![]() |
| Janet Fish, 1973 |
2019-07-31
2019-07-30
2019-07-29
Bíonn Smaointe gan Chuing
Amhrán de chuid na ndaoine
|
Bíonn Smaointe gan ChuingBíonn smaointe gan chuing, níl léamh orthu ag daoine,Ar eite a bhíonn, mar scáileanna oíche, Éalaíonn siad uainn choíche, ó philéar an fhiagaí. Is mar sin a bhíonn, bíonn smaointe gan chuing. Liom féin é mo mheon is é chun mo shásaimh Istigh ionam beo de réir mar a fhásann. Beidh mianta mo chroíse go hiomlán neamhchloíte Is mar sin a bhíonn, bíonn smaointe gan chuing. I bpríosún dá mbeinn, i gcarcair ghruama, Ní bheinnse i bpéin, ba am curtha amú é: Do bhrisfeadh mo smaointe na barraí ina bpíosaí Is mar sin a bhíonn, bíonn smaointe gan chuing! Céad slán leis an mbuaireamh, céad slán leis go deo Is slán leis an duairceas, is mian liom bheith beo Sé teanga an chroí an gáire, an spraoi Nach in é mar a bhíonn, bíonn smaointe gan chuing. Bíonn smaointe gan chuing! |
Die Gedanken sind freiDie Gedanken sind frei, wer kann sie erraten,sie fliehen vorbei wie nächtliche Schatten. Kein Mensch kann sie wissen, kein Jäger erschießen es bleibet dabei: Die Gedanken sind frei! Ich denke was ich will und was mich beglücket, doch alles in der Still', und wie es sich schicket. Mein Wunsch, mein Begehren kann niemand verwehren, es bleibet dabei: Die Gedanken sind frei! Und sperrt man mich ein im finsteren Kerker, das alles sind rein vergebliche Werke. Denn meine Gedanken zerreißen die Schranken und Mauern entzwei, die Gedanken sind frei! Drum will ich auf immer den Sorgen entsagen und will mich auch nimmer mit Grillen mehr plagen. Man kann ja im Herzen stets lachen und scherzen und denken dabei: Die Gedanken sind frei! Die Gedanken sind frei! |
2019-07-28
Da unten im Tale/ I bhFad Thíos sa Ghleanntán
Teanga:Boarisch/ Bavárais
Amhrán de chuid na ndaoine, cóirithe ag Brahms |
I bhfad thíos sa ghleanntán
An t-uisce faoi smúit, Is ní féidir a ansacht Mo ghrá ’chur in iúl. Ag síorchaint ar fhíorghrá Ar dhílseacht gan stad Agus iarracht den éitheach Sa chaint sin ar fad. T’réis deich n-uaire a rá leat Mo lámh duit, táim i ngrá Is fanann tú go dúr - Ní mór dom bheith sa tsiúl. As an ngrá ’ thug tú dom ód’ chroí Táim buíoch díot, a rún Agus guím go mbeidh grá arís Id’ chroíse go luath. |
Da unten im Tale
Läuft's Wasser so trüb, Und i kann dir's net sagen, I hab' di so lieb. Sprichst allweil von Liebe, Sprichst allweil von Treu', Und a bissele Falschheit Is auch wohl dabei. Und wenn i dir's zehnmal sag, Daß i di lieb und mag, Und du willst nit verstehn, Muß i halt weitergehn. Für die Zeit, wo du gliebt mi hast, Da dank i dir schön, Und i wünsch, daß dir's anderswo Besser mag gehn. |
2019-07-27
D'eitil tráth cúig eala áille
File: Amhrán na nDaoine
Cumadóir: Hannes Wader |
