2019-10-31

An Draíodóir

Tharraing an draíodóir
Coinín as a hata
Agus colm as a sheaicéad.
Nocht oráiste ina lámh chlé
Agus an fáinne a bhí ar iarraidh faoi cheilt istigh ann.

Dhún a shúile is dúirt rud éigin faoi rún,
An maide draíochta á bhagairt aige,
Pé rud a iarradh air
Bhí sé aige ina dhorn dúnta.
Níor ghá dhó ach méar a leagan
Ar phíosaí is thánadar le chéile arís
Slán.
Ceann amháin ina iliomad píosaí
Dhá cheann ina iliomad píosaí
Scata in aon phíosa amháin.
An rud ba léir díreach soicind ó shin
As radharc ar fad.

Ina dhiaidh sin, gháir an draíodóir os íseal

Labhair leaid amháin
Ón lucht féachana,
‘A dhraíodóir’, ar sé
‘Scanraíonn do dhraíocht mé!
Dá n-iompófá i m’fhéileacán mé
Is dá n-eitleoinnse liom?’

Lean an draíodóir air ag gáire.
Ansin leath a dhá lámh amach mar sciatháin
Is d’eitil
Caol díreach trí shúile an bhuachalla.

Kamal Vora

2019-10-30

Bainne

A pháistín fionn
Ag gol go faíoch ar uair mharbh na hoíche,
Ná caoin

An bhó dhubh
Atá ceangailte den phionna
Sa bhóitheach dorcha

Is cinnte go dtálfaidh
Lán a hútha de bhainne
Nuair a bhreacfaidh an lá

Uair mharbh na hoíche
Ní go deo ná choíche í
Ná caoin
A pháistín fionn


Milk

Little child
Crying aloud in the dead of night,
Do not cry

The black cow
Tied to the peg
In the dark shed

Will surely yield
Udders-ful of milk
When the dawn breaks

The dead of night
Is not for ever and ever
Do not cry
Little child


Dán ón India le HS Shiva Prakash

(In Other Words, Poetrywala, 2014)

2019-10-29

‘Nuair a Chailltear an Fhís…’

Nuair a chailltear in áit an mhargaidh an Fhís,
Is an Solas faon,
Do shúile agat á n-ardú is gan teacht ar a aghaidh arís,
Do chroí i bhfad uaidh i gcéin,

Tuig gurb é seo do chogadhsa; san uair uaigneach seo duit ar fán
Na Bóithre ab eol dó síos;
Cé nach dtagann sé níos mó istoíche, beidh sé ar a ghlúine led’ thaobh
Chun sólás a thabhairt duit, is roinnfidh leat an Fhís.

May Wedderburn Cannan

2019-10-28

Aranyāni: Spiorad na Foraoise

A Ainnir na Foraoise! A Ainnir na Foraoise!
       Téann tú as radharc san imigéin uainn,
Cén fáth nach dtabharfá cuairt ar an sráidbhaile?
       Ní hé go scanraíonn daoine thú!

Nuair a fhreagraíonn an dreoilín teaspaigh
       Do ghéimneach na mbó i gcéin,
Mar a bheadh do chling bhinn na gclog,
       Bíonn Ainnir na Foraoise i mbun scléipe.

Uaireanta, faightear spléachadh uirthi, ba ar iníor
       Mheasfá, nó tigh ar fhíor na spéire,
Agus cloistear Ainnir na Foraoise um thráthnóna
       Mar a bheadh vaigíní ag imeacht tamall fada uait.

Guth an duine ag glaoch ar a chuid beithíoch a guth,
       Nó torann crainn á leagan.
Fan san fhoraois tráthnóna éigin
       Agus cloisfidh tú í mar éamh ón gcnoc.

Ní baol dúinn í Ainnir na Foraoise
       Ní baol d’éinne í ach dá namhaid.
Itheann sí torthaí milse na coille
       Is glacann scíth nuair is áil léi é.

Tá Ainnir na Foraoise molta anois agam,
       Tá boladh an bhalsaim uaithi, is í atá cumhra,
Cothaithe go maith atá sí cé nach ndéanann an talamh a shaothrú,
       Sí máthair an uile ní atá fiáin í.
 

2019-10-27

Tusa É Sin

D’iarr Uddālaka ar a mhac toradh bainiain a fháil dó.
          ‘Seo dhuit é, a Thiarna!’ arsa Śvetaketu.
          ‘Bris é,’ arsa Uddālaka.
          ‘Tá sé briste agam, a Thiarna!’
          ‘Cad is léir duit ann?’
          ‘Síolta beaga, a Thiarna!’
          ‘Bris ceann acu, a mhic!’
          ‘Tá sé briste, a Thiarna!’
          ‘Cad is léir duit ann?’
          ‘Faic, a Thiarna!’ arsa Śvetaketu.
Arsa Uddālaka: ‘A mhic! D’fhás an bainian mór seo
As síol chomh beag sin
Nach léir duit é.
Creid uaimse an méid seo, a mhic!
          Síol atá sa bheith; gach aon ní eile
          Eisean á chur féin in iúl.
          Eisean an fhírinne. Eisean an Féin.
          A Śvetaketu! Tusa é sin!’

2019-10-26

How She Went to Ireland

Éire agus Sasana trí shúile na nOsréalaithe
Ireland and England (and elsewhere) as seen by the Surrealists.

How She Went to Ireland

Dora’s gone to Ireland
    Through the sleet and snow;
Promptly she has gone there
    In a ship, although
Why she’s gone to Ireland
    Dora does not know.

That was where, yea, Ireland,
    Dora wished to be:
When she felt, in lone times,
    Shoots of misery,
Often there, in Ireland,
    Dora wished to be.

Hence she’s gone to Ireland,
    Since she meant to go,
Through the drift and darkness
    Onward labouring, though
That she’s gone to Ireland
    Dora does not know.

Thomas Hardy   


Dóirín ag Triall ar Éirinn

Tá Dóirín ag triall ar Éirinn
  Trí shneachta is flichshneachta liath;
Chuaigh sí ann de thapaigean
   Ar bord loinge a bhí,
Cad a thug go hÉirinn í?
     Níl a fhios ag Dóirín.  

Sin é an áit, sea, Éire,
   a theastaigh óna croí:
Dá mbuailfeadh uaigneas Dóirín
   is í in ísle brí,
Siar siar go hÉirinn
     Is thiar a bhí a croí.

Thiar atá sí in Éirinn
   Mar a theastaigh ón gcéad lá,
Tríd an ráth is an dorchadas
    Ar aghaidh is ar aghaidh go brách
A triall arís ar Éirinn
     Is ní heol di cén fáth.


  

2019-10-25

Graifítí an Lae - Saul Newman

Go bunúsach, critíc eiticiúil ar údarás is ea ainrialachas - dualgas eiticiúil nach mór chun gach saghas ceannais a cheistiú agus cur ina choinne.


From Bakunin to Lacan ; Anti-Authoritarianism and the Dislocation of Power (2001) le Saul Newman