Posts mit dem Label John Prine werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label John Prine werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2021-11-09

Imeacht Thar Chlaí

Níl ach imeacht linn thar chlaí ann, is cuireadh chun gadaíochta
Rud nach linne a thógáil, an teas ionainn a stóráil,
Níl ach imeacht linn thar chlaí ann, babhta beag bradaíola,
Rud is gá dúinn a dhéanamh, nuair is fuar í an nead.

Cad is fiú an cur i gcéill, sé an t-uaigneas críoch an scéil
Maidir lenár ngrá, is eol dúinn, a stór
Aimseoimid é faoi rún, má thagann grá chugainn,
Is sin a bhfuil, mar ní scaoilfear linn, a stóirín, go deo.

Níl ach imeacht linn thar chlaí ann, is cuireadh chun gadaíochta
Rud nach linne a thógáil, an teas ionainn a stóráil,
Níl ach imeacht linn thar chlaí ann, babhta beag bradaíola,
Rud is gá dúinn a dhéanamh, nuair is fuar í an nead.

Níl ach imeacht linn thar chlaí ann, nuair is fuar í an nead.


It's a cheating situation, a stealing invitation
To take what's not really ours, to make it through the midnight hours
It's a cheating situation, just a cheap imitation
Doing what we have to do when there's no love at home

There's no use in pretending, there'll be a happy ending
Where our love's concerned, sweetheart, we both know
We'll take love where we find it, love and try to hide it 
It's all we got, for we know they're not gonna let us go

It's a cheating situation, a stealing invitation
To take what's not really ours, to make it through the midnight hours
It's a cheating situation, just a cheap imitation
Doing what we have to do when there's no love at home

It's a cheating situation when there's no love at home

2021-10-29

Carbhán na nGám

 

John Prine - Caravan of fools.

Drumadóireacht dhorcha
Na crúba sin nach sámh
An ciúnas a rialaíonn an lá
Feicfear iad istoíche
Mar sheoid i measc na scáth
Seo chugainn anois iad
Carbhán na nGám

Sciatháin an choilmín
Lámhainn bhán freastalaí
Tá sí ag lonrú cois linne gan cháim
An geimhreadh i do choinne
Is ortsa níl an t-ádh
Is tú ag rith le
Carbhán na nGám

Carbhán na nGám
Carbhán na nGám
Ag rith ataoi le
Carbhán na nGám

Grá is caondúthracht
Chomh domhain le Loch Uachtair
Is riail dá gcuid féin i bhfeidhm
Le do thimpeallán d'eachra
Agus fórsaí nach bhfeaca
Ag rith ataoi le
Carbhán na nGám

Carbhán na nGám
Carbhán na nGám
Ag rith ataoi le
Carbhán na nGám
Carbhán na nGám, Carbhán na nGám
Ag rith ataoi le Carbhán na nGám.

2020-07-16

John Prine - Lake Marie/Loch Marie



Curfá:
Inár seasamh
Seasamh cois uiscí ciúine
Seasamh cois uiscí ciúine
Whoa Wá Ó Wá Ó
Whoa Wá Ó Wá Ó

Blianta fada ó shin feadh Theorainn Illinois-Wisconsin
Do bhí treibh Mheir-Indiach
Thángadar ar naíonáin sa choill
Naíonáin gheala
Duine acu darbh ainm Elizabeth
Agus ba ise ba ghile
Agus an duine ba lú den bheirt, b'í sin Marie
Ní fhacadar páistí geala cheana
Agus bhí cónaí orthu taobh leis an Dá Loch
Thugadar Lake Elizabeth ar an loch ab áille orthu
Agus an loch ba lú a bhí tamall ar an iargúil
Lake Marie a bheadh ar an loch ba lú. 

[Curfá]

Blianta ina dhiaidh sin bhíos i gcomhrá leis an ainnir
A bhí ina seasamh is a cúl le Lake Marie
An ghaoth ag séideadh, trína dlaoithe geala
Ceithre ispín Iodálacha ag cócaráil ar an ngreille
A dheabhail, dob in ssssiosarnach
Blianta ina dhiaidh sin tharla dúinn bheith i gCeanada
Bhí pósadh le sábháil is cúpla iasc le gabháil
Pé jab a bhí indéanta
Chodail sí ansin 'na luí i m'ucht
Ag crónán di féin, 'Louie Louie'
Á, a stór - ní mór dúinn imeacht.

[Curfá]

Tafann na ngadhar is carranna ag páirceáil
Úsairí i mbun úsaireacht', narcanna ag narcáil
Bhí an domhan is a mháthair ann
Sa charrchlós taobh leis an tearmann coille
Tháinig na péas ar dhá chorpán
Dhá chorpán nochta
Bhí a n-aghaidh ar fad loite ag uirlis ghéar de shaghas éigin
Bhí sé ar an nuacht
Ar an teilifís
I bhfíseán, físeán dubh is bán
An bhfaca tú fuil riamh ar fhíseán dubh is bán, 'bhfaca?
Mar scáil, mar scáil, is mar sin a fhéachann an fhuil
Agus rapáladh an grá go léir a bhí eadrainn
Rapáladh é in aghaidh bhruacha Loch Marie, Marie

Inár seasamh
Seasamh cois uiscí ciúine
Seasamh cois uiscí ciúine
Whoa Wá Ó Wá Ó
Whoa Wá Ó Wá Ó
Whoa Wá Ó Wá Ó
Whoa Wá Ó Wá Ó
Seasamh cois uiscí ciúine
Uiscí ciúine
Seasamh cois uiscí ciúine
Uiscí ciúine,
A stóirín, ní mór dúinn imeacht.