2019-01-31

Haiku le Issa on mbliain 1818

an chamhaoir -
i gcuas cloiche
báisteach earraigh

.明や石の凹みの春の雨

ariake ya ishi no kubomi no haru no ame


2019-01-30

ag feitheamh le Bashō

Pentti Sammallahti
waiting
waiting …
waiting for Bashō

ag feitheamh
ag feitheamh …
ag feitheamh le Bashō
attendant
attendant...
attendant Bashō

Leagan Fraincise: Daniel Py
περιμένοντας
περιμένοντας...
περιμένοντας τον Μπασό

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2019-01-29

lasairéin

Pentti Sammallahti
a bhfuarú féin
ina scáil féin
lasairéin Shliabh Etjo
cooling themselves
in their own reflection
flamingoes of Mt. Etjo
βρίσκοντας δροσιά
στο είδωλό τους
φλαμίνγκο του όρους Έτζο

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2019-01-28

Mutsuo Takano

Gort agus Crann Lom le Vincent van Gogh

裸木となる太陽と話すため  高野ムツオ


hadakagi to naru taiyô to hanasu tame


iompaím
im' chrann lom
chun labhairt leis an ngrian

Mutsuo Takano

2019-01-27

Smaoineamh an Lae

Tá sé thar am againne, Albanaigh, Sasana a chur ina bhosca féin. In áit a bheith ag brath ar Shasana agus inspioráid a ghlacadh uaidh, ba chóir dúinn iompú i dtreo na hEorpa mar is san Eoraip a bheidh rath orainn.

Hugh MacDiarmid

2019-01-26

Lá na Marbh, Reilig N. Inez

Manohar Shetty


Tá na hanamacha bogtha ar aghaidh,
Na colainneacha fós mar chuid
Den talamh. Raghaidh an ghrian síos
Uair nó dhó
Sula bhfeofaidh an rós is an lile.

Labhraíonn na leaca uaighe nite
Os cionn an tráchta ar an mbóthar
Monabhar faon i gcuimhne
Ar shaol a caitheadh go hiomlán
Nó a raibh deireadh obann brónach leis.

Tríd an bhféar méith
Scinceanna sa tóir ar fhéileacáin.
Préachán ag feitheamh sna sciatháin.
Ólann beach
As béal roiseoige.

Fiolar aonair ag trasnú na spéire
Deirtear i gcogar
Gur féinics é.   

 

All Soul’s Day, St Inez Cemetery

Manohar Shetty


The souls have moved on,
The bodies still part
Of the ground. The roses
And lilies will fade in
Two sunsets or three.

Over the passing traffic
The washed gravestones
Speak through dimly
In memory of lives spent
Fully or ended sadly, swiftly.

Through the lush grass skinks
Hunt down butterflies.
A crow waits in the wings.
A bee drinks from
The mouth of a hibiscus.

A lone eagle crossing
The skies is whispered
To be a phoenix.

2019-01-25

An focal 'grá'

An focal 'grá'

Tá an focal 'grá' a mhúin an Sadgúrú dom
Tar éis mo chroí a ghlanadh.
Deir Sami, chuir sé gach amhras trí thine i bhfaiteadh na súl,
Tógadh suas mé go dtí go bhfaca mé

An uile ní!

The word 'love'

The word 'love' taught me by my Sadguru
Has cleansed my heart.
Sami says, in a moment He set on fire all doubts,
Hoisted me aloft and I could see

Everything!


Sami (1743- 1850)

[Trans. Mohan Gehani & Menka Shivdasani]