2020-10-31

Varus

Dietmar Rabich,
Haltern am See,
Skulptur -Der gescheiterte Varus- (Wilfried Koch) -- 2013 -- 5001
,
CC BY-SA 4.0
féach air - Varus bocht
a chaill trí cinn dá léigiúin
féinmharú ansin
        glaonn ar a chéilí mná
        Vispania . . . Claudia
look at poor Varus
who lost three of his legions
then took his own life
        at night he looks for his wives
        Vispania . . . Claudia
monhwɛ Varus mobroni
a ɔhweree na akofoɔ mmiɛnsa
na ɔsane kum ne ho
na eduru anwumerɛ biara a,
        ɔhwehwɛ ne yerenom
        Vispania . . . Claudia

Leagan Twi (c) Adjei Agyei-Baah

2020-10-30

Scuabtha chun Siúil

 Ar dtús, d’fhéach conair an ghrá
an-éasca.
 
Shíl mé
go mbeinn aontaithe Leat
gan dua.

Thuigeas
tar éis cúpla coiscéim a ghlacadh
go mba aigéan 
a bhí sa chonair

Isteach liom,
scuab tonn chun siúil mé.

Awhad al-Din Kirmani


2020-10-29

Kinship/ Gaol

 Gaol

Dónn sé go han-mhall, seasann crann ard
na foraoise i loigín an tsneachta
atá leáite ina thimpeall ag teas fada measartha
a bheatha agus a dhúil le bheith ina fhréamh
ina thamhan, ina ghéag, ina dhuilleog is eolas
a chur ar an gcré dhubh, solas gréine, méara na gaoithe, cantain éan.

Stoite atáimid, guagach, teofhuilteach, ar lasadh
sa bhladhm úd a fhágann dall sinn ar thine 
ard bhráithriúil na beatha atá chomh bríomhar anois
is a bhí sa tsíológ dhá chéad bliain ó shin.

Kinship

Very slowly burning, the big forest tree
stands in the slight hollow of the snow
melted around it by the mild, long
heat of its being and its will to be
root, trunk, branch, leaf, and know
earth dark, sun light, wind touch, bird song.

Rootless and restless and warmblooded, we
blaze in the flare that blinds us to that slow,
tall, fraternal fire of life as strong
now as in the seedling two centuries ago.

Ursula Le Guin

2020-10-28

Lile

Ron Rosenstock
lost in a lily…
all sins
washed away
báite i lile…
glantar
gach peaca

2020-10-27

The Embrace

Ahmed Morsi
"The Embrace"
Oil on wood
190 x 124 cm
Cairo - 1966

níor thuig éinne
an uair sin, a thaisce
an tslí chun na bhflaitheas
        coinnigh greim ar ruball an chapaill
        b'in an tslí, dar leis na saoithe
it was a time
when none knew the way
to heaven, beloved
        hold on to the horse's tail
        that was the way, said the sages

2020-10-26

Ryokan

 



an domhan seo
macalla sléibhe ag dul i léig
folamh bréagach

2020-10-25

"Al Roh w'al Raks" (The Spirit and the Dance)

"Al Roh w'al Raks" (The Spirit and the Dance)
Ahmed Morsi
Oil on Canvas
200 x 198 cm
Cairo - 1968
ná bí ag taibhreamh, a shearc
ní heol dúinn cá dtabharfaidh
taibhrimh sinn: fan id' dhúiseacht
        cnuasaigh do chuid taibhreamh
        ullmhaigh le haghaidh a loiscthe iad
do not dream, beloved
we know not where dreams
will take us: stay awake
        gather your dreams together
        prepare them for the fire