú ainm d’athar, ainm do mháthar, do chraobh ghinealaigh – arís, níl aon bhaint aige sin leis an scéal mar nach sainmhíniú ar bith ort féin an méid sin. Is de thaisme a bhaineann tú le teaghlach amháin seachas teaghlach eile; ní bheadh fios a mhalairt agat dá mba le teaghlach eile thú . . . Tá an fíor-thusa i bhfolach i gceo na mistéire.
Osho
2018-07-27
I bhfocail Osho
An tsochaí a chruthaíonn an aigne. Gníomhaire na sochaí istigh ionat atá san aigne; cuimhnigh, ní ag freastal ortsa atá an aigne. Is í d’aignese í ach níl sí ag freastal ort; i gcomhcheilg i d’aghaidh atá sí. Mhúnlaigh an tsochaí í; tá an tsochaí tar éis an-chuid a chur isteach inti. Is í d’aignese í ach ní fheidhmíonn sí mar shearbhónta duitse; feidhmíonn sí mar shearbhónta de chuid na sochaí. Más Críostaí thú, feidhmíonn sí mar ghníomhaire de chuid na gCríostaithe, más Hiondúch thú, aigne Hiondúch atá agat, más Búdaí thú, aigne Bhúdaíoch atá agat.
Osho
2018-07-26
I bhfocail Osho
Aon chéim amháin is ea Zen – aistear aonchéime. Féadann tú an chéim dheireanach nó an chéad chéim a thabhairt air, is cuma. Is é an chéad chéim is an chéim dheireanach é, alpha agus omega. Níl i dteagasc iomlán Zen ach rud amháin: conas léim isteach i neamhní, conas deireadh na haigne a bhaint amach, arb é deireadh an domhain é.
Osho
2018-07-25
I bhfocail Osho
Is ainrialaí mé.
Go bunúsach, creidim sa duine aonair.
Ní chreidim sa tsochaí in aon chor.
Ní chreidim sa tsibhialtacht, sa chultúr. Creidim go díreach sa duine aonair.
Ní chreidim sa stát, ní chreidim sa rialtas. Ní theastaíonn rialtas ar bith uaim, stát ar bith.
Osho
2018-07-24
I bhfocail Osho
Má thosnaíonn tú ag labhairt le crann, nó le bláth - rós - ceapfaidh daoine go bhfuil tú as do mheabhair. Má théann tú isteach i séipéal agus má thosnaíonn tú ag caint le cros nó le híomhá, ní cheapfaidh éinne gur as do mheabhair atá tú, ceapfaidh siad gur cráifeach atá tú.
Osho
Abonnieren
Posts (Atom)