2013-04-29

Soiscéal an fhile haiku

An bhfuil creideamh áirithe ag an bhfile haiku (is é sin le rá creideamh haiku, anuas ar pé creideamh foirmiúil a bheadh aige, an Búdachas, an Chríostaíocht etc, má tá a leithéid aige in aon chor?) Tá go deimhin agus tá sé ráite go maith ag an máistir haiku

Santoka:

“Ná cloígh leis an am atá thart agus ná bí ag súil leis an am atá le teacht. Bí buíoch as gach lá dá dtagann, is leor sin.” Ní gá duit a bheith i d’fhile haiku chun géilleadh don ráiteas sin.

Bhí Santoka beo bocht cuid mhaith dá shaol:

an cat ag caoineadh
le teann ocrais
níl faic agam dó

Tá rud éigin an-lom ar fad sna haiku a chum sé agus é ag siúl na sléibhte leis féin:

éirí na gealaí
nílim ag súil
le haon ní

Is beag duine againn nach bhfuil ag súil le rud éigin, le saibhreas, le cáil, le sonas nó le pléisiúr éigin – tá an cholainn santach, tá an aigne santach – samhlaigh an té nach bhfuil ag súil le haon ní! Is aisteach an staid aigne é sin, déarfadh a lán. Mínádúrtha fiú amháin. Ach déarfadh lucht Zen a mhalairt – gurb é do nádúr ceart é ach na sraitheanna go léir a chruthaíonn an ego a chaitheamh uait.

Má ba bheo bocht féin é, níor dhearmad sé a bhuíochas a chur in iúl don Bhúda agus dá thuismitheoirí:
tráta agam
le hofráil don Bhúda
do m’athair is dom mháthair

Dhá chreideamh a chuaigh i bhfeidhm ar an haiku is ea an Búdachas agus Sinteo. Ómós don dúlra agus ómós do na sinsir a chuaigh romhainn, sin is Sinteo ann go hachomair. Agus arís:

piocaim bláth
gan ainm
ofrálaim don Bhúda é

Nach iontach! Thug sé an-chur síos dúinn ar a chuid fánaíochta, cur síos lom ar shaol lom:

lón
an lae inniu
uisce – sin uile

Saol na déirce é saol an mhanaigh go minic:

fuaim fhuar
na leathphingine
a chaitear i mo threo

Saol uaigneach:

oíche fhada
deineann tafann an ghadhair
níos faide fós í

Radharc aige ó am go ham ar imeachtaí an domhain mhóir. Cad atá ar siúl ag daoine na laethanta seo? Ó, an seanscéal i gcónaí:

filleann saighdiúirí
ar an tSeapáin
lámha, cosa, fágtha acu sa tSín

Agus filleann Santoka ar an déirc:

clocha sneachta, leis,
im bhabhla
déirce

Bhí haiku againn cheana ar an mblag seo faoin bpréachán, haiku leis an máistir Issa. Seo Santoka:

grág préacháin
is táimse, leis,
i m’aonar

Fógra: Ceardlann Aistriúcháin Liteartha: Gearmáinis go Gaeilge

Tá an Geothe Institit i mBaile Átha Cliath ag lorg  aistritheoir atá ag tosú amach ar a ngairm nó nach bhfuil taithí acu ar aistriúcháin liteartha agus a bhfuil Gearmáinis agus Gaeilge acu le páirt a ghlacadh i gceardlann aistriucháin liteartha.

Eolas thíos

Zeitraum des Workshops: 09.-13.09.2013 (zur Information: vom 04.-15.09.2013 Literaturfestival in Berlin)

Ort des Workshops: Literarisches Colloquium Berlin

Ziel: Probeübersetzung  "Leben" von David Wagner (Preis der Leipziger Buchmesse)

Workshop Leitung: Karen Nölle

David Wagner wird an 1 oder 2 Tagen selbst anwesend sein und kann Fragen zum Werk beantworten
Es sollte ein(e) Nachwuchs-Übersetzer(in) gefunden werden – Übersetzung vom Deutschen ins Irische
Anfang August sollte es ein Gespräch mit möglichen Kandidaten geben
Der Workshop wird komplett finanziert – alle Reisekosten und der gesamte Workshop

Teilnehmer sind neben unserem Kandidaten Übersetzer aus Großbritannien, Dänemark, Schweden, Finnland, Norwegen und Niederlande

Breis eolais agus iarratais:
Evi Rockstroh
Head Librarian
Goethe-Institut Irland
37 Merrion Square
Dublin 2
Ireland
Tel.: +353-1-602 4402
Email: rockstroh@dublin.goethe.org

2013-04-28

Máistir Issa: Haiku

Íomhá ó Wikimedia le nottsexminer
       lá fada
       gabhann préachán thar bráid -
       a ghob ar leathadh
Haiku suaithinseach ón mbliain 1809. Táim an-cheanúil ar an haiku áirithe sin mar tá an préachán ina thótam agam féin.  D'fhoilsigh sagart leabhar dar teideal Tótamas in Éirinn sa bhliain 1961, an tAthair Seán Mac Suibhne. Is beag caint a chuala mé riamh i dtaobh an leabhair sin. Is cuid den chultúr 'Nua-Aoiseach' anois é an tótamas agus déarfadh an t-antraipeolaí nach tótamas ceart in aon chor é go leor de agus bheadh an ceart aige. Mar sin féin, má oibríonn sé - agus mura bhfuil daoine ag cur dallamullóg orthu féin ina thaobh - níl aon dochar ann, is dócha.
Tá tuilleadh eolais ar fail faoin bpréachán mar thótam ar an suíomh seo a leanas: www.birdclan.org/crow.html

K.Satchidanandan: An Suantraí

A leanbán mo chléibh, go deo níor shíleas
gur mar seo a thiocfá ar an saol.
Bhí suantraí coinnithe agam duit,
is gúna beag a dheineas le mo dhá lámh féin
agus glac bláthanna.

Bhí taibhreamh agam go dtiocfá
is dlaoi scamaill ar foluain
os do chionn
agus póg ó aingeal
ar do chlár éadain.
Coiscéimeanna Allah a chuala mé
gach aon uair a bhog tú ionam.

Tháinig deireadh go tobann le gach aon ní:
thánadar le bratacha is le tóirsí
thánadar is claíomh nó trírinn ina lámh acu
cheanglaíodar mo lámha is mo chosa
is gearradh im dhá leath mé.

Ar chloígh tusa leis an bplacaint
nuair a stracadar amach as mo cholainn thú?
Ar dhruid tú do shúile níos dlúithe
na súile beaga sin a bhí ag taibhreamh
faoi shruthán is solas na gealaí air?
Nuair a chaitheadar isteach sa teach sin trí thine thú
ar fhágais slán agam i nguth gealbhain
nár chuala éinne ach an t-aos sí?
Ar mhuirnigh an tine thú is a cumhracht spíosraí
le méara santail is lus na gréine?
Ar luasc leoithne thú
i gcliabhán óir an loiscthe?
Ar bhraithis arraing saoil
in aon nóiméad dóite amháin
fiú sular rugadh thú?
Cén mháthair a thabharfadh leanbh
ar an saol
le tabhairt don bhreocharn.
Cén bhéic a d’iompódh ina luaithreach
sular ghearr tríd an aer.
Slán is céad. Níor mhaith liomsa
go n-athshaolófaí mise i ndomhan
a coisceadh ortsa.
Agus sibhse, a mháithreacha na tíre seo,
ná tugaíg’ leanaí ar an saol dorcha seo
arís.





(Sa Mhailéalaimis a scríobhadh ar dtús, teanga Kerala. Dán as sraith dánta a bhain le cinedhíothú na Moslamach i nGujarat, Márta, 2002. Tuilleadh dánta leis an bhfile céanna: http://www.amazon.com/K-Satchidanandan-Rogha-Selected-ebook/dp/B007A0FTMW)

Máistir Issa: Haiku

gealach Shinano
is fionnuisce -
sa bhaile!


    .我宿はしなのの月と清水哉
    waga yado wa shinano no tsuki to shimizu kana

Haiku ón mbliain 1813. Ceantar bocht i measc na sléibhte ab ea Shinano ach ba leor solas na gealaí agus uisce glé ón tobairín chun Issa a shásamh.

2013-04-27

Amy Winehouse: Tiocfaidh ár lá!

Tiocfaidh ár lá
beidh againn gach aon ní
beidh an ríméad
ag bualadh inár gcroí

Ná habair liomsa
go bhfuilimse ró-óg -
is seo dhuit póg
póigín uaimse

Tiocfaidh ár lá
ach fanacht tamaillín
níl deora uainn
ach gáire soilbhir binn

Tá cúis lenár mbrionglóid
mar tá an grá seo buan
mar bhárc sa chuan
tiocfaidh ár lá

Tá cúis lenár mbrionglóid
mar tá an grá seo buan
mar bhárc sa chuan
Tiocfaidh ár lá ...

Tiocfaidh ár lá
Tiocfaidh ár lá
Tiocfaidh ar lá
Tiocfaidh ar lá!

2013-04-24

Máistir Issa: haiku

   is ciúin
   mar a bhláthaigh na lilí . . .
   canann fuiseog
                              
Haiku ciúin ón mbliain 1810. Ceann de na cleasa atá ag an haijin, an máistir haiku, is ea dhá rud éagsúla a chur os ár gcomhair  is gan aon bhaint acu lena chéile, dáiríre; ach fós féin is é bua an haiku ná go samhlaíonn an léitheoir íogair go bhfuil ceangal éigin eatarthu mar sin féin - go deimhin, go bhfuil ceangal idir gach aon ní. Sin sin! (Seanbhrí le 'shin-shin' na Seapáinise is ea 'go ciúin)   
 
.しんしんとゆりの咲けり鳴雲雀  

shin-shin to yuri no saki keri naku hibari