2015-05-31

Filíocht na hIndia

insíonn an braon drúchta
a bhuairt
don gha gréine

Rajendra Bahadur Singh 'Rajan'


damhsa fómhair
cantaireacht Véideach arís
ar fud na ngort

Kamlesh Bhatt Kamal


loiteoga faoi bhláth
d'oscail an loch
a mhíle súil

Ramakant Shrivastav


an oíche gheimhridh
cuachta suas
i leaba shneachta

Shakuntala Talwar


leath ite
ag dragan
corrán gealaí

Guatam Nadkami


clapsholas -
a eitleog á tharraingt anuas
ag an mbuachaill

K. Ramesh


linn loiteog -
frog ina chodladh
ar an ngealaigh

Narayanan Raghunathan

2015-05-30

Säerspruch / Ortha an tSíoladóra

File: Conrad Ferdinand Meyer (1825 - 1898)
Cumadóir: Viktor Ullmann
Bemeßt den Schritt! Bemeßt den Schwung!
Die Erde bleibt noch lange jung!
Dort fällt ein Korn, das stirbt und ruht.
Die Ruh ist süß. Es hat es gut.
Hier eins, das durch die Scholle bricht,
Es hat es gut. Süß ist das Licht.
Und keines fällt aus dieser Welt
Und jedes fällt, wie's Gott gefällt.

Ortha an tSíoladóra

An abhóg ‘thomhas, an scuabadh ‘thomhas!
An domhan seo tá ‘na óige fós!
Is titeann grán, sa bhás a scíth
An scíth is breá. Is folláin í.
Ceann amháin atá ag péacadh tríd,
Is folláin sin. Breá í an ghrian.
Ní leagtar neach anseo go brách:
Le cúnamh Dé sea leagfar cách.

2015-05-28

To Constance Markievicz on Her Prison Birthday

To Constance Markievicz on Her Prison Birthday

February 1917


What has time to do with thee,
Who hast found the victors’ way
To be rich in poverty,
Without sunshine to be gay,
To be free in a prison cell.
Nay on that undreamed judgement day,
When on the old world’s scrap-heap flung,
Powers and empires pass away
Radiant and unconquerable,
Thou shalt be young.
Eva Gore-Booth (1870-1926)


Do Constance Markievicz ar a Lá Breithe i bPríosún

Feabhra 1917


Am ní bhaineann leat, a chroí,
Siúlann tusa cosán an bhua,
Saibhir is gan agat aon ní,
Aerach is gan grian ar do ghrua,
Saor i gcarcair ataoi.
Is nuair a thiocfaidh Lá an Luain
Ar charn an tseandomhain ina luí
Beidh cumhachtaí is impireachtaí,
Is tusa gléineach buan dochloíte
Óg síoraí.

2015-05-27

The Wayfarer/ An Fánaí

The Wayfarer


The beauty of the world hath made me sad,
This beauty that will pass;

Sometimes my heart hath shaken with great joy
To see a leaping squirrel in a tree,
Or a red lady-bird upon a stalk,
Or little rabbits in a field at evening,
Lit by a slanting sun,
Or some green hill where shadows drifted by,
Some quiet hill where mountainy man hath sown
And soon would reap; near to the gate of Heaven;
Or children with bare feet upon the sands
Of some ebbed sea, or playing on the streets
Of little towns in Connacht,
Things young and happy.

And then my heart hath told me :
These will pass,
Will pass and change, will die and be no more,
Things bright and green, things young and happy ;

And I have gone upon my way
Sorrowful.


Pádraic Pearse (1879-1916)
[Written in Kilmainham Jail, Dublin, shortly before his execution]

An Fánaí


Chuir áilleacht an domhain seo cumha orm,
An áilleacht seo a imeoidh;

Uaireanta cuireann iora preabach i gcrann
Na smóilíní ag sclimpireacht i mo chroí
Nó bóín Dé ina dheargloinnir ar ghas
Nó coiníní beaga i ngort sa chlapsholas
Is an ghrian á bpógadh,
Nó cnoc glas éigin is scáileanna ag gabháil thar bráid,
Cnoc ciúin éigin is sléibhteánach ag cur síolta ann,
Ní fada uaidh an fómhar, gar do gheataí neimhe;
Nó páistí cosnochta sa ghaineamh
Is an taoide tráite, nó iad ag spraoi ar na sráideanna
I mionbhailte Chonnacht,
Nithe óga is iad sona.

Is ansin do labhair mo chroí liom:
Ní mhairfidh,
Ní mhairfidh, athróidh, is caillfear go deo iad,
Nithe geala glasa, nithe óga is iad sona;

Is tá mo chúrsa curtha díom agam
Faoi smúit.


