2013-11-30

Graifítí an Lae: John Henry Mackay


Is ainrialaí mé! Dá réir sin, ní rialóidh mé ná ní rialófar mé ach an oiread.


John Henry Mackay (1864 -1933)

Susanne Sa Seomra Folctha

Eagrán nua dem chéad leabhar filíochta Susanne Sa Seomra Folctha le híoslódáil saor in aisce anseo.

SEACHAIN - Ag Teacht go Luath!

Tá torann aisteach aerach le cloisteáil i dteach duine de na bleachtairí. Cad atá ann in aon chor? An den saol seo nó den saol eile é? 
An bhfuil a leithéid de rud ann agus zombaí? Tá, dar le Tomáisín, duine de na bleachtairí. Cás eile le réiteach!

2013-11-29

Books Ireland: Deireadh Ré

Is drochscéal amach is amach é go bhfuil deireadh tagtha leis an iris Books Ireland. Fógraíodh a bhás ar chlúdach an eagráin reatha, eagrán na Nollag. Iris is ea í - nó iris ab ea í - a thug a ceart riamh don Ghaeilge, rud nach féidir a rá i dtaobh mórán foilseachán Béarla eile in Éirinn. An Chomhairle Ealaíon a chniog é sa deireadh nuair a tarraingíodh siar an deontas. Droch-chinneadh amach is amach go háirithe nuair a smaoiníonn tú ar na milliúin a chaitheann siad ar an amharclann náisiúnta, Amharclann na Mainistreach, amharclann náisiúnta nach gcreideann sa teanga náisiúnta, is léir.
Táim cinnte go bhfuil foilsitheoirí agus scríbhneoirí na Gaeilge agus an Bhéarla in ísle brí. Beidh leabharlannaithe, leis, fágtha ar easpa treorach.
 
 Ní gach éinne a bhí sásta leis an iris, ar ndóigh, go háirithe filí an Bhéarla ar chuir léirmheasanna Fred Johnston agus Kevin Kiely cuthach orthu. An raibh daoine ina measc a chuir brú ar an gComhairle Ealaíon?
 
 Braithfidh mé uaim léirmheasanna ó na colúnaithe rialta, Rory Brennan, abair, a bhí meáite riamh, mheasas, cé nach fear Gaeilge é, agus braithfidh mé uaim na fógraí fiú amháin. Ní raibh uirlis níos fearr ná níos suimiúla againn chun coimeád suas leis na leabhair is déanaí a bhí ar an margadh. Táim á léamh ó bunaíodh é, 38 bliain ó shin, mise agus síntiúsóirí in Éirinn, thuaidh is theas, agus léitheoirí eile in 21 tír ar fud an domhain. Is geall le bás anabaí é nuair a imíonn iris mar sin, iris a bhí a léamh agat ar feadh do shaoil.

2013-11-28

Dennis Brutus a rugadh ar an 28 Samhain

Is mise an crann...
le Dennis Brutus

Is mise an crann díoscánach
sa ghaoth
san oíche lasmuigh
cam ceannláidir

Is mise an leathán
stáin
an bothán cam
díoscánach sa ghaoth
i m'agóid bhrónach chaolghlórach

Is mise an guth
ag éamh san oíche
ag caoineadh de shíor
sólás níl i ndán dom

2013-11-25

Muintir Oileáin Pelew

Pelew Islanders


When Europeans first landed
on the Pelew Islands, the naked natives
greeted them with horrified astonishment.
Touching the sailors' clothes with trembling fingers,
they begged to know what method of tattoo
produced such strange and colourful skin.
Bill Wolak


Muintir Oileáin Pelew



Nuair a tháinig Eorpaigh i dtír an chéad uair
sna hOileáin Pelew, bhí alltacht
is ionadh ar na bundúchasaigh nochta ann.
Leagadar méara creathánacha ar éadach na mairnéalach
agus iad cíocrach chun a fháil amach cén modh tatuála
a chruthaigh craiceann chomh hait is chomh hiontach leis

2013-11-24

An chonair Chugatsa

An chonair Chugatsa
im chroíse tá go glé
ní fheictear í, ní heol don aigne í.


Déantar tost dem bhriathra
timpeallaíonn Do mhilseacht mé.

--  The Book of Everything: Journey of the Heart's Desire, le Hakim Sanai Al-Ghaznavi / Aistrithe go Béarla ag Priya Hemenway