2012-11-30

Cá bhfuil an Searcach?

Tá sé amuigh! The Oxford Handbook of Modern Irish Poetry. £90. 25 (Sterling) a chosnóidh sé ort. Agus níl Cathal Ó Searcaigh ann. Is féidir scrolláil síos sa nasc atá leis seo agus feicfidh tú nach bhfuil aon rian de ann! Pé rud a tharla dhó. Fuadach ab ea? Bhuel, nár fuadaíodh a mháthair fadó? Is leagan giorraithe an méid seo a leanas den aiste a scríobh Gabriel faoin bhfuadach sin:

Níl a fhios agam cén Ghaeilge atá ar ‘alien abduction’. Fuadach eachtardhomhandach, ab ea? N’fheadar an dtarlaíonn a leithéid in aon chor nó an samhlaíocht ar fad é? Go maithe Dia dhom é ach nár bhreá leat dá bhfuadódh na heachtardhomhandaigh cuid de dhomhandaigh Dháil Éireann agus an tSeanaid. B’fhéidir go bhfoghlaimeodh an dream seo againne cleas nó dhó ó na spásairí chun sinn a tharraingt as an abar ina bhfuilimid. Déarfadh síciatraithe gur dócha gur scitsifréine nó hipearmáine nó galar intinne éigin a bhí ar mháthair Chathail Uí Shearcaigh, bean a chaith a lán ama i measc na sióg, más fíor di féin. Rith sé liomsa gur fuadach eachtardhomhandach a tharla di. An cuntas a fhaighimid ar mháthair an fhile an chuid is corraithí dá chuimhní cinn, Light on Distant Hills, a d’fhoilsigh Simon & Schuster sa bhliain 2009. Is trua nach i nGaeilge a scríobhadh é. Níl an Béarla rómhaith ag déileáil leis an saol eile.
      
Deir an t-údar, ‘My mother was an inveterate traveller in the otherworld; a regular visitor to unearthly parts.’ Tá go leor sa mhéid sin. Nílimid lánchinnte an taistealaí in aghaidh a tola ab ea í nó nach ea. An léir dúinn ón abairt thuas cad é an saol eile seo go díreach agus conas dul isteach is amach ann? Cuairteoir rialta ab ea í. Cuairteoir. Faoi mar ba rud nádúrtha é. Bothántaíocht. Airneán.
   
    Agus cad is brí le ‘unearthly’? Neamhshaolta? Eachtardhomhandach? Dhein an Searcach an-iarracht go deo chun tuiscint a fháil ar ghalar a mháthar. Ach cá bhfios nach galar ach bua é a bheith in ann cuairt a thabhairt ar chríochaibh neamhshaolta. Agus ar aon chuma, nach bhfuil litríocht agus béaloideas na tíre seo ag cur thar maoil le tagairtí don saol eile? Tá ar ndóigh.

    Bhí ainmneacha ag máthair an tSearcaigh ar an slua sí. Ní haon dream amháin iad na daoine maithe ( más 'maith' atá siad). Tá scata acu ann, mar a bheadh treibheanna ann. Slua díobh b’as Caor an Airgid iad. Rud nach bhfuil soiléir in aon chor ón leabhar ná an méid seo: an raibh an t-ainm sin, agus ainmneacha eile nach iad, i mbéal na ndaoine nó an i mbéal mháthair Chathail amháin a bhí siad? Más i mbéal a mháthar amháin a bhíodar, cá bhfuair sise iad mar ainmneacha? Ar chum sí an t-ainm Caor an Airgid? Gar do Shliabh Sneachta atá Caor an Airgid ach níl sé ar aon mhapa. Ar mhapa aigne mháthair an fhile a bhí sé agus is soiléir a bhí sé ann.

     Tá leabhar filíochta ag an Athair Micheál de Liostún dar teideal Screadfaidh na Clocha Amach. Thuig máthair Chathail caint na gcloch. Dúirt sí leis uair amháin go raibh cloch tar éis a rá léi go raibh gála chucu ó Ghleann Tornáin. Agus b’fhíor don chloch. Ba ghearr go raibh sé ina ghála. Cuimhnigh ar éifeacht na tairngreachta sin ar gharsún óg.