[Cumtha i gcarcair Chill Mhaighneann tamall sular cuireadh chun báis é]

2015-05-26

Saints and Sinners Trí dhráma le W.B. YEATS

Saints and Sinners
Trí dhráma le W.B. YEATS

The Pot of Broth
An Cat agus an Ghealach                                                                                                                                                                                  (An chéad léiriú domhanda den dráma The Cat and the Moon sa Ghaeilge. Gabriel Rosenstock a thraschruthaigh)
Purgatory
Cuireann Mouth on Fire, an compántas a bhfuil gradaim idirnáisiúnta bronnta air, trí dhráma os comhair an phobail in am tráth don cheiliúradh 150 bliain ar bhreith an fhile. Sároíche siamsaíochta geallta le cuid de na haisteoirí is mó a bhfuil gnaoi an phobail orthu.
Tá aithne mhaith ar Dhonncha Crowley ó King Arthur, Father Ted, Angela’s Ashes agus Kings. Ina theannta beidh Micheál Ó Gruagáin (Grabbers, Killinascully, Corp agus Anam); agus tábhairneoir cráite Ros na Rún Macdara Ó Fátharta, an triúr acu páirteach sa chéad taibhiú den dráma An Cat agus an Ghealach. An file nótáilte Gabriel Rosenstock a thraschruthaigh i nGaeilge.

Páirteach sa dráma The Pot of Broth Rory Corcoran, nuachéimí de chuid an Lir (é i bpáirt Chadwick in Punk Rock sa Lyric), Neill Fleming (The Hit Producer, Game of Thrones) agus Deborah Wiseman (Situations Vacant, 8.5 Hours). Cuirfidh an triúr seo an-ghreann ar fáil sa dráma seo ina bhfuil bacach bóthair is gan aige ina phóca ach cloch, ach éiríonn leis dallamullóg a chur ar sprionlóir mná leis an gcloch chéanna.
Cuirfear clabhsúr ar an oíche le Purgatory, dráma véarsaíochta, ceann de na saothair a scríobh an Yeatsach i mblianta deireanacha a shaoil; tá codarsnacht bhreá idir na drámaí seo a léiríonn buanna iontacha an scríbhneora agus is fuinniúil fórsúil iad an bheirt aisteoirí a chuireann Purgatory inár láthair, Rory Corcoran agus Neill Fleming.
Tá ról lárnach ag an gceol sa léiriú seo. Chuaigh Mouth on Fire i gcomhar le Dara Yeates, ilionstraimí agus cumadóir, chun taipéis cheoil a chruthú, ceol a bhraithfear ón tús go dtí deireadh na hoíche.
Deir an Stiúrthóir Ealaíne Cathal Quinn: ‘Tá an-chluas ag Dara agus éiríonn leis croí agus anam gach dráma a thabhairt leis go seoigh. Tá cáil an chruinnis ar an gcompántas seo againne agus tá polasaí againn chomh maith an chuid is fearr de scríbhneoireacht na tíre seo a roinnt le cách.’
Deir an Léiritheoir Melissa Nolan go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an gcur chuige dátheangach atá ag an gcompántas: ‘Thacaigh Yeats leis an nGaeilge agus thaitneodh sé go mór leis go bhfuil aistriúchán fileata déanta ar dhánta agus ar dhrámaí leis. 150 bliain i ndiaidh a bháis agus táimid fós ag caint ar chúrsaí teanga agus ar athbheochan náisiúnta. Ní lucht na Gaeilge amháin a chuirfidh spéis sa léiriú ar An Cat agus an Ghealach ach éinne ar spéis leis saothar an Yeatsaigh agus a smaoiníonn ar cad is drámaíocht na hÉireann ann.’
Arsa Cathal: ‘Táimid ag tnúth go mór le hoíche an 13ú Meitheamh, an lá a rugadh W.B. Yeats 150 bliain ó shin. Táimid thar a bheith buíoch dár lucht tacaíochta, UNESCO, Foras na Gaeilge, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus An Amharclann Nua/ The New Theatre.’

Cliar: Donncha Crowley, Rory Corcoran, Neill Fleming, Micheál Ó Gruagáin, Macdara Ó Fátharta,  Deborah Wiseman,
Macdara Yeates.
Stiúrthóir Cathal Quinn, Léiritheoir Melissa Nolan, Ceol le Macdara Yeates
Soilsiú & Dearadh Zia Holly, Cultacha le Rowena Cunningham
Luan 8ú – SATHARN 20ú Meitheamh 2015 @7.30pm

(Réamhléiriú: Luan 8ú Meitheamh)  (Oscailt: Máirt 9ú Meitheamh) Ticéid: €10 - €15   (grúpa €10, lamháltas €12, lán €15)
Ní bheidh sos ar bith ann. Maireann an seó thart ar uair an chloig agus cúig nóiméad déag.
Tacaíocht ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Foras na Gaeilge & UNESCO.

A Wave of the Sea/ Tonn sa bhFarraige

Dearadh Angelee Deodhar

A Wave of the Sea

I am a wave of the sea
And the foam of the wave
And the wind of the foam
And the wings of the wind.

My soul’s in the salt of the sea
In the weight of the wave
In the bubbles of foam
In the ways of the wind.

My gift is the depth of the sea
The strength of the wave
The lightness of foam
The speed of the wind.


Joseph Mary Plunkett (1887-1916)

Tonn sa bhFarraige

Is tonn sa bhfarraige mé
Agus cúr na toinne
Agus gaoth an chúir
Agus eití na gaoithe.

Tá m’anamsa i salann na mara
I meáchan na toinne
I súilíní an chúir
I mbealaí na gaoithe.

Doimhneacht na mara mo bhua-sa
Neart na toinne
Éadroime an chúir
Luas na gaoithe.
Easter 1916 | Joseph Mary Plunkett