D'eitil tráth cúig eala áilleD’eitil tráth cúig eala áilleEalaí breátha geal mar lá D’eitil tráth cúig eala áille Ealaí breátha geal mar lá Can, can, cén scéal é? N’fhacthas iad ó shin i leith Can, can, cén scéal é? Ní fhacthas iad ó shin. D’fhás cúig bheith gheal tráth sa gharrán Glas is úr cois bhruach na habhann D’fhás cúig bheith gheal tráth sa gharrán Glas is úr cois bhruach na habhann Can, can, cén scéal é? Níor bhláthaigh oiread is crann ann Can, can cén scéal é? Níor bhláthaigh oiread is crann. D’imigh tráth cúigear ógfhear Bród orthu a bheith sa chath D’imigh tráth cúigear ógfhear Bród orthu a bheith sa chath Can, can, cén scéal é? Slán níor tháinig siad ón ár Can, can, cén scéal é? Níor tháinig siad ón ár. Cúigear maighdean bhí tráth ann A gcom seang singil ó mo léir Cúigear maighdean bhí tráth ann A gcom seang singil ó mo léir Can, can, cén scéal é? Fáinne níor cuireadh ar a méar Can, can, cén scéal é? Gan fáinne ar a méar. |
Zogen einst fünf wilde SchwäneZogen einst fünf wilde Schwäne,Schwäne, leuchtend weiß und schön. Zogen einst fünf wilde Schwäne, Schwäne, leuchtend weiß und schön. Sing, sing, was geschah? Keiner ward mehr gesehn, ja. Sing, sing, was geschah? Keiner ward mehr gesehn. Wuchsen einst fünf junge Birken Grün und frisch am Bachesrand. Wuchsen einst fünf junge Birken Grün und frisch am Bachesrand. Sing, sing, was geschah? Keine in Blüten stand, ja. Sing, sing, was geschah? Keine in Blüten stand. Zogen einst fünf junge Burschen Stolz und kühn zum Kampf hinaus. Zogen einst fünf junge Burschen Stolz und kühn zum Kampf hinaus. Sing, sing, was geschah? Keiner kehrt mehr nach Hause, ja. Sing, sing, was geschah? Keiner kehrt nach Haus. Wuchsen einst fünf junge Mädchen Schlank und schön am Memelstrand. Wuchsen einst fünf junge Mädchen Schlank und schön am Memelstrand. Sing, sing was geschah? Keine den Brautkranz wand, ja. Sing, sing, was geschah? Keine den Brautkranz wand. |
Déanaigí Machnamh Air Seo, a Fhilí
cá bhfuil éigse na ceannairceachta uainn,
éigse an dúshláin ionraic
gan eagla uirthi roimh bhréaga na bpolaiteoirí proifisiúnta is lucht gnó,
gan urraim d’iriseoirí a bhreacann síos
béarlagair gan smaoineamh cóir laistiar de
gan taighde gan dul faoin dromchla
rud a éilíonn caint ar chogadh?
Cá bhfuil éigse an amhrais is an drochamhrais
neamhspleách ar an stát, ar easpaig is ar shagairt
neamhspleách ar an gcleas álainn is geallúintí amach san oíche
neamhspleách ar thionchar, ar neamhinniúlacht is ar sheafóid lucht ollscoile?
éigse an dúshláin ionraic
gan eagla uirthi roimh bhréaga na bpolaiteoirí proifisiúnta is lucht gnó,
gan urraim d’iriseoirí a bhreacann síos
béarlagair gan smaoineamh cóir laistiar de
gan taighde gan dul faoin dromchla
rud a éilíonn caint ar chogadh?
Cá bhfuil éigse an amhrais is an drochamhrais
neamhspleách ar an stát, ar easpaig is ar shagairt
neamhspleách ar an gcleas álainn is geallúintí amach san oíche
neamhspleách ar thionchar, ar neamhinniúlacht is ar sheafóid lucht ollscoile?
Haki Madhubuti
2019-07-26
Dé Luain in B Maol
D’fhéadfainn bheith ag guí
an lá ar fad
& ní thiocfadh
Dia
Ach má ghlaoimse
911
beidh an Diabhal
anseo
laistigh de nóiméad.
an lá ar fad
& ní thiocfadh
Dia
Ach má ghlaoimse
911
beidh an Diabhal
anseo
laistigh de nóiméad.
Amiri Baraka
Abonnieren
Posts (Atom)


