2016-02-29

Haiku le Issa ón mbliain 1819

Íomhá: Yayoi Kusama

ar an gcarn bruscair sin
féach! saolaíodh
féileacán beag

.塵塚にあんな小蝶が生れけり

chirizuka ni anna ko chô ga umare keri

2016-02-27

Ophelia an Phiarsaigh

An tAthair Tom Jones

Ophelia an Phiarsaigh

‘We knew her well, and she was the most nobly planned of all the women we have known.’     An Piarsach
Bhí an fhoirmle ag an Athair Tom
an chantaireacht
na briathra is na frásaí
an tslí cheart chun iad a rá
is aige a bhí an phaidir
an rithim agus an tuinairde chuige
pé rud a thabharfá air
ortha is dócha
nó an mantra a bhí ann?
bhí ar a chumas an t-anam
a ghlaoch ar ais
ar ais i gcolainn Eibhlín
Ophelia an Phiarsaigh
Eibhlín chaomh Nic Niocaill
mo chreach, Eibhlín bhocht
a bádh is í ar cuairt ar an mBlascaod
ní fhéadfadh sé é a dhéanamh
ní dhéanfadh
ní thiocfadh na focail chuige
níor thánadar
ní thiocfaidís óna bhéal
ó bhíodar aige ambaist
an tAthair Tom – Asarlaí –
na siollaí suairce sin a mheallfadh anam
Eibhlín Nic Niocaill
an spiorad íonghlan aici á chuimilt ar ais ina corp goirt
le cogarnaíl ársa
bhí fhios ag cách é
bhí fhios ag an domhan mór go rabhadar aige
ach is faoi ghlas istigh ann a bhíodar

ní balbh a bhí na mná caointe:
        mo ghraidhn thú, a Eibhlín,
    mo ghraidhn do mháthair,
mo ghraidhn go brách í!

abair liom an fhoirmle
atá in ann cor a chur sa stair!
thug an tAthair Tom chun na huaighe leis é mar rún

Gabriel Rosenstock

Pearse’s Ophelia

‘We knew her well, and she was the most nobly planned of all the women we    have known.’ P. H. Pearse
Father Tom had the formula
the chant
the words and phrases
the exact way to utter them
he had the prayer
the rhythm and pitch of it
the tone
whatever it was
the charm
incantation
was it a mantra
he could have called the soul
calling it back
back into the body of Eibhlín
Pearse’s Ophelia
Eibhlín Nic Niocaill
alas, poor Eibhlín
drowned on a visit to the Blaskets
he couldn’t do it
wouldn’t do it
couldn’t say the words
they wouldn’t come to him
wouldn’t come out of his mouth
oh he had them alright
Father Tom – Conjuror –
every precious syllable to snare the soul
of Eibhlín Nic Niocaill
massaging the pure spirit back into her briny body
with ancient whisperings
everyone knew it
everyone knew he had them
but they were locked inside him
frozen

keening women found words to wail her:
        mo ghraidhn thú, a Eibhlín,
    mo ghraidhn do mháthair,
mo ghraidhn go brách í!

What is the formula
that can change history?
Father Tom brought his cold secret with him to the grave.

Gabriel Rosenstock


Pearse’s Ophelia


Faither Tam had it in haun
the chaunt
the wurds
the perfeck wye tae mou thaim
he hud the guid wurd
the stot'n tuin o't
the souch
whitivver it wis
the chairm
cantrip
wis't a mantra
he micht hae cried the sowl
cryin't back
back intae the bodie o Eibhlín
Pearse's Ophelia
Eibhlín Nic Niocaill
waes me pair Eibhlín
droont veesitin the Blaskets
he cudnae dae't
widnae dae't
cudnae threep the wurds
they widnae cum tae'm
widnae leave's mou
och he hud thaim a'richt
Faither Tam - mageecian -
the precious syllab tae fankil the sowl
o Eibhlín Nic Niocaill
straikin the pure spreit back intae'r sautit bodie
wi auncient fusperins
awbodie kent
awbodie kent he hud thaim
bit they wir sneckit inby'm
jeelt

girnin weemen fund wurds tae pewl fir'r:
                mo ghraidhn thú, a Eibhlín,
             mo ghraidhn do mháthair,
         mo ghraidhn go brách í!
       
whit's the wye o't
thit'll chynge history?
Faither Tam cairrit his cauld saicret wi'm tae's lair

John McDonald


2016-02-26

Smaoineamh an Lae


Cad a dhéanfaimid feasta gan adhmad
Tá deireadh na gcoillte ar lár:
Níl trácht ar Chill Chais ná a teaghlach
Is ní chluinfear a cling go brách ...

2016-02-25

Haiku le Geert Verbeke, Pléimeannach, as an leabhar YELLOW

(c) Geert Verbeke.
le linn na hoilithreachta
labhraíonn an Máistir Hung Chou
leis an spéir fholamh


cloig an tráthnóna
á mbualadh
sa sneachta ciúin


fuaim na bpaitíní
ar an droichead mór adhmaid
i bhfad tar éis mheán oíche


[paitín= bróg mhaide]
Íomhá (c) Jenny Ovaere

2016-02-24

Haiku le Issa

Haiku corraitheach é an haiku seo. Ní fios bliain a chumtha ach is eol dúinn go raibh sé anonn sna blianta nuair a scríobhadh é. Tá brosna bailithe aige chun tine a adhaint ach níl ar a chumas a thuilleadh an brosna a bhriseadh lena ghlúin. Níl fuinneamh an óigfhir ann níos mó. Téann mo chroí amach dó.

cromtha le haois -
gan ar mo chumas brosna a bhriseadh
lem' ghlúin
 

.おとろへやほた折かねる膝頭

otoroe ya hota orikaneru hizagashira

Fuil ar an Rós/ Blood on the Rose -­ Poems of 1916

B'aoibhinn le

Guthanna Binne Síoraí/Everlasting Voices

sibh a fheiceáil nuair a sheolfaidh

Ardmhéara Bhaile Átha Cliath Críona Ní Dhálaigh 

an dlúthdhiosca

Fuil ar an Rós/ Blood on the Rose -­ Poems of 1916 

Filíocht ó ré na laochra á haithris, á haistriú agus á gcanadh ag na hoirfidigh a leanas

Gabriel Rosenstock,
Cathal Quinn,
Geraldine Plunkett,
Síle Denvir,
Enda Reilly,
Sadhbh Ní Fhloinn,
Oisín Mac Diarmada,
John Blake,
agus Tristan Rosenstock 

Déanfar léiriú ar chuid de na míreanna ón dlúthdhiosca

The Workman's Club,
10 Cé Wellington, BÁC 2 |
Dé Céadaoin, 2 Márta 2016 @ 6.30pm


RSVP roimh an Aoine, Feabhra 26 chuig: everlastingvoicesperformance@gmail.com Nó 086 6090974


 

2016-02-23

An Bealach Isteach Chuig Campa Reagan

Tar éis don Sos Cogaidh teacht i bhfeidhm
bhí rath ar an sráidbhaile ag geataí Champa Reagan
in Pocheon, dúiche Gyeonggi,
mar bhaile drúthlainne do na saighdiúirí.
A luaithe is a tréigeadh an campa
thit an baile as a chéile.

Ceannaire striapacha an bhaile
ab ea Rita Kim,
nó Kim Ok-suk mar a thug a máthair uirthi.

D’fhriotháil sí ar chúpla céad saighdiúir geal
agus ar chúpla céad saighdiúir gorm
agus ba ghearr go raibh sí ina ceannasaí
ar cheardchumann na meirdreach,
ina húr-labhraí thar ceann striapacha uile
dhúiche Pocheon.
Bhí na ballaí aici clúdaithe le teastais mholta
agus litreacha buíochais ó mhiontaoisigh an cheantair:
‘As a bhfuil déanta agat chun cruth nua-aimseartha
a chur ar an tír . . .’

Nuair a bhailigh na Meiriceánaigh leo, bhog saighdiúirí na Cóiré isteach.
D’imigh na striapacha
is ní raibh fágtha den bhaile ach cúpla siopa beag.
Ina haonar di, chuaigh Kim Ok-suk in aois
i bpreab na súl is d’éirigh tinn.
Ní chloisfeá a thuilleadh aon chaint ghraosta uaithi –
‘Fir! Níl iontu ach plibíní.’


Ko Un