      Bhí sáreolas ag máthair Chathail ar an Eall, abhainn, ar Agall, áit chnocánach, Donn an Domhain, áit sceirdiúil neamhthorthúil, Pulc, cathair an óir, Ball na mBuacán, cathair thoirmiscthe. Istoíche a raghfá go dtí na háiteanna sin. Ní fhéadfá dul ann faoi sholas an lae. Na háiteanna sin go léir, tíreolas agus logainmneacha na n-áiteanna dofheicthe sin, tá draíocht mhillteanach ag baint leo: Tulc, Ruacan, Fán, Daol, Ston, Idir Eatarthu (an ceann is deise liom), Dearg na gCorr agus Scan.

            Bhíodh an slua sí ag glaoch uirthi. Dúirt sí lena maicín óg uair amháin go raibh baibín as Co. na Gaillimhe fuadaithe ag lucht Chaor an Airgid agus go rabhadar ag glaoch uirthi mar go raibh banaltra chíche uathu. Nuair a cheistíodh Cathal í faoi na háiteanna sin is é a deireadh sí ná gur ar imeall neamhní a bhíodar.

            Bhí cónaí ar neacha fadghéagacha i nDearg na gCorr, tuairim is seacht n-oíche siar uathu. Ní i slata ná i mílte a deineadh an t-aistear a thomhas ach ina oícheanta. Bhíodh saghas ióga ar siúl ag na neacha sin chun an domhan glioscarnach ina mhaireadar a chaomhnú agus a íonghlanadh. Ba nós leo seasamh ar chos amháin ar feadh trí lá in abhainn gheal, leathshúil leo druidte agus iad ag cantaireacht. Bhí púdar draíochta acu a dheineadar as beacáin agus caora dearga, púdar a d’iompraítí i bpúitse ar a dtugtar bolg an tsolais agus bhí gá acu le duine daonna chun an bunábhar a bhailiú. Agnes, máthair Chathail, an duine sin. Bhí uirthi na muisiriúin agus na caora a mheilt ansin le tuairgnín airgid. Mheascadh saoi ansin ina phúdar é thuas in Inis Ór na gCorr, oileán spéire. Is bhí na neacha sin ar a sáimhín suilt agus caor na mbeacán, mar a thug Agnes ar an gcógas, á ghlacadh acu gach lá. 

    Dhein na neacha osnádúrtha sin Agnes a ghlanadh sula ligfí isteach i ríocht an tsolais í. Bhíodh sí cuachta faoi scragall geal de shaghas éigin agus chuirtí isteach i ngléas gaile ansin í lena sciomradh agus nuair a thagadh sí amach bhíodh sí chomh geal le scilling nua. Ní go dtí sin a a ligtí di dul ag piocadh na gcaor is na mbeacán.
    Agus conas a bhain sí na háiteanna sin amach? Fuair sí síob, a dúirt sí, ó dhath. An dath gorm. Is fearr ná ficsean a bheadh bunaithe ar fhuadach eachtardhomhandach an cuntas éachtach a thugann Cathal dúinn ar aistir dhiamhra a mháthar. Ach an ficsean é? Nó an bhfuil fírinne ann, fírinne atá ceilte ar dhaoine normálta? Léigh an leabhar. Nílimse chun a thuilleadh a rá.


Agus sin deireadh le m'aistese ach ní hé críoch an scéil seo é. An cheist arís - ar eagla gur chuamar amú beagán: conas nach bhfuil Cathal san Oxford Handbook of Modern Irish Poetry? Ar fuadaíodh é? An bhfuil sé scuabtha chun siúil ag neacha mínádúrtha a bhfuil a gceanncheathrú acu in Áth na nDamh? Níl aon mhíniú eile ar an scéal.

Fotá Haiga: Scamaill ós cionn cráitéir Ubehebe, Gleann an Bháis, California

Íomhá Ron Rosenstock
cráitéar
néal
meallta ag a chéile
crater
cloud
drawn to one another

2012-11-29

Amanathar

Lá samhailteach in oifig nuachtáin Ghaeilge téama an dráma Amanathar, príomhshaothar an chnuasaigh seo. Sa chnuasach seo chomh maith tá drámaí ón nGearmáinis le Richard Eichelback agus le Heinrich Böll agus drámaí suimiúla eile.

Rinne Gabriel leagan raidió den dráma Amanathar, faoin teideal Sruth Ama. Craoladh ar Raidió na Life agus tá sé ar fáil mar phodchraoladh anseo.

Amanathar
Gabriel Rosenstock
ISBN 1 900693 65 8

2012-11-28

Rilke: Panhala: I bhfáinní atá ag leathnú amach a mhairim


I bhfáinní atá ag leathnú amach a mhairim
ag leathnú ar fud na cruinne.
D'fhéadfadh nach gcríochnóinnse an ciorcal áirithe seo
ach tugaimse mé féin dó.

Timpeall ar Dhia i bhfáinne mé, an túr príomhordúil,
is mar sin a bhíos riamh anall
agus n'fheadarsa fós: an fabhcún mé,
anfa nó móramhrán
Ich lebe mein Leben in wachsenden Ringen,
die sich über die Dinge ziehn.
Ich werde den letzten vielleicht nicht vollbringen,
aber versuchen will ich ihn.

Ich kreise um Gott, um den uralten Turm,
und ich kreise jahrtausendelang;
und ich weiß noch nicht: bin ich ein Falke, ein Sturm
oder ein großer Gesang.
I live my life in widening circles
that reach out across the world.
I may not complete this last one
but I give myself to it.

I circle around God, around the primordial tower.
I've been circling for thousands of years
and I still don't know: am I a falcon,
a storm, or a great song?
Leagan Gaeilge: Gabriel Rosenstock
Bunleagan: Rainer Maria Rilke, 20.9.1899, Berlin-Schmargendorf
Rilke’s Book of Hours:Love Poems to God, translated by Anita Barrows and Joanna Macy

Panhala: Seoladh le Cór Gaoithe

SEOLADH LE CÓIR GHAOITHE

Lá agus an ghaoth
mar ba mhian leat í bheith
ní gá don seol ach borradh is líontar an domhan le háilleacht.
Lá mar sin is ea an lá
inniu.
Tá mo shúile ar nós na gréine agus an gheallúint seo uaithi:
geallúint na beatha
a chomhlíontar
i gcónaí

gach aon mhaidin.

Bronnann an croí beo is an sféar lonrach úd an méid seo orainn:
muirníonn siad araon an domhan
go tláith.

Leoithne í seo a ionsaíonn an t-anam.
An grá seo is eol dom féin im chroí istigh: buaileann sé druma. Géaga ag luascadh im thimpeall:
cé a d'fhanfadh ann féin os comhair m'áilleachta?

Nach éachtach í an tsíocháin!
ach is mó an spraoi a bhaineann le damhsa na heacstaise is gan aon scáthán ann:
fonn comhluadair ar ár mbeola.

Lá agus an ghaoth
mar ba mhian leat í bheith
ní gá don seol ach borradh
is cuirtear tús leis an ngrá.

Lá mar sin is ea an lá
inniu
ON A DAY WHEN THE WIND IS PERFECT

On a day
when the wind is perfect,
the sail just needs to open and the world is full of beauty.
Today is such a
day.

My eyes are like the sun that makes promises;
the promise of life
that it always
keeps

each morning.

The living heart gives to us as does that luminous sphere,
both caress the earth with great
tenderness.

This is a breeze that can enter the soul.
This love I know plays a drum. Arms move around me;
who can contain their self before my beauty?

Peace is wonderful,
but ecstatic dance is more fun, and less narcissistic;
gregarious He makes our lips.

On a day when the wind is perfect,
the sail just needs to open
and the love starts.

Today is such
a day.
~ Rumi ~


(Leagan Béarla: Love Poems From God: Twelve Sacred Voices from the East and West by Daniel Ladinsky)

2012-11-27

Krishnamurphy

Tá trí leabhar filíochta scríofa ag Gabriel ina bhfuil Krishnamurphy mar chuid den teideal, Eachtraí Krishnamurphy, Krishnamurphy Ambaist! agus Tuairiscíonn Krishnamurphy ó Bhagdad. Coiscéim a d'fhoilsigh. Tá leabhar Béarla, leis, aige dar teideal The Pleasantries of Krishnamurphy a foilsíodh thall i sean-Sasana. Persona dá chuid is ea Krishnamurphy a ligeann dó rudaí a rá nach ndéarfadh sé féin, a deir sé, sa ghnáthshlí. Imeartas focail ar Krishnamurti is ea an t-ainm Krishnamurphy, ar ndóigh. Bhí beirt mhaistrí den ainm sin ann, Jiddu Krishnamurti agus UG Krishnamurti. D'fhógair UG Krishnamurti nach raibh aon chóipcheart ar aon rud a scríobh sé. "B'ait an mac é, " arsa Gabriel. "D'fhoghlaimíos a lán uaidh. Deir daoine go raibh sé glan as a mheabhair ach mhaígh sé féin nach raibh aon mheabhair aige."

2012-11-26

Deep Shadows, Zabriskie Point, Death Valley, CA, USA

Íomhá Ron Rosenstock

Gleann an Bháis -
ag cur thar maoil
le seachmaill!
Death Valley -
teeming
with illusions!