Muñca pure, muñca pacchato,
majjhe muñca, bhavassa pāragū.
Sabbattha vimuttamānaso,
na punaṃ jātijaraṃ upehisi.
Éist leis an mbun-Pháilis: http://host.pariyatti.org/dwob/dhammapada_24_348.mp3
Scaoil leis an am atá thart, scaoil leis an am atá le teacht,
scaoil leis an am i láthair agus ar aghaidh leat go dtí an trá thall.
Beidh d'aigne saor go hiomlán,
ní bheidh breith ná bás i ndán duit choíche arís.
2019-03-04
2019-03-03
an dream mílítheach…
|
|||
|
bhíodar anseo an dream mílítheach… ná luaigh a n-ainm |
|||
|
they've been here the pale ones… do not utter their name |
bebe lapha ondlebe zikhanyilanga ungababizi ngegama Leagan Súlúise: Vusi Benedict Mchunu |
||
2019-03-02
Robert Silvers
2019-03-01
Cuireadh Indíreach
A thaistealaí, brostaigh ort, buail an bóthar:
tá na coillte lán d’ainmhithe allta,
an nathair, an eilifint, an tíogar, an torc,
tá an ghrian ag dul faoi, nach óg ataoi is tú leat féin.
Ní fheadfainn ligint duit fanúint,
níl ionamsa ach gearrchaile is níl éinne eile sa tigh.
tá na coillte lán d’ainmhithe allta,
an nathair, an eilifint, an tíogar, an torc,
tá an ghrian ag dul faoi, nach óg ataoi is tú leat féin.
Ní fheadfainn ligint duit fanúint,
níl ionamsa ach gearrchaile is níl éinne eile sa tigh.
Vallana (a bhláthaigh sa deichiú haois)
2019-02-28
Dán le File Sanscraite Gan Ainm
Drúcht ar an mbambú,
Níos fionnuaire ná drúcht ar an mbambú
Leath-leiceann liom le do bhrollach.
Clais na nathracha glasa is na nathracha dubha
B’fhearr liom a bheith sa chlais sin
Ná a bheith i ngrá leatsa.
Níos fionnuaire ná drúcht ar an mbambú
Leath-leiceann liom le do bhrollach.
Clais na nathracha glasa is na nathracha dubha
B’fhearr liom a bheith sa chlais sin
Ná a bheith i ngrá leatsa.
2019-02-27
Mac le Máthair
Má éiríonn tú rómhór leis na cailíní
Triomóidh do chluasa ort, a dúraís.
Má bhíonn tú dána,
Dallfaidh Dia thú, a dúraís.
Nuair a bhínnse do do chrá chun greim a fháil,
Ní bheadh sé go maith do do bholg, a dúraís.
Fuaireas-sa thú, a dúraís, mar mhalairt
Ar dhorn bran.
Paca bréag a d’inis tú, a Mham
Is mé an-óg!
Cén fáth ar stop tú?
An é gur shíl tú
Go seasfadh an fhírinne liom?
B’fhéidir gur shíl tú nár bhain bréaga
Do dhaoine fásta leat
Is d’fhág tú faoin rialtas
Rialú de réir an dlí.
Ní maith liom é.
Bain den chíoch mé, a Mham, uair ar bith is mian leat
Ach cothaigh led’ bhréaga mé
Go deo na ndeor.
Níl grá agat dom, an bhfuil?
Triomóidh do chluasa ort, a dúraís.
Má bhíonn tú dána,
Dallfaidh Dia thú, a dúraís.
Nuair a bhínnse do do chrá chun greim a fháil,
Ní bheadh sé go maith do do bholg, a dúraís.
Fuaireas-sa thú, a dúraís, mar mhalairt
Ar dhorn bran.
Paca bréag a d’inis tú, a Mham
Is mé an-óg!
Cén fáth ar stop tú?
An é gur shíl tú
Go seasfadh an fhírinne liom?
B’fhéidir gur shíl tú nár bhain bréaga
Do dhaoine fásta leat
Is d’fhág tú faoin rialtas
Rialú de réir an dlí.
Ní maith liom é.
Bain den chíoch mé, a Mham, uair ar bith is mian leat
Ach cothaigh led’ bhréaga mé
Go deo na ndeor.
Níl grá agat dom, an bhfuil?
le Gnanakoothan (1938-2016)
2019-02-26
Lándorchú
An Cogadh Indiach-Phacastánach: 1965
Ó múchadh na soilse orainn
tá slí chun féachana á lorg agam;
chailleas mo shúile, ag Dia amháin atá fhios cén áit.
Tusa a bhfuil aithne agat orm, abair liom cé mé,
cé atá ina chara, cé atá ina namhaid.
Scaoileadh abhainn dhúnmharfach
i mo chuid féitheacha, an fuath inti ag cuisliú.
Bí foighneach; tiocfaidh splanc thintrí
ó aird eile i gcéin mar lámh bhán
Mhaois is mo shúile aici, na diamaint a chuaigh amú.
Faiz Ahmed Faiz
Abonnieren
Posts (Atom)




