2017-02-28

Gunachaur





Ní rabhas riamh in Gunachaur.
Nuair a chloisimse an focal Gunachaur
              Tarlaíonn rud éigin dom.

Labhraíodh mo mháthair i dtaobh gaolta
       I bhfad amach is cónaí orthu in Gunachaur.
D’eitlínn ann ar a cuid eití siúd.
Bhraitheas –
       Áit is ea Gunachaur
       Áit éigin lastall de Jalandhar
              Gar do Nawan Shahar
       Solas ag preabarnach sa dorchadas thíos fúm
Na gaolta nár bhuaileas riamh leo á samhlú agam

Fiú anois níl an áit sin rófhada uaim
Tá sé gar dom  gar go leor
Pé áit a mbíonn mo shiúl
Bíonn mo mháthair faram
       Agus Gunachaur láimh liom

 

 Amarjit Chandan


2017-02-27

Nuair a Thugann an Príomh-Aire Cuairt ar Shillong, Bíonn na Bambúnna ag Breathnú go Ciúin

WHEN THE PRIME MINISTER VISITS SHILLONG THE BAMBOOS WATCH IN SILENCE (poem) - Kynpham Sing Nongkynrih - India - Poetry International

Haba u Myntri Rangbah, u Gujralu thmu ban wan jngoh ia ka sorki siej ki khie im kynsan na surokla kum ki nongpdiang sngewbha.Hynrei ynda u la poi, u shu longtang ki jinglynñiar ... When Prime Minister Gujralplanned a visit to the citybamboos sprang up from pavementslike a welcoming committee.But when he came, he wasonly the strident sounds of sirenslike ...
Is féidir an bundán a léamh agus a chloisteáil (thuas) i dteanga na treibhe aige, Khasi:

Nuair a shocraigh an Príomh-Aire Gujral
ar chuairt a thabhairt ar an gcathair
léim bambúnna aníos ó na cosáin
mar a bheadh coiste fáiltithe ann.

Ach nuair a tháinig sé
ní raibh ann ach glór géar na mbonnán
mar rabhadh buamála aimsir chogaidh.

Bhí na bambúnna ag breathnú go ciúin.

Bhí dhá aidhm lena chuairt:
misean síochána agus forbartha.
Ach ní raibh ann ach tormán sna scamaill
glagaireacht ar an aer.

Deir daoine áirithe gur tháinig sé
ina dhiúracán aniar
is gur imigh ina shaighead siar.

Idir an dá linn?

Deir daoine gur thit sé
mar réalta reatha
is go bhfaca roinnt ceannairí
áitiúla é.

Mar bhagairt a tháinig sé
agus airí a raibh smál camscéimeanna orthu
do bhí fuarallas leo.
Ach d’imigh arís mar bhuama a cuireadh ó mhaith.

Bhíothas á rá os íseal
cén chuid den tír
a bhí feicthe aige
nó cad a bhí foghlamtha aige
ó na daoine
nuair a tháinig sé
mar a bheadh smeach dá mhéara ann.

Ar nós leanaí a bhíodar
agus freagraí
ag teastáil uathu.

Na bambúnna amháin a bhreathnaigh go ciúin
seantaithí acu ar chleasaíocht daoine.


Kynpham Sing Nongkynrih

2017-02-26

An Lá a d’imigh Sí

An lá a d’imigh sí,
Phéinteálas m’aghaidh dubh.
Thugas buille boise crua sa leiceann
Don ghaoth allta scitsifréineach.
Phiocas suas míreanna beaga de mo shaol
Is sheasas nocht os comhair scátháin scoilte.
Ligeas dom féin díoltas a imirt orm féin.
Stánas uasal le híseal ar an nGrian, á rá:’A ghealt!’
Chlúdaíos le mallachtaí breátha gach ealaíontóir a phéinteálann a chuid aislingí;
Shiúlas ón Oirthear go dtí an tIarthar;
Phiocas suas clocha ar an slí agus chaitheas liom féin iad,
Nach spleodrach mar a ritheann an t-uisce seo agus é sna trithí gáire
Trí shléibhte agus altáin.
An bhfuil coinne aige le haigéan éigin?
Nó an é go silfidh sé
Síos sa chré ag leibhéal na mara?
An mbainimse féin fiú liom féin?
Ní raibh ar mo chumas a corp marbh a mhuirniú
Agus gol go faíoch.
An lá d’imigh sí
Phéinteálas m’aghaidh dubh.

Namdeo Dhasal

2017-02-25

I mBosca na mBriathra

Dhúisíos go tobann oíche amháin
Agus chuir an radharc alltacht orm.
Bhí focal amháin ag teacht amach as focal eile,
As an dara focal, an tríú ceann . . .
Céad, dhá chéad focal ag éalú
As gach focal!
Bhí an seomra ar fad ag cur thar maoil le focail.
Chonaiceadar go raibh mo shúile ar oscailt,
Is ansin a thosnaigh an hurlamaboc.
Thug na focail go léir seáp faoi na boscaí briathra.
An cúigiú isteach sa cheathrú, an ceathrú sa tríú,
An tríú sa dara ceann.
Rugas go grod ar cheann de na focail a bhí ag éalú
Agus ar mise leis, ‘Cad é seo go léir?’
Ní osclódh a chlab ar dtús
Ach tar éis a thuilleadh fiosraithe, ar sé,
‘Bíonn craiceann ar fhocal ó am go a chéile,
Agus, tar éis tamaill, craiceann eile anuas air sin
Mar a bheadh bosca istigh i mbosca.’
Nuair a scaoileas dem’ ghreim scornaí air
Theith an focal lena anam.
Sular ghabh isteach i mbéal focal eile a bhí ag srannadh,
Ar seisean:
‘Tagann a mbrí reatha
Amach as an mbunbhrí
Istoíche
Chun sult a bhaint as a gcuid saoirse.
Bí cinnte nach gcloisfidh an focal sotalach
Atá i réim faoi seo
Nó tá ár bport seinnte.
Coinneoidh tú ina rún é?
Tá d’fhocal agam air sin?’


Sanskriti Rani Desai

2017-02-23

Téacs


Tá teachtaireacht á seoladh arís agam.
B’fhéidir nach gcloiseann tú í
trí fhothram na soilse
agus an tslí a ngluaiseann rudaí
sa chathair eile sin
ina bhfuilir is dóigh liom,
má tá na dátaí i gceart agam, ar ndóigh
d’fhéadfadh go bhfuil breall orm.

Dá mbeifeá ag súil leis an teachtaireacht
is mar seo a sheasfá,
do shúile ar oscailt agus iad dírithe
ar an scáileán, do chluasa dúnta.

Tá an rialaitheoir fuaime caillte
ag an gcathair ina bhfuilimse.
Gach éinne anseo
i dtaithí ar uasfhuaim.

An léir duit an téacs?
Díreach ag iarraidh a fháil amach
an slán duit agus folláin?

Scréachann fón, pléascann clog,
sa seomra béal dorais, cuirtear teilifís ar siúl.
Glór bonnán gach áit, druileanna.
Gluaisteáin ag béicíl, blosc na n-adharc.


bhfuilir?
Cén fáth ar stop tú ag canadh?

Imtiaz Dharker

2017-02-22

Tusa

Ní liom thú go dtí
go mbaineann tú do chuid éadaigh
go léir díot, domsa

Is leis an domhan thú
is tú lánghléasta

Lá éigin
táim chun an domhan seo
a stróiceadh as a chéile

Mohammad Ismail