2022-11-25

Mo Scáil

Is stróinséirí sinn
na laethanta seo,
mise agus
mo scáil.

Chuir sé im' leith
gur sa dorchadas é mo shiúl.
Shiúlas sa dorchadas
dar leis
chun é a chur ar ceal
chun nach mbeadh sé sna sála agam,
mo scáil, mo pháirtí.

Is stróinséirí sinn
na laethanta seo,
mise agus
mo scáil.

Gulzar



2022-11-24

Draíocht agus Míorúiltí

Draíocht agus Míorúilti

Ní mór duit géilleadh do mhíorúiltí:
aingil, sióga, éanlaith a labhrann, murúcha,
fia-chailleacha, bocánaigh, abhaic, deamhain, vaimpírí,
íocshláinte na síoraíochta, taibhsí, clóca na dofheictheachta,
arrachtaigh tharbh-chabhlacha, bandraoithe nathair-fholtacha,
déithe eilifint-cheannacha, capaill dhaon-chabhlacha,
satairí crúbacha, laochra ilghéagacha,
an seaman, an t-ailceimiceoir, an bhean feasa dhall, an fáidh criostail,
duilleoga tae a chomhaireamh, scrúdú ionathair, eitilt na
n-éan a thomhas,
cabala, cártaí Tarot, réaltchomharthaí, an briocht, an snáth beannaithe,
ofráil túise, coinnle, gais arbhair, dlaoithe gruaige,
dul in eadarbhuas, cairpéid draíochta, meaisíní ama, sásair eitilte,
Batman, Spiderman, Superman,
athionchollú, trócaire, grá,
agus nithe eile nach iad
chun teacht slán
mar fhile
nó fágfaidh dia bodhar an réasúin, an bhreithiúnais
agus an chloig ghréine
i do bhalbhán thú.

Dileep Jhaveri

Magic And Miracles

You must believe in miracles
angels, fairies, talking birds, mermaids, witches, goblins, dwarfs, demons, vampires,
elixir of eternity, ghosts, cloak of invisibility,
bull-bodied monsters, snake-haired sorceresses,
elephant-headed deities, human-trunked horses,
goat-footed satyrs, thousand-armed heroes,
shamans, alchemists, blind fortune tellers, crystal gazers,
counting of tea leaves, exploring entrails, divining bird flights,
cabbala, Tarot-cards, zodiac signs, amulets, sacred threads, 
offerings of incense, candles, cornstalks, hair locks,
levitation, soaring carpets, time-machines, flying saucers,
Batman, Spiderman, Superman,
reincarnation, mercy, love
and many more things
to survive
as a poet
otherwise the deaf god of reason, judgement and sundials
will strike you dumb.

Dileep Jhaveri

2022-11-23

Grianghraf de Dhaideo

 Níor thaitin sé le Daideo go dtógfaí grianghraf de
nó b'fhéidir nach raibh an t-am aige chuige.
Níl ach pictiúr amháin de
ar crochadh ar sheanbhalla a bhfuil drochdhath air.
É suite ansin socair stuama
mar scamall lán d'uisce.

Níl de chur amach againn ar Dhaideo
ach go dtugadh sé déirc do bhacaigh.
Bhíodh sé ag únfairt go suaite trína néal
agus chóiríodh a leaba go deas ar maidin.

Ní rabhas-sa ach im' gharsún an uair úd.
Ní fhaca riamh feargach é
ní fhaca an rud coitianta ann.
Ní léiríonn pictiúir riamh ár ndímrí.

Deireadh Mam linn
nuair a thiteadh ár gcodladh orainn
is neacha aisteacha na hoíche inár dtimpeall
go bhfanadh Daideo ina dhúiseacht istigh sa phictiúr.

Níor fhásas chomh hard le Daideo
nílim chomh stuama socair leis
ach tá rud éigin ionam atá dealraitheach leis
fearg éigin
rud éigin coitianta.
Siúlaimse leis agus mo cheann cromtha agam
agus feicim mé féin gach lá
i mo shuí
i bhfráma pictiúir folamh.

Manglesh Dabral




2022-11-22

Deireadh na hÓige

 Deireadh na hÓige

Ceilim mo ghruanna dearóile
Le dlaoithe gruaige
Agus an ghruaig liath
I bhfillteáin bláthanna.
Péinteálaim mo shúile
Le mascára dubh.
In ainneoin mo dhíchill
Féachaimse i m’óinseach.
Mo chíocha ar liobarna
Cuair mo cholainne imithe go brách.
Tá deireadh le m’óige
Agus an grá ar fán go fiáin
Ar fud mo chraicinn is mo chnámh.
Nach uaigneach, nach uaigneach,
Cá bhfuil m’óige uaim?

Vidyapati

The end of youth

I hide my shabby cheeks
With locks of hair,
And my grey hairs
In folds of flowers.
I paint my eyes
With black mascara.
The more I try
The more absurd I look.
My breasts loosely dangle
My curving lines are gone.
My youth is ended
And love roams wild
In all my skin and bones.
O sadness, my sadness,
Where is my youth?
 

 Vidyapati


2022-11-21

Géaga mar Fhíniúnacha is mar Theanntóga

Géaga mar Fhíniúnacha is mar Theanntóga

Tar chugam go luath, a shearc, led’ shúile atá
Chomh mealltach leis an loiteog ghorm,
Do ghéaga gan cháim cuir timpeall mo mhuiníl mar theanntóga;
Nó ag teacht aniar aduaidh go ciúin orm
Clúdaigh mo dhá shúil le do lámha séimhe mar dhuilleoga.

Bhaskara



Limbs like Vines and Tendrils

Coming to me quickly, beloved, with eyes
handsome as a blue lotus,
Twine your tendril-like perfect arms round my neck;
Or coming from behind with soft steps
Cover both my eyes with your delicate leaf-like hands.
Bhaskara

tr. Tambimuttu and G.V. Vaidya
Tambimuttu and John Piper (ill)

2022-11-20

Féinphortráid

Féinphortráid

Táim ar nós gach éinne eile
seachas mé féin, agus uaireanta
i bhfuinneoga siopaí
ainneoin dlíthe aitheanta
na hoptaice,
feicim portráid strainséara,
ní fios cén dáta,
sínithe go minic sa chúinne
ag m’athair.

AK Ramanujan


Self-Portrait

I resemble everyone
but myself, and sometimes see
in shop-windows,
despite the well-known laws
of optics,
the portrait of a stranger,
date unknown,
often signed in a corner
by my father.

AK Ramanujan

 

2022-11-19

A nDúirt Sé

 A nDúirt Sé

Is álainn iad a géaga
mar bhambú a luascann go mall.
A súile ag cur thar maoil le séimhe.
Tá sí i gcéin,
is deacair teacht ar a háit.
 
Ar mire atá mo chroí
le deabhadh,
treabhadóir is damh amháin aige
an talamh fliuch báite
ag tnúth le síol.

Oreruravanar


What he said 

Her arms have the beauty
of a gently moving bamboo.
Her eyes are full of peace.
She is faraway,
her place not easy to reach.
 
My heart is frantic
with haste,
a plowman with a single ox
on land all wet
and ready for seed.

Oreruravanar (c. 1st-3d c. AD),
tr. AK Ramanujan (from Tamil)
Meena Alexander (ed.)