2023-07-31

Balla an Olagóin

     Ealaín: Jean-Léon Gérôme


Tá balla thall in Iarúsailéim
Iarúsailéim, Iarúsailéim
Tá balla thall in Iarúsailéim
Balla an Olagóin

Tá balla thall in Iarúsailéim
Iarúsailéim, Iarúsailéim
Tá balla thall in Iarúsailéim
Balla an Bhróin

Tá balla thall in Iarúsailéim
Iarúsailéim, Iarúsailéim
Tá balla thall in Iarúsailéim
Och och ochón!

2023-07-30

Ainmhithe a d’Fhág Naoi ina Dhiaidh (agus cúis mhaith aige, b’fhéidir)

              Ealaín: Herbert Crowley

Níor thug sé leis san Áirc iad:
An múidílín
An scrúidílín
An dúidilín
An snúidilín
An brúidilín
An crúidilín
An flúidilín
Ná an grúidilín

Níor thug sé leis san Áirc iad!
An zúidilín
An lúidilín
An núidilín
An úidilín
An húidilín
An splúidilín
An túidilín
Ná an rúidilín

Níor thug sé leis san Áirc iad!

 

           

2023-07-29

ceol na sióg

        Jerry Katz 

níor chuala
ach cailín amháin sa sráidbhaile é . . .
ceol na sióg

'twas heard
by only one girl in the village  . . .
fairy music

  auzită doar
  de o fată din sat 
  muzică de vis  
             Leagan Rómáinise: Olimpia Iacob
 

2023-07-28

Tar i leith is eitil liom!

             Edmund Dulac 

Aon dó
Capall is bó
Trí ceathair
Sciathán leathair
Cúig sé
Suas sa spéir
Seacht ocht
Eitleoidh mé anocht
Naoi deich
Seo linn, tar i leith!

2023-07-27

haiku

Tá lúcháir leis
san uaigneas
tráthnóna fómhair


in laneliness
thair's blitheness an aw
a hairst eenin

    Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2023-07-26

Annual INDIAN – IRISH Evening of POETRY, MUSIC & SONG

 The Annual INDIAN – IRISH Evening of POETRY, MUSIC  & SONG 

Saturday  29th  July 2023 

the Eblana Club,  3 Eblana Avenue, Dún Laoghaire. 

 

The world-renowned Tabla player, DEBAJYOTI SANYAL (DEBU) is on a short visit to Ireland and will be joined by some Irish-based musicians, singers and poets including SUDIPTO DAS, DES GERAGHTY,  YAMEEMA MITHA and GABRIEL ROSENSTOCK. 

Doors open 7.30p.m. 

To reserve your seat(s) email:

 eblanaclub@gmail.com 

or info@eblanaforum.com


Muca

            Ealaín: Leonard Leslie Brooke


‘An muca nó daoine sinn, a Mhamaí?
Is ar dhá chos atáimid ag siúl!’

 ‘Ó, déarfainn gur daoine sibh,’ arsa Mamaí,
‘Caithfidh mé sibh a thabhairt go dtí an táilliúr!

Beidh stocaí uaibh freisin agus bróga,
Cúpla léine agus cúpla ciarsúr,

Agus beidh oraibh Béarla a fhoghlaim –
Teanga an dreama atá i gcumhacht!’