from Real Thirst: Poetry of the Spiritual Journey, by Ivan M. Granger
Lig don fhís sin
den fhairsinge
atá ionat
tú a fhágaint
i d'fhothrach glórmhar.
Tiocfaidh oilithrigh
is samhlóidh siad
an teampall breá
a sheas anseo tráth
is ní thuigfidh siad
gurb é an scrios
a dhein talamh bheannaithe
den mhá lom seo
Let the vision
of the vastness
you are
leave you
in glorious
ruins.
Pilgrims will come
to imagine
the grand temple
that once stood,
not realizing
the wreck
made this empty plain
holy ground.
2014-01-03
Ar an lá seo 3 Eanáir
Ar an lá seo, 3 Eanáir, 1923, cailleadh Jaroslav Hašek, údar an úrscéil An Dea-Shaighdiúir Švejk. Ní raibh an dá scór bliain slánaithe aige. An deoch ba thrúig bháis dó agus a lagaigh a chroí.
Níor éirigh leis ach trí imleabhar den Dea-Shaighdiúir a chríochnú: sé imleabhar a bhí beartaithe aige. Ag Tóstal na Gaeilge 2012, thagair Dónall Ó Braonáin don úrscéal grinn frithchoghaidh sin mar a leanas:
Níor éirigh leis ach trí imleabhar den Dea-Shaighdiúir a chríochnú: sé imleabhar a bhí beartaithe aige. Ag Tóstal na Gaeilge 2012, thagair Dónall Ó Braonáin don úrscéal grinn frithchoghaidh sin mar a leanas:
“Tuigeann muid gur scríobh Kafka a chuid scéalaíochta i nGearmáinis agus ba sa tSeicis a chuir Hašek An Dea- Shaighdiúir Švejk ar fáil. Ba mhór i gceist ag an scríbhneoir Breandán Ó hEithir an t-úrscéal seo agus tá leagan drámatúil i nGaeilge agus i mBéarla déanta den leabhar i gCartlann Raidió RTÉ. Tá léargas áirithe sa saothar sin ar an iomrall agus an iomrascáil teanga a bhain le fearann na Seice le linn dóibh a bheith ag maireachtáil faoi réimeas na nOstra-Ungárach ag tús an chéid seo caite. Nuair a théann tú faoi chraiceann an scéil, castar reachtaíocht teanga orainn a bhí ina cúis aighnis agus ábhar treallchogaíochta idir cainteoirí Gearmáinise agus Seicise ag deireadh an naoú haois déag agus tús an fhichiú haois.”
Bhí mionpháirt agam féin sa tsraith raidió sin fadó. Ba cheart an tsraith a athchraoladh uair éigin.
Déarfadh a lán criticeoirí gurb é an chéad úrscéal frithchogaidh é, leabhar a raibh tionchar aige ar úrscéalta frithchogaidh a tháinig ina dhiaidh ar nós Catch 22 le Joseph Heller. Ba cheart script Uí Eithir a eisiúint ina chlosleabhar. Nó an mbeadh deacrachtaí ag baint leis sin, is é sin nach mbeadh a leithéid ceadaithe faoin gconradh a shínigh na haisteoirí le RTÉ? Taifeadadh nua a dhéanamh mar sin!
2014-01-02
Ag teacht go luath: Briathar Á Dhéanamh As Anáil
Briathar Á Dhéanamh As Anáil
Filíocht Chomhaimseartha na Gúisearáitise
Filíocht Chomhaimseartha na Gúisearáitise
An tEagrán Gaeilge in eagar ag Mícheál Ó hAodha
i gcomhar le Gabriel Rosenstock
Ar an lá seo, 2 Eanáir
Ar an lá seo, 2 Eanáir sa bhliain 17 A. D. cailleadh Óivid ( Publius Ovidius Naso) agus é ar deoraíocht cois na Mara Duibhe.
Ceann de na dánta is breátha sa teanga againn féin is ea Labhrann Óivid le Cathal Ó Searcaigh. Is féidir an bundán a léamh sa sárleabhar An tAm Marfach ina Mairimid (Arlen House, 2010):
OVID SPEAKS
A hundred curses on this place of banishment,
back door to nowhere by the Black Sea.
The warmest day here would freeze the legs off a heron!
It’s a far cry from the cosiness and comforts of Rome.
I’m going to seed here among barbarians
with as much learning and table manners between them as a flea.
Oh for a drop of that divine elixir,
fruit of the vine that gives sparkle to words!
For liquor here there’s nothing but ice in the bottom of a jug.
Oh for the sunny slopes of those homeland vines again,
olive groves, wooded hills.
There I could live off consonants and vowels.
Scintillating Rome! Always in my thoughts,
where I juggled with life and death. There I gave colour
to humility, boldness to the sweetest sounds.
My brain will snap before I understand this Black Sea blather,
it strikes the ears betimes as the howl of wolves,
other times the wrenching of ice from itself.
Augustus it was who betrayed me and blackened my name,
but harsh though his judgement, his punishment, might seem
I swear he will not have victory over my words.
No king, no regime, however powerful
will tyrannise my poetry now or in times to come.
From age to age my poems will surge. They will speak
To rising generations in the fullness of time;
freemen who couldn’t care less about Caesar and his ilk.
This is our age, let him know it, the age of Ovid, Virgil and Horace.
But Augustus is too self-important to see
that it is by the grace of poets that he lives and breathes,
and so will it always be; it is we who fashion the ageless legislation
Of the free word, the honest word that bows not to tyranny,
the glowing commandments of poetry forever guarded by the Muse.
Forgive this hubris, this pride that has brimmed over,
Stature, name and honour have been taken from me
I’m rootless, a beggar. Thrown to the winds
the Word my only home.
Nothing to do but brandish my quill.
2014-01-01
Eidhneán (is Críost)
|
|
Ar an lá seo, 1 Eanáir
Ar an lá seo, 1 Eanáir, 1823, rugadh Sándor Petofi.
Níl a fhios ag mórán daoine go bhfuil leabhar Gaeilge ann mar gheall ar fhile náisiúnta na hUngáire:
Níl a fhios ag mórán daoine go bhfuil leabhar Gaeilge ann mar gheall ar fhile náisiúnta na hUngáire:
Sándór Petöfi: File Náisiúnta na hUngáire
Séamus Ó Coigligh
Coiscéim 1991
Séamus Ó Coigligh
Coiscéim 1991
2013-12-31
Haiku le Issa ón mbliain 1816
Is dócha nach rithfeadh sé le héinne againn fear sneachta a dhéanamh i bhfoirm Íosa. Tá sé faoi mar a bheadh úinéireacht ag an Eaglais agus ag séipéil ar dhealbha d'Íosa. In aimsir Issa, áfach, ní rithfeadh sé le héinne GAN fear sneachta den Bhúda a dhéanamh. Cé acu dearcadh is sláintiúla, is nádúrtha, is naofa?
an chéad chith -
an sneachta, leis,
ina Bhúda
.初ものや雪も仏につくらるる
hatsumono ya yuki mo hotoke ni tsukuraruru
Abonnieren
Posts (Atom